Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə11/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   7   8   9   10   11   12   13   14   ...   17

Bhí sé mar chuspóir ag an mír seo léargas a thabhairt ar an imirt a cheaptar atá idir deiseanna agus dúshláin atá amach roimh leanaí agus daoine óga sna deich mbliana atá le teacht. D’fhéadfadh torthaí diúltacha a bheith le forbairtí dearfacha agus is léir uathu siúd a chuir an teolas ar fáil gur cur chuige lánpháirtiúil, leanúnach, straitéiseach i dtreo fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta a chinnteoidh go dtapóidh leanaí agus daoine óga na deiseanna agus ag an am céanna go bhfaighidh siad an ceann is fearr ar na dúshláin.


Caibidil 5
Réamhrá
Dhírigh roinnt mhaith acu sin a ghlac páirt a n-aird ar cheisteanna straitéiseacha a bhaineann leis an dóigh ina ndéantar seirbhísí a phleanáil agus a sheachadadh agus an tionchar a bhíonn ag na struchtúir sin ar shaol leanaí agus ar a dtaithí saoil.
Ní bhreathnaítear ar scóip agus cáilíocht na forbartha polasaí, an riaracháin agus na struchtúr riaracháin mar rud cianda nach ábhair spéise iad ach do sholáthróirí seirbhísí. De mhalairt air sin, is amhlaidh a bhreathnaítear iad mar shraith córas a mbíonn tionchar an-láidir, cé gur tionchar neamhdhíreach é, ag a gcultúr, a bhfealsúnacht, a gcórais luachanna agus a gcáilíocht ar thaithí saoil leanaí agus a dteaghlach.
Is iad seo a leanas na gnéithe de sheachadadh polasaí agus seirbhíse is mó ar tarraingíodh aird orthu sna haighneachtaí:
. Forbairt polasaí, pleanáil agus tosaíochtaí
. Comheagrú i dtaca le deánamh polasaithe agus soláthar seirhísí
. Ceisteanna reachtacha
. Taighde, luacháil agus ceisteanna cáilíochta seirbhíse
5.1 Forbairt Polasaí, Pleanáil agus Tosaíochtaí
I dtrian de na haighneachtaí is amhlaidh a dúisíodh ceisteanna a bhaineann le polasaithe a fhorbairt do leanaí laistigh de chreat na Straitéise Náisiúnta do Leanaí.
Seo a leanas na príomhnithe a bhaineann le forbairt polasaí:
. Áit an pholasaí do leanaí i bhforbairt polasaí san fhoriomlán
. Na prionsabail is ceart a bheith mar bhonn taca faoi pholasaithe a bhaineann le leanaí
. Raon na réimsí mar a bhfuil gá le polasaithe agus straitéisí náisiúnta
. Spriocanna agus tosaíochtaí

. Polasaí a chur i ngníomh.
Áit an Pholasaí do Leanaí i bhForbairt Polasaí san Fhoriomlán
Iarradh sna haighneachtaí go mbeadh béim níos láidre i dtaca le gach aon pholasaí náisiúnta a dhéanamh ar cheisteanna do leanaí. Tugadh faoi deara iontu go raibh go raibh easpa fócais ar leanaí i ndoiciméid pholasaí thábhachtacha amhail an Plean Forbartha Náisiúnta agus an Clár um Rathúnas agus Cothroime. Tá éirim na tuairime sin á léiriú sa mhéid seo leanas:
Is é lomlán na fírinne maidir le leanaí, ainneoin gurb iad trian de dhaonra an stáit iad, agus ainneoin thiomantas na hÉireann do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, gur beag an léargas ar leanaí in iliomad réimsí polasaí a mbíonn tionchar nach beag acu ar cháilíocht an tsaoil acu. Agus an oiread sin béime le dealramh ar iniamh sóisialta sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus sa Chlár um Rathúnas agus Cothroime agus in áiteanna eile, tá sé tábhachtach go mbreathnófaí ar leanaí mar mhórghrúpa sóisialta atá i dteideal an iniaimh sin ó cheart i dtéarmaí an phróisis pholasaí, mar rannpháirtithe agus mar chatagóir cúraim.
Lean an aighneacht sin á mholadh go ndíreofaí go háirithe ar leasanna leanaí sna cláir agus sna fóraim ar thithíocht, bainistíocht eastát, iompar poiblí agus forbairt náisiúnta na tuaithe laistigh den Chlár um Rathúnas agus Cothroime, mar aon leis na fóraim eile amhail na Boird Forbartha Chontae agus Chathrach agus an Chomhairle Ealaíon. Tarraingíodh aird freisin ar ról na hearnála tráchtála sa sliocht seo a leanas:
Ba chóir a cheangal ar an earnáil tráchtála leis an Straitéis iniúchadh a dhéanamh ar leibhéal na cairdiúlachta i leith leanaí atá sna spáis phoiblí ina ndéanann sí a cuid gnó leis an bpobal. Is fiú staidéar a dhéanamh ar cháilíocht iarrachtaí na nDanmhargach ina leith sin.
Laistigh de shainréimse polasaí shóisialta, léiríodh go rabhthas buartha faoin dóigh ar braitheadh go raibh faillí á déanamh i leas na leanaí i gcoitinne agus sa bhéim ar chosaint leanaí. Mar shampla an sliocht seo a leanas:
Tá gá le polasaí forghníomhach cuimsitheach, agus é bunaithe ar chreat cearta leanaí, chun feabhas a chur ar leas na leanaí in Éirinn.
Na Prionsabail is ceart a bheith mar bhonn taca faoi Pholasaithe a bhaineann le Leanaí
Bhí moltaí in an-chuid aighneachtaí maidir leis na léargais ar leanaí agus ar an leanbhaois, agus maidir leis na prionsabail is ceart a bheith mar bhonn taca faoi pholasaí leanaí. Cé go bhfuil forluí ann i dtaca leis an smaointeoireacht ar na prionsabail sin, tá claonadh i ngach aon cheann acu fócas ar leith a bheith aige:
. Léargas chomhtháite, agus í bunaithe ar riachtanais leanaí seachas ar chórais seachadta seirbhíse
. Léargas i dtaca le cearta leanaí, lena mbeadh athrú ó phatrún bunaithe ar leasanna go patrún bunaithe ar chearta leanaí
. Cur chuige a bheadh láraithe ar an leanbh
. Cur chuige forbraíochta agus é láraithe ar an leanbh
Coincheap an chuir chuige a bheadh láraithe ar an leanbh, féadfaidh iliomad nithe a bheith i gceist leis. Seo a leanas sainmhíniú amháin ar chineál agus tábhacht cuir chuige forbraíochta atá láraithe ar an leanbh:
Cé go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach breathnú ar leanbh mar dhlúthchuid den aonad teaghlaigh agus dul i ngleic le córais éagsúla agus a bheith bainteach leo ar mhaithe le leanaí, caithfidh an príomhfhócas tacaíochta a bheith i gcónaí ar an leanbh mar dhuine aonair a bhfuil cumais fhorbraíochta aige nó aici, mar aon le teorainneacha agus tascanna. Aon athrú i dtreo breathnú ar an teaghlach nó ar na cúramóirí mar phríomhfhócas na seirbhísí, laghdóigh sé sin an tionchar ar leanaí agus in iliomad cásanna is amhlaidh a mhainneoidh sé aon athrú le dealramh a dhéanamh do na leanaí sin.
Moladh i léargas eile a tairgeadh ar an gcur chuige forbraíochta i leith polasaí nár mhór go mbeadh bealaí soiléire ar dhul chun cinn tríd an leanbhaois, na déaga agus ré an duine fásta le brath sa Straitéis.
Prionsabal eile a tháining chun cinn ba ea prionsabal an choisc. Gabhann impleachtaí suntasacha, áfach, le polasaí leathan atá bunaithe ar phrionsabal an choisc, de réir a bhfuil á rá sa sliocht seo a leanas:
D'fhonn is go mbeadh na seirbhísí dírithe níos mó i dtreo an choisc, tá sé tábhachtach leas leanaí a bhreithniú mar chuid de réimse níos leithne. Is gá athruithe ag roinnt leibhéal éagsúil, lena n-áirítear leibhéal Polasaí Náisiúnta i ndáil le tosaíocht a thabhairt don chosc, ar leibhéal na gníomhaireachta i ndáil leis an obair sin a shainordú agus tús áite a thabhairt di agus ar leibhéal an duine aonair i ndáil le tacaíochtaí dóthanacha a chur ar fáil don fhoireann amhail maoirsiú agus oiliúint ionas go n-éascófar an obair sin lena cur i gcrích.
Na Réimsí mar is gá Polasaithe agus Straitéisí Náisiúnta
Moladh seacht réimse dhéag mar a bhfuil gá le polasaí nua.
Sláinte Leanaí
Forbairt polasaí agus straitéise i seirbhísí cúraim sláinte leanaí ba mhinice a luadh, mar aon le polasaí súgartha agus polasaí i dtaca le cúram leanaí.
Dhírigh riachtanais straitéiseacha agus polasaí i réimse shláinte na leanaí go háirithe ar mheabhairshláinte leanaí agus daoine óga, lena n-áirítear moladh go dtabharfaí an stádas céanna do riachtanais mheabhairshláinte leanaí agus a thugtar do shláinte fhisiciúil. Sa tuiscint is leithne ar riachtanais sláinte cuirtear an cás chun cinn le haghaidh straitéise náisiúnta ar dhea-bhail leanaí, mar aon le cláir atá dírithe ar na blianta is luaithe de shaol linbh, mórán ar aon dul leis an tsamhail Ioruach a bhfuil éirithe go maith léi de réir dealraimh.
Polasaí Súgartha
Maidir le polasaí náisiúnta súgartha, maíodh go ndíreodh sé ar cheisteanna clós súgartha faoi mhaoirsiú, spáis oscailte pleanáilte, agus saoráidí i bhforbairtí tithíochta. Cuireadh an cás chun cinn go bhfuil easpa treorach ann atá soiléir, nach bhfuil aon aitheantas ann ná aon straitéis ná struchtúr do sheirbhísí súgartha leanaí in Éirinn.
Áineas agus Spórt
Léiríodh go bhfuil gá le polasaí náisiúnta i réimse an áineasa agus an spóirt, mar a chonacthas go bhfuil gá le bonneagar le haghaidh áineasa poiblí, spóirt, cultúir, i bpáirt leis na scoileanna.
Cosaint Leanaí
Luadh go bhfuil gá le sainstraitéis cosanta leanaí, mar aon le creat náisiúnta agus áitiúil. Tuairiscíodh gurb iad seo a leanas eilimintí straitéise den sórt sin:
. Tuairisciú éigeantach
. Cur chuige idirghníomhaireachta iomlán don teaghlach a léiriú, mar aon le struchtúir de chuid na mbord sláinte chuige sin
. Leibhéil seirbhíse agus foirne a aithint mar aon le bearnaí sa tseirbhís
Moladh straitéis freisin do chúram malartach mar aon le tacaíocht taighde, cistiúcháin and oiliúna foirne má táthar le rud éigin le dealramh seachas láthair dumpála a dhéanamh de chúram cónaitheach.
Ealaín Phoiblí
Maíodh gur lú i bhfad an soláthar do chúrsaí Ealaíne Poiblí le haghaidh leanaí na hÉireann ná mar atá i dtíortha Eorpacha eile. Bhí cistí á lorg sa sliocht seo a leanas:
...stádas eacnamaíoch leanaí, suntas forbraíochta na leanbhaoise, agus an cion tairbhe nach beag a thig leis na healaíona a dhéanamh i dtaca le féinréadú, is tosca iad sin uile - i bpáirt le réaltachtaí déimeagrafacha áirithe na hÉireann - lena léirítear go bhfuil éileamh an-tábhachtach ag leanaí na hÉireann ar an soláthar ealaíon a chistítear ón chiste poiblí.
Leanaí faoi mhíchumas
Moladh concheap pleananna gníomhaíochta náisiúnta do chatagóirí leanaí a bhfuil riachtanais ar leith acu, faoina mbeadh cur chuige comheagraithe i leith na ngrúpaí leanaí sin, mar is léir ón sliocht seo a leanas:
Ní hionann sin is a rá gur chóir déileáil leis na leanaí sin ar leithligh ó leanaí eile. go deimhin, is dúshlán lárnach é cóireáil iniatach leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu a ghacadh isteach inár bpríomhsheirbhísí. Ina leith sin is amhlaidh a bheidh gá le cur chuige straitéiseach pleanáilte arna thionscnamh ar an leibhéal náisiúnta.
Ar na bearnaí/riachtanais straitéise agus polasaí eile a aithníodh bhí an méid seo a leanas:
. Polasaithe i dtaca le stádas comhionann
. Polasaithe agus straitéisí frith-idirdhealaithacha
. Plean agus straitéis náisiúnta do réamhscoileanna Gaeilge.
. Polasaithe don Óige
. Polasaithe i dtaca le hiompar poiblí inrochtana lasmuigh de na cathracha
. An uchtáil a aithint mar ghné luachmhar thábhachtach den pholasaí náisiúnta i dtaca le leas na leanaí
Spriocanna agus Tosaíochtaí
I líon mór aighneachtaí is amhlaidh a aithníodh réimsí tosaíochta nó sprice don Straitéis Náisiúnta do Leanaí. Cé is moite de cheann amháin acu, díríonn na réimsí sprice agus tosaíochta uile atá beartaithe ar leanaí atá faoi mhíbhuntáiste nó ar an imeall.
An Bhochtaineacht i measc Leanaí
Is minice a luadh an gá atá le haghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht i measc leanaí. Moladh san aighneacht ón nGníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine go mbeadh uainfhráma sprice deich mbliana chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht ainsealach tríd an moladh seo a leanas:
Ioncam íosta ilchodach £30-£40 sa tseachtain do leanaí i ngátar, ag brath ar an aois
Deiseanna fostaíochta níos fearr do theaghlaigh dhífhostaithe
Sochar leanaí £25 sa tseachtain do gach leanbh
Forlíonadh cúraim leanaí £32.50 sa mhí via sochar leanaí.
Ar na grúpaí a aithníodh mar ghrúpaí atá i mbaol na bochtaineachta, bhí na leanaí sin a bhfuil a dtuismitheoirí dífhostaithe, leanaí i dteaghaigh aon tuismitheora amháin agus leanaí i dteaghaigh mhóra. Aithníodh sainghrúpaí leanaí freisin mar ghrúpaí a bhfuil riachtanais ar leith acu d'fhonn a chinntiú nach dtiteann siad isteach i log na bochtaineachta. Orthu sin bhí leanaí a scoireann den scoil agus iad ró-óg, leanaí ón lucht siúil, leanaí faoi mhíchumas, leanaí atá i mbaol titim trí eangach na tacaíochta, iad sin a thagann slán ón mí-úsáid, leanaí atá gan dídean nó atá ag maireachtáil ar leithligh óna dteaghlach baile, leanaí atá ag mí-úsáid drugaí agus leanaí atá gafa leis an striapachas.
Míbhuntáiste Oideachasúil
Leagadh béim freisin ar thionscnaimh oideachasúla chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leanaí atá faoi mhíbhuntáiste, agus laistigh de sin, breathnaíodh ar leanaí réamhscoile agus ar dhaoine óga a bhíonn ag fágáil na scoile mar ghrúpaí ar mó a ngá le tacaíocht. Cuirtear an cás chun cinn do spriocanna deich mbliana agus fiche bliain chun seirbhísí réamhscolaíochta, cóimheasanna dalta/múinteora sa bhunscoil agus leibhéil fhoirniúcháin do chomhairleoirí agus do mhúinteoirí feabhais a fhorbairt agus chun clóis súgartha, ionaid áineasa agus saoráidí eile a fhorbairt.
Tá cur chuige éagsúil i dtaca le spriocanna a leagan amach le fáil in aighneacht ina moltar go dtabharfaí tosaíocht do bhearta atá leagtha amach sa Chlár um Rathúnas agus Cothroime.
Réimsí sprice agus tosaíochta eile a luadh
. Spriocanna chun líonra náisiúnta lárionad acmhainní teaghlaigh a fhorbairt
. Moladh freisin spriocanna agus gníomhartha i dtaca le cearta leanaí agus i dtaca le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe a chur i ngníomh
. Spriocanna chun laghdú ar na hamanna feithimh le haghaidh seirbhísí
. Tosaíocht a thabhairt do bhearta sa Chlár um Rathúnas agus Cothroime
. Deireadh a chur le tearc-chistiú seirbhísí míchumais
Próiseas spriocanna a leagan amach
Bhí comhthuairim ann ina measc siúd a nocht a gcuid smaointe faoin ngá atá le spriocdhíriú, gur cheart é a dhéanamh agus gur cheart gur mó ba cheart é a dhul chun leasa an linbh atá ar an imeall. Níor mhór an spriocdhíriú a dhéanamh ar mhodh as a leanfadh an t-iniamh. Luadh freisin na castachtaí a ghabhann le riachtanas a shainmhíniú, in aighneacht faoi thacaíocht do sholáthróirí cúraim leanaí, mar a leanas:
Casadh an-chuid tuismitheoirí orm nach mbreathnaítear orthu mar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste, ach a rachadh sé dian orthu díol as na táillí is gá le haghaidh cúraim leanaí agus sin de dheasca mórchaiteachas morgáiste etc. Níor chóir na daoine sin a eisiamh ó phlean an chúraim leanaí atá incheannaithe.
In aighneacht amháin is amhlaidh a moladh go ndéanfaí an próiseas riachtanais a spriocaimsiú i gcomhpháirtíocht le lucht déanta polasaithe náisiúnta agus soláthróirí seirbhísí mar a leanas:

Is é dúshlán na Straitéise eolas agus taithí seirbhísí agus tionscadal 'ar an talamh' a theaglaim le polasaí poiblí chun acmhainní a spriocdhíriú ar na réimsí is mó gá.


Polasaí a chur i ngníomh
Cé gur dhírigh bunáite na n-aighneachtaí a dhéileáil le polasaí ar na riachtanais agus na bearnaí i bpolasaithe, is amhlaidh a dúisíodh ceist an chuir i ngníomh i roinnt bheag acu. I ngach ceann de na haighneachtaí sin éilíodh go ndéanfaí líon mór tuarascálacha atá ann cheana féin agus a bhaineann le saol leanaí, a chur i ngníomh.

5.2 Comheagrú i dtaca le deánamh polasaithe agus soláthar seirhísí chun freastal ar riachtanais leanaí
Tábhacht an Chomheagraithe
Tarraingíodh an-aird sna haighneachtaí ar a thábhachtaí atá an cur chuige comheagraithe comhtháite i dtaca le polasaí agus seirbhísí. Tháinig an t-ábhar, tríd is tríd, faoi dhá cheannteideal, lenar léiríodh na leibhéil nach mór don chomheagrú agus don chomhoibriú oibriú ionas go mbraithfidh na leanaí agus na teaghlaigh go bhfuil seirbhísí ar fáil dóibh nach bhfuil aon deighilt iontu:
. Comheagrú idir-rannach agus comheagrú ar an leibhéal náisiúnta a bhaineann le forbairt agus pleanáil polasaí
. Comheagrú idirghníomhaireachta ar an leibhéal áitiúil (sin i leith limistéar tíreolaíochta, nó freagairtí do riachtanais áirithe a bhraitheann leanaí agus teaghlaigh a bheith ann)
Is amhlaidh a aithnítear an obair atá á déanamh i láthair na huaire san aighneacht seo a leanas:
Is mór an ní é gur mó atá tasc an chomheagraithe agus na comhpháirtíochta á aithint mar dhlúthchuid d'obair na ngníomhaireachtaí Stáit agus a gcuid foirne agus ní mar rud atá curtha i gceangal léi.
Comheagrú ar an Leibhéal Idir-Rannach/Náisiúnta:
Cuid mhór de na grúpaí a thagair don ghá atá le comheagrú polasaí, ba leor acu a rá gur gá do dtarlódh sé sin. Mhol roinnt eile acu struchtúir agus meicníochtaí lena thabhairt i gcrích.
Ar leibhéal leathan rialtasach, bhí moladh ann gur tráthúil an deis í An Straitéis Náisiúnta do Leanaí chun aghaidh a thabhairt ar an scoilt atá sa riarachán agus sa seachadadh agus gur chóir go mbeadh scrúdú neamhspleách dian ann anois ar shannadh reatha na bhfreagrachtaí rannacha as polasaithe agus seirbhísí do leanaí. In aon scrúdú den sórt sin, ceist forleitheadach í cé chomh mór agus atá an struchtúr agus an leithdháileadh seirbhísí ag comhlíonadh ceangaltais an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh.
Bhí moladh ann le haghaidh bonneagair chuimsithigh don chomheagrú mar seo a leanas:
...creat forasach chun tacú le leanaí, lena n-áirítear aonad tiomnaithe do chúrsaí leanaí, bunachar sonraí náisiúnta ar leas an linbh, coiste polasaí idir-rannach ar leanaí, ombudsperson le haghaidh leanaí agus stádas comhpháirtí sóisialta do leanaí.
Sainmheicníochtaí comheagraithe
Bhí raon meicníochtaí a moladh agus orthu sin a bhí ceapadh Aire iomláin do Leanaí sa Chomh-aireacht agus an gá atá le próiseas chun forbairt polasaí a dhíonú i leith leasanna áirithe leanaí.
Roinnt de na struchtúir agus na meicníochtaí atáthar a mholadh, baineann siad le gnéithe sonracha de pholasaí. I ndáil le súgradh leanaí, mar shampla, bhí moladh ann go ndéanfaí freagracht rannach a leithdháileadh go soiléir, agus taca reachtaíochta faoi sin, más gá agus go dtacódh grúpa oibre idir-rannach leis chun saineolas na Ranna Rialtais éagsúla a chomheagrú. B'é an moladh a bhí ann ná go mbeadh an Roinn Comhshaoil ina cheannródaí don ghrúpa sin.
Moladh go mbeadh comhlacht idirghníomhaireachta ann chun dul i ngleic leis an míbhuntáiste oideachasúil mar aon le hAonad Forbartha do na Luath-Bhlianta chun seirbhísí réamhscoile a chomheagrú. Tugadh tacaíocht freisin don ghá le go mbunófaí Údarás Cúraim Leanaí mar a moladh sa Tuarascáil ón Meitheal Oibre i 1989.
Luadh meicníocht fhorasach a bheadh ann mar thaca faoin obair ar cheist fhorleathan chearta agus leas na leanaí san aighneacht seo a leanas:
Dhéanfadh coiste idirghníomhaireachta ar chearta leanaí meicníocht fhorasach nua a sholáthar chun an Straitéis Náisiúnta do Leanaí a chur chun cinn agus tionscnaimh pholasaí a bhaineann le leas, dea-bhail agus cearta leanaí agus daoine óga a chomheagrú agus a shruthlíniú.
Agus ba chóir go ndéanfadh an Straitéis Náisiúnta do Leanaí na comheagraithe a chomheagrú!:
Maidir le haon straitéis do leanaí, caithfidh sí féin na struchtúir chomhtháiteacha eile sin a thabhairt le chéile le súil is go ndéanfar an líon mór moltaí dúrúnda eile sin a thagann ó na hEagraíochtaí Reachtacha agus Saorálacha éagsúla a thabhairt le chéile agus a chomheagrú.
Comheagrú Idirghníomhaireachta ar an Leibhéal Áitiúil
Rinneadh cáineadh i bhfad níos géire agus bhíothas an-bhuartha faoi na fadhbanna a eascraíonn do leanaí agus do theaghlaigh de dheasca seirbhíse áitiúla nach bhfuil comhtháite go maith. Rinneadh tagairtí d'oirneachadh seirbhísí, do mhearbhall agus do dhúbailt agus do sheirbhísí mí-eagraithe. Faightear blas ar na nithe ab ábhar buartha agus ar roinnt de na gnéithe den ghá atá le hathrú sna sliochta seo a leanas:
Is é a chiallaíonn easpa seirbhísí atá bunaithe agus comhtháite go háitiúil ná go seoltar daoine atá faoi ghéarchéim chuig raon oifigí éagsúla d'fhonn a gcuid teidlíochtaí a mheasúnú. Leanann frustrachas an-mhór as sin agus déanann sé dochar don dea-chaidreamh agus comhoibriú leis na daoine gairmiúla lena bhfuil géarghá agus géarchéimeanna á réiteach.
Maidir leis an aighneacht sin, bhí sí ag díriú ar dheacrachtaí i seirbhísí pobail agus seirbhísí tacaíochta teaghlaigh do theaghlaigh gan dídean agus faoi mhíbhuntáiste. Bhi anailís in aighneacht eile ar cheisteanna comhchosúla sna seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus sna seirbhísí cúraim leanaí/cosanta leanaí:
Is iondúil go mbíonn seirbhísí scoite amach óna chéile i láthair na huaire agus go n-oibrítear iad ar bhealach leithliseach aisteach, agus iad ag speisialú ina gcuid tosaíochtaí féin a leagtar amach go hinmheánach, rud a fhágann go mbíonn bearnaí móra riachtanas eatarthu nach ndéantar aon fhreastal orthu. Bíonn mainneachtainí an-mhór ann freisin i dtaca le comheagrú. Leanbh, cuir i gcás, a bhfuil fadhb chasta fhorbraíochta aige nó aici amhail uathachas, féadfaidh sé nó sí na míonna nó na blianta a chaitheamh ag dul ó liosta feithimh amháin go dtí ceann eile agus gan ach blúirín beag den phictiúr á fháil aige nó aici ó gach aon cheann acu, ach gan fáthmheas iomlán ná plean cóireála iomlán a fháil ó cheann ar bith acu. Ba mhór an chabhair don fhadhb sin a réiteach an moladh nua atá ann do Chomheagraí Sláinte Leanaí (An tSláinte is Fearr do Leanaí) ach é a bheith bunaithe i gceart agus tacaíocht a thabhairt dó. Is é atá san fhadhb sin i ndáiríre féachaint le daoine gairmiúla éagsúla ó sheirbhísí atá gaolmhar ach atá ar leithligh chomh maith a thabhairt le chéile in aon fhoireann amháin a bheadh dírithe ar an aon tasc agus ar foireann í a bhunófaí ionas nach macasamhail a bheadh ann de dhoichte an chórais a bheadh sé a ionadú.
Cé go raibh frustrachas na ndaoine gairmiúla leis an easpa comheagraithe le brath go láidir sna sliochta sin, ba léir chomh maith an strus a bhí ar na teaghlaigh sa mhéid a dúirt athair linbh a raibh riachtanais speisialta aige. Mhol sé go mbeadh duine ainmnithe ann (oibrí sóisialta) mar phointe teagmhála do thuismitheoirí agus go dtabharfadh an duine sin gach eolas is gá dóibh faoi roghanna agus teidlíochtaí. Is é a dúirt sé:
Sheachnódh sé an tionchar dímheasúil náireach a bhíonn ar dhuine as é a bheith á chur ó philéar go posta lena fháil amach céard is fearr a dhéanamh agus céard tá ar fáil. Ba mhór an feabhas é trí laghdú ar an straidhn agus ar an strus ar theaghlaigh a bhfuil a ndóthain sin acu cheana féin.
Cé na seirbhísí ar gá comheagrú ina leith?
Maidir leis an ngá a bhraitear a bheith le comheagrú, ní raibh sé dírithe go cúng ar ghné amháin de na seirbhísí ná ar aon ghrúpa amháin úsáideoirí. Rinne daoine atá gafa mar sholáthróirí nó mar úsáideoirí seirbhíse i raon leathan réimsí cur síos ar an ngá atá leis an oirneachadh a laghdú. Ar áireamh sna réimsí sin a bhí seirbhísí péidiatraiceacha, seirbhísí meabhairshláinte do leanaí, seirbhísí taca teaghlaigh agus seirbhísí do leanaí atá faoi riosca. Rinneadh suntas ar leith don ghá atá le cur chuige ilchórasach i leith na hoibre a dhéanann daoine le leanaí atá imithe ó smacht agus leanaí atá imithe ón mbaile agus leis an tacaíocht a thugann siad dóibh, agus rinneadh suntas freisin do thairbhe na hoibre sin; rinneadh plé freisin ar an an ngá atá le comheagrú agus comhoibriú idir na hospidéil agus soláthróirí sláinte cúraim sa phobal, dochtúirí teaghlaigh, Eagraíochtaí Neamh-Rialtais agus foirne luathmheasúnúcháin. Tá léiriú ar an méid sin sa sliocht seo a leanas:
Gabhann seirbhísí ospidéil do leanaí i bhfad thar bhallaí na n-ospidéal. Ní mór comhchaidreamh oibre a fhorbairt le tuismitheoirí, lucht oideachais, lucht dlí agus cirt agus le lucht na seirbhísí sóisialta.
An Buntáiste a ghabhann le Comheagrú
Is iad na leanaí agus na teaghlaigh is mó a bhraitheann na leasanna atá le baint as comheagrú níos éifeachtaí a dhéanamh ar sheachadadh seirbhísí. Bhí moltaí sna haighneachtaí freisin, áfach, go mbeadh raon leasanna ann freisin do chórais seachadta seirbhísí; moladh freisin go mbainfí úsáid níos fearr agus níos éifeachtaí as acmhainní, go roinnfí sonraí i bpáirt, go mbeadh cumarsáid níos fearr ann mar aon le córais tarchurtha níos ciallmhaire.
Meicníochtaí
Amhail mar atá i gcás comheagrú polasaí, moladh iliomad meicníochtaí chun an fhadhb sin a réiteach, agus aithníodh go raibh moltaí agus próisis ann a bhí faoi chaibidil nó á n-oibriú cheana féin.
Aithníodh go bhfuil gá le comheagraithe seirbhísí agus luadh go mb'fhéidir go mbeadh an ceart ag daoine ó thaobh an dlí de ar chomheagraí. Is é a moladh go mbeadh cion tairbhe nach beag le déanamh i dtaca le pleanáil seirbhísí ag foireann na gcomheagraithe in aon réimse ar leith. Chonacthas go raibh Bainisteoirí Cúraim Leanaí in ann an comheagrú a chur i gcrích.
Chuathas thar na struchtúir fhoirmiúla i gcás aighneachta amháin le breathnú ar an réiteach i dtéarmaí an dearcaidh ghairmiúil agus an tsainmhínithe ar róil daoine, agus moladh go bhfuil cuid de réiteach na faidhbe le fáil (i gcomhthéacs na scoile agus an tseomra ranga) ach athrú sa chultúr agus sa dearcadh a thabhairt i gcrích mar aon le sainmhíniú nua ar an ngairmiúlacht, mar a leanas:
Cé go n-aithnítear oibriú ildisciplíneach mar chuid de ról ilionad daoine gairmiúla, ní hamhlaidh a bhreathnaítear an scéal i gcás na múinteoirí. D'uireasa cultúir chomhoibre idir eagraíochtaí agus laistigh de na heagraíochtaí sin, bíonn leithleachas ann mar aon le heaspa tacaíochta ó chomhghleacaithe gairmiúla do chleachtóirí, rud a léiríonn na bearnaí atá ann idir na seirbhisí a bhíonn á n-oibriú ag gníomheaireachtaí éagsúla.
Cuirtear an cás chun cinn san aighneacht do shainmhíniú nua ar an ngairmiúlacht, lena n-imítear ón tuairim gur saineolaí an duine gairmiúil, ar an bhforas go bhfuil coincheap an tsaineolaí ag teacht salach ar choincheap an chomhoibrithe.
Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   7   8   9   10   11   12   13   14   ...   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin