Máire Uí Dhroighneáin (Clár 11)
Dómhnall Óg
Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór milteach
Níorbh é sin an grá a thug an t-uan don chaora
Ach grá buan daingean nárbh fhéidir a scaoileadh.
Is a Dhómhnaill Óig má théirse thar farraige
Tabhair mé féin leat is ná déan dearmad
Mar beidh a’d féirín lá aonaigh is margaidh
Is iníon Rí Éireann mar chéile leapan a’at.
Ó gheall tú dhomsa ‘gus rinne tú bréag liom
Go mbeifeá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is dhá chéad béice
Ach ní bhfuair mé romham ach na h-uain a’ méileach.
Ó siúd é an Domhnach a dtug mé grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
Is tú ar do ghlúine a’ léamh na Páise,
Ach bhí mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.
Ó chuir tú amach mé is bhí an oíche báisteach
Fuair mé leagan i mbéal na bearnan
Níor dhúirt tú “Dia linn” is bhí tú i láthair
Is bhíos a’msa an uair úd go raibh fuath ag mo ghrá dhom.
Ó dúirt mo mháithrín liom gan labhairt leat
Inniu ná amáireach ná Dé Domhnaigh
Nach deireanach a stór a fuair mé an fógra
‘Sé an fál ar a’ bpáirc é i ndiaidh na foghla.
Ó tá mo chroíse chomh dubh le áirne,
Nó le gual dubh a dhóighfí i gceárta,
Nó le bonn bróige ar hallaí bána,
Is tá an lionndubh mór mór os cionn mo gháire.
Nuair a théimse síos ag Tobar an Uaignis
Suím síos ann ag déanamh buairimh
Nuair a fheicim an saol is nach bhfeicim an buachaill
A raibh dath an óir bhuí ar a chúilín gruaige.
Ó bhain tú thoir agus bhain tú thiar díom,
Bhain tú an ghealach gheal is an ghrian díom,
Bhain tú an croí seo bhí i lár mo chléibhe díom
Is nach rí-mhór é m’fhaitíos gur bhain tú Dia díom.
Barr an tSléibhe
Is a Mháire tá díchéile ort mura dté tú liom ‘un a tsléibhe
Ná fág anseo liom fhéin mé go huaigneach ins an oíche,
Tá do theach mór á dhéanamh faoi sheomraí geala in éadan
Agus beidh muid ann go haerach go héag ar bheagán cíos.
Is dá bhfeicfeá barr an tsléibhe nuair a bhíonns an ghrian ag éirí
Níl duibheagán sa spéir ann ná gangaid ins an ngaoth.
Tá an broc ar thaobh an léanna ann, tá an sionnach rua ar na péaca
Tá an giorria ag boc-léimneach le pléisiúr insa bhfraoch.
Tá úth na mba ag pléascadh ag teacht abhaile 'géimneach
Nach binn deas ceol na n-éan ann sna gleannta teacht na hoíche
Tá an fear 's a bhean in éindí go grámhar lena chéile.
Is an seanduine bheadh na céadta bliain níorbh fhada leis a shaol.
Tá coirce bán is eorna ann tá fataí 's rud go leor ann
Tá cuireadh ag lucht bóthair ann is tá fáilte roimh gach n-aon
Tá O'Reilly seinm cheoil ann, tá fíon tá brandy 's beoir ann
I gcomhluadar daoine móra is an t-airgead dhá roinnt.
Tá an stiléara i gcónaí ann is na baraillí á líonadh
Tá cead ag clann na ríthe bheith go síoraí ann ag ól
Tá an sagart ann is córtha dhá bhfaighfeá-sa in aon deoise
Is a Mháire tóg mo chomhairle ó tar is éalaigh liom.
Donncha Bán
Is ar an mbaile seo a chonaic sibh an t-ionadh
Ar Dhonncha Bán agus é dhá dhaoradh
Bhí caipín bán air in áit a hata
Is róipín cnáibe in áit a charabhata.
Is tá mé a’ tíocht ar feadh na hoíche
Mar a bheadh uainín i measc seilbh mhór caorach
Mo bhrollach oscailte is mo cheann liom scaoilte
Is cá bhfaighinn mo dheartháirín romham ach sínte.
Is shil mé an chéad dreas ag gob a’ locha
An dara dreas ag bun do chroiche,
An tríú dreas ós cionn do choirpse
I measc na nGall is mo cheann dá scoilteadh.
Is a Dhonncha Bháin níorbh í an chroch ba dual duit
Ach a dhuil ag an scioból agus an teascair a bhualadh
An chéachta a iompú deiseal is tuafal,
Is an taobh dearg den fhód a chur in uachtar.
Dhá mbeitheá agamsa ins san áit ar chóir duit
Ó thíos i Sligeach nó i mBaile an Róba
Bhrisfí an chroch agus ghearrfaí an rópa
Ligfí Donncha Bán abhaile ar an eolas.
Is a Dhonncha Bháin, a dheartháirín dílis,
Nach maith atá a fhios a’amsa céard a bhain díom thú;
Ag ól an chupáin is ag deargadh an phíopa
Is ag siúl an drúchta go domhain san oíche.
Tá spré Dhonncha Bháin ag teacht abhaile
Ní ba, caoirigh é ná capaill
Ach tobac is píopaí is coinnle geala
Agus ní dá mhaíomh é ar lucht a gcaite.
Dostları ilə paylaş: |