Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə9/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   5   6   7   8   9   10   11   12   ...   17

Réamhrá

Cuireann an chaibidil seo leis na príomhthéamaí a tháinig chun cinn sna haighneachtaí a cuireadh le chéile mar fhreagra ar an gceist:


Cad iad na deiseanna agus na dúshláin atá amach roimh leanaí agus dhaoine óga sna deich mbliana atá le teacht?

Bhí an t-ábhar a cuireadh ar fáil an-úsáideach agus tugann sé sracfhéachaint shuimiúil dúinn ar an gcaoi a mbreathnaíonn réimse leathan grúpaí agus daoine indibhidiúla ar an tsochaí in Éirinn. Leag roinnt de na haighneachtaí béim mhór ar thaighde a bhí déanta cheana agus ar acmhainní eile, cé go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil tuairimí níos 'suibiachtúla' á roinnt sa chuid is mó acu. Rud atá thar a bheith suntasach faoin léiriú a tháinig chun cinn ná chomh fairsing is a bhí an réimse leathan peirspeicstíochtaí feadh continuum diúltach agus dearfach.


I gCuid 1 agus 2 den chaibidil seo leagfar amach na príomhdheiseanna agus na príomhdhúshláin a haithníodh. Tarraingeoidh Cuid 3 ar ábhar a bhí níos anailísí agus a thug sracfhéachaint ar an ngaolmhaireacht atá idir deiseanna agus dúshláin.

4.1 Na Deiseanna atá amach roimh Leanaí agus Dhaoine Óga sna 10 mbliana atá le teacht.


Tá na príomhdheiseanna do leanaí is do dhaoine óga a haithníodh sna haighneachtaí curtha i láthair anseo. Tá aird agus tráchtaireacht ar ‘na deich ndeis is fearr’ tugtha chun solais fresin ag baint leasa as sleachta nuair is cuí

Tábla 1.

Maorlathas i Réimsí Deiseanna


  1. Oideachas

  2. Rathúlacht Eacnamaíochta

  3. Fostaíocht

  4. Sláinte

  5. Teicneolaíocht an Eolais

  6. Taisteal

  7. Áineas

  8. Aitheantas do Chearta Leanaí

  9. Ag Éirí Aníos i Sochaí Illchultúrtha

  10. Cothú Níos Fearr

  11. Rochtain/Inghluaiseacht níos fearr do Leanaí agus do Dhaoine Óga atá faoi Mhíchumais.

  12. Leanaí agus Daoine Óga atá ina gcónaí i sochaí agus níos mó measa orthu.

  13. Níos mó cosanta in aghaidh Mí-Úsáide.

  14. Níos mó Saoirse Pearsanta agus Roghanna

  15. Fairsingeacht leabhar do Leanaí is do Dhaoine Óga.

  16. Cleachtais tógála linbh nach mbeadh chomh leatromach.

Tá aird agus tráchtaireacht maidir leis ‘na deich ndeis is fearr’ tugtha chun solais fresin ag baint leasa as sleachta nuair is cuí



Oideachas

Bhí i bhfad níos mó tagairtí do dheiseanna in oideachas ná d’aon réimse eile sa saol. Áirítear i measc na ngnéithe is minicí a tugadh chun solais :




  • Díriú níos mó ar oideachas réamhscolaíochta agus ar luathscolaíochta.

  • Forbairtí maidir le curricula ag na leibhéil bunoideachais agus iarbhunoideachais.

  • Teacht níos éasca ar oideachas ag gach leibhéal.

  • Tuilleadh solúbthachta maidir le hoideachas.

  • Daoine a chur ar an eolas faoin riachtanas atá ann réimse leathan deiseanna oideachais a chur ar fáil do leanaí i ngach aois a bhfuil cumais éagsúla acu.

  • Béim níos mó ar fhoghlaim solúbtha agus foghlaim fádtéarmach.

  • Feabhas i soláthar oideachais do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi mhíchumais.

Ar an ábhar faoi fheabhas i soláthar oideachais do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi mhíchumais, is sampla maith é an sliocht seo a bhaineann le deiseanna atá ar fáil dóibh siúd atá faoi mhíchumas amhairc.

Gearrtha amach agus gan a bheith gan gearrtha amach an deis agus an dúshlán is mó atá amach roimh leanaí dalla sa lá atá inniu ann. Tá teacht anois ar an bhfocal clóite de bharr teicneolaíochta nua trí mheáin leictreonach agus súlaithint. Le trealamh níos fearr agus cúnamh neamhtheagaisc tá páistí á dtabhairt isteach i saol acadúil i scolaíocht príomhshrutha . Tá feabhas ag teacht ar thuiscint shóisialta faoin duine dall. Tá an timpeallacht thógtha níos sábháilte do leanaí dalla le bheith ag gluaiseacht ann. Tá leanaí má bhíonn fonn orthu ina gcónaí lena muintir agus ní gá dóibh cónaí i "Scoil Speisialta".

Rathúlacht Eacnamaíochta

Tugadh aitheantas in go leor aighneachtaí gur chuir rathúlacht gheilleagar na hÉireann deiseanna ar fáil do leanaí is do dhaoine óga. Scríobh grúpa amháin:


Ní raibh an oiread deiseanna riamh ag an gcuid is mó de leanaí is daoine óga is atá anois, le linn tréimhse a bhfuil fostaíocht níos fairsinge, tréimhse an Tíogair Cheiltigh mar is fearr aithne air. Áirítear ar na deiseanna seo : Beagnach lánfhostaíocht, gairmeacha nua i dtionscail teicneolaíochta nua - aimseartha, deis dul ar ais chuig oideachas mar mhic léinn aosacha agus foghlaim saoil. Tugann an méadú maoine an seans do go leor daoine óga deiseanna ó thaobh áineasa a thapú mar thaisteal thar lear. Rud nach mbíodh glúnta rompu a dhéanamh ar chor ar bith.

Cuireadh béim freisin ar go gcuireann an rathúlacht atá ar an ngeilleagar faoi láthair deiseanna ar fáil chun deireadh a chur le bochtaine agus imeallachas mar a léiríonn an sliocht seo a leanas:


Tá an Stráitéis Náisiúnta Leanaí ag teacht ar an bhfód ag am a bhfuil go leor athruithe ag tarlú agus ag am a bhfuil go leor deiseanna ar fáil. Tá an geilleagar a bhfuil borradh faoi nach facthas a leithéid roimhe seo, ag cur acmhainní ar fáil chun tabhairt faoi fhadhbanna fadbhunaithe. Is féidir le polasaithe, a mb'uaillmhianta a bhí iontu roimhe seo, a chur ar an bhfód, go háirithe deireadh a chur le bochtaine leanaí. I dtimpeallacht a bhfuil neart deiseanna oideachais agus beagnach lánfhostaíocht is féidir le leanaí a bhfuil oideachas bainte amach acu a bheith ag súil go bhfaighidh siad fostaíocht in Éirinn agus is féidir leo aistriú a dhéánamh isteach i saol an duine fásta is iad neamhspléach go heacnamúil.

Cé go bhfuil faillí déanta ar ghrúpaí sách mór go maith le linn na rathúlachta seo, is féidir anois de bharr airgeadas poiblí teacht roimh an mbochtaine agus an imeallachas. Tá cistí ann anois chun déileáil le fadhbanna ar leith a bhíonn ag grúpaí. Grúpaí mar leanaí atá faoi mhíchumais, leanaí a imíonn ón scoil luath agus leanaí nach mbíonn faoi chúram sách fada.




Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   5   6   7   8   9   10   11   12   ...   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin