Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates


Meas ar leanaí agus ar dhaoine óga



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə4/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   17

Meas ar leanaí agus ar dhaoine óga


Ba í an tuairim ghinearálta i measc na rannpháirtithe nach raibh mórán measa ag daoine fásta in Éirinn ar leanaí ná ar dhaoine óga. Feictear dóibh go gcuirtear lipéad an ógánaigh orthu agus nach bhfuil mórán meas ag daoine fásta ar ógánaigh.
D’airigh roinnt daoine óga a bhfuil cónaí orthu i gceantair a bhfuil ‘droch-cháil’ orthu an easonóir go géar. Facthas dóibh go raibh míbhuntáiste mhór dóibh sa lipéadú – a thúisce is a chloiseann daoine fásta an áit ar as iad, ceaptar ar an bpoinnte gur joyriders iad na daoine óga agus go mbíonn baint acu le gach cineál iompair ar aimhleas an phobail.
Is cúis imní dóibh go gceapann na meáin chumarsáide, ina dtuairim féin, smál éigin a bheith ar a gceantar agus go mbíonn deacrachtaí dá bharr obair nó a bheith istigh i saoráidí áirithe a fháil
Thagair grúpa leanaí a raibh tuairim láidir acu mar gheall air don chaoi a gcaitear le leanaí i siopaí. Cuireann tuairimí cosúil leo ó leanaí aonair a deir ‘young people are not trusted in shops and are watched’ lena raibh ag déanamh buartha don ghrúpa sin.
Bhí cuid mhaith ábhair imní ag na leanaí agus na daoine óga:


  • Ní fhreastalaíonn leagan amach agus dearadh siopaí ar leanaí. Luadh go háirithe cuntair a bheith ró-ard ag leanaí beaga.




  • Déanann cúntóirí siopa neamhaird dóibh le daoine fásta a chur chun tosaigh orthu sa líne.




  • Tugtar an tsoinseáil chontráilte dóibh uaireanta – is é atá tugtha faoi deara acu nach dtugtar dóthain soineála dóibh uaireanta in aon turas agus ansin ní chreidtear iad. Bhí buachaill amháin a rinne cur síos ar an gcaoi ar sheas sé an fód go dtí gur ghéill an siopadóir sa deireadh agus gur thug sé an tsoinseáil cheart ar ais dó.

Rinne roinnt mhaith leanaí cur síos soiléir ar a leithéid sin agus léirigh roinnt eachtraí le pictiúirí.


Labhair leanbh eile faoi gan meas a bheith ag Gardaí air agus gan iad sásta éisteacht leis.
Roinnt sleachta:
Shopkeepers don’t be so nasty.

Danielle aois 9


[Ireland] would also be better if adults could be nicer to children.

Alison aois 9


Ireland would be better for grown ups to be less nasty to children.

Jamie aois 9


Not many people take kids seriously.

anon


Agus b’fhéidir gur féidir an t-eapa cumhachta a airíonn daoine óge le hais údarás daoine fásta a thuiscint ón tuairim seo:
Parents can punish you but you cannot punish them.

Meas ar leanaí agus ar dhaoine óga atá ag baint leas as seirbhísí


Le linn an tseisiún comhairle le daoine óga atá faoi chúram a d’eagraigh an Irish Association of Young People in Care, d’áitigh rannpháirtithe roinnt rudaí a bhaineann lena smaointe maidir le meas ar dhaoine óga. Roinnt sleachta ó na daoine óga féin an léiriú is fearr air sin:
Staff don’t ask the young person before they look through their personal belongings.
It’s not right , that if a young person wants to make a phone call, that a staff member makes the call and then passes the call over to the young person.
Staff always confront you with another staff member present - staff should confront you on a one to one basis.
Staff send notes to school, for example, on the residential home’s ‘headed paper.’ This is embarrassing and makes you different to the other children in the school.
All the children travelling around in a mini-bus, especially if there is a name or sign

(logo) painted on the side, can be very embarrassing.


Agus sliocht as aighneacht ó leanbh atá ag freastal ar scoil speisialta:
I am 12 ½ years old and I go to a special school and my mammy says I need a lot of care and attention. And I hope to see children listened to more and believed …and for social workers to listen to us and our families and not blame my mammy and care workers.
…and for people to believe me and listen to me, not for care workers or social workers to make up their own mind, and not listen to others about me…

Saoirse phearsanta agus freagracht

Tá ceangal idir an leibhéal saoirse atá ag duine socruithe a dhéanamh maidir lena saol féin agus an leibhéal freagrachta pearsanta atá orthu leis an mbail atá orthu.


Úsáid am saor, caitheamh airgid agus cúrsaí sláinte a bhí i gceist ag an gcuid is mó de na leanaí le saoirse agus freagracht. Bhí daltaí iarbhunscoile sásta go maith leis an tsaoirse a bhí acu maidir le úsáid am saor, roghnú éadaigh, srl. Bhí ceangal idir sin agus teacht ar airgead i gcás go leor. Facthas dóibh siúd a bhí ag obair go páirt-aimseartha go dtug sin roinnt neamhspeáchais dóibh.
Luadh saoirse le rogha a dhéanamh maidir le cúrsaí collaíochta chomh maith.  

Do leanaí níos óige, ba í ceist na sábháilteachta ba mhó a ghoill ar an leibhéal neamhspleáchais a bhí acu maidir leis an am saor. Labhair siad faoin srian a bhí orthu dul isteach don bhaile mór astu féin agus an faitíos a bhí ar a dtuismitheoirí go n-ionsófaí iad nó go bhfuadófaí iad. Bhí tuiscint ag leanaí tuaithe ar bhreis saoirse a bheith acu ach is mó srian atá orthusan freisin de réir a chéile. Spéisiúíl go leor, dúirt roinnt daltaí níos sine gur thaitnigh leo nach raibh oiread freagrachta orthu.


Bhí an tuiscint seo ar an riachtanas atá le cead a bheith acu bheith ina leanaí le sonrú freisin i gcás dhaoine óga atá faoi chúram. Ba léir go raibh go leor a ghlac páirt i seisiún comhairle an Irish Association of Young People in Care ag strachailt leis an srian a bhí lena gcuid saoirse de bharr a bheith faoi chúram, agus ag an am céanna iad ag aireachtáil go mb’ualach dóibh leibhéal na freagrachta a bhí orthu. Léiríonn na tuairimí seo a leanas ó dhaoine óga faoi chúram an cás:
An riachtanas atá le tacaíocht:
I have moved out of care and have started college. I’m really scared about being on my own…I was used to having a lot of people around all of the time and now I’m on my own.
You shouldn’t have to leave care at 18, it should be 19.
From aois 13, each evening the young person has to cook the dinner (in turn) for 4 young people and the childcare worker. This aois is too early to start preparing for leaving care/caring for yourself. Children in ordinary homes don’t have to cook meals for their family.
An fonn a bheith saor:

.

If you have a job and get paid, staff take your money off you, for safe keeping or for a holiday etc. This reduces the young person’s choices and level of responsibility….You should be able to control your own money.


I’m fed up having to get the social worker’s permission to do lots of things.

More money for your clothes and choices in them.


Not allowed posters on the walls.

Comhairle le leanaí agus daoine óga

Bhí go leor trácht ag daoine óga maidir le cúrsaí comhairle, páirt i ndéanamh cinnidh agus rannpháirtíocht. Cíoradh an t-ábhar i roinnt de na seisiúin comhairle a d’eagraigh eagraíochtaí.


Bhí roinnt daoine óga a chuir in iúl go raibh siad sásta gur iarr an Rialtas tuairimí leanaí agus daoine óga mar chuid den obair ar an Straitéis Náisiúnta do Leanaí.
Luaigh leanaí agus daoine óga trí réimse a gceapann siad gur cheart dul i gcomhairle leo agus cluas a thabhairt dóibh maidir leo:


  • Ceisteanna a ghoilleann orthu go díreach nó go pearsanta, sa bhaile nó ar scoil

  • Ceisteanna maidir le cúrsaí pobail áitiúla agus ceisteanna ginearálta maidir leis an scoil

  • Ceisteanna náisiúnta/polaitiúla

Luaigh daoine óga an cheist maidir le rannpháirtíocht i gcinnidh móra le linn an tseisiúin chomhairle a d’eagraigh an Catholic Youth Council. Ina gcoimre ar ar tharla, luaigh an CYC go raibh sé ar cheann de na téamaí ba choitianta ag daoine óga -‘the desire of young people for participation in decisions affecting them, their need to be given the opportunity to express themselves, and the guarantee that they will be listened to and their opinions respected.’


Le linn na ceardlainne a d’eagraigh an National Parents Council- bunscoil ar an téama ginearálta óige an lae inniu agus daonlathas sa bhaile agus ar scoil, chíor leanaí san aoisghrúpa 9-12 ceart na rannpháirtíochta i ndéanamh cinnidh. Ba é an toradh a bhí air de réir an áisitheora:
The children were told about Article 12 of the UN Convention on the Rights of the Child and asked their views on children’s participation in decision-making and for examples of things they would like to have a say in at home, in school and in their community. The children felt that they do not have a sufficient say at present and that they would like to be afforded more opportunities to participate in decision-making. In stating as much, they were confident that their input could be valuable, indeed invaluable. Again, the children tended to speak in general terms, but they did provide some concrete examples of what they would like to have a say in, namely: what they wear, what the class/school rules are, what subjects they do at school, where they go on their school trip and changes in their community that would impact on the natural environment.

Céard atá ag tarlú faoi láthair?

Faoi láthair níl mórán moladh ag daoine óga ar an gcaoi a n-iarrtar a dtuairim ná a n-éistítear leo, sa bhaile ná ar scoil, maidir leis an bpobal i gcoitinne ná maidir le ceisteanna sóisialta agus polaitiúla.


Luadh na rudaí seo a leanas le linn chomhairle an Aire sna scoileanna:


  • Éisteann tuismitheoirí uaireanta ach ní chuirtear na tuairimí san áireamh

  • Ba cheart do thuismitheoirí éisteacht ach uaireanta ní bhíonn an t-am acu mar bíonn siad ag obair

  • Ní dóigh linn go bhfuil aon aird orainn sa cheantar áitiúil

  • Ní thugtar aon aird orainn ar scoil

  • Ní éisteann polaiteoirí

  • Ní bhíonn aird i gcónaí ar chomhairle na scoile

  • Ba cheart do Chomhairle na dTuismitheoirí éisteacht – shocraigh siad nach bhféadfadh na daltaí treabhsar a chaitheamh cé go bhfuil comhairle na daltaí ag iarraidh treabhsar a chaitheamh

  • Ba cheart don Eaglais éisteacht

  • Ba cheart don Roinn Oideachais éisteacht le tuairimí dhaoine óga maidir leis an gcóras scrúdaithe…

Na nithe ar cheart dul i gcomhairle le leanaí agus daoine óga maidir leo:

Chuir leanaí agus daoine óga in iúl gur mhaith leo dá dtiocfaí i gcomhairle leo maidir le gach ní a ghoilleann ar a saol go díreach, ag baile, ar scoil agus sa phobal chomh maith leis an saol mór. Le linn seisiún comhairle an ISPCC, bhí daoine óga idir 14-18 ag iarraidh go dtiocfaí i gcomhairle leo maidir le éirí aníos, foréigean, ciníochas, curaclam na scoile, ól i measc daoine óga, úsáid drugaí agus cúrsaí iompair.


Mar a chéile, nuair a fiafraíodh de dhaoine óga sna scoileanna cé na hábhair ar mhaith leo go dtiocfaí i gcomhairle leo maidir leo, ainmníodh:


  • Curaclam na scoile idir an curaclam go ginearálta agus ábhair ar leith

  • Éide scoile

  • Deontais do scoileanna

  • Córas na bpointí

  • Reachtaíocht oibre a ghoilleann ar dhaoine óga

  • An timpeallacht

  • Saoráidí áitiúla

Tuairimí a d’eascair ó chomhairle an CYC:


The most pressing needs seem to be the need for involvement in their community and to have a say in what activities they can access and take part in and the need for information on issues that affect their lives, in particular factual information on drugs.

Áisitheoir, Grúpa Donaghmede, comhairle an CYC


…the most pressing item was the issue with schools - that they had no voice and were not allowed to set up a student council.

Áisitheoir, Grúpa Chluain Dolcáin, comhairle an CYC


Bhí roinnt daoine óga faoi chúram a mba mhór an ní dóibh ceist na comhairle. Ba é ba mhian leosan go mbeadh baint lárnach acu leis na cinnidh a ghoilleann ar an saol atá acu. Dúradh:
I think we should be allowed to go to our own review because we can only come in at the end.
I am 15 and I am not allowed to attend all of my ‘placement review meeting.’ I’m just brought in at the end to hear the decisions and be asked, ‘now, do you have anything to add?’

Modhanna Comhairle

D’ainmnigh daoine óga roinnt bealaí ina bhféadfaí an chomhairle a ghlacadh, mar shampla:




  • Comhairlí Scoile

  • Cruinnithe áitiúla

  • Suirbhéanna maidir le ceisteanna tábhachtacha

  • Teilifís

  • Cruinnithe a d’eagródh polaiteoirí agus comhairleoirí áitiúla

  • Comhairlí Pobail na nÓg

  • Ba cheart an aois vótála a ísliú

Ba é tuairim na ndaoine óga a ndeachaigh an Development Education Forum for Youth i gcomhairle leo go gcaithfeadh daoine óga cur ar a son féin. Ba cheart dóibh brú a chur, liostaí síniúcháin a bhailiú, ceardlanna a eagrú le daoine a bhfuil cumhacht acu agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile leis an teicneolaíocht nua. Caithfidh daoine óga a chruthú go bhfuil siad ciallmhar agus go bhfuil tuairimí láidre acu.



An bhfuil fiúntas le tuairimí leanaí agus daoine óga?

Ina gcoimre ar ar tuairiscíodh óna For a Réigiúnacha, bhí an méid seo le rá ag an ISPCC maidir le fiúntas thuairimí na ndaoine óga:


The children and young people who participated in the four ISPCC regional Forums have clearly highlighted the importance of consulting with children. The diversity in the topics discussed by the children and young people, and their openness and honesty in their approach highlights how well children can express their views. The children and young people responded very well to being consulted and approached the issues with definite ideas and thoughts. This report highlights that children have a clear idea of what they want in their lives and how they think the Government can facilitate this. This information indicates how important a process of consultation with children is in ensuring the National Children’s Strategy is effective in meeting young people and children’s needs.


Agus na litreacha agus íméileanna:

Léiríonn na sleachta seo a leanas ceisteanna maidir le comhairle ar tagraíodh dóibh i litreacha agus íméileanna ó dhaoine óga:


Recently I came across an article on www.scoilnet.ie requesting views of what we, the youth think is needed in our society today. I was very interested when I read on, and am looking forward to the outcome of the children’s strategy. I really think it is a brilliant idea.
The only thing that I am confused about was that it was about the needs of children and what is best for us, but when it came down to deciding what was best, it was all left up to adults it seems. I find this very annoying in a sense, that there was no direct input from the young people in these discussions (as it did not state this in the article I read). OK, there may be people advocating on our behalf, but still the young people do not in one sense have a direct role in deciding what is best for our future.
I hope your talks go well and that you and your panel have the National Children’s Strategy up and running in the near future….I also hope that in the future if you are planning something like this again, that the youth will be more active in it as we are the future of Ireland.

Darren, aois 15

People should think more about children’s opinions….I’m glad our Government is taking time out to listen to our opinions.

Susan, aois 12


I think children in primary schools throughout Ireland would love having no uniforms. Uniforms are really annoying, mostly ties and that is why I would like that to be changed.

Adam, aois 11

The only thing I would change [in Ireland] would be we would listen to our nation’s children and young people much more as we are the next generation that will have to run the country. The voice of innocence can sometimes be wiser than a hundred years of experience.

Anne Marie. Aois 16

I think adults shouldn’t make all the decisions for children, like education. Children should have a say in the way they are taught.

Jimmy, aois 11


2.4 Sláinte, Leas Pearsanta agus Sábháilteacht
Tarraingítear le chéile anseo tuilleadh de thuairimí na leanaí agus na ndaoine óga maidir le ceisteanna “cáilíocht saoil”.
Bhí deis ag na leanaí agus na daoine óga ceisteanna maidir leis an óige a chíoradh trí obair ealaíne agus trí mhodhanna eile i roinnt de na próiséisí comhairle nó le labhairt maidir lena gcuid smaointe faoina n-óige – na nithe atá tábhachtach dóibh, na daoine atá tábhachtach dóibh. Tugtar coimre gearr ar an ábhar sin sa roinn seo.
Tagraíodh do cheisteanna leighis – idir phearsanta agus phobail – i gcuid mhaith litreacha agus íméileanna chomh maith le ceisteanna maidir le sláinte intinne agus leas pearsanta. Tá cur síos ar an ábhar sin sa roinn seo.
Thug roinnt daoine óga a bhfuil deacracht agus léan ag baint lena n-óige léargas ar a dtaithí féin ar an saol. Tá cur síos ar chuid den taithí sin sa roinn seo freisin.
Cé na daoine a bhfuil tábhacht leo i saol leanaí agus dhaoine óga

Is iad an teaghlach agus a gcuid cairde na daoine is tábhachtaí ina saol ag daoine óga chomh fada agus a bhaineann le leas pearsanta agus mothúcháin. I gcás leanaí níos sine, bhí roinnt éagsúlacht ag baint leis an ord inar cuireadh iad ó tá siadsan ag caitheamh níos mó ama lena gcuid cairde.


Ba léir gur ghoill sé ar go leor daoine óga atá faoi chúram nó nach bhfuil ina gcónaí ag baile labhair mar gheall ar a bheith imithe ón teaghlach. Dúirt Áine, 10 mbliana d’aois, agus í ag labhairt ar na rudaí a thaithin agus nár thaithin léi faoina háit chónaithe:
[What I like is] there are people to help you and there are people here for me to talk to. The worst thing is it is not a family.
The home shouldn’t be located too far from your family, because otherwise you waste too much of your time getting to and from your visits to your family.
Ach bhí sí buartha faoina mhalairt freisin:
[there should be] less pressure to see your family
Bhí an seanathair agus an tseanmháthair agus daoine muintearacha eile an-tábhachtach ag daoine óga freisin. Luadh tábhacht a bheith le peataí freisin agus ba mhór an chúis díomá do dhuine óg amháin a bhí faoi chúram nach raibh cead peata a choineáil.

Sláinte

Luaigh an chuid is mó de na leanaí agus na daoine óga a ghlac páirt sa chomhairle seo cúrsaí sláinte déagóirí. Tobac, ólachán agus úsáid drugaí is mó a bhí ag cur as dóibh.


Labhair go leor daoine óga i scoileanna dara leibhéal faoin líon daltaí comhaois leo féin a bhí ag caitheamh agus ag ól cheana féin; luaigh siad an chaoi a dtairgítear drugaí dóibh agus iad an-óg.
Facthas do go leor gur fadhb shóisialta a bhí ann chomh maith le fadhb shláinte, agus go raibh baint ag ólachán agus úsáid drugaí le creachadóireacht agus daoine óga ag briseadh an dlí chomh maith le fadhbanna sláinte poiblí. Dúirt duine óg amháin:
Would you try to help the junkies get off the drugs, because they are sitting on the streets doing drugs. And when they go they leave the drugs there for anyone and even sometimes you would never know, it could be kids.

Sinead, aois 10


Le linn na comhairle a d’eagraigh an Catholic Youth Council le grúpaí ógánach i gCluain Dolcáin, Balbriggan, Tamhlacht agus Domhnach Míde, thug na háisitheoirí an tuairisc seo a leanas ar a bhuartha agus atáthar maidir le drugaí:
The drugs issue is emerging as a huge issue, with some of the [group] members’ siblings in prison on drugs related charges. There is almost no drug awareness programmes on offer in the second level schools and no sex education is available at the moment.
Chuir daoine óga den lucht siúil a ghlac páirt sa chomhairle sin na hábhair bhuartha seo a leanas in iúl don áisitheoir:
The back of the site was used by addicts, syringes have been found on a number of occasions. The young people are very aware of the danger that these syringes can cause.
Réiteach

Cé go raibh cuid mhaith de na rannpháirtithe den tuairim go ndéanfadh soláthar áiseanna do dhaoine óga maitheas ag tabhairt faoi fhadhb an ólacháin agus úsáid drugaí ag daoine óga, bhí ógánach amháin nach raibh ró-chinnte agus dúradh:


It is a myth to say that young people drink because there are not facilities. They will drink anyway. Drink is only a problem if you drink to excess.
Bhí duine amháin a mhol go n-athrófaí an aois ag a gceadaítear deoch mheisciúil a cheannacht go dtí 16.

.

Ach bhí grúpa ógánach as Fionnghlas a mba soiléir dóibh go raibh tábhacht lena gclub óige agus le ceannairí an chlub óige agus iad ag socrú a n-intinn fanacht glan ar chaitheamh tobac, ar ólachán agus ar úsáid drugaí. Dúradh:



We need to stop people from taking drugs and people need to stop selling drugs. This Youth Club is telling us not to take drugs or drink or anything that you are not meant to take or drink. My friends……are all in the Youth Club and none of us drink or smoke or take drugs.
Bhí roinnt mhaith moltaí maidir le bealaí le laghdú a dhéanamh ar an líon ógánach atá ag caitheamh tobac. Ina measc, bhí an chuid seo a leanas:


  • An dlí maidir le caitheamh tobac ar bhusanna a chur i bhfeidhm

  • Praghas toitíní a ardú

  • Samhail scamhóga an té atá ag caitheamh le fada a thaispeáint do lucht caite tobac

  • Cosc a chur ar fhógraíocht

  • Cainteanna sna scoileanna

  • Feachtas póstaeirí

  • Deireadh a chur le meaisíní díolta toitíní



Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin