Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates


Graf 1 Foinsí aighneachtaí na leanaí



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə2/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   17

Graf 1




Foinsí aighneachtaí na leanaí

Trí íméil nó litir 825

Trí eagraíocht 1,063

Trí scoil 600



Graf 2:
Aighneachtaí leanaí de réir aoise
Faoi 13 873

13 agus níos sine 1,615

Iomlán 2,488
Graf 3:
Aighneachtaí leanaí de réir inscne
Buachaillí 993

Cailíní 1,495

Iomlán 2,488
Achoimre ar na Torthaí

Scóip na bhfreagraí
Bhí na freagraí scríofa, bídís i litir nó ar íméil, giortach – b’annamh a chuaigh siad thar an dara leathanach. Cé go raibh roinnt eagraíochtaí in ann lá iomlán pléite agus díospóireachta a chur ar fáil do na daoine óga, ní raibh mórán ama ag an gcuid is mó acu lena dtuairimí a thabhairt ná a fhorbairt.
Ainneoin na laincisí sin, bhí réimse ann leathan ábhair ina gcuid freagraí ag rannpháirtithe. Pléadh le ceisteanna áitiúla agus le ceisteanna náisiúnta. Luadh agus scríobhadh maidir le nithe a bhí ag cur isteach go díreach ar na rannpháirtithe. Chuir daoine óga síos go staidéarach ar a raibh feicthe acu féin – taithí léanmhar go minic ar nithe coscracha.
Bhí na freagraí i gcónaí soiléir, ionraic agus béasach. Bhí dóchas le braith. Ba bhreá an rud an bealach simplí inar tugadh faoi cheisteanna casta a phlé gan bacadh le béarlagar ná dul i bhfad leis an scéal.
Na príomhthéamaí a eascraíonn as an bpróiséas comhairle
Cé go raibh réimse leathan ábhar sna freagraí, bhí roinnt téamaí ba mhinicí iontu ná cinn eile. Déantar achoimre chomh dílis agus is féidir ar na tuairimí maidir leis na príomhthéamaí sin anseo.

Spraoi agus caitheamh aimsire


Is gá saoráidí caitheamh aimsire a chur ar fáil ar fud na hÉireann ar bhealach stuama, pleanáilte agus leis na hacmhainí cearta le cur ar chumas leanaí agus daoine óga saol de chaighdeán maith a bheith acu.
Is dlúthchuid de shaol leanaí agus dhaoine óga an spraoi agus an caitheamh aimsire. Tá failí déanta sa soláthar ar a son. Baintear de cháilíocht an tsaoil atá ag leanaí agus ag daoine óga nuair nach mbíonn fáil ar na saoráidí sin. Teastaíonn siad le ligean do leanaí agus do dhaoine óga saol iomlán a chaitheamh. Bíonn drochthoradh air go minic do na leanaí agus dá bpobal nuair nach mbíonn a leithéid de shaoráidí ar fáil.
An timpeallacht

Tá an-tábhacht leis an timpeallach go háitiúil agus go náisiúnta ag leanaí agus ag daoine óga. Tá meas acu uirthi ar mhaithe leo féin, le turasóirí agus leis na glúnta atá romhainn. Feictear dóibh go bhfuil an-bhagairt di sa bhruscar, truailliú, an ró-fhorbairt agus ó scabhaitéireacht. Táthar ag iarraidh ar an Rialtas beart a dhéanamh leis an timpeallacht a chosaint. Táthar ag iarraidh freisin ar ghnáthdhaoine an cúram a ghlacadh orthu féin agus beart a dhéanamh.


Tá leanaí agus daoine óga an-bhuartha faoin timpeallacht anois. D’fhéadfaí a rá go dtabharfadh an imní atá orthu le tuiscint do dhuine go bhfeictear dóibh an cás maidir le bruscar agus truailliú go háirithe a bheith ina ghéarchéim. Ní cosúil gur dóigh leo gur fearr buntáistí an rachmais agus na forbartha ná an dochar don timpeallacht a tharlaíonn ag an am céanna.

Ceisteanna sóisialta


Tá roinnt ceisteanna móra sóisialta a ghoilleann ar bhealach áirithe ar dhaoine óga. Tagann an aoisghrúpa seo go mór mhór trasna ar úsáid drugaí, ólachán agus caitheamh tobac an-óg agus easpa dídin. Is an-ábhar buartha na ceisteanna sin dóibh, mar go bhfuil siad sa saol acu féin nó le teann imní dá gcomhaoisithe.
Bhí dlúthcheangal ag téama na sábháilteachta pearsanta leis an imní faoi cheisteanna sóisialta. Luaigh leanaí an faitíos a bhíonn orthu – ar an tsráid, i bpáirceanna agus i measc a bpobal féin. Chuir sé as dóibh go raibh srian á chur leis an saol a d’fhéadfaidís a chaitheamh mar gheall ar an imní a bhí orthu féin nó mar gheall ar imní a gcuid tuismitheoirí dóibh.
Ba léir an-phráinn ag na leanaí agus na daoine óga a rabhthas i gcomhairle leo le beart a dhéanamh maidir le roinnt de na ceisteanna troma sóisialta. Bhí go leor smaointe acu faoi bhealaigh le tabhairt faoi chuid de na ceisteanna sin a leigheas agus bhí siad ag iarraidh ar an Rialtas beart a dhéanamh. Bhí an-tuiscint acu ar fhadhbanna leanaí i dtíortha an Tríú Domhain agus i dtíortha eile.
Cead cainte

Tá leanaí agus daoine óga ag iarraidh páirt a bheith acu i rialú a saol féin, a saol oideachasúil agus a bpobail chomh maith le cúrsaí náisiúnta. Táthar ag éileamh go rachfaí i gcomhairle leo, go dtabharfaí cluas dóibh agus bealach a bheith acu le tionchar a bheith acu ar na cinnidh a mbíonn tionchar acu orthu féin.


Tá leanaí agus daoine óga an-soiléir faoin ngá atá acu le tionchar a bheith acu ar nithe a ghoilleann orthu. Feictear dóibh go bhfuil léargas, eolas agus riachtanais acu arb iad féin is fearr lena gcur in iúl. Ainmníodh roinnt réimsí ag leibhéil éagsúla ina bhfuil deis acu a dtuairim a thabhairt agus bealaí inar féidir leo a gcuid smaointe a chur in iúl. Bhí breis phráinne le tionchar ar shocruithe a ghoilleann orthu ag daoine óga a bhí faoi chúram.
An ceart saol de cháilíocht mhaith a bheith acu

Tá gá le éagsúlacht agus cothromaíocht i saol dhaoine óga, agus saoirse le sásamh a bhaint as an óige.


Bhí sé le braith ar na haighneachtaí go bhfacthas tábhacht le éagsúlacht agus cothromaíocht agus an ceart sásamh a bhaint as an tréimhse a mbeifí ina leanaí nó ina ndaoine óga. B’fhéidir gur ar an gcúis sin nach ndearna daoine óga scéal mór de na buntáistí atá le borradh eacnamaíochta agus go rabhthas sásta na míbhuntáistí a lua. Tagraíodh don ghá a bhí le cothromaíocht freisin nuair a luadh imní mar gheall ar bhrú scrúduithe agus an gá atá le cothromaíocht idir forbairt acadúil agus forbairt shóisialta agus phearsanta.
An Straitéis Náisiúnta do Leanaí

Is beag tagairt díreach a déanadh don Straitéis Náisiúnta do Leanaí. Bhíothas ag súil ina dhiaidh sin féin, mar a cuireadh in iúl go béasach ag deireadh an chuid is mó de na litreacha, go ndéanfadh an tAire agus an Rialtas, tar éis dóibh a gcuid tuairimí a lorg, beart maidir leis na ceisteanna a hardaíodh. Thug cuid mhaith dúshlán an Rialtais gan bheith dímheasúil. Bhí roinnt nár chuir fiacail ann mar a léiríonn an sliocht seo a leanas:


I would like to hear from you with details of how you are going to improve this.
Tá tuilleadh nach bhfuil i gceist acu fanacht go foighdeach mar is léir ón sliocht seo a leanas:
Please reply. Because we are going to do something about it if you don’t, like write to newspapers or magazines. Please help. Thank you for reading this.

Is fiú a lua anseo go bhfuair gach leanbh a scríobh chuig an Aire, freagra pearsanta ar a litir nó íméil.



Caibidil 1.
An Áit Mhaith Chónaithe í Éire ? Cad atá Go Maith maidir le Cónaí in Éirinn ?
Brollach
Sa chaibidil seo, féachaimid ar fhreagraí ar an gceist ‘An áit mhaith í Éire chun fás suas inti?’, ceist a cuireadh ar dhaoine óga i bhfógraí poiblí, ar an Scoilnet agus ar Láithreán gréasáin na Roinne Sláinte agus Leanaí. Tá ábhar faoin topaic seo faighte freisin ó chomhairliúcháin le daoine óga a bhí páirteach i gcomhairliúcháin ag leibhéal na scoile nó trí eagraíochtaí.
Freagraí ó leanaí agus ó dhaoine óga
Tá an mheabhair atá le baint as tuairimí na leanaí agus na ndaoine óga chomh fada agus a bhaineann sé le cónaí in Éirinn an-deimhneach. Ba iad na téarmaí a tháinig chun cinn arís agus arís eile ná ‘iontach’, ‘cool’, ‘áit mhaith le fás suas inti’. Bhí dóchas agus mothú deimhneach le sonrú i bhformhór na n-aighneachtaí.
Ceann de na gnéithe suntasacha faoi na léargais a bhain le hÉirinn mar áit mhaith chónaithe ab ea chomh fada agus a chuaigh leanaí le comparáid fhabhrach a dhéanamh le hÉirinn thar thíortha eile. Rinneadh na comparáidí seo faoin aeráid, faoin easpa tubaistí nádúrtha, faoin timpeallacht ghlan, agus faoin sábháilteacht.
Bhí roinnt gnéithe a bhain le saol na hÉireann ar ar luadh pointí deimhneacha fúthu. Bhí áilleacht thírdhreach na hÉireann agus na timpeallachta, cultúr na hÉireann, oidhreacht agus tallann, na seirbhísí agus an córas oideachais. Bhí na rannpháirtithe an-deimhneach faoi Éirinn mar áit shábháilte chun cónaí inti agus chun fás suas inti, agus mar áit a bhfuil buntáiste daonlathais agus rialtais mhaith aici. Luadh arís agus arís eile, an saibhreas atá sa tír faoi láthair agus na sochair a thagann ón saibhreas sin. Ba téama láidir eile é fiúntas agus neart na dteaghlach atá fite fuaite ina chéile agus pobail thacúla. Dúradh go leor rudaí deimhneacha faoi Éirinn mar áit ina bhfuil na daoine cairdiúil agus cabhrach, a mbíonn an saol teaghlaigh de ghnáth go maith ann agus a bhfuil na pobail sláintiúil agus lán de thacaíocht. Rinneadh tagairt, freisin, d’imeachtaí paróiste agus go raibh siad ar fáil ar chostas íseal. Fáiltíonn daoine óga, freisin, daoine a bheith níos oscailte anois faoi dhéagóirí a bheith ag iompar clainne agus go dtugtar níos mó tacaíochtaí do mháithreacha singil. Bhíodar sásta, freisin, go raibh aghaidh á tabhairt ar mhí-úsáid leanaí.
Tharraing an tsaoirse ó thubaistí nádúrtha go leor cainte, agus bhí leanaí an-sásta nach raibh aon dálaí fíordhona anseo ar nós hairicíní, tornádónna agus tuilte. Labhair go leor go deimhneach faoi na buntáistí a bhain le maireachtáil i dtír saor ó chogadh, cé gur luadh go minic, freisin, go rabhthas ag súil le síocháin i dTuaisceart Éireann. Rinne leanaí comparáid arís agus arís eile le Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is léir go ndeachaigh na tuairiscí faoi scaoileadh piléar agus dúnmharuithe sna clóis scoile i bhfeidhm go mór orthu. Rinneadh comparáid freisin leis an Afraic, maidir le gorta, Cosabhó agus réigiúin eile ina raibh cogadh, mar aon leis an India, san áit ar facthas fostaíocht leanaí mar ghné ghránna de shaol leanaí.
Bhain gnéithe eile den tsábháilteacht leis an gceangal deimhneach a rinne leanaí idir neodracht na hÉireann agus easpa tionscal núicléach anseo. Chomh maith lena bheith sábháilte, luadh saoirse agus cónaí i ndaonlathas mar ghné thábhachtach de shaol roinnt dhaoine óga.
Cé gur labhair roinnt faoi sheirbhísí maithe poiblí agus beagán faoi shaoráidí maithe do dhaoine óga, caithfear a rá go raibh gach ar dúradh faoi shaoráidí chaitheamh aimsire do dhaoine óga diúltach den chuid ba mhó. I measc na seirbhísí a luadh go deimhneach bhí dochtúirí, altraí, gardaí agus múinteoirí. Luadh go leor pointí deimhneacha faoin raon daoine a chuidíonn le leanaí, ina measc maoir thráchta, maoir thráchta scoile agus fiaclóirí.
Cé gur ainmnigh daoine óga roinnt mhaith cáilíochtaí deimhneacha faoin saol in Éirinn, bhí a dtuairimí chomh daingean céanna maidir le hábhair imní agus diminsiúin dhiúltacha a lua. Maidir le go leor gnéithe de shaol na hÉireann, a mheas siad a bheith deimhneach, dhírigh siad isteach ar laigeachtaí, freisin, chomh maith le nithe a chuir a dtodhchaí féin agus todhchaí na tíre i mbaol.
Ní raibh amhras ar bith ar leanaí ná ar dhaoine óga, fiú, más féidir ráitis ghinearálta faoi Éirinn a dhéanamh chomh fada agus a bhaineann le háit chónaithe, ní hionann an cás don duine aonair atá faoi thionchar go leor nithe a bhaineann lena shaol féin – an teaghlach, an pobal, an t-ionad geografach. Luaigh roinnt daoine gur féidir leis an saol a bheith go maith, tríd is tríd, i gcás fhormhór leanaí agus i gcás dhaoine óga, a bhfuil tacaíocht mhaith sa bhaile acu agus ar féidir teacht ar bhuntáistí an tsaoil, cé nárbh ionann an cás do go leor daoine óga eile.
Ardaíodh na cáilíochtaí seo ar fad, a leagann béim go bhféadfaí ‘is ea nó ní hea’ a thabhairt mar fhreagra macánta ar an gceist chasta ‘An áit mhaith chónaithe í Éire ?’ Mar sin féin, agus tús á chur leis an bpróiseas chun cothromú a dhéanamh idir na gnéithe deimhneacha agus na gnéithe diúltacha, agus na cáilíochtaí a chur san áireamh, ba chosúil gurbh é rogha na coitiantachta gur mó de ghnéithe deimhneacha a bhain le saol na hÉireann ná de ghnéithe diúltacha, agus go leanfaidh sé ar aghaidh mar sin, chomh fada agus go dtabharfaimid, mar shochaí, faoina chinntiú na bagairtí a sheachaint agus tabhairt faoi na laigeachtaí.
Caibidil 2


Ceisteanna agus Dúshláin


Réamhrá

Cnuasaítear sa chaibidil seo tuairimí na ndaoine óga maidir leis na hábhair is mó is cás leo. Tá na tuairimí a d’eascair as na seisiúin chomhairle a d’eagraigh grúpaí agus eagraíochtaí, an chomhairle sna scoileanna agus na litreacha agus íméileanna san áireamh.


Cé gur pléadh réimse ceisteanna éagsúla i ngach ceann ar leith de na seisiúin chomhairle, bhíothas in ann toradh na seisiún éagsúil a tharraingt le chéile de réir téamaí. Sa chás gur díríodh ar théama amháin i seisiún comhairle nó má bhí cleachtadh saoil áirithe i gceist, tarraingítear aird air sin. Bhíothas in ann, ina dhiaidh sin féin, na freagraí a thug na daoine óga uilig a ghlac páirt sa phróiséas comhairle a tharraingt le chéile.

Achoimre ar na Ceisteanna agus na hÁbhair Bhuartha

Seo a leanas na príomhcheisteanna agus ábhair bhuartha a luaigh na leanaí agus daoine óga a ghlac páirt sa phróiséas comhairle:





  • Saoráidí agus gníomhaíochtaí do leanaí agus do dhaoine óga

  • An Timpeallacht

  • Meas ar leanaí agus cead cainte a thabhairt dóibh

  • Foghlaim agus Oideachas

  • Sláinte, leas agus sábháilteacht leanaí agus dhaoine óga

  • Bheith gan dídean nó faoi chúram

  • Ceisteanna sóisialta

Tá cuid mhaith de na hábhair sin ceangailte lena chéile agus is minic nach bhfeictear aon deighilt soiléir a bheith eatarthu.


Chomh maith leis na hábhair a lua, bhí go leor leanaí agus daoine óga a mhol réiteach ar na fadhbanna a hainmníodh.

2.1 Saoráidí agus Gníomhaíochtaí do Leanaí agus do Dhaoine Óga

Tá easpa saoráidí spraoi agus caitheamh aimsire do leanaí agus do dhaoine óga ar an gceist is práinní a tarraingíodh anuas le linn an phróiséas comhairle.

Is léir go bhfeictear do dhaoine óga go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar sholáthar saoráidí dóibhsean. Ni raibh tábhacht ag an earnáil phoiblí ná ag an earnáil tráchtála le saoráidí dá leithéid a chur ar fáil agus teacht a bheith orthu in aisce nó ar chostas réasúnta, cé gur luaigh go leor daoine óga go raibh oibrithe deonacha agus eagraíochtaí áitiúla ag déanamh a ndícheall.


Saoráidí do Dhéagóirí

Feictear don aoisghrúpa 12-15 gur dona an freastal atá á dhéanamh orthusa. Feictear an rud céanna do dhaoine óga san aoisghrúpa 15-18.


Cé go raibh daoine óga ag éileamh saoráidí agus gníomhaíochtaí le cur le cáilíocht an tsaoil acu féin, ba léir dóibh ceangal a bheith idir easpa saoráidí dá leithéid agus réimse fadhbanna sóisialta agus pearsanta i measc déagóirí, go mór mhór fadhbanna a leanann go dtí go mbíonn siad ina bhfadhbanna tromchúiseacha sa phobal nó sa sochaí ar fad.

D’áitigh na daoine óga a ghlac páirt sa phróiséas comhairle seo arís agus arís eile gur chóir infheistíocht a dhéanamh i saoráidí caitheamh aimsire mar chuid de straitéis sheachanta maidir le réimse fadhbanna sóisialta.


Tá na sleachta seo a leanas ag teacht lena raibh i gcuid mhaith tagairtí don ábhar sin:
What I strongly dislike is the fact that there is very little to entertain or occupy young people in the same aois group as myself. I am 16 years old and in ……. there is very little to do in the evenings for young people between 15 and 18. A recent survey has shown that there is a high incidence of alcohol and drug abuse amongst teenaoisrs in …….. According to many adults this is due to peer pressure, however I do not agree. I feel that being a member of this aois group I should be aware of the reasons why young people resort to drugs and alcohol. In my opinion boredom is to blame. “There is nothing else to do” is a common reason that I have heard too often.

Aine, aois 16

I personally think that Ireland today hasn’t enough facilities for young people as they are growing up. Although we are blessed with beautiful surroundings, children need more excitement and interests. Teenaoisrs also need places to go out to at night. From my experiences, I have seen teenaoisrs spending all night drinking on the beach. Even in the bitter cold of winter, teenaoisrs are forced to sit outside in the cold simply because there is nothing else to do. Perhaps something could be done about this. It may result in less accidents and underaois drinking.

Annettte


Liostáil na daoine óga na saoráidí nach raibh ann agus bealaí ina bhféadfaí an fhadhb a réiteach. Bhraith an fhadhb agus an réiteach a luadh ar an gcás i ngach ceantar ar leith. Is cosúil go bhfuil an ní seo a luaigh na daoine óga ina fhadhb ar fud na tíre cé go raibh líon beag daoine óga a raibh moladh acu maidir le cúrsaí ina n-áit féin.


Bhí an chuid is mó de na saoráidí ba mhaith le déagóirí á lua chomh maith ag leanaí níos óige.
Luadh easpa saoráidí fisiciúil – ionaid phobail, clubanna óige, saoráidí spóirt faoi dhíon agus faoin spéir, páirceanna rugbaí agus sacair. Dúradh go raibh neamhaird dáiríre dá dhéanamh i gcás saoráidí snámha agus gleacaíochta.
I measc na nithe a moladh, luadh ionaid le haghaidh cláir scátála agus scátaí rollacha, páirceanna uisce agus téampháirceanna, linnte snámha agus páirceanna rugbaí áitiúla.
Bhí rannpháirtí amháin a luaigh gur mhaith leis spás do leanaí a bheith curtha de leataobh i mBóthar Lansdúin.
D’áitigh daoine óga faoin tuath go raibh neamhaird cheart á déanamh díobhsan. Ba mheasa arís a gcás-san nuair nach raibh córas iompair áitiúil ann.
Bhí rannpháirtí a luaigh go dtáinig ceist inscne i gceist anseo agus gur lú saoráidí caitheamh aimsire a bhí i gceantair tuaithe do chailíní ná do bhuachaillí.
Chomh maith leis an ngá atá le saoráidí fisiciúla, d’áitigh na daoine óga gur theastaigh níos mó gníomhaíochtaí dá n-aoisghrúpa. D’áitigh siad gur theastaigh tuilleadh gníomhaíochtaí agus cúrsaí i rith an tSamhraidh, dioscónna, Cluichí Oilimpeacha na nÓg agus ceolchoirmeacha.
Tugann na sleachta seo a leanas as litreacha agus íméileanna léargas ar na fadhbanna agus an cineál réitigh a luadh:
I have noticed that there are many bars, restaurants, museums etc. for adults to have a fun day out but there are no rollerblading parks or skate boarding parks for children like me to have fun in.
I would like to hear from you with details of how you are going to improve this.

Colm


I have a skate board and every time I go out on my skateboard I always hear someone shouting ‘go skate somewhere else’ or ‘move it or I’m calling the gardaí.’ I think everybody with a skate board, roller blades and a BMX should have somewhere to skate without getting into trouble.

Stephen


I feel sorry for all the children who live far away because the small towns do not have any facilities. They boys are not too bad because they get to play football as most towns have playing pitches and also indoor games.

Irene, aois 13


I think it would be nice if your Department could make some transport available at a low cost for the young people of these outlying towns, so that they can benefit from all the good facilities that will soon be available in Letterkenny.

Irene, aois 13

…if your department could organise playgroups, drama groups and other activities that would bring children from deprived areas to meet with and play with young people from the better off areas.
I would like you to write to me with some of your views on these ideas.

Irene, aois 13

Here in Shannon we are continuously getting harassed by security personnel, neighbours and the gardaí for skateboarding. All we are doing is practising a sport, how come people playing hurling, football or basketball are allowed to continue but we are given out to? Just because skateboarding is a minority sport does not mean we have different rights to other children our aois playing their sport of choice.

Paudie, aois 15

My brother and his friends are very into soccer and they started their own soccer club …..They used the GAA pitch for training, but then the GAA wouldn’t let them go there anymore…… I think this is horrible because nobody uses the GAA pitch anyway. Please talk to the GAA and come to some agreement because it is many boys dream to become a famous soccer player and the GAA are ruining that dream.

Clare


Ireland has nightlife for eighteen’s and over but for eighteen’s and under to ten it’s boring. Only drastic measures can mend this with the help of the government.

Gabrielle

I went to my first concert in March 2000, but would have gone sooner if they were held closer to my area. I think famous bands should hold concerts all over Ireland instead of just Dublin.

Maire


In this villaois…it is as if we are forgotten. There is absolutely nothing to do in this villaois…..with so much potential. …… The area is so beautiful, but scarcely populated……. It sickens me to think that I will not live here in the future… no industry or employment, no facilities……I’m fed up living in a JAR. There has to be some sort of development done to this area before it dies away.

Pat aois 17


...an idea for a youth club for 15–18 year olds in our locality….It wouldn’t be called a ‘youth club’ … different activities every night/evening such as soccer, basketball or table tennis…for those not interested in sport there would be an area to relax, buy coffee or soft drinks… an area to socialise with your friends and other people from your own aois group from your locality….extremely comfortable with couches and cushions. The club would be open every evening and all day at the weekends. In the evening local bands could play for the young people…

4th year students

In Lansdowne Rd there should be a place where children can go and cheer on Ireland and we never get tickets.

Ross, aois 11

Ba é tuairim roinnt daoine óga go mba srian ar an gcineál saoil a d’fhéadfaidís a bheith acu an t-easpa saoráidí nó an chuma a bhí ar na saoráidí a bhí ann. Bhí baint ag an bhfadhb sin le fadhbanna eile sna ceantair bhochta ina raibh cónaí orthu agus le dúshláin eile a bhí sa saol ansin do dhaoine óga. Deir rannpháirtí amháin:


The club is fun but it is only on a Monday night. The club is great but it might be closing down over children stealing and painting the toilets. I think this is unfair because the leaders are coming to help us and all they get it is all thrown back in their face.
Ciara



Ionaid agus clósanna súgartha

Chuir leanaí níos óige béim ar an easpa clósanna súgartha agus saoráidí eile dá n-aoisghrúpa féin in eastáit tithíochta. Luadh an fhadhb a bhain le easpa áit súgartha i ngach cuid den tír. Ní hionann an scéal i ngach cás agus uaireanta bhí an-mholadh ag leanaí ar an soláthar a bhí á dhéanamh ina gceantar féin. Ina dhiaidh sin féin, cáineadh ar an easpa saoráidí súgartha a bhí i gceist i mórchuid na dtuairimí.


Ceist tábhachtach amháin a luaigh roinnt mhaith leanaí maidir le áiteanna súgartha poiblí, go raibh na saoráidí a bhíodh i bpáirceanna agus i gclósanna súgartha tugtha ar siúl ag an údarás áitiúil. Nuair a déanadh iarracht deiseanna sealadacha súgartha a chur ina n-áit, tugadh iad sin ar siúl freisin. Ní in aon áit amháin a tharla seo. Luaigh leanaí as Baile Átha Cliath agus as Corcaigh é.
B’fhéidir go bhfuil cuid den mhíniú i dtuairim rannpháirtí amháin sa seisiún comhairle le daoine fásta go mb’fhéidir gur mar gheall ar chúrsaí árachais a bhí údaráis áitiúla ag dúnadh clósanna súgartha.
Rinne leanaí agus daoine óga ceangal idir a dheacra agus atá sé teacht ar thalamh féarach le haghaidh súgartha, agus easpa áiteanna súgartha in eastáit tithíochta, agus an borradh atá faoin tógáil le linn an rath ar an eacnamaíocht faoi láthair. Cé gur admhaigh go leor buntáistí a bheith leis an rachmas, ba léir uathu go mb’fhacthas dóibh go raibh míbhuntáistí leis freisin agus go bhféadfadh na míbhuntáistí sin a bheith iomarcach. B’ábhar buartha acu tionchar fadtéarmach na tógála, scrios na gcrann, an brú ar thalamh glas agus toradh fadtéarmach na tógála ar leanaí agus ar theaghlaigh. Luadh freisin easpa pleanála a chuirfeadh a gcuid riachtanais san áireamh.
I measc na mbearta a luadh leis an fhadhb a fhuascailt, dúradh gur chóir dlíthe pleanála a thabhairt isteach a d’fhágfadh go mba ghá saoráidí áirithe a sholáthar i ngach eastáit tithíochta nua a tógfaí.
Is mian le leanaí go rachfaí i gcomhairle leo maidir lena dtarlaíonn ina gceantar féin. Agus is mian leo a bheith in ann a rá cé na saoráidí ba cheart a bheith ar fáil dóibh ina gceantar féin agus sna páirceanna agus sna clósanna súgartha.
Léirítear an réimse agus an téagar a bhí sna tuairimí sna sleachta a leanas as na litreacha agus na híméileanna:
Where I live the only place there was to play was the park, with swings, slides etc. But the Corporation took them all down, with no consideration for anyone but themselves. The park is now full with drug dealers.
There are so many houses going up everywhere that the builders, government and the people moving into the houses don’t realise that in ten years there’s going to be no trees, fields or animals and the pollution is going to be horrific.

Jenni


Please ask the government to stop knocking down our bases and treehouses. The Corporation are knocking down a tree because we made a swing in it but the only reason it is there are that there are no playgrounds.

Jane, aois 9

My wish is to have obstacles in my nearest playground. There used to be obstacles there but sadly they had to be taken away.
Hannah, aoisd 10

How can we make things better? Creating more after school activities would keep kids off the streets but in order to do this we need funding and children to advise on what they think is ‘cool’.

Muireann, aois 12
Every single bit of green area in Galway is being built on and housing estates, hotels, apartments and car parks are being built there and we don’t need buildings we need children’s play areas and activities.

Susan
I live in …….., about 20km from Cork city and have an abundance of space. There are parks with swings, a rugby pitch, a soccer pitch, a swimming pool and many other facilities. I am very happy with my area, but other people in my class have no play facilities. I think if I lived in a place like that, I would go crazy.


Please make it a law that builders must provide more space for a park, and children’s facilities and supply access to transport to the nearest shop and town centre.

Timmy
The builders are only interested in cutting down trees for new houses, but they are not taking into account that each family are going to have two or three children on averaois and in a few years time there will be no facilities for those children.

Edel

2.2 An Timpeallacht

Ba mhór an trácht agus an cáineadh a tharraing cuma na timpeallachta ó na daoine óga. Ainmníodh réimse fadhbanna timpeallachta a fheictear a bheith ag déanamh dochair do cháilíocht an tsaoil, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thionscail na turasóireachta, atá ina gcontúirtí sláinte chomh maith le bheith ina mbagairt fhadtéarmach ar an timpeallacht féin.


Cé gur labhairíodh go ginearálta ar na fadhbanna agus gur luadh iad mar cheisteanna náisiúnta, bhí an-imní ar dhaoine óga maidir lena gceantar féin. Bhí roinnt a rinne ceangal idir na fadhbanna timpeallachta agus fadhbanna eile ina gceantar agus fadhbanna iompair.
B’iad na fadhbanna timpeallachta ba mhó a hainmníodh:


  • bruscar agus salachar de chineálacha éagsúla

  • truailliú

  • fadhbanna de bharr tógála agus forbartha


Bruscar agus salachar

Luadh fadhbanna bruscair i mbeagnach gach litir agus íméil agus i gcuid de na seisiúin chomhairle eile. Bhí an-imní ar leanaí faoi dhroch-chuma an bhruscair agus faoi chúrsaí sláinte. Facthas gur fadhb mhór iad buidéil bhriste go mór mhór i gclósanna súgartha.


Bhí salachar madraí, tránna salacha agus linnte snámha salacha i measc na bhfadhbanna eile a luadh.


Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin