Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta 2014 –2018


Caibidil 4: Cosc, fáthmheastóireacht agus cúram



Yüklə 0,98 Mb.
səhifə3/26
tarix27.12.2018
ölçüsü0,98 Mb.
#86832
1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   26

Caibidil 4: Cosc, fáthmheastóireacht agus cúram


Leagtar béim ghéar sa chaibidil seo ar na ceisteanna maidir le galair neamhchoitianta a chosc, fáthmheastóireacht agus cóireáil a dhéanamh ina leith i gcomhthéacs na hÉireann. Dírítear i dtús na caibidle ar sheirbhísí scagthástála, faoi chló an Chlár Scagthástála Náisiúnta maidir le Naíonáin Nuabheirthe, chomh maith le bearta bunchoiscthe agus déantar meastóireacht ó thaobh buanna agus laige ar na seirbhísí scagthástála. Déantar na seirbhísí tástála géineolaíochta in Éirinn a scrúdú mar chuid de ghné na fáthmheastóireachta de na galair neamhchoitianta, chomh maith leis na seirbhísí cóireála agus cúraim atá ar fáil. Pléitear chomh maith an comhthéacs maidir le cúram d'othair de chuid an AE agus an cheist maidir le feabhas a chur ar an gcúram agus ar sheirbhísí cúraim, cúram faoisimh agus cúram maolaitheach mar shampla.

Is é moladh an Ghrúpa Stiúrtha:



  1. I ndáil le toircheas:

  1. sa chás gur eol go bhféadfadh daoine den teaghlach a bheith ina n-iompróirí géinte maidir le galair neamhchoitianta, go mbeadh an teacht cuí acu ar thástáil géineolaíochta réamhghiniúna agus ar chomhairle ionas gur eol dóibh an baol a ghabhfadh le toircheas;

  2. cúram ardchaighdeáin réamhghiniúna bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil do mhná ar mó an baol go mbeadh páistí acu le haimhrialtacht neamhchoitianta ón mbroinn (e.g. mná a bhfuil diaibéiteas nó titeamas orthu);

  3. go dtugtar cúnamh taca do mhná maidir le hullmhú do thréimhse folláin iompair, lena n-áirítear aistí bia agus modhanna maireachtála sláintiúla, forlíonadh cothaitheach maidir le haigéad fólach, agus dea-chúram réamhbheirthe don mháthair, ar féidir líon beag aicídí neamhchoitianta a chosc dá thairbhe.

  1. Gur cheart Coiste Rialachais/Grúpa HSE faoi Scagthástáil na Naíonán Nuabheirthe taobh istigh de Stiúrthóireacht na Seirbhísí Slánchóirithe a leathnú ionas go mbeadh abhcóide na n-othar ann. Ba cheart don Choiste na buntáistí ó thaobh daonra le scagthástáil ar naíonáin nuabheirthe a mheas, an cheist maidir le cláir a leathnú nó a leasú agus an gá le scagthástáil iompróirí san áireamh. Ba cheart don Roinn Sláinte chomh maith creatbheartas maidir le cláir scagthástála bunaithe ar an daonra a chur ar fáil.

  2. Go ndéanfadh an Roinn Sláinte an cheist maidir le gá le athbhreithniú ar an reachtaíocht a bhaineann go díreach leis an gClár Scagthástála Naíonán Nuabheirthe maidir le Spota Fola a thabhairt faoi mheas.

  3. Gur cheart socruithe rialachais i ndáil le tástáil géineolaíochta a 'sheoltar amach' a threisiú. Ba cheart go dtiocfadh san áireamh leis sin treoirlínte clinice faoi thástálacha a sheoltar amach agus iniúchóireacht gach bliain ar chaighdeán agus ar an toradh fáthmheastóireachta a thagann ó thástálacha a sheoltar amach chuig foinsí neamhospidéil ionas nach dtarlaíonn ach a laghad cur amú is féidir. Tá gá le dearcadh náisiúnta ó thaobh airgid ionas go dtugtar an caighdeán is airde agus an éifeachtúlacht is airde ó thaobh costais i gcrích. Ba cheart do na hionaid ina ndéantar obair thástála treoirlínte a thabhairt chun cinn maidir leis na haicídí is minice a ndéantar tástáil ina leith agus na treoirlínte sin a leanúint.

  4. Go ndéanfadh an Clár Clinice Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta, tríd an Oifig Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta an creatchóras rialachais clinice agus eagrúcháin a thabhairt i gcrích a bheidh ina bhonn treise faoi na slite cúraim agus faoin teacht ar chóir ag othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, go háirithe i gcomhthéacs aistriú ó chúram péidiatraice go cúram don duine fásta.

  5. Gur féidir Lárionaid Saineolais (CoE) Náisiúnta in Éirinn a shonrú maidir le grúpa de ghalair neamhchoitianta, bunaithe ar an riachtanas ó thaobh cúrsaí clinice agus ag cur leis an mbonnchloch atá ar bun go maith cheana féin. Is gá do HSE slite CoE agus slite cúram sláinte a mhapáil amach ar bhonn práinne agus an ról agus an inniúlacht éagsúil a bheadh ag CoE agus ag ionaid a chuireann cúram ar fáil ar leibhéal áitiúil a thabhairt san áireamh, mar shampla an mhapáil a thabhairt leis an atheagar ar ospidéil na hÉireann ina ngrúpaí ospidéil. Is den tábhacht chomh maith go dtugtar san áireamh le treoirlínte clinice níos ginearálta a mbíonn de dhíth i gcás ghalair neamhchoitianta. Ba cheart an comhoibriú a bheadh i ndán ar bhonn Uile-Éireann a thabhairt i gcrích. Ba cheart an t-ainmniú ar CoE a bheith ag teacht le critéir cáilíochta EUCERD maidir le CoE.




  1. Go ndéanfadh HSE slánchóiriú ar na Lárionaid Saineolais mar chuid den phróiseas maidir le pleanáil cistíochta náisiúnta, agus go ndéanfaí soláthar d'fhoireann leordhóthanach don chúram ildisciplíneach, chomh maith le hinfreastruchtúr taighde inbhuanaithe don fhiosrúchán clinice chomh maith le hobair thaighde i mbun iomaíochta.

  2. Go spreagfadh an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) na Lárionaid Saineolais Náisiúnta (ar a n-ainmniú) chun aitheantas mar Lárionaid Saineolais arna n-ainmniú ag an AE a lorg, agus go dtabharfaí cúnamh taca dóibh ina bhun sin, nó ina lárionaid náisiúnta atá ceangailte le Líonraí Tagartha Eorpacha maidir le Galair Neamhchoitianta (RD ERN) de réir an tráthchláir, an chreatchláir agus na gcaighdeán atá á dtabhairt chun cinn faoi láthair ar leibhéal na hEorpa trí obair EUCERD agus an Treoir ón AE maidir le Cúram Sláinte Trasteorann 2011/24/AE.

  3. Go mbeadh cúram faoisimh ar bhonn cónaitheach ar fáil do leanaí a bhfuil galar neamhchoitianta orthu.

  4. I ndáil le cúram maolaitheach:

  1. go mbeadh teacht ar chúram maolaitheach cuí ag daoine a bhfuil aicídí neamhchoitianta ag gabháil dóibh a chuireann srian lena gcumas maireachtála;

  2. go ndéantar treoirlínte a thabhairt chun cinn faoi chúram maolaitheach a sholáthar d'fhonn plé le cineál casta ilchórais chuid mhór de na haicídí neamhchoitianta a chuireann srian leis an gcumas maireachtála;

  3. go dtugann an Coiste Forbartha Náisiúnta maidir le Cúram Maolaitheach Leanaí, faoi chathaoirleacht HSE, san áireamh leis an gclár oibre leanúnach atá ar bun, na riachtanais faoi leith atá ag leanaí a bhfuil galar neamhchoitianta orthu;

  4. go bhféadfaí leathnú níos mó sa chéad Straitéis Náisiúnta Ailse eile ar an mbealach is fearr chun bainistíocht a dhéanamh i ndáil le hailse de chineál neamhchoitianta, go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta seo maidir le Galair Neamhchoitianta, nuair is é atá de chuspóir sa dá chás othair a bhfuil ailse de chineál neamhchoitianta orthu a aimsiú go luath agus cóir leighis a chur orthu.

  1. Go mbeadh modúil chuí maidir le galair neamhchoitianta ina gcuid de na cláir bhunchéime agus iarchéime ar fad maidir le gairmeacha leighis agus cúramóra. Anuas ar choinníollacha inniúlachta agus cláir oiliúna a fhorbairt don lucht gairme leighis agus cúraim a oibríonn le galair neamhchoitianta, tá buntáiste as taithí praiticiúil agus taithí ar othair a bhfuil aicíd neamhchoitianta ag gabháil dóibh.

  2. Go gcuirfí córas oiliúna maidir le galair neamhchoitianta do lucht gairme cúram sláinte chun cinn trí na comhlachtaí gairme le cúnamh taca ó na grúpaí geallsealbhóirí go léir, othair agus tuismitheoirí san áireamh. Ba cheart go mbeadh beartaíocht sa réimse seo ag cur leis na tionscnaimh atá ar bun cheana féin (mar a leagtar amach faoi Mholadh 26 thuas).

  3. Go gcuirfí Clár Clinice Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta ar bun. Ceann de na róil mhórthábhachta leis an gclár clinice seo an mhapáil ar shlite cúraim maidir le galair neamhchoitianta, a bhforbairt agus a gcur i bhfeidhm.

  4. Go gcuirfí Oifig Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta ar bun chun soirbhiú do chomhordú agus don teacht tráthúil ar Lárionaid Saineolais go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus chun eolas reatha a chur ar fáil maidir le modhanna nua cóireála agus roghanna bainistíochta, trialacha clinice san áireamh.




Yüklə 0,98 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   26




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin