Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates


Cineálacha eile tacaíocht tuismitheoireachta



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə16/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17

Cineálacha eile tacaíocht tuismitheoireachta

Luadh i measc an réimse cur chuige thacaíocht tuismitheoireachta (chomh maith le cláir fhoirmiúla) grúpaí máthar agus leanaí, eolas ar fhorbhairt pháistí a bheith curtha ar fáil ag scoileanna, ábhar físe, ábhair ghnéasoideachais do thuismitheoirí, cuairteanna níos minice ar mháithreacha nua ó altraí sláinte phoiblí agus cuairteanna rialta i rith na mblianta réamhscolaíochta.


Chonacthas gurbh í an scéim phobail do mháithreacha an dóigh ab éifeactaí le tacú le tuismitheoirí (amharc an chéad roinn eile).
Luadh ról aithreacha i líon an-bheag aighneachtaí. Moladh go raibh gá le níos mó taighde ar an ról sin, mar aon le níos mó spreagtha d'aithreacha páirt a bheith acu i dtuismitheoireacht trí fheabhas a chur ar an scéal maidir le saoire aithreachais.
Déanann aighneacht amháin an argóínt go gcaithfear tacaíocht a sholáthar don phósadh. Áiríodh sa tacaíocht sin dreasachtaí airgeadais do lánúineacha pósta anuas orthu siúd atá ar fáil do dhaoine aonair nó grúpaí agus dreasachtaí sa chás go mbeadh tuismitheoir amháin ag fanacht sa bhaile le haire a thabhairt do pháistí, chomh maith le cleachtais oibre a bhíonn tuisceanach faoi chúrsaí teaghlaigh.
Tuismitheoirí mar pháirtnéirí ag soláthraithe seirbhísí

Luadh i gcuid mhaith aighneachtaí tacaíocht do rannpháirtíocht tuismitheoirí in oideachas agus i bhforbairt nascanna maithe idir an baile agus an scoil. Iarradh go mbeadh níos mó solúbthachta ag baint le scoileanna a chuirfeadh ar chumas tuismitheoirí aonair a bhíonn ag obair freastal ar chruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí.


Cuireann tuismitheoir amháin a imní in iúl sa tsliocht seo a leanas maidir leis an 'acmhainn a bhíonn caillte' i gcás fhoghlaim leanaí nuair nach dtarraingtear tuismitheoirí isteach i saol na scoile:
Bím fágtha amach as an gcuid seo de shaol mo linbh, rud a chuireann as dom. Tá labhartha agam le tuismitheoirí eile agus tá cuid mhór againn amuigh ansin ar mhaith linn páirt níos mó a ghlacadh i scoil ár leanaí agus ar mhaith linn go n-amharcfaí orainn mar acmhainn agus ní mar bhac ba chóir a choinneáil ar shiúl ón scoil. Tá léirithe ag an taighde gur cosúil go n-éireodh níos fearr le leanbh ar scoil dá mbeadh páirtíocht ag tuismitheoirí leis an scoil, agus nach é sin an cuspóir atá againn - go n-éireoidh go maith lenár bpáistí uilig ar scoil.
Maidir le sláinte leanaí, áirítear leis na saincheisteanna a pléadh:


  • An tábhacht atá le comhpháirtíocht ghíomhach a bheith ag tuismitheoirí agus seirbhísí á bpleanáil

  • An gá le tacaíocht do chothú cíche

  • An gá le tacaíocht do ról an tuismitheora maidir le scagadh agus monatóireacht

  • An moladh go ndáilfí foirmeacha thaifead sláinte ar thuismitheoirí nuair a thagann leanbh ar an saol agus go gcoinneodh na tuismitheoirí iad.


Tionscnaimh dhlithiúla

Ba chóir tús a chur, mar ábhar práinne, le feidhmiú mholtaí an Choimisiúin Athchóiriú Dlí maidir le tréimhse oideachais phoiblí faoi thuismitheoireacht gan phionós fisiciúil, agus é a bheith i gceist cosc iomlán dlí a chur air amach anseo.


Seirbhísí agus Saoráidí do Theaghlaigh Leochaileacha
Ní mór go mbeadh córais agus straitéisí a chuideodh le teaghlaigh leochaileacha nuálach, a bheith dlúth agus leanúnach. Caithfear díriú ar an teaghlach iomlán agus ar gach gné de leas na dteaghlach. Ní mór go mbeadh na seirbhísí tacaíochta ar fáil i rith an ama, agus ní hamháin le linn uaire oifige. Caithfidh teaghlaigh a bheith san áireamh agus pleanáil ar bun, ní mór go mbeadh béim níos mó ar thuismitheoirí ag déanamh cinneadh agus caithfidh go n-áireofaí na tuairimí s'acusan agus luacháil ar bun. Tá córais de dhíth a aithneoidh teaghlaigh atá faoi bhrú, ní mór go mbeadh tosaíocht ag straitéisí coisctheacha. Bhí siad sin i measc na bpríomhphointí ginearálta a rinneadh maidir le córais tacaíochta teaghlaigh le haghaidh teaghlach leochaileach.
Ionaid acmhainní teaghlaigh agus oibrithe tacaíochta

Chonacthas go mbeadh ionaid acmhainní teaghlaigh luachmhar i gcás theaghlaigh leochaileacha go háirithe. Tá sé sin nasctha leis an riachtanas maidir le hoibrithe thacaíocht teaghlaigh nó oibrithe thacaíocht bhaile. Seans go mbeadh tacaíocht a bheadh éasca le teacht air mar réamhriachtanas a chuirfeadh ar chumas roinnt daoine buntáiste a bhaint as seirbhísí eile. Cuirtear i láthair go grafach aitheantas ar leibhéal riachtanas a mbíonn ar roinnt teaghlach déileáil leis sa tsliocht seo a leanas:


Go bunúsach, ní thig le cuid mhór tuismitheoirí (tuismitheoirí aonair go háirithe) a bhfuil leanaí óga acu an lámh in uachtar a fháil ar a gcuid deacrachtaí. Is cuma cé mhéid comhchomhairle agus clár tuismitheoireachta a bhíonn ar fáil, ní chuideoidh a leithéid leo na soithí a ní, na páistí a chur chun na scoile, íoc as na billí, na héadaí a ní, an tsiopadóireacht a dhéanamh. Ní mór an líon oibrithe thacaíocht teaghlaigh a mhéadú go mór agus ba chóir go mbeadh tuismitheoirí atá faoi strus in ann tacaíocht ar bhonn laethúil a fháil de réir mar a bhíonn sé de dhíth orthu. Go minic, is é an scéal atá ann ná nach mbainfidh máithreacha atá faoi ghruaim tairbhe as comhchomhairle srl. go dtí go laghdaítear an brú a chuireann gnáthchúrsaí an tsaoil orthu ó lá go lá. Bíonn an scéal mar an gcéanna, ar ndóigh, ag páistí.
Clár pobail na máithreacha agus altraí pobail

I measc an réimse cláir thacaíochta a dhéanfadh difir, luadh go leanúnach scéim phobail na máithreacha mar rud a bhfuil fiúntas ar leith ag baint léi do mháithreacha nua, máithreacha singil, máithreacha agus teaghlaigh atá faoi bhrú agus moltar go leathnófaí an scéim. Feictear go ndíríonn an scéim ar thuismitheoirí a chumasú. Mothaítear go bhfuil an tacaíocht a thugann an altra phobail / an altra sláinte phoiblí iontach luachmhar agus is gá sin a mhéadú.


Cláir thuismitheoireachta spriocdhírithe

Moladh cúrsaí tuismitheoireachta a riarfadh ar riachtanais áirithe grúpaí leochaileacha. Ba chóir go soláthrófaí iad ar bhonn a bheith ag sroichint amach. Ba cheart go dtabharfaidís aghaidh ar thuiscint a thabhairt do thuismitheoirí ar na spriocanna tábhachtacha i bhforbairt leanaí.


Eolas

Bheadh seirbhísí eolais a mbeadh go leor acmhainní acu mar ghné eile seirbhíse a riarfadh ar riachtanais. Léirítear sa tsliocht seo a leanas tábhacht ghrúpaí féinchabhracha mar chineál tacaíochta:


Tá a bheith gearrtha amach go sóisialta ar cheann de na príomhdheacrachtaí a bhíonn ag tuismitheoirí nach bhfuil pósta. Tá fás suntasach i bhforbairt seirbhísí tacaíochta féinchabhracha do thuismitheoirí aonair agus ní féidir an iomarca tábhachta a chur le fiúntas grúpaí tacaíochta. Tá siad ar cheann de na hacmhainní is mó do thuismitheoirí singil i dtéarmaí tacaíochta i gcúrsaí mothúchán, tacaíochta praiticiúla agus mar acmhainn eolais a ionchumhachtaíonn iad. Tá an t-ionchur a bhíonn ag tomhaltóirí lena bhforbairt tábhachtach le go n-éireodh leo.
Díríodh aird ar láithreán líonra trínar féidir le tuismitheoirí aonair tacaíocht a soláthar dá chéile.
Tuismitheoirí scartha agus colscartha
D'aithin na haighneachtaí go bhfuil riachtanais áirithe ag tuismitheoirí atá ag scaradh, atá scartha / colscartha. Luaítear i measc na gcineálacha idirghabhála atá ag teastáil comhchomhairle a bheith ar fáil, traenáil i scileanna tuismitheoireachta do na himthosca a bhaineann leosan agus traenáil i scileanna caidrimh. Tá gá le heolas faoi hidirghabháil, mar aon le fáil a bheith ar sheirbhísí idirghabhála ar fud na tíre. Luadh clár áirithe amháin in aighneacht, Clár do Theaghlaigh atá ag Aistriú, a bunaíodh in Kentucky mar chlár fiúntach a bhfuil fócas ar leith ann ar leas leanaí.
Phléigh na haighneachtaí ceist tithíochta do theaghlaigh scartha agus na dúshláin a thagann chun cinn ós rud é go bhfuil an cineál tithíochta de dhíth ar an dá thuismitheoir a ligfidh do na páistí fanacht acu. Nasctha leis sin tá an riachtanas ar ghréasán saoráidí pobail inar féidir le idir thuismitheoirí agus seanthuismitheoirí bualadh le leanaí i dtimpeallacht shlán nach bhfuil costasach, timpeallacht a chuireann leanaí ar a suaimhneas.
Moladh gur chóir teanga úr maidir le cúrsaí dlí a oireann níos mó do pháistí a chur chun cinn. Bheadh téarmaí cosúil le 'teagmháil' agus 'cónaí' in áit 'rochtain' agus 'coimeád'.
Tacaíocht do Dhul ar Obair, Traenáil nó Oideachas

Luadh i go leor aighneachtaí an tábhacht a bhaineann le deiseanna a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ar an imeall chun go bhféadfadh siad dul ar obair, traenáil nó breisoideachas a fháil. Ní nach ionadh, feictear díláthair cúram leanaí inacmhainne mar ceann de na bacanna is mó sa chás seo.



Tacaíocht Ioncaim
Díríodh cuid mhaith dá ndúradh faoi thacaíocht ardaithe ioncaim do leanaí ar gach páiste. Téama láidir ab ea, áfach, an gá ar leith atá le haghaidh a thabhairt ar bhochtaine leanaí. Cé gur féidir aghaidh a thabhairt air seo ar go leor bealaí, feictear tacaíocht ioncaim bhunúsach mar ghné thábhactach amháin de straitéis fhrithbhochtaine. Léiríonn an tsliocht seo a leanas sin:
Ceann de na mórdhúshláin atá ag cuid mhór páistí, iad siúd atá ina mbaill de theaghlaigh a bhfuil ioncam íseal acu go háirithe, deiseanna a bheith acu a gcumas a bhaint amach. Bíonn teaghlaigh a bhfuil ioncam íseal acu ag streachailt go laethúil le riachtanais a sholáthar dá leanaí - bia folláin, éadaí, bróga, acmhainní oideachasúla, cúram sláinte, agus iad ag iarraidh é sin uilig a chur ar fáil i gcomhthéacs riachtanais na dtuismitheoirí.
Chomh maith le héilimh ghinearálta faoi shochar leanaí a mhéadú, bhí moladh faoi straitéis 10 mbliana a thabharfadh aghaidh ar bhochtaine leanaí:


  • Ioncam íosta ilchodach £30-40 in aghaidh na seachtaine faoi choinne leanaí a bhfuil riachtanais ar leith acu, ag brath ar aois

  • Sochar leanaí £25 in aghaidh na seachtaine do gach páiste

  • Forlíonadh cúram leanaí £32.50 in aghaidh na míosa trí shochar leanaí.



Tacaíochtaí do Theaghlaigh a bhfuil Leanaí atá faoi Mhíchumais agus Leanaí atá Tinn Iontu
Tá na ceisteanna a bhíonn ag teaghlaigh a bhfuil leanaí iontu atá faoi mhíchumais agus leanaí atá tinn cosúil leis na ceisteanna a bhíonn ag teaghlaigh eile a bhfuil riachtanais ar leith acu. Clúdaíonn siad tacaíocht tuismitheoireachta, seirbhísí, eolas agus tacaíocht ioncaim.
Tá an téama faoi eolas faoin méid a bhfuil daoine ina theidil curtha ar aghaidh go láidir maidir le teaghlaigh a bhfuil leanaí atá faoi mhíchumais iontu. Deirtear go bhfuil eolas ar theidil 'measctha agus deacair a theacht air'. Baineann rogha a bheith ann le heolas a bheith ar fáil a deirtear.
Áirítear ar riachtanais thacaíocht tuismitheoireachta a aithníodh traenáil ar eolas maidir le míchumais do thuismitheoirí, tacaíocht nuair a aithnítear míchumas linbh agus comhordú maidir leis an dóigh a gcaitear le teaghlaigh. Fearacht grúpaí eile, feictear go bhfuil grúpaí cómhalartacha an-ch

uiditheach.


Áirítear ar an réimse ionchuir seirbhísí atá luaite sealchúram, tacaíocht bhaile don tuismitheoir agus don leanbh réamhscoile atá faoi mhíchumais, teiripe theaghlaigh, fisiteiripe phéidiatrach le tacú leis an dá thuismitheoir agus soláthraithe eile seirbhísí agus oibrí sóisialta a bheith ar fáil a bhfuil sé mar thasc air ceangal a dhéanamh idir an teaghlach, an bord sláinte agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Ní raibh éileamh ar thacaíocht d'fhorbairt ionad náisiúnta do theaghlaigh a bhfuil leanaí iontu atá faoi mhíchumais neamhchoitianta, ionaid a bheadh cosúil le múnlú an FRAMBU sa Chríoch Lochlann.
Tá cur síos déanta cheana féin thuas ar an ábhar a bhaineann le riachtanais leanaí atá tinn. Rinneadh cúpla pointe sa bhreis faoi riachtanais teaghlach ar leith. Áirítear orthu sin an gá atá le saoráidí do thuismitheoirí chun fanacht i mbardaí in éineacht lena bpáistí, an gá atá le tacaíocht altrach for-rochtana, oibrithe sóisialta onceolaíoch a thabharfadh cuidiú do theaghlaigh a bhfuil páistí a bhfuil ailse orthu iontu agus tacaíocht do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí féinchabhracha.
Sonraíodh arís an gá atá le páirt a bheith ag teaghlaigh agus cinneadh ar bith á dhéanamh maidir le polasaí seirbhísí. Chonacthas fáil a bheith ar thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise mar dheis chun déileáil leis an imní a bhíonn ar thuismitheoirí nach bhfaighidís gach eolas a bheadh uathu faoi bhail linbh.
Tacaíocht do phobail
Tá téama an phobail le sonrú i gcuid mhór den ábhar in aighneachtaí - béim ar sheachadadh áitiúil seirbhísí, ionaid acmhainní bunaithe go háitiúil, 'úinéireacht' an phobail ar sheirbhísí.

Saoráidí fisiciúla do phobail

I measc na riachtanas a sonraíodh bhí saoráidí pobail do chúram iarscoile, spórt, gníomhaíochtaí áineasa, saoráidí cúram leanaí agus súgartha. Feictear na saoráidí fisiciúla mar chatalaíoch riachtanach le leas a bhaint as iarrachtaí deonacha a thacóidh le daoine óga agus rinneadh an argóint gur chóir don státchiste maoiniú caipitil a chur ar fáil.


Moladh gur chóir d'údaráis áitiúla saoráidi pobail sainordaitheacha a éileamh i gcás gach scéim nua tithíochta. Luaitear ionaid phobail i gceantair thuaithe. Feictear saoráidí pobail mar dheis thábhachtach trínar féidir le daoine as gach glúin a theacht le chéile agus tairbhe a bhaint as an idirghníomhú.
Pleanáil bunaithe sa phobal

Léiríodh arís agus arís eile sna haighneachtaí an tábhacht a bhaineann le dul i gcomhairle le pobail maidir le riachtanais áitiúla. Nasctha leis an bpointe seo, tá an fiúntas a thagann as comhoibriú idir gníomhaireachtaí pobail, cinn reachtúla agus cinn dheonacha, mar bhealach le cur le scileanna áitiúla.


Pobail i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste

Léirigh aighneachtaí ó roinnt eagraíochtaí óige an ról a bhíonn acu maidir le ceannairí pobail a fhorbairt agus a chur chun tosaigh agus rinneadh an argóint gur chóir tacú leis an ról sin i gcás eagraíochtaí atá ag feidhmiú i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.


Cuireann an tsliocht seo a leanas síos ar an mbealach ar oibrigh cur chuige straitéiseach i bpobal bocht sna Stáit Aontaithe. Cuireann an scríbhneoir síos ar an méid a baineadh amach i dTionscnamh Forbartha Comharsanachta Athrú Teaghlaigh:
Infheistíocht lárnach deich mbliana a cruthaíodh lena léiriú gur féidir pobail a bhfuil deacrachtaí móra acu a athchruthú mar áiteanna ina dtógtar teaghlaigh agus ina n-éiríonn thar barr le páistí:
Is é an tátal ar shroich siad nach n-athraítear todhchaí breis teaghlach agus leanaí, a mbíonn easnamh sóisialta ag dul i bhfeidhm orthu, ag tionscnaimh bheaga nó ag cinn chúnga. Bíonn coimitmint dian leathan chuimsitheach, nach ndearnadh a leithéid cheana de dhíth ó réimse daoine, feidhmeannaigh stáit agus áitiúla, áitritheoirí agus ceannairí comharsanachta, infheistitheoirí agus fostaitheoirí, agus ceannairí sa phobal áitiúil daonnachtúil agus neamhbhrabúsach san áireamh.

7.3 Tacaíocht ghairmiúil agus fhoirne

Cuirtear béim ar an tábhacht a bhaineann le traenáil agus forbairt foirne gairmiúla agus foireann seirbhísí sa chaoi is go mbeidh torthaí maithe ag leanaí ós rud é go bhfuil an oiread sin ábhair sna haighneachtaí faoi shaincheisteanna traenáil / forbairt foirne. Tógadh saincheisteanna faoin ábhar seo i mbeagnach 30% de na haighneachtaí. Tuigtear sin go pointe áirithe mar b'eagraíochtaí agus daoine gairmiúla príomhfhoinse na n-aighneachtaí. Is iad na nithe seo a leanas fócas an ábhair ar shaincheisteanna gairmiúla:




  • Earcú foirne

  • Cáilíochtaí

Baineann an t-ábhar go príomha le foirne cúram sláinte, múinteoirí, oibrithe cúram leanaí, oibrithe óige agus líon beag grúpaí daoine gairmiúla ainmnithe.


Traenáil agus Forbairt
Thug na haighneachtaí aghaidh ar

shaincheisteanna maidir le traenáil ghinearálta agus na riachtanais shonracha traenála atá ag roinnt grúpaí foirne.


Riachtanais traenála agus fhorbartha ginearálta

Seo iad a leanas na príomhréimsí traenála agus forbartha atá sonraithe mar réimsí riachtanacha ina gcás sin a bhíonn ag obair le leanaí:




  • Traenáil a chuirfidh ar chumas foirne díriú níos mó ar an chliant

  • An tslí le labhairt agus éisteacht le leanaí a fhoghlaim

  • Leathanaigeantachas maidir le foghlaim ar feadh an tsaoil, comhphleanáil agus fealsúnacht ghníomh-taighde

  • Coimitmint do phrionsabail Choibhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Leanaí agus oideachas faoin gCoinbhinsiún

  • Tiomanta do leas an linbh

  • Tacaíocht d'fhorbairt níos mó daoine gairmiúla a oibríonn trí mheán na Gaeilge

  • Páirt ag daoine óga féin i dtraenáil chun freastal ar a riachtanais

  • Traenáil i gcumarsáid agus athrú meoin

Is é seo a leanas an tsaincheist atá á tógáil sa phointe deireanach sin:


Tá traenáil i leith cumarsáide agus athrú meoin de dhíth ar dhaoine gairmiúla agus ar ghníomhaireachtaí ionas gur féidir leo a thabhairt le fios do theaghlaigh a bhfuil deacrachtaí acu nach bhfuil siad i mbun breithiúnais orthu. Ba chóir go n-áireofaí sa traenáil sin modhanna fhorbairt phobail a thabharfadh deis do thuismitheoirí agus leanaí plé a dhéanamh ar a gcuid fadhbanna, a bheith rannpháirteach agus teacht ar réiteach.
Riachtanais traenála ar leith
Sonraíodh roinnt riachtanais traenála ar leith:


  • Traenáil chun na 'Treoracha do Thosaíocht do Chosaint agus Leas Leanaí' a fheidhmiú

  • Aonaid maidir le cur chun cinn sláinte i ngach cúrsa traenála / oideachais d'fhoirne ag obair le leanaí

  • Traenáil faoin tábhacht a bhaineann le súgradh

  • Traenáil faoi leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu agus úsáid teanga cuí maidir le míchumas

  • Traenáil maidir le cleachtas mothálach ó thaobh cúrsaí cultúrtha de agus saincheisteanna teifeach

Áirítear sna réimsí breise traenála atá luaite i leith foirne leighis agus altraí traenáil ar an ngá atá le hiontaofacht agus meas ar phríobháideachas ógánach, traenáil ar chomhchomhairle do chomaltaí foirne a bhíonn ag déanamh fáithmheasa agus forbairt ar scileanna a bhaineann le tuismitheoirí a thabhairt san áireamh.


Maidir le múinteoirí, baineann na réimsí breise traenála agus forbartha a bhí luaite le:


  • Scileanna le cláir a chur i bhfeidhm do leanaí a bhfuil cumais éagsúla agus buanna neamhacadúla acu

  • Traenáil ar thacú le forbairt thochtach

  • Traenáil maidir le diosfraicse a aithint

  • Eolas / traenáil maidir le plúchadh

  • Aonaid a bhaineann le cearta leanaí agus a stádas i gcúrsaí oideachais

  • Traenáil i leith fheidhmiú sásraí a bhaineann le rannpháirtíocht

  • Tacaíocht do pholasaithe ináireachais

  • Tacaíocht le hathrú curraclaim a fheidhmiú

Bhí cuid mhór éileamh sna haighneachtaí ar thraenáil ar ardcháilíocht do cheannairí grúpaí súgartha, cúntóirí grúpaí súgartha agus oibrithe cúram leanaí. Ba chóir gur thraenáil ar ardcháilíocht a bhfuil cáilíochtaí aitheanta mar thoradh uirthi an traenáil sin agus go mbeadh sí saor in aisce agus bunaithe go háitiúil. Moladh fosta gur chóir go mbeadh gréasán oibrithe forbartha nó oibrithe comhairleacha i ngach contae le tacú le soláthraithe. Léiríonn an sliocht seo a leanas an méid atá i gceist:


...tá sé iontach tábhachtach go dtugtar aghaidh anois ar shaincheist cháiliochta trí chláir sholúbtha thraenála do chomhalta foirne grúpaí súgartha a sholáthar. Ní raibh ach tagairt bheag don ghá atá le traenáil agus cáilíochtaí sna Rialacháin um Sheirbhísí Réamhscoile agus is ábhar é seo a gcaithfear aghaidh a thabhairt air amach anseo. Thabharfadh sé fosta aitheantas cuí don líon mór ban a bhfuil taithí ábharthach acu ina bpobail féin.
Bhí moladh sonrach ann faoi chlár píolóta fostaíochta dhá bhliain, a mbeadh printíseacht dhá bhliain mar chuid de, a bheadh dírithe ar chúram leanaí. Rinneadh an argóint in aighneacht eile go dtiocfadh le hIonaid Chomhpobail Chúram Leanaí a bheith mar áiteanna traenála do dhaoine a bheidh mar oibrithe gairmiúla cúram leanaí sa todhchaí, i gcomhairle le FÁS.
I measc na réimsí eile ainmnithe sna haighneachtaí tá traenáil do Ghardaí agus iad ag plé le foréigean baile, traenáil agus tacaíocht d'oibrithe óige agus traenáil do bhreithiúna a bhíonn ag plé le cásanna mí-úsáid ghnéis ar pháistí.
Earcú Foirne
Leibhéil Earcú Foirne

Chuir roinnt ghrúpaí in iúl go raibh ganntanas earcú foirne i ngairmeacha áirithe. Is cosúil gurb éileamh coitianta é sin i gcuid mhór seirbhísí. Feictear san aighneacht seo a leanas go bhfuil éifeacht mhór ag an tionchar a bhíonn ag na bearnaí sin ar pháistí a mbíonn riachtanais ar leith acu:


Ceann de na bundeacrachtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí do leanaí agus daoine óga, dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí acu go háirithe, ganntanas mór millteanach foirne a bhfuil an traenáil chuí orthu Tá bearnaí maidir cuid de na páistí is leochailí agus leanaí a bhfuil na riachtanais is mó ag baint leo sa tsochaí taobh istigh de gach seirbhís - síceolaíocht chliniciúil, teiripithe urlabhra agus teanga, oibrithe cúram leanaí, teiripithe saothair, altracht shíciatrach do pháistí agus d'ógánaigh.
Lean an aighneacht ar aghaidh le himní ag cur imní in iúl maidir le tionchar moilleanna agus bearnaí ó thaobh tacaíochta teiripí de:
Mothaím gur fadhb thromchúiseach í seo mar is éard a tharlaíonn ná go bhfuil an baol ann go dtiocfadh an 'lipéad' ar pháistí 'nach féidir iad a chur i gcúram' nuair is é an scéal go fírinneach ná nach bhfaigheann siad an t-ionchur cuí nuair a bhíonn sé de dhíth orthu. Cuirtear an locht ar an pháiste in áit díriú ar an easpa tacaíochta agus soláthar ionchuir a bhíonn de dhíth le cuidiú leis an leanbh sin agus leis an teaghlach.
Tacaíocht fhoirne

Rinneadh líon beag pointí ginearálta maidir le leas comhaltaí foirne. Ina measc siúd bhí an gá atá le deimhniú agus spreagadh do chomhaltaí, agus an riachtanas go bhfreagródh leibhéil tuarastal agus struchtúr don luach agus don tábhacht a bhíonn ag na rólanna a bhíonn ag grúpaí áirithe. Rinne an aighneacht seo a leanas an pointe go láidir i leith comhaltaí foirne a bhíonn ag obair le páistí a mbíonn fadhbanna mothúchán acu:


I gcás seirbhísí atá measartha nua, bíonn díograis go fóill agus níl comhaltaí foirne dubh dóite ag easpa maoirseachta, easpa traenála, nó ag an ganntanas deiseanna do dhul chun cinn (mar shampla, ganntanas deiseanna forbartha gairme le haghaidh oibrithe cúram leanaí). Ar an drochuair, i gcás na seirbhísí sin a bhfuil na fadhbanna sin ag baint leo agus a bhfuil an chosúlacht ar an scéal go bhfuil comhaltaí foirne faoi bhrú obair a thabhairt chun críche bíonn sé doiligh bac a chur ar chomhaltaí foirne ag éirí dubh dóite, an éifeachtacht a bheith laghdaithe, fadhbanna meabhairshláinte a theacht chun cinn agus daoine ag éirí as an tseirbhís. Éilíonn an cineál sin oibre le páistí a bhfuil suaitheadh mothúchánach ag baint leo go mbíonn an t-am ag comhaltaí foirne smaoineamh a bhfreagairt i leith na bpáistí sin agus in amannta a n-iomchuibheas mothúchán féin le saol na leanaí seo - ach cuireann an brú a bhíonn ar chomhaltaí foirne i rith an ama isteach ar an phróiseas sin.

Cáilíochtaí
Tugadh roinnt ceisteanna maidir le cáilíochtaí a bhaineann go háirithe le gairmeacha ar leith chun cinn. Pléadh an cháilíocht ghairmiúil faoi choinne altraí péidiatracha, éilíodh go gcuirfí ar bun athuair clár traenála péidiatraice trí bliana; lorgaíodh go n-áireofaí disciplín altracht leanaí tinne i gclár céime ceithre bliana.
Bhí cuid mhór scríofa faoin ghá atá le cur chuige caighdeánach i leith cáilíochta agus deimhnithe sa réimse a bhaineann le cúram leanaí agus bhí roinnt moltaí ann lena n-áirítear an riachtanas a bhaineann le caighdeánú a dhéanamh ar thraenáil go leibhéal dioplóma agus céime agus do chóras creidiúnaithe le haghaidh foghlama atá déanta cheana féin.

Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin