Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates


Ceisteanna eile i dtaca le Seachadadh Seirbhísí



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə12/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17

Ceisteanna eile i dtaca le Seachadadh Seirbhísí
Bhí an méid seo a leanas á rá in aighneacht amháin:
Níor mhór go mbeadh seachadadh seirbhísí solúbtha, fócasaithe agus go ndéanfaí luacháil air go rialta chun a chinntiú go bhfuil riachtanais agus spriocanna na sainghrúpaí á n-aithint agus á gcomhlíonadh go leanúnach. Bíodh cumhachtú agus forbairt an chliaint mar bhunús i gcónaí le gach seachadadh seirbhíse.
Seachadadh seirbhísí áitiúla agus pobalbhunaithe
Leagadh béim in iliomad aighneachtaí ar an ngá atá le seachadadh seirbhísí áitiúla pobalbhunaithe a bheadh solúbtha agus a d'fhreagródh do riachtanais áitiúla:
Maidir le húinéireacht na dtionscnamh, is leis an bpobal í. Freagairtí pobalbhainistithe ar riachtanais, is amhlaidh a bhíonn siad solúbtha agus féadfaidh siad freagairt go sciobtha i sochaí a bhíonn ag athrú.

Chun go dtarlódh sé sin, ní mór seirbhísí a dhílárú agus a sheachadadh ar bhonn áitiúil. I réimse na n-ospidéal/ an chúraim sláinte, éilíodh go mbeadh lárionaid threasacha ann chun clinicí peiripiteiceacha a fhorbairt in ospidéil áitiúla ionas go gcuirfear a gcuid saineolais ar fáil do leanaí in áit atá níos gaire don bhaile acu, agus chun gur féidir cúram i bpáirt a sholáthar.


Téama eile i dtaca le seachadadh seirbhíse áitiúil is ea an gá atá le seirbhísí nach bhfuil aon deighilt iontu, as a leanfaidh contanam seirbhíse a bheidh teaghlachbhunaithe, mar a laghdófar ar na bearnaí. Aithníodh an deacracht a ghabhann leis an scaipeadh éagothrom i limistéir thuaithe iargúlta agus bhí an tuairim ag daoine áirithe nach mbíonn a sciar cothrom de na hacmhainní á fháil ag bailte beaga agus sráidbhailte.
Dúisíodh freisin ceist na seirbhísí a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge:
Aitheantas le cothromaíocht a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge agus na seirbhísí tacaíochta cuí a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Pleanáil Áitiúil
Tá dlúthnasc idir an seachadadh áitiúil agus an phleanáil áitiúil, a mbíonn baint ghníomhach ag pobail léi. Cuireadh an tuairim ar aghaidh gur chóir an gá atá le comhpháirtíocht sa phleanáil a shuiteáil i gcomhaontuithe seirbhíse idir an stát agus gníomhaireachtaí eile a sholáthraíonn seirbhísí. Ba chóir na comhaontuithe seirbhíse sin a bheith bunaithe timpeall ar chearta úsáideoirí agus ar thiomantais don cháilíocht. Leagadh béim arís agus arís eile ar an ngá atá le comhpháirtíochtaí idir daoine gairmiúla, agus idir daoine gairmiúla agus teaghlaigh.
I réimse an oideachais, breathnaíodh ar easpa struchtúr áitiúil agus réigiúnach mar bhac ar phleanáil áitiúil agus ar chomhpháirtíocht sa phróiseas pleanála. Shíl daoine gur chuir sé leis an deacracht go raibh líon gníomhaireachtaí náisiúnta nach beag ag teacht chun cinn, mar a duradh sa sliocht seo a leanas:
Tá seirbhísí (go háirithe san oideachas) ag éirí ró-speisialaithe, lena bhfágtar grúpaí ar an imeall, e.g. leanaí faoi mhíbhuntáiste. Cailltear an léargas ar chúrsaí de réir mar a éiríonn na seirbhísí ró-speisialaithe agus 'ró-ghairmiúlaithe' ar fad. Tá an iomarca gníomhaireachtaí náisiúnta á mbunú san oideachas. Tá an fhorbairt sin, mar aon le heaspa struchtúr réigiúnach, ag teacht salach ar aon choincheap iomlánach de sheirbhís agus is amhlaidh a bheidh teorainneacha mífholláine idir na seirbhísí dá barr.
Cosc
Dúisíodh an téama sin, gurb é an cosc príomhchuspóir an tseachadta seirbhíse, in iliomad aighneachtaí. Tar éis an choisc, b'í an luath-idirghabháil an chéad tosaíocht eile a aithníodh.
Stiogma a sheachaint
Ar deireadh thiar, bhí an tuairim ann nach mór seirbhísí a sheachadadh ar bhodh nach bhfágann stiogma ar leanaí agus daoine óga. Ba chóir seirbhísí atá 'míochainithe' nó atá dírithe ar fhadhbanna a sheachaint; ní bhainfidh daoine óga leas as seirbhísí a chuireann lipéad orthu, faoi mar atá á rá sa sliocht seo a leanas:
Is minic daoine óga goiliúnach i dtaca lena bhféinmheas agus a bhféiniúlacht agus dá bharr sin is amhlaidh a bhíonn siad níos íogaire maidir le ceisteanna i dtaobh lipéadú. Má tá daoine óga le leas a bhaint as seirbhísí, níor mhór go mbreathnóidís orthu mar sheirbhísí atá ag freastal ar an aos óg ar fad agus ní go háirithe ar dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu. Mar aon leis an toisc seo, thugadh an taighde le fios go mbraitheann daoine óga go bhfuil sé níos éasca acu deacrachtaí nó fadhbanna a phlé le daoine óga eile seachas le daoine fásta eile. Ba chóir an toisc sin a chomhtháthú isteach i soláthar agus seachadadh na seirbhísí.
5.3 Taighde, Luacháil agus Cáilíocht na Seirbhísí do Leanaí
Díríodh sna haighneachtaí ar shaincheisteanna faoi cháilíocht na seirbhíse ach go háirithe, agus timpeall an cúigiú cuid de na rannpháirtithe ag caint ar na téamaí sin. Ar na toipicí a luadh bhí taighde, luacháil agus bunú caighdeán.
Saincheisteanna Taighde Ghinearálta
B'fhacthas gur gné bhunúsach í staidéar fadghearrthach náisiúnta a dhéanamh ar leanaí in Éirinn agus Straitéis Náisiúnta do Leanaí á forbairt.
Díríodh aird ar mholadh de chuid Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh maidir le bailiú sonraí agus forbairt táscairí, agus an gá a bhí lena leithéidí a choigeartú ar bhealach a chuimseodh na leanaí uile faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, chun na réimsí ar fad a bhí clúdaithe ag an gCoinbhinsiún a ionchorprú.
In aon taighde a dhéanfaí ar thaithí saoil leanaí, áitíodh gur cheart leanaí iad féin a bheith rannpháirteach agus a ndearcadh a léiriú. Ba cheart torthaí an taighde a scaipeadh ar an lucht proifisiúnta, agus leas a bhaint as san fhorbairt.
Rinneadh cur síos agus costáil ar mholadh an-chuimsitheach an-mhion amháin faoi straitéis taighde agus faisnéise lena úsáid mar ghléas tógála acmhainní i gcomhair lánfheidhmiú na Straitéise. San áireamh sa mholadh sin bhí tosaíochtaí taighde, amscálaí, bonneagair agus costáil tionscadal.
Riachtanais Taighde ar leith

Bhí raon leathan moltaí ann faoi staidéir ar ghnéithe ar leith de shaol leanaí:


Sláinte na Leanaí

Rinneadh neart moltaí faoi shainstaidéir ar ghnéithe de shláinte leanaí. I measc na n-ábhar a luadh bhí taighde ar neamhoird itheacháin, na fáthanna a gcaitheann daoine óga toitíní agus na straitéisí coisctheacha atá éifeachtach, agus taighde ar bhaic ar chúram éifeachtach déidliachta. Tógadh ceist faoin ngá atá le bonnachair sonraí náisiúnta maidir le diaibéiteas leanaí agus cúram lucht diaibéitis.


Ioncam leanaí

Moladh go ndéanfadh an Straitéis taighde a choimisiúnú chun an coincheap d'ioncam cóir do leanaí a shainiú, agus mar bhonn le spriocanna a cheapadh chun an méid sin a bhaint amach. Moladh freisin sa sliocht seo a leanas, go bhfuil sonraí bonnlíne riachtanach i dtéarmaí ginearálta, agus go gcuideoidh sé freisin agus spriocanna á leagan amach chun fáil réidh le bochtaineacht leanaí:


Tá gá le tuilleadh faisnéise agus taighde ar cháilíocht beatha leanaí, ar a modh maireachtála agus ar a gcleachtadh sláinte i limistéir na mbord sláinte, agus díriú ach go háirithe ar dhifríochtaí trasna aicmí slite beatha agus sóisialta. Iniúchtaí bochtaineachta agus sláinte ag leibhéal an phobail a d'fhéadfadh a bheith ansin, agus b'fhéidir go nginfidís sonraí bonnlíne a bhféadfaí leas a bhaint astu don phleanáil in aghaidh na bochtaineachta agus díonú ar bhochtaineacht i réigiúin na mbord sláinte. Rud tábhachtach, d'fhéadfaidís feidhmiú mar mheicníocht le tomhas a dhéanamh ar éifeachtúlacht clár sláinte agus iad ag freastal ar riachtanais phobail faoi mhíbhuntáiste agus iad ag aithint patrún agus riachtanais a bhí ag athrú.
An chóir agus daoine óga

Féachadh le neart moltaí a dhéanamh i réimse na córa agus cosc coireanna. Bhain siad le poitéinseal agus teorainneacha smachtbhannaí ar leibhéal an phobail, agus le taighde faoi na cúiseanna atá leis an gcoibhneas ard príosúnach in Éirinn atá faoi bhun bliain is fiche.


Réimsí eile taighde a moladh

I measc na réimsí eile a moladh i gcomhair taighde bhí:

Moltaí i dtaobh leanaí a bhfuil riachtanais ar leith acu, agus taighde ar riachtanais chúraim faoisimh, agus ar riachtanais speisialta i gcúrsaí oideachais, sna seirbhísí míochaine agus cúraim san áireamh

Taighde ar thaithí leanaí ar an scaradh, mar aon le taighde ar stádas na dteaghlach aon tuismitheoir agus ar stádas leasteaghlach

'Staidéar scóipiúil' ar riachtanais daoine meidhreacha óga

Taighde ar thaithí saoil teaghlach nach fadhb iad, ionas go n-aithneofaí féidearthachtaí chun cosc a chur le deacrachtaí teaghlach


Luacháil agus Caighdeáin Cháilíochta
Táscairí cáilíochta

Moladh sa sliocht seo a leanas, maidir le táscairí cáilíochta, gurb í cáilíocht taithí saoil na leanaí an eochairtháscaire:


Caithfidh polasaithe tús áite a thabhairt do ghealltanas ar cháilíocht taithí saoil laethúil chuile linbh agus é ag fás aníos sa bhaile, ar scoil, sa chomharsanacht agus lasmuigh di, agus ní mór iad a mheasúnú ar an mbonn sin freisin. Caithfidh gnéithe éagsúla d'aois na hóige a bheith san áireamh sa mheastóireacht sin ar an gcáilíocht saoil. Caithfidh cáilíocht an eispéiris a bheith i gceist, chomh maith le cáilíocht na seirbhíse agus an tsoláthair.
Tugadh suntas do raon na dtáscairí féideartha sa sliocht seo a leanas:
Le go bhfeidhmeoidís go sásúil, ba cheart na saintréithe seo a leanas a bheith ag baint le seirbhísí:
Iad ag freastal ar riachtanas sainithe

Iad inrochtaine

Déantar iad a athbhreithniú agus a luacháil agus is iad tuairimí lucht a n-úsáidte bunús na luachála

Is léir gurb iad an leanbh agus an teaghlach an fócas

Déantar luachanna na seirbhíse agus na samhla ríshoiléir

Seachadtar iad go tráthúil

Cuirtear oiliúint ar lucht a seachadta

Bíonn lánfhaisnéis le fáil, chun an rogha a éascú.


Bhí moladh sa sliocht seo a leanas go mbeadh comhtháscairí comhlíontacha ag seirbhísí iomadúla ar mhaithe leis an ngníomhú eadarghníomhaireachta a éascú.:
Suíodh foireann ghairmiúil agus bainisteoirí ón mBord Sláinte, ón Údarás Áitiúil, ón Roinn Oideachais, ó na Gardaí agus ó ghrúpaí deonacha ar chomhchoiste na leanaí, agus bíodh comhtháscairí comhlíontacha acu a ceapadh chun torthaí a bhfuiltear ag dúil leo a bheith bainte amach de thoradh gníomhú sásúil eadghníomhaireachta.
Ba cheart an fhorbairt phroifisiúnta a bheith bunaithe ar tháscairí foirmiúlacha dá leithéid, dar le haighneacht eile. Dealraíonn sé gur deacraide comhionannas, éifeachtacht agus oiriúnacht seirbhísí a thomhas toisc gan caighdeáin chuimsitheacha scríofa do shláinte leanaí agus ógánach a bheith ann.
Próisis luachála

Ceann de na mórthéamaí atá ag teacht ar aghaidh san ábhar faoi luacháil is ea gur gá luacháil a dhéanamh trína fháil amach ó dhaoine cad is dóigh leo a oibríonn go sásúil dóibh féin -- 'is éard a oibríonn go sásúil, an rud a deir daoine i ndeacracht a oibríonn go sásúil, seachas an rud a deir lucht taighde agus acadúil.'


Téama eile is ea gur ar thomhas torthaí seachas ionchur ba cheart béim na luachála a chur; tá an tuairim ann nach féidir glacadh leis go raibh toradh fónta ar sheirbhísí mura féidir a dheimhniú gur éirigh leo dul i bhfeidhm ar shaol leanaí, seachas go raibh fáil orthu. Sampla a léiríonn na pointe, an Clár Caidrimh agus Gnéasachta sna scoileanna, mar cé go bhfuil sé ar fáil do na leanaí uile níl sé i bhfeidhm sna scoileanna uile, de réir staitisticí na Roinne.
I gcás seirbhísí míchumas foghlama, tá tairbhe córais ar a dtugtar 'cúig luach le cleachtadh' aitheanta mar mhodh oibre sásúil maidir le cáilíocht. Cinntíonn na luachanna sin go ngníomhaíonn seirbhísí i gcaoi is go dtabharfar an rogha is mó is féidir don leanbh, go gcaitear leis le dínit, go roinntear gnátháiteanna le comhleacaithe nach bhfuil faoi mhíchumas, go mbíonn deis ann ar chaidreamh fírinneach agus go gcuirtear le saol an teaghlaigh agus na sochaí.
Tionscnaimh Reachtaíochta
Rinne go leor de na haighneachtaí moltaí faoin ngá atá le hathrú reachtaíochta, é sin nó thagair siad do chuid den reachtaíocht reatha.
Cearta leanaí

Bhí an príomhfhócas ar an ngá atá le hathrú bunreachta a thabhairt isteach a thabharfadh cearta do leanaí, agus reachtaíocht a thacódh leo, Tá gá le leasú Bunreachta a bheadh ina thaca agus ina léiriú ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.


Leanaí a chosaint

Rinneadh moltaí maidir le leanaí a chosaint. Ina measc tá gá le dlíthe i dtaobh déirce, i dtaobh deireadh a chur le pionós corpartha sa bhaile, tuairisciú sainordaitheach agus reachtaíocht a chuideodh le leanbh seirbhísí a fháil i gcás go ndiúltaítear cead na dtuismitheoirí.



An chóir agus daoine óga

I measc na moltaí faoi dhaoine óga agus an chóir moladh go n ardófaí aois na freagrachta coiriúla go ceithre bliana déag. Luadh go raibh gá le creat nua córa i gcás daoine óga. Luadh gur gá an dlí i dtaobh coireanna gnéis a athrú go hiomlán, go háirithe an dlí i dtaobh coireanna gnéis idir dhaoine óga.


Rialacháin réamhscoile

Ba iad na rialacháin réamhscoileanna ábhar go leor moltaí in aighneacht amháin. Bhíothas imníoch faoi chomh casta is atá na rialacháin maidir le cúrsaí spáis. Leiríodh imní freisin faoi nach raibh feighlithe a oibríonn sa bhaile clúdaithe ag na rialacháin sin, agus faoi na himpleachtaí do thuimitheoirí agus do sholáthróirí. Ba chosúil gur leanaí níos sine is mó a bheadh thíos leis sin, mar gur lú an seans go mbeifí ag tabhairt aire dóibh i ngrúpa.


Réimsí eile a clúdaíodh sna suimisin

Reachtaíocht a thacódh le dea-choibhneas foirne agus le cáilíochtaí i seirbhísí leanaí ag an bhfoireann.

An gá atá le bonn reachtúil do Chairt na Mílaoise um Seirbhísí Sláinte do Leanaí

Reachtaíocht a thabharfadh aghaidh ar an bhfíric gur trí uchtáil amháin is féidir ceangal dlíthiúil a bhunú idir leas-tuismitheoirí agus leanbh

Reachtaíocht súgartha

Reachtaíocht in aghaidh leatroim i gcás leanaí



Caibidil 6
Ag Freagairt do Riachtanais Leanaí
Réamhrá
Sna haighneachtaí go léir, cuireadh ábhair buartha, moltaí agus saincheisteanna a bhaineann le riachtanais leanaí ar aghaidh. Ba leathan agus b’éagsúil an raon ábhair a bhí i gceist. Phléigh sciar maith de na haighneachtaí le hábhair a bhain le gnó laethúil na heagraíochta nó na buíne a bhí ag cur na haighneachta ar aghaidh. Bhí dearcadh níos leithne ag dreamanna eile agus dhírigh siadsan ar ghné-raonta éagsúla de riachtanais leanaí, cearta leanaí agus na riachtanais atá ag teaghlaigh, pobail agus foireann/gairmiúlaigh.
Tugadh rabhadh tráthúil sna haighneachtaí faoina thábhachtaí a bhí sé gan a bheith ag breathnú ar leanaí mar lucht glactha seirbhísí agus é sin amháin. Seo sampla den rabhadh sin:
Ní mór freastal ar riachtanais an linbh ar bhealach iomlánach. Is cóir breathnú ar na riachtanais mhothúchán, oideachais, shochaíocha agus chultúir i gcomhthéacs an teaghlaigh agus an phobail. Is cóir cothú agus forbairt na tuisceana go mbaineann siad leis an bpobal, agus gur cuid luachmhar den phobal sin iad, a bheith mar chuid de gach seirbhís.
Is iad na príomhréimsí de riachtanais leanaí a bpléitear leo sna haighneachtaí ná:
Sláinte agus Leas Leanaí
Foghlaim agus Oideachas Leanaí
Tacú le Leanaí Imeallaithe
Tacú le Leanaí atá faoi Mhíchumas
Imirt, Áineas agus Deiseanna Forbartha do Dhaoine Óga
An Leanbh mar Shaoránach Gníomhach

6.1 Sláinte agus Leas Leanaí
Na Réimsí Ríthábhachtacha a Ardaíodh

Bhí gairmiúlaigh agus eagraíochtaí a bhaineann le sláinte orthusan a chuir aighneachtaí isteach, mar sin ní haon iontas é go bhfuil an t-ábhar dírithe an oiread sin ar shaincheisteanna a bhaineann le sláinte agus leas leanaí, agus cuirtear tuairimí ar aghaidh faoin ábhar sin i ndaichead éiginfaoin gcéad de na haighneachtaí.




Ábhar iontais beagáinín beag, b’fhéidir, is ea go bhfuil ar a laghad an bhéim chéanna ar shláinte agus leas meabhrach leanaí ’s atá ar a sláinte choirp. Fiú amháin san ábhar a bhaineann le cúram ospidéil agus cúram leanaí breoite, leagtar béim mhór ar eispéireas leanaí agus iad ag úsáid na seirbhísí chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le cleachtadh saineolais ghairmiúil.
Baineann a raibh le rá faoi chúrsaí sláinte le raon saincheisteanna ó chur chun cinn na sláinte go dtí coisceadh breoiteachta agus buairt faoi leanaí breoite agus leanaí san ospidéal. Clúdaíonn sé saincheisteanna i dtaobh sláinte meabhrach agus meabhairghalair, i dtaobh mí-úsáid substaintí agus andúil, agus ábhair buartha níos ginearálta i dtaobh faisnéis sláinte do leanaí.
Is cóir dhá théama a bhfuil spéis ar leith ag daoine iontu a lua. Ceann amháin díobh is ea an t-éileamh léanúnach atá ann go mbeadh seirbhísí sláinte saindírithe ar fáil, in ospidéil agus i seirbhísí pobail, d’ógánaigh - éileamh a bhaineann, dhealródh sé, le caighdeán eispéireas an duine óig chomh maith lena gcóireáil. Dírítear ar an éileamh sin sna comhthéacsanna go léir - maidir le breoiteacht, cóireáil i leith drugaí agus seirbhísí síciatracha do leanaí agus ógánaigh. Téama eile a tháinig chun cinn go minic is ea an ceann a luadh cheana - an bhéim ar shláinte mheabhrach agus cóireáil mheabhrach. Bhí níos mó ná a thrian díobhsan a d’ardaigh saincheisteanna sláinte agus leasa ag díriú ar ghné-raon éigin de chúrsaí sláinte meabhrach nó breoiteachta meabhrach.
Tagann príomhbhéim an ábhair a bhaineann le sláinte agus leas leanaí faoi na teidil seo a leanas:
Riachtanais agus saincheisteanna sláinte ginearálta leanaí

Riachtanais agus saincheisteanna sláinte meabhrach leanaí

Leanaí san ospidéal agus leanaí breoite

Faisnéis i dtaobh leanaí agus daoine óga



Riachtanais agus Saincheisteanna Sláinte Leanaí
Déantar an cás sna haighneachtaí ar son seirbhísí leordhóthaineacha agus éifeachtacha sláinte do gach leanbh. Déantar an cás freisin ar son bearta sonracha do bhuíonta a bhfuil riachtanais ar leith acu - leanaí de chuid an lucht taistil, mar shampla.
Toisc go bhfuil riachtanais sláinte leanaí ag athrú beidh forbairt na seirbhísí sláinte do leanaí amach anseo ag athrú freisin. Díríodh aird ar roinnt gnéithe den chor nua seo sa sliocht seo a leanas:
Tá leanaí a bheadh tar éis bás a fháil tráth ag teacht slán anois de bharr dul chun cinn/forbartha i gcúrsaí leighis agus máinliachta. Bíonn baint i bhfad níos mó ag tuismitheoirí anois le cúram an linbh. Níos mó den chúram baile. Is mó a dhírítear ar chúram don leanbh breoite sa bhaile.
Rochtain

Déantar moltaí chun an rochtain ar shaorseirbhísí leighis agus fiaclóireachta a leathnú amach. Ar na moltaí sin, tá:


Cárta leighis agus cóireáil fiaclóireachta saor in aisce do gach leanbh

Seirbhísí sláinte scoile do gach leanbh sa bhunoideachas agus san iarbhunoideachas

Rochtain saor in aisce ar sheirbhísí dochtúra teaghlaigh do leanaí atá faoi bhun 5 bliana d’aois nó comhairliúcháin ar leathphraghas

Seirbhísí péidiatracha saor in aisce, go háirithe iad sin atá ceaptha chun freastal ar riachtanais leanaí.
Iarradh go mbeadh na seirbhísí fiaclóireachta ag freastal ar riachtanais shonracha leanaí a bhfuil sainriachtanais acu agus leanaí faoi mhíbhuntáiste.
Ar bhonn níos leithne ná sin, iarradh go mbeadh treoirlínte agus moltaí ann chun a áirithiú go mbeadh ráthaíocht ann maidir le cearta leanaí ar sheirbhísí sláinte.
Riachtanais buíonta áirithe

Rinneadh an cás go dtabharfaí aird ar leith ar riachtanais chúraim sláinte déagóirí, a dtugtar ‘an daonra dearmadta’ orthu in aighneacht amháin. Laistigh den bhuíon sin, iarradh go dtuigfí riachtanais sláinte daoine óga homaighnéasacha agus go ndéanfaí measúnú ar rochtain na ndaoine sin ar na seirbhísí.


San aighneacht ón eagraíocht a bhfuil de chúram orthu caighdeán na beatha ag an lucht taistil a chur chun cinn, cuirtear plean mionsonraithe cuimsitheach ar aghaidh i gcomhair slainte agus leas na leanaí taistil, le cuspóirí, measúnú ar thorthaí agus gníomhphleananna beartaithe.
Léiríodh buairt faoi leanaí i dteaghlaigh tuaithe a bheith scoite amach ón saol, de dheasca an droch-chórais iompair agus an toradh a bhíonn aige sin ar rochtain ar chlinicí sláinte agus tástálacha forbraíochta.
Sábháilteacht agus sláinte dhearfach

Luadh gné-raonta éagsúla de shábháilteacht agus leas leanaí. Ardaíodh ceist na sábháilteachta ar na bóithre agus iarradh go ngníomhófaí láithreach maidir le sábháilteacht leanaí i ngluaisteáin, go mbeadh feachtas fógraíochta ina thaobh sin agus go mbeadh criosanna sábháilteachta éigeantach do leanaí faoi bhun sé bliana d’aois. Luadh saincheisteanna bia agus beathaithe freisin agus iarradh go mbeadh treoirlínte ann do na haoisaicmí éagsúla agus go mbeadh bia saor in aisce nó fóirdheonaithe ar fáil i scoileanna agus naíolanna. Cuireadh an cás ar aghaidh ar son agus in aghaidh fluairídiú an uisce.


Ardaíodh ceist mheáchain na málaí scoile agus nochtadh an tuairim láidir gur mór an fhadhb do na leanaí é meáchain na málaí scoile, rud is léir ar an sliocht seo a leanas:
Seacht gcloch meáchan atá i mála mo gharmhic, garsún sé bliana d’aois - sin leathchloch. Turcántacht, agus mí-úsáid á baint as leanbh is ea é sin. Gearán ag tuismitheoirí le fada é seo ach ní thugtar aon aird orthu. Le déanaí, thriail an Rialtas a thabhairt ar na daltaí siúl ar scoil. Cé chomh fada ’s a shiúlfaidís dá mbeadh 7 bpunt meáchan ar iompar acu nó níos mó ná an meáchan a iompraíonn páistí níos sine.
Ardaíodh ceist na sábháilteachta san iompras scoile. Rinneadh roinnt moltaí in aighneacht amháin e.g. rabhcáin ar chóracha iompair scoile agus cosc ar scoitheadh thar busanna scoile - foráil atá i bhfeidhm i dtíortha go leor san Eoraip.


Rinneadh an cás ar son béilí scoile do ‘leanaí a théann ar scoil gach lá agus ocras orthu’.
Leanaí agus na meáin

Ba chóir go mbeadh treoirlínte eiticiúla ann i dtaobh léiriú leanaí sna meáin; ba chóir cosc a bheith le fógraíocht do léanaí nó srian a bheith léi; táthar buartha go háirithe faoi chostas ‘earraí lipéid’, agus moladh go gcuirfear srian le praghas na n-earraí sin. Sa sliocht seo a leanas, iarrtar go mbunófaí bord cinsireachta a mbeadh de shainchúram air féachaint ar ábhair atá dírithe ar dhaoine óga agus go mbeadh srian le rochtain ar phornagrafaíocht:


Ábhar mór buartha is ea an phornagrafaíocht a bheith ar fáil do leanaí ar an teilifís, ar fhíseáin agus ar an idirlíon. Ba mhaith linn go nglacfaí aon bheart is féidir chun rochtain gan teorainn ag leanaí ar an bpornagrafaíocht a chosc.
Iarradh freisin go mbeadh níos mó tacaíochta sna meáin le haghaidh leanaí a bheith i dteaghlaigh phósta. Bhí moltaí ann go bhfeicfeadh leanaí den lucht taistil a bpobal féin á léiriú go dearfach sna meáin mar ghnáthléiriú.
Foireann

I dteannta le rochtain, ardaíodh saincheisteanna a bhaineann le foireann agus sainfhoireann. Moladh go mbeadh altraí scoile ann. Ardaíodh freisin an gá atá le haltraí péidiatracha agus altraí sainriachtanais a bheith ag obair i bpobail. Ba chóir raon freagrachta an phéidiatraí a leathnú go dtí daoine 18 mbliana d’aois, dúradh, agus raon freagrachta na n-altraí sláinte go dtí leanaí thar thrí bliana.


Luadh freisin an gá atá le post nua mar chuairteoir sláinte le freagracht ar leith as naíonáin agus leanaí óga.
Riachtanais agus Saincheisteanna Sláinte Meabhrach Leanaí
Clúdaíonn an t-ábhar faoin gceist seo saincheisteanna a bhaineann le cothabháil agus cothú na dea-shláinte meabhrach agus mothúchán, i dteannta na freagartha is gá nuair a chliseann ar an tsláinte mhothúchán nó mheabhrach.
Dúradh go raibh an staidreamh forleitheadúlachta don mhí-ord síciatrach i measc an aosa óig faoi bhun sé bliana déag ag suas le 20% den daonra. Leagadh béim mhór ar fheabhsuithe atá ag teastáil maidir le seirbhísí síciatracha a sholáthar do leanaí agus d’ógánaigh. Taispeánadh raon leathan bearnaí sna seirbhísí agus léiríodh forbairtí ar an tseirbhís a bheadh riachtanach.

Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin