Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta 2014 –2018


Cúramóirí a chothú agus a dtairbhe a thuiscint



Yüklə 0,98 Mb.
səhifə22/26
tarix27.12.2018
ölçüsü0,98 Mb.
#86832
1   ...   18   19   20   21   22   23   24   25   26

6.5 Cúramóirí a chothú agus a dtairbhe a thuiscint



In box:


POINTÍ MÓRTHÁBHACHTACHA ÓN bPRÓISEAS COMHAIRLIÚCHÁIN

Cúramóirí

• Cúramóirí is mó a thug freagraí i ndáil leis an gcomhairliúchán poiblí faoin bPlean Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta, 37% den iomlán. Ar na gnéithe a cuireadh chun cinn go mór le linn an chomhairliúcháin, bhí an gá le cúnamh breise sa bhaile as acmhainní an Stáit agus ag tráth deireadh saoil maidir le leanaí agus daoine fásta, mar a bhí an strus a airíonn cúramóirí agus tráth méala.



Ar na ceisteanna eile a cuireadh faoi bhráid tríd an gcomhairliúchán poiblí, bhí siad seo a leanas:



    • an gá le measúnacht luath, measúnacht oideachais agus idirghabháil síceolaíochta;

    • aonrú;

    • ceisteanna meabhairshláinte a ghoilleann ar othair, ar a gcuid gaolta agus ar an lucht cúraim;

    • áiseanna cónaithe maidir le cúram faoisimh agus le cúram cuí fadtéarmach;

    • cúram maolaitheach;

    • cúram baile.

Luaigh lucht na bhfreagraí nach bhfuil ionaid cónaithe faoisimh ar fáil atá dírithe ar dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu taobh amuigh de líon beag ionad faoisimh chúram lae atá bunaithe i lárionaid.
D'fhoilsigh an Roinn Sláinte an National Carers’ Strategy – Recognised, Supported, Empowered sa bhliain 2011.Tá ceithre chuspóir náisiúnta leagtha amach i ndáil leis an lucht cúraim:

    • aitheantas a thabhairt don leas agus don tairbhe a dhéanann cúramóirí agus a gcuid páirtíochta i ndéanamh na cinntí maidir leis an té dá dtugann siad aire a chothú;

    • cúnamh taca a thabhairt do chúramóirí aire a thabhairt dá sláinte féin, colainn, meabhair agus mothúcháin;

    • cúnamh taca a thabhairt do chúramóirí ionas gur féidir leo an obair a dhéanamh le misneach, trí eolas, oiliúint, seirbhísí agus bearta taca leordhóthanacha a chur ar fáil;

    • cumhacht a thabhairt do chúramóirí páirt a ghlacadh chomh mór agus is féidir sa saol eacnamaíochta agus sa saol sóisialta.

Is é tuairim an Ghrúpa Stiúrtha agus na bhFoghrúpaí gur mhór an tairbhe a dhéanfadh an plean don chur i bhfeidhm atá mar chuid den Straitéis Náisiúnta maidir le Cúramóirí a thabhairt i gcrích do chúramóirí na n-othar a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, do na hothair féin agus don phobal i gcoitinne. Tuigtear, ina dhiaidh sin féin, nach dtagann cúramóirí na n-othar a bhfuil galar neamhchoitianta orthu go díreach leis an bpróifíl náisiúnta agus gur féidir dúshlán breise ag baint le cúramóireacht i gcomhthéacs ghalair neamhchoitianta. Ní mór na dúshláin sainiúla seo maidir le galair neamhchoitianta a thabhairt san áireamh agus bearta sláinte agus coimirce sóisialaí breise á meas.




6.6 An chothroime d'othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a chur chun cinn





POINTÍ MÓRTHÁBHACHTACHA ÓN bPRÓISEAS COMHAIRLIÚCHÁIN
An Chothroime

Díríodh aird sna haighneachtaí a cuireadh faoi bhráid maidir leis an ngné seo den chomhairliúchán ar réimse ceisteanna tábhachtacha i ndáil leis an gcothroime d'othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, ina measc:

• Meastar éagothroime ag baint leis an teacht ar chóir leighis agus ar sheirbhísí ó tharla nach móide saineolas maidir le cuid mhaith galar neamhchoitianta ar fáil in Éirinn.

• Tagann dá bharr sin, sraith eile den éagothroime airgeadais agus cistíochta mar gheall ar an ualach a ghabhann le taisteal thar lear chuig lárionaid saineolais ar mhaithe le cúram sláinte, agus gan cúnamh leordhóthanach ón Stát ina leith sin uaireanta.

• D'fhéadfadh gur i mBaile Átha Cliath amháin freisin atá cúram den chineál sin ar fáil in Éirinn, rud atá ina mhíbhuntáiste ag daoine sa chuid eile den tír;

• D'fhéadfadh, chomh maith céanna, nach bhfuil an cúram sláinte slánchóirithe go hiomlán mar gheall ar dhoiléire maidir le slite cúraim i ndáil leis an mbainistíocht ar an ngalar agus leis an gcóireáil;

• Tarraingíodh aird chomh maith ar an easpa feasachta maidir le galair neamhchoitianta sa chóras cúram sláinte, ar an aistriú ó sheirbhísí óige go seirbhísí cóireála don duine fásta, i measc ábhair eile.

• Anuas ar an uile ní, is féidir le héagothroime airgeadais a theacht i gceist mar gheall nach acmhainn d'othar a bhfuil galar neamhchoitianta air tabhairt faoi fhostaíocht le pá.


Ní mór treisiú níos mó leis an gcóras sláinte ionas gur féidir freastal do riachtanais fáthmheastóireachta agus cóireála an iliomad othar a bhfuil galar neamhchoitianta orthu. Mar shampla, sa chás gur deacair fáthmheastóireacht a dhéanamh nó a dhéanamh go géarchruinn, níl aon chóras ar bun trína réitítear an bealach d'othar a chur ar aghaidh go tapa le meas ag lucht speisialtóireachta in Éirinn nó thar lear. D'fhéadfadh athrú ó thaobh ionchas saoil nó caighdeán an tsaoil a theacht mar gheall ar mhoill nó iomrall san fháthmheastóireacht; tarlaíonn ídiú freisin ar acmhainní atá gann. Nuair is galar neamhchoitianta an toradh atá ar an bhfáthmheastóireacht, is minic nach mbíonn slí seanbhunaithe cúraim leagtha amach i ndáil leis an ngalar sin taobh istigh de chóras sláinte agus coimirce sóisialaí na hÉireann. Fágann easpa aitheantais agus soiléire taobh istigh den chóras go gcruthaítear éagothroime dá dtoradh –idir othair a chónaíonn i réigiúin éagsúla, nó idir othair a bhfuil acmhainní dóthanacha airgid acu agus othair nach bhfuil. Bhraith daoine a thug freagraí maidir leis an gcomhairliúchán poiblí gur gá athord ar an gcóras sláinte i ndáil leis an mbainistíocht agus leis an gcóireáil d'othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu.


Is iomaí othar agus teaghlach a mbíonn tionchar ar an saol acu mar gheall ar mhoill le fáthmheastóireacht nó le fáthmheastóireacht chontráilte. Is tromchúiseach an toradh a bhíonn air sin maidir le hionchas saoil agus caighdeán an tsaoil, is mí-éifeachtach an úsáid é as acmhainní.
Cuirtear moltaí i láthair i gCaibidil 4 maidir le feabhas ar sheirbhísí fáthmheastóireachta, cóireála agus cúraim d'othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu in Éirinn. Is é a mheas daoine a thug freagra ar an gcomhairliúchán poiblí gurb é cur i bhfeidhm na moltaí sin an tús maidir le dul i ngleic leis an éagothroime sa bhainistíocht agus sa chóireáil maidir le galair neamhchoitianta. Ar na ceisteanna mórthábhachta, tá slite cúram sláinte a fhorbairt, Lárionaid Saineolais, oibriú i bhfoirne ildisciplíne agus cothroime ó thaobh teacht ar chóir leighis de réir mar is cuí.


Yüklə 0,98 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   18   19   20   21   22   23   24   25   26




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin