Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə13/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17

Soláthar na seirbhíse

Ceapadh go raibh forbairt mhór ag teastáil do na seirbhísí síciatracha ospidéil agus pobail dóibh siúd a bhfuil géardheacrachtaí acu, i dteannta tacaí pobalbhunaithe chun dul i ngleic le saincheisteanna agus trámaí an linbh agus an ógánaigh.


Moladh in aighneacht amháin go leathnófaí seirbhísí pobalbhunaithe amach ar fud na tíre, bunaithe ar shamhail atá curtha i bhfeidhm i mBaile Munna. Gné amháin den tsamhail sin is ea go gcuireann daoine óga iad féin ar aghaidh chuig na seirbhísí in ionad dochtúir teaghlaigh nó páirtí liachta eile a bheith á dhéanamh.


Riachtanais bhuíonta áirithe de dhaoine óga

Ábhar buartha is ea nach bhfuil seirbhísí cónaithe do dhaoine óga faoi bhun dhá bhliain déag ar fáil lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, agus nochtadh an tuairim gur deacair rochtain a fháil ar sheirbhísí do dhaoine óga agus go bhfuil siad ró-fhada ó theaghlaigh chun go bhféadfaidís páirt a ghlacadh in obair theiripeach. Déantar castacht na riachtanas seirbhíse a leagan amach san aighneacht seo a leanas:


Tá raon aonad ag teastáil - seirbhísí measúnaithe agus cóireála le foireann iomlán a mbeadh raon disiplíní ina measc, ar a n-áirítear síciatraithe, altraí síciatracha, síceolaithe, oibrithe sóisialta, síctheiripigh agus teiripigh theaghlaigh; pobail theiripeacha níos fadtréimhsí áit gur féidir le leanaí i dtráma mór cónaí ar feadh tréimhsí fada i dtimpeallacht a bhfuil smacht ar na mothúcháin iontu chun go bhfásfaidís ... agus teaghaiseanna faoi fhothain do dhéagóirí níos sine. Bíonn gné oideachasúil ag teastáil le haghaidh gach ceann de na timpeallachtaí sin.
I roinnt aighneachtaí, díríodh ar riachtanais áirithe sláinte daoine óga atá ina n-andúiligh drugaí. Ceapadh gurbh é an bealach ab fhearr dóibh siúd freisin ná seirbhís a sholáthar i bhfad ó ‘larionaid chóireála drugaí agus mar chuid de shaoráid cheaptha sláinte pobail’.
Comhairliú

Cé gur mionlach iad na daoine óga ar gá dóibh leas a bhaint as áiseanna géarchóireála, is é an chuma a bhí ar an scéal de réir na n-aighneachtaí go raibh gá mór le seirbhísí tacaíochta ó thaobh comhairle de do chuid mhaith daoine óga.


Aithníodh sna haighneachtaí an gá a bhí le raon an-leathan seirbhísí comhairliúcháin do dhaoine óga a raibh tráma áirithe mothúcháin ag cur isteach orthu nó a bhí ag iarraidh dul i ngleic le strus an fháis mar ógánaigh.
Ar na cásanna a mbíonn gá le comhairliúchán tacaíochta do dhaoine óga, bhí comhairliúchan báis agus réamhbháis, comhairliúchán i dtaobh na maistíneachta, iompar ar scoil, nó tuismitheoirí atá ag scarúint nó ag colscaradh. Luadh freisin seirbhísí idirghabhála teaghlaigh. Ina theannta sin, pléadh an bealach go ndéantar na seirbhísí a sholáthar:
Taispeánann an réamhthaighde go bhfuil seirbhís comhairliúcháin atá faoi rún agus faoi dhiscréid agus ar furasta rochtain a fháil uirthi ag teastáil ó dhaoine óga. Ní maith leo an tseirbhís chlinicbhunaithe liachta atá anois ann agus braitheann siad gur deacair rochtain a fháil uirthi de dheasca na liostaí fada feithimh, an ghá a bhíonn le tarchur ó dhochtúir teaghlaigh, cúrsaí iompair agus an ghá a bhíonn le ham a fháil saor ón scoil. Léirítear leis an taighde nach mbíonn a fhios ag daoine fásta cad é atá ceart do dhaoine óga agus go mbeadh sé mícheart acu i gcónaí mura bhfíafraíonn siad díobh.
Coisceadh

Pléadh bearta coisceacha sna haighneachtaí freisin. Ar na straitéisí a luadh a d’fhéadfadh sláinte dhearfach mheabhrach bhí cláracha féinurraime, rochtain ar chaidreamh tacaíoch cobhsaí, oideachas caidrimh agus oideachas forbraíochta sóisialta agus pearsanta. Luadh an tábhacht a bhaineann le rochtain ar na healaíona maidir le forbairt fholláin shíceolaíoch a chur chun cinn.


Leanaí san Ospidéal, Leanaí Breoite agus Leanaí faoi Mhíchumais


Arís ba ar eispéireas na leanaí féin ar an tseirbhís seachas ar chainníocht na seirbhíse a díríodh sna haighneachtaí. Ardaíodh an gá a bhí le cúram ospidéil a bheadh bunaithe ar an teaghlach, comhpháirtíocht idir leanaí agus tuismitheoirí maidir le cinnteoireacht faoi chóireáil, agus roinnt na faisnéise mar chuid de na nithe a bhí ag teastáil chun go mbeadh sársheirbhís ann.
Rochtain

Braitheadh go raibh cothromaíocht rochtana ar chóireáil in-ospidéil agus cóireáil sheach-othair á séanadh ar leanaí toisc go raibh moill ar na liostaí feithimh don chúram ospidéil poiblí.


Riachtanais bhuíonta áirithe

Ardaíodh an gá atá le sainsaoráidí d’ógánaigh anseo mar a luadh i gcomhthéacsanna eile. Ar na saoráidí sin, tá an gá a bhíonn le príobháideacht agus rúndacht, áiteanna áineasa sna hospidéil, rochtain ar bharda cistine agus guthán agus solúbthacht sna rialacha.


Áitíodh go raibh gá le saoráidí chun freastal ar riachtanais shonracha leanaí áirithe. Ar na leanaí a luadh, bhí leanaí a bhfuil damáiste mór inchinne orthu, daoine óga a bhfuil mí-ord itheacháin orthu agus daoine óga a bhfuil riocht cairdiach orthu. I gcás gach ceann de na haicmí sin, bíonn gá le seirbhísí a leathnú amach ar fud na tíre (leanaí a bhfuil riocht cairdiach orthu) nó roinnt saoráidí speisialta.
Ní mór seirbhísí sláinte atá cuí ó thaobh cultúir de agus faisnéis inrochtana a bheith ar fáil do leanaí de chuid an lucht taistil.
Toiliú le cóireáil

Saincheist eile a ardaíodh ab ea toiliú leanaí le cóireáil. Dúradh in aighneacht amháin go bhfuil prionsabal an toilithe fhíorthoiliúil níos tábhachtaí ná aon rud eile i gcúrsaí seirbhísí do leanaí. Moladh in aighneacht eile gur chóir aois an toilithe a ísliú, chun gur féidir dul i gcomhairle le daoine óga ag aois níos ísle faoinar mian leo.


Faisnéis do Leanaí agus Daoine Óga
Is é an rud is tábhachtaí maidir le rochtain a bheith ag daoine ar sheirbhís ná a fhios a bheith acu go bhfuil an tseirbhís sin ann. Is ionann an fhaisnéis a bhíonn ag teastáil ó leanaí agus daoine óga agus an raon faisnéise a bhíonn de dhíth ar dhaoine fásta ach í a bheith saindírithe ar riachtanais agus ábhair buartha daoine óga.
Bíonn cineálacha éagsúla faisnéise sláinte ag teastáil ó leanaí agus ó dhaoine óga, de réir na n-aighneachtaí. Ar an bhfaisnéis sin, a bhainfeadh le saincheisteanna áirithe, bheadh sláinte ghnéis, mí-usáid substaintí, ábhair a bhaineann le HIV agus galair thógálacha agus mí-úsáid drugaí.
Sa sliocht seo a leanas, moltar go mbeadh córas seirbhíse chuimsitheach faisnéise do leanaí ann:


Ba chóir Ionaid Faisnéise Sláinte Leanaí a bhunú ina mbeadh faisnéis faoi riochtanna liachta a fhearfadh ar shláinte leanaí, faisnéis faoi fheabhsú sláinte agus nithe gaolmhara a bhainfeadh le forbairt an choirp .i. oideachas gnéis, iompar sóisialta. Is léir gá a bheith le saoráid den sórt sin ar an líon fiosruithe a thagann isteach ó leanaí, tuismitheoirí agus daoine eile maidir le ceisteanna sláinte agus a leithéid. D’fhéadfadh gairmiúlaigh an áis sin a úsáid mar ionad acmhainne.

6.2 Foghlaim agus Oideachas Leanaí
... is é an t-oideachas an eochair do bhochtaineacht leanaí ... ba chóir gurb é sin an bhunsraith, nó an phríomhstraitéis le haghaidh Bheartas Náisiúnta Leanaí sna deich mbliana atá romhainn.
Achoimre is ea an sliocht sin ar an mbéim a leagadh ar an oideachas sna haighneachtaí mar bhealach chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus an eisiamh. Chuir roinnt aighneachtóirí pleananna agus straitéisi mionsonraithe ag gabháil lena n-aighneachtaí lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachais.
Thagair timpeall ar an tríú cuid de na haighneachtóirí d’ábhair a bhain le foghlaim agus oideachas leanaí. Bhain príomhtheachtaireacht na ráiteas sin lena thábhachtaí atá sé go mbeadh rochtain chomhionann agus saor ag leanaí ar an oideachas i dteannta tacaíocht dóibh siúd ar dócha go mbeadh cabhair bhreise de dhíth orthu chun an cumas foghlama atá iontu a baint amach.

Ba iad na príomhcheisteanna a ardaíodh:


Na nithe ar gá do leanaí agus daoine óga iad a fhoghlaim agus iad a bheith ar eolas acu

Cineál na scolaíochta / an teagaisc agus an tslí go bhfreagraíonn siad do shainriachtanais gach linbh ar leith

Idirghabháil chun cuidiú leis na daoine óga sin a bhfuil deacrachtaí acu

Acmhainní don fhoghlaim ar scoil

Daoine óga a éiríonn as scoil go luath

Luathfhoghlaimeoirí

An leanbh mar chomhpháirtí sa phróiseas teagaisc/foghlama.
Leagadh béim ar nithe suaithinseacha san ábhar. Maidir le foghlaim scoile agus curaclaim, ba ar scileanna a bhain le caidreamh agus forbairt phearsanta agus shóisialta a díríodh ar fad geall leis - ba bheag a dúradh faoi aon réimse den fhoghlaim ‘acadúil’ seachas ‘béim acadúil’ an oideachais a cheistiú.
Bhí tacaíocht agus an idirghabháil a bhí á lorg dírithe go príomha ar dheacrachtaí a bhaineann le raon freagrachta an tsíceolaí seachas ar sheirbhísí feabhais. Leagadh béim mhór ar thaithí na scolaíochta agus ar bhealaí ar gá do na scoileanna freagairt do riachtanais daoine óga, dá gcultúir agus go háirithe d’éagsúlacht a gcumas.
Na nithe ar gá do leanaí agus daoine óga iad a fhoghlaim agus iad a bheith ar eolas acu


Gach dream a nocht tuairimí faoi riachtanais foghlama leanaí, chuir siad tuairimí ar aghaidh faoi na réimsí oiliúna agus eolais ar gá do dhaoine óga máistreacht a fháil orthu. Patrún machnaimh suimiúil is ea é seo, mar a dúradh cheana.
Scileanna saoil

Ba ar a riachtanaí ’s atá sé go bhfoghlaimeodh leanaí agus daoine óga scileanna saoil, muinín agus féinurraim a leagadh an bhéim ba mhó trí chláracha forbartha pearsanta agus sóisialta agus cláracha oideachais sláinte. Leagadh béim mhór ar ról tábhachtach chlár Oideachais Shóisialta Phearsanta agus Sláinte (SPHE) na scoileanna, an chláir Oideachais Chaidrimh agus Gnéis (RSE) agus an chláir Oideachais Chathróireachta, Shóisialta agus Phearsanta (CSPE).


Ardaítear an gá atá le scileanna a thabhairt do dhaoine óga i machnamh córasach, turgnamh agus comhoibriú. Sa sliocht seo a leanas, moltar béim a chur ar fhorbairt phearsanta agus shóisialta daoine óga trí ghníomhaíochtaí óige agus spóirt.
Béim níos mó a chur ar chláracha forbairt phearsanta agus shóisialta do dhaoine óga mar aon le breis aitheantais agus maoiniú dá réir a thabhairt do chlubanna óige, spóirt agus caitheamh aimsire.
Dúradh nár mhór do leanaí foghlaim conas rialacha a dheanamh dóibh féin, freagracht phearsanta a ghlacadh agus foghlaim cad iad na teorainneacha agus na srianta atá leis an méid is féidir leo a bheith acu.
Ba mhinic a luadh cláracha coisceacha maidir le drugaí, alcól, agus caitheamh tobac i dteannta an ghá atá ann go dtosnóidh daoine óga ar an dea-thuismitheoireacht agus cothú shaol an bhaile a fhoghlaim agus iad fós ar scoil.
Cé gur díríodh sa chuid ba mhó de na haighneachtaí a bhain le scileanna saoil ar chláracha a thabharfadh múinteoirí nó daoine fásta eile, iarradh i roinnt bheag díobh go gcuirfí cláracha oideachais lucht comhchéime (.i. á dtabhairt ag na leanaí féin) ar fáil. I gceann díobh sin, déantar achainí shuimiúil le haghaidh cláracha idirghabhála lucht comhchéime chun scileanna i réiteach aighneas a thabhairt do na leanaí. Achainí neamhghnách eile ab ea go gcuirfí ranganna tiomána ar fáil sna scoileanna chun an spraoithiomáint a mhaolú.
Ábhar iontais, b’fhéidir, is ea nach ndearnadh tagairt fhollasach ach in aon aighneacht amháin do mhúineadh creidimh, luachanna creidimh agus an gá atá le sainmheon creidimh a bheith i scoileanna. Theastaigh ó lucht na haighneachta sin go mbeadh cur chuige nár bhain le saineaglais in úsáid sna scoileanna, agus luachanna Críostúla á gcur chun cinn, agus go gcuirfí leanaí ar an eolas faoi chreidimh eile ar domhan.
Rochtain ar na hEalaíona

Tagraíodh i líon ard aighneachtaí do riachtanais leanaí maidir le saor-rochtain ar na healaíona, ar cheol, ar dhrámaíocht, ar litríocht agus ar dheiseanna chun foghlaim faoin obair na meán agus faoin gcraolachán.




Bhíothas buartha faoi chaighdeán na rochtana ag daoine nach bhfuil sé d’acmhainn acu na seansanna sin a thabhairt do leanaí agus freisin ag daoine atá ina gcónaí in áiteanna in Éirinn a mbeadh rochtain ar na healaíona teoranta. Tá brí an ábhair buartha sin le feiscint sna ráitis seo a leanas:
Tagann cuid mhaith leanaí ar an saol in Éirinn in imthosca socheacnamaíocha atá faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid lena gcomhshaoránaigh. Bíonn an míbhuntáiste ann ar mhórán bealaí. Is iad na cinn is dofheicthe na cinn is fealltaí. Má ghlactar leis, le dearcadh leathan cultúir, gurb iad na healaíona bunfhoinse roinnt de na héachtaí ba mhó a rinne an duine go dtí seo, agus, má ghlactar leis, le dearcadh níos síceolaíche, gur i seilbh daoine a bhfuil sé d’acmhainn acu íoc atá na healaíona, tá ceist mhor ansin ó thaobh an cheartais shóisialta agus na bochtaineachta cultúir de.
... tá a gcultúr teoranta ag cúinsí eacnamaíochta agus ... go híorónta, is minic gurb é brú an mhargaidh a leagann amach a threo, agus ní mór don oideachas foirmeálta agus soláthar ealaíon as an gciste poiblí troid ina aghaidh sin, cé gur beag an acmhainn atá acu chun é sin a dhéanamh.
Agus tá dearcadh na tuaithe sa sliocht seo a leanas:
Leis an gcultúr drugaí agus alcóil atá i gcónaí ann agus atá ag dul in olcas, tá cobhsaíocht agus spreagadh dearfach de dhíth ar leanaí agus ar dhaoine óga ina gcuid ama shaoir .... Ba chóir go mbeadh soláthar níos fearr ann ó thaobh saoráidí le haghaidh na cruthaíochta de sna healaíona, sa drámaíocht agus sa cheol i mbailte agus sráidbhailte na tuaithe chomh maith leis na cathracha.
Cuimsitheacht

Leagadh béim i roinnt aighneachtaí ar an ngá atá le cláracha scoilbhunaithe lena n-oiltear daoine óga chun meas a bheith acu ar mhionlaigh agus ar chearta daoine eile. Tagraíodh don ghá atá le tuiscint don mhíchumas, oideachas faoi chearta an duine, oideachas chun daoine óga a ullmhú le haghaidh sochaí ilchultúir agus oideachas maidir lena bhfreagracht do dhaoine eile (agus dá maoin).


Luadh cur chuige frithchlaonaidh san oideachas mar chuid de thogra chun a chinntiú go mbeadh rochtain ag an lucht taistil agus mionlaigh eitneacha ar an gcóras oideachais lena n-úsáidtear cur chuige idirchultúir/frithchlaonaidh sa churaclam iomlán.
Minítear cur chuige frithchlaonaidh sa sliocht seo a leanas:
Murab ionann ’s cur chuige ilchultúir nó idirchultúir, tá saincheisteanna cultúir sa chur chuige frithchlaonaidh ach leathnaíonn sé amach go dtí cúrsaí aicme, teanga, creidimh, inscne, míchumais, srl. Aithnítear gach réimse den éagsúlacht agus léirítear meas orthu agus tugtar scileanna do leanaí chun cuidiú leo dul i ngleic leis an diúltacht.
Is é an meon atá laistiar de chur chuige frithchlaonaidh ná forbairt leanaí agus daoine fásta a chothú chun go ndéanfaidh siad machnamh criticiúil agus go mbeidh siad gníomhach chun pobal agus sochaí níos cásmhaire, níos cothroime agus níos éagsúla a chruthú dúinn go léir.
Saincheisteanna eile

Ardaíodh foghlaim agus teagasc na Gaeilge i roinnt bheag aighneachtaí agus teagasc scileanna teicneolaíochta faisnéise freisin.




Cineál na Scolaíochta / an Teagaisc agus an tSlí a Fhreagraíonn sí do Riachtanais Leanaí Aonair
Rinneadh léirmheas i roinnt aighneachtaí ar an scolaíocht agus cumas na scoileanna freagairt do riachtanais aonair daoine óga. Ábhar sainiúil a bhí ansin insa mhéid ’s gur ardaíodh ceisteanna faoi shainmheon na scolaíochta agus ‘curaclam folaigh’ an teagaisc agus na foghlama lena leagtar amach crut foghlama an linbh seachas ar ábhar an teagaisc agus na foghlama.
Rinneadh pointí sna haighneachtaí sin faoi chultúr na scolaíochta, modhana teagaisc, an tionchar a bhíonn ag córais mheasúnaithe bunaithe ar scrúdaithe ar dhaoine óga agus faoin teip a fheictear atá ann maidir le freastal ar riachtanais an linbh nach bhfuil chomh maith sin ó thaobh na hacadúlachta de. Is é an dúshlán atá roimh na scoileanna, a dúradh, ná an spás agus t-am a chur ar fáil do leanaí óga chun go bhfoghlaimeoidís ar bhealach machnamhach turgnamhach seachas ar bhealach atá dírithe ar tháirge scrúdaithe.
Léiríodh tuairimí faoi theip daoine óga ar scoil agus iarradh go scrúdófaí canathaobh nach comhlíontar riachtanais an-chuid leanaí ar scoil. Faoi mar a bhíonn go minic, bíonn claonadh ann tuairimí an té atá ag úsáid na seirbhíse a chur in iúl le mothúcháin láidre. Sa chás seo a leanas, cuireann máthair chailín síos le tocht ar a taithí siúd agus aithníonn na forbairtí a bheadh tar éis cuidiú léi:
Is é an fhíorchúis go bhfuilim ag scríobh ná go raibh ar an leanbh is sine agam strachailt an bealach go léir agus í ar scoil. Chreideas go mór gur theip an córas oideachais go hainnis uirthi. Ba bhreá liom athrú mór a fheiscint sa ghné acadúil den oideachas do leanaí ar nós na hiníne agamsa. Cuireann sé gliondar orm a fheiscint go bhfuil an Ard-Teist Fheidhmeach sa chuid is mó de na scoileanna anois. Go mí-ámharach, tháinig sé ró-dhéanach don iníon agamsa ... d’fhág sé m’iníonsa le féinmheas an-íseal. Faoi mar a shamhlófá, nuair atá duine i gcónaí ag bun an ranga gan aon locht a bheith orthu féin, is mór an buille é. Mar sin, ba mhaith liomsa athrú mór a fheiscint sa réimse seo.
Iarradh in aighneachtaí go ndéanfadh an t-oideachas forbairt uilíoch ar gach gné de shaol an duine óig, seachas a bheith ag díriú ar an ngné acadúil amháin agus dúradh gur ghá dá bharr sin díriú ar athrú raidiciúil a dhéanamh ar an gcuraclam agus ar an measúnú. Leagadh béim mhór anseo ar shaineacht gach foghlaimeora aonair, rud a léirítear sa sliocht seo a leanas:
... is é príomhbhéim an oideachais sna blianta atá romhainn ná luach a chur le buanna agus éirim gach linbh agus dá bharr sin foghlaimeoirí a chothú a bhfuil muinín acu astu féin agus a bhfuil meas orthu ina réimsí féin agus deireadh a chur go deo leis an teoiric gur chóir oideachas a chur ar gach leanbh sa tslí chéanna.

Idirghabhálacha chun Cuidiú leosan a bhfuil Deacrachtaí acu


Aithníodh sna haighneachtaí na deacrachtaí a bhíonn ag foireann scoileanna ar mian leo cuidiú le daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste mór. Tá gá le raon leathan idirghabhálacha chun tacú le daoine óga a bhfuil deacrachtaí acu leis an bhfoghlaim agus le timpeallacht na scoile, de réir na n-aighneachtaí. Bhain roinnt acu le deacrachtaí foghlama; bhí cinn eile ann chun tacú le daoine óga a mbaineann a gcuid deacrachtaí le hiompar, féinmheas íseal agus fadhbanna síceolaíocha nó síciatracha.
Moladh go ndéanfaí ceangal idir deacrachtaí foghlama, cumas scoileanna agus gníomhaireachtaí eile freastal ar riachtanais agus ar dheacrachtaí iompair sa sliocht seo a leanas:
Tá mic léinn ann ar deacair dóibh plé leis an scolaíocht agus a bhfuil tacaíocht bhreise uathu laistigh den scoil agus lasmuigh den scoil ... Braitheann na scoileanna féin deacair é a bheith ag plé leo agus, i gcásanna go leor, ní bhíonn na scileanna ná na hacmhainní acu chuige. Bíonn deacrachtaí iompair ag cuid mhaith daoine san aicme sin agus ní bhíonn an ráta freastail go maith acu, ní éiríonn go maith leo in aon chor go hacadúil agus bíonn fadhbanna sóisialta acu. Is mór an seans go dtitfidh siad amach as an gcóras go luath.
Comhairliú agus tacaíocht shíceolaíoch

Tugadh tosaíocht mhór sna haighneachtaí don ghá atá le tacaíocht shíceolaíoch do mhic léinn, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí. Ar na hidirghabhálacha eile a luadh bhí córais chun deacrachtaí foghlama a aimsiú go luath agus iad a scagadh, roghanna eile maidir le cláir foghlama agus sásraí measúnachta, ar éirigh leo dul i ngleic leis an míbhuntáiste sóisialta, a thabhairt isteach i lár an chórais.


Straitéisí faoi láthair

Rinneadh cáineadh éigin ar na straitéisí atá ann faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste sóisialta:


Tá gá le soiléire níos fearr agus díriú straitéiseach i roinnt mhaith de na tionscadail idirghabhála faoi láthair agus le measúnú córasúil thar thréimhse ar leibhéal rannpháirtíochta leanaí san oideachas agus ar an leibhéal a bhaineann siad amach. Is beag taighde atá déanta ar thoradh na dtionscadal sin ar thuismitheoirí agus ar an bpobal áitiúil. Táthar buartha leis nach ndéantar an taithí agus an saineolas a thagann as na tionscadail sin a threorú isteach i lár an chórais oideachais.
Leantar ar aghaidh san aighneacht sin:
Ba cheart díriú ar an leanbh mar bhunchuid den scéal. Níl an straitéis atá ann faoi láthair, lena n-aithnítear riachtanais agus lena ndéantar acmhainní a leithroinnt ar scoileanna roghnaithe i líon teoranta áiteanna sa tír, sásúil in aon chor agus ní bhíonn aon toradh uirthi. Ba chóir díriú le hidirghabhálacha ar chineál ilghnéitheach an mhíbhuntáiste oideachasúil agus freagairt chomhiomlánaithe do riachtanais na mac léinn atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh an oideachais de a chur chun cinn.
Tá dúshlán eile roimh chleachtas seo na n-acmhainní breise do scoileanna chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb an neamhfhreastail ar scoil. Dúradh nár leor an cur chuige sin agus go mb’fhéidir go mbeadh soláthróirí lasmuigh den scoil níos fearr chun an soláthar a threorú i dtreo leanaí nach dtéann ar scoil.
Léiríodh buairt faoi leanaí a chur ar fionraí agus iad a bhriseadh as an scoil. Iarradh san aighneacht seo a leanas go ndéanfaí an bhearna a dhúnadh idir a bheith ar scoil agus a bheith lasmuigh den scoil de dheasca fionraí nó brisidh:


Is é an toradh a bhíonn ar fhionraí leanúnach ar leanaí atá faoi mhíbhuntáiste cheana féin ná go n-éiríonn an dalta as an scoil go luath. Is é an toradh a bhíonn ar thréimhsí fionraí de dheasca drocharaíonachta sa rang ná go n-imíonn na leanaí ón scoil ar fad.
Ar theacht ar ais dóibh tar éis tréimhsí a chailliúint, tá na mic léinn ag tosnú arís ar an mbonn céanna gan aon sás a bheith ann chun cuidiú leo breith suas ar an gcuid eile den rang.
Riachtanais bhuíonta áirithe mac léinn

Ar na daoine a bhfuil tacaíocht bhreise uathu, tá máithreacha óga agus leanaí de chuid mionlach eitneach. Ba chóir go mbeadh cabhair bhreise ann don scoil a dhéanann iarracht soláthar a dhéanamh do leanaí faoi mhíbhuntáiste. Ar leibhéal níos straitéisí, i ndáil leis an gcóras scolaíochta, rinneadh an cás ar son díriú ar bhonn cothromaíochta a chur faoi obair na scoileanna trí phleanaíl scoile agus trí phróiseas Mheasúnú na Scoile Uile. Dúradh an méid seo a leanas:


Moltar go leathnófar téarmaí tagartha an phlean scoile (ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal) chun straitéis cothromaíochta/cuimsitheachta sóisialta a áireamh lena leagtar amach polasaí sonrach i ngach scoil maidir leis an míbhuntáiste sóisialta, cothromaíochta inscne, leanaí a bhfuil riachtanais ar leith acu, leanaí faoi mhíchumas agus leanaí de chuid mionlach eitneach (ar a n-áirítear an lucht taistil). Ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm an chreata sin ar cheann de na slata tomhais a scrúdaítear i bpróiseas Mheasúnú na Scoile Uile.
Moladh go mbeadh seirbhís oideachais don lucht taistil ann, le lorgchórais chun súil a choimeád ar dhul chun cinn na leanaí taistil sa chóras mar cheann de shraith de bhearta chun cothrom na Féinne a chinntiú do leanaí de chuid an lucht taistil.
Acmhainní don Fhoghlaim ar Scoil
Aithníodh an gá atá le feabhsuithe ar raon leathan acmhainní foirne don fhoghlaim agus don oideachas sna haighneachtaí. Don chuid ba mhó, ba acmhainní scoilbhunaithe iad sin, ach amháin maidir le síceolaithe, áit ar luadh an gá atá le síceolaithe sa scoil agus i measc an phobail.
Ba iad an fhoireann ghairmiúil ba mhó a luadh ná múinteoirí ranga, múinteoirí feabhais agus acmhainne, gairmthreoraithe agus síceolaithe. Leagadh béim ar an ngá atá ann gníomhú ar an measúnú síceolaíoch ‘toisc go n-ainmnítear na fadhbanna ach nach dtugtar aghaidh orthu’.
I roinnt bheag aighneachtaí iarradh go mbeadh oibrí sóisialta scoile ann do gach scoil. Luadh an gá atá le cúntóirí oilte don seomra ranga freisin.
Imeacht ón Scolaíocht go Luath
Chuideodh cuid mhaith de na hidirghabhálacha a luadh go dtí seo chun cosc a chur ar dhaoine óga imeacht ón scolaíocht go luath.
Rinneadh plé teoranta éigin ar chás na ndaoine óga sin atá tar éis imeacht. Moladh go mbeadh na daoine sin fós mar fhreagracht ar an gcóras oideachais go dtí go mbeadh cáilíocht nó scil faighte acu. Dúradh gur chóir go mbeadh an chonair i dtreo cáilíochtaí níos solúbtha agus gur ghá rochtain níos fearr a bheith ag daoine ar ábhair níos praiticiúla agus ar phrintíseachtaí.


Luadh sa sliocht seo a leanas go raibh gá le gné oideachasúil - go háirithe cláracha sa litearthacht agus san uimhríocht - i dtimpeallacht na saotharlainne oiliúna pobail:
Tá cuid mhaith de na daoine óga a théann isteach i gcláir CTW tar éis imeacht ón scoil gan an Timthriall Sóisearach a chríochnú. Ní bhíonn an léamh go maith acu, ná na cumais scríbhneoireachta agus uimhríochta. Toisc gur ar oiliúint a dhíríonn na CTW, ní thugtar aon aghaidh ar cheist seo na gannlitearthachta ná na gannuimhríochta. Fagann sé sin, tar éis dóibh idir aon bhliain amháin agus trí bliana a chaitheamh sna hionaid sin, nach mbíonn siad ábalta dul i ngleic le suíomhanna oibre a mbíonn scileanna feidhmiúla litearthachta ag teastáil dóibh.
Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin