CUID 3
TUARASCÁIL AR AN FHÓRAM COMHCHOMHAIRLEACHÁIN
Caibidil 8
Tuarascáil ar an Fhóram Comhchomhairleacháin
Bhí an tAire Stáit a bhfuil freagracht Leanaí uirthi, Mary Hanafin T.Dó i gceannas ag fóram comhchomhairleacháin i mí Meithimh le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas comhchomhairleacháin. Áiríodh orthu siúd a raibh cuireadh acu chuig an seisiún maidine cuid de na páistí óga a rinne aighneachtaí trína n-eagraíochtaí agus scoileanna agus bhí breis is céad (100) duine i láthair. Ina measc siúd a raibh cuireadh acu chuig an seisiún san iarnóin bhí páistí ní ba shine, daoine fásta agus eagraíochtaí a rinne aighneachtaí.
D'oibrigh na leanaí ní b'óige trí mheán ceardlanna drámaíochta le baill ó National Theatre Education Outreach agus The Ark le hathbhreithniú a dhéanamh ar chuid dá bhfuarthas amach sa chomhchomhairleachán le páistí agus le cuidiú leo tosaíocht a thabhairt do na téamaí a tógadh sna haighneachtaí. Tugadh dréacht den tuarascáil chomhchomhairleacháin a bhí fóirsteanach dá n-aois do gach páiste. Labhair na leanaí leis an Aire i rith an tseisiúin. Is iad na tosaíochtaí a bhí acu don Straitéis Náisiúnta do Leanaí ná:
- Caithfidh leanaí fás aníos i ndomhan atá glan ina bhfuil aer úr agus sráideanna glana
- Caithfidh áiteanna agus amannta a bheith ar fáil do pháistí spraoi a bheith acu
- Tá sé ag dul do leanaí go n-éistfí leo
- Tá áit de dhíth ar pháistí ina dtig leo maireachtáil go sábháilte agus ina bhfuil a muintir agus a gcairde ann le cúram a dhéanamh díobh.
- Caithfidh meas a bheith ar leanaí
- Caithfidh leanaí a mhothú go bhfuil siad slán taobh amuigh
- Tá scoileanna deasa de dhíth ar pháistí.
San iarnóin, bhuail an tAire agus státseirbhísigh shinsearacha ó na ranna rialtais cuí le breis is dhá chéad (200) duine le héisteacht le cur i láthair ón taighdeoir a rinne anailís ar na haighneachtaí; cuireadh dréacht den tuarascáil ar fáil. Bhí cur i láthair a shonraigh an dóigh a gcuirfidh an próiseas comhchomhairleacháin forbairt an Straitéis Náisiúnta do Leanaí ar an eolas. Tugadh tréimhse ama dóibh siúd a bhí i láthair athbhreithniú agus plé a dhéanamh ar a bhfuarthas amach. I rith an ama sin, tairgeadh ceardlanna éascaithe do gach duine a bhí i láthair, agus d'fhreastail an chuid is mó de na daoine óga a bhí i láthair orthu. Ag tús seisiún iomlán dóibh, tugadh cuireadh d'ionadaithe ó na heagraíochtaí óige uilig a dtuairimí a chur in iúl, agus luadh
- an gá atá le háiseanna spóirt agus áineasa a mbeidh fáil ag gach aoisghrúpa i ngach ceantar den tír orthu;
- ó thaobh scoileanna de, tógadh saincheisteanna a bhain le teorainn ar roghanna ábhar agus leis an ghá atá le comhchomhairleachán taobh istigh de scoileanna;
- Ní mór dul i ngleic le gach saghas leithcheala;
- Cuireadh fáilte roimh an chomhchomhairleachán le daoine óga agus táthar ag súil go leanfar ar aghaidh le comhchomhairleachán leo.
Labhair líon suntasach díobh siúd a bhí i láthair, agus d'fháiltigh siad go ginearálta roimh thionscnamh an Rialtais do Straitéis Náisiúnta do Leanaí, an comhchomhairleachán a cuireadh ar bun agus páirt a bheith ag leanaí agus daoine óga ann. Thug pointí eile aghaidh ar an bpróiseas comhchomhairleacháin a bhfuiltear ag súil leis ón Straitéis Náisiúnta do Leanaí. Luaigh cuid de na pointí athuair a bhí luaite sna haighneachtaí don Straitéis agus a dtuiscint ar an dóigh ar caitheadh le cúiseanna aonair imní i ndréacht na tuarascála. I measc chuid de na saincheisteanna a tugadh chun cinn bhí:
- An tábhacht a bhaineann leis an teaghlach agus leis an bpobal ó thaobh a bheith ag tacú le saol leanaí;
- An gá atá le níos mó comhchomhairleacháin agus ullmhúcháin don Straitéis a chur ar bun;
- An gá atá le díriú ar pháistí atá faoi mhíchumas sa Straitéis.
- Bhí tagairt ar leith do riachtanais leanaí bodhara agus a gcuid dteaghlach.
Tugadh trí sheachtain sa bhreis dóibh siúd a bhí i láthair chun a gcuid dtuairimí a chur in iúl sula n-ullmhófaí an tuarascáil le foilsiú.
Le linn na seachtainí i ndiaidh an Fhóraim, cuireadh níos mó tuairimí in iúl agus fuarthas níos mó aighneachtaí. Déanfar machnamh ar na pointí uilig a rinneadh ag an bhFóram Comhcomhairleacháin agus orthu siúd a fuarthas ina dhiaidh sin agus an Straitéis Náisiúnta do Leanaí á cur le chéile.
Aguisín 1
Na Comhshocruithe do Chomhchomhairleacháin le Leanaí agus Daoine Óga
Na Comhchomhairleacháin trí litreacha agus teachtaireachtaí ríomhphoist.
An cuireadh roimh leanaí agus daoine óga
Thug an tAire Stáit a bhfuil Freagracht Leanaí uirthi , Mary Hanafin, T.D. cuireadh do leanaí agus daoine óga a dtuairimí ar na ceisteanna seo a leanas a chur chuici:
An áit mhaith í Éire mar áit inar féidir leat fás aníos? Cad atá go maith faoi? Cad a dhéanfadh níos fearr é?
Cuireadh an cuireadh seo i ngach páipéar nuachta náisiúnta laethúil agus tráthnóna, agus i roinnt páipéar nuachta eile ar nós The Farmers Journal.
Cuireadh an cuireadh in irisí agus irisleabhair, lena n-áirítear an RTÉ Guide, The Big Issue, mar aon le hirisleabhair roinnt eagraíochtaí óige.
Cuireadh an cuireadh ar láithreán líonra scoileanna, Scoilnet, agus ar láithreán líonra na Roinne Sláinte agus Leanaí. Cuireadh thart chuig gach leabharlann é fosta.
Cuirtear téacs an chuiridh i gcló in Aguisín 2.
An freagra
Fuarthas 825 freagra ó leanaí agus daoine óga. Tháinig siad ó dhaoine aonair, agus ó ghrúpaí daoine óga a chuir litreacha óna ranganna scoile, óna ngrúpa óige agus óna ngrúpa Brownie nó banóglach.
Cuireadh freagraí pearsanta ón Aire chuig gach duine a scríobh.
Na Comhchomhairleacháin arna éascú ag eagraíochtaí
Réamhphleanáil
Cuireadh cuireadh chuig eagraíochtaí comhcheangailte leis an Chomhaontas um Chearta Leanaí comhchomhairleachán a éascú do dhaoine óga atá páirteach ina n-eagraíocht, nó do dhaoine lena mbíonn nasc acu tríd an obair a dhéánann siad.
Le cuidiú an Chomhaontas um Chearta Leanaí rinneadh teagmháil leis na grúpaí uilig atá comhcheangailte leo, agus tugadh cuireadh dóíbh freastal ar cheardlann ullmhaitheach. Foireann na Straitéise Náisiúnta do Leanaí, i gcomhar leis an Chomhaontas um Chearta Leanaí agus an Chomhairle Náisiúnta Óige a d'eagraigh an cheardlann.
Ba é an cuspóir a bhí ag an cheardlann ullmhaitheach ná eolas bunúsach ar an Straitéis Náisiúnta do Leanaí a thabhairt d'ionadaithe eagraíochtaí, deis a thabhairt dóibh smaointe a chur in iúl maidir le dóigheanna maithe comhchomhairleacháin le leanaí agus daoine óga a chur ar bun, agus le plé a dhéanamh ar chuid de na comhshocruithe do na comhchomhairleacháin, ar nós deiseanna aiseolais ó na comhchomhairleacháin.
Na comhchomhairleacháin le leanaí agus daoine óga
Ag éirí as sin, rinne deich n-eagraíocht comhchomhairleacháin le leanaí agus daoine óga a éascú. Tugaimid anseo léargas gairid ar nádúr agus scóp na gcomhchomhairleachán sin, tugtha ón eolas a sholáthair gach eagraíocht.
Barnardos
Chuaigh Barnardos i gcomhairle le páistí 4-13 bliain d'aois. Tá cónai ar na páistí uilig i gceantair uirbeacha atá faoi mhíbhuntaiste. Rinneadh an comhchomhairleachán le leanaí atá ag freastal ar sheirbhísí Barnardos cheana féin ina bpobail áitiúla. Tugadh na páistí le chéile i ngrúpaí beaga ina mbuaileann siad le chéile de ghnáth, mar sin bhí aithne acu ar a chéile agus bhí eolas acu ar suíomh an tionscadail.
Tugadh eolas do thuismitheoirí ar an Straitéis Náisiúnta do Leanaí agus rinneadh tagairt ar leith don phróiseas comhchomhairleacháin lena leanaí. Thug gach tuismitheoir cead dá leanbh a bheith páirteach ann.
Ba iad na modheolaíochtaí ar baineadh úsáid astu ná ceisteacháin, líníochtaí, colláisí agus plé i ngrúpaí. Cuireadh an próiseas ar bun ar dhóigh a bhí fóirsteanach maidir le pointe forfháis an linbh. Bhí aiseolas ar an chomhchomhairleachán i gcruthanna éagsúla .i. ábhar scríofa, ealaín, bileoga oibre agus colláis Bhí na páistí díograiseach agus toilteanach páirt a bheith acu sa phróiseas.
Rannpháirtithe_Ghlac_tríocha_páiste_páirt_san_Fhóram.___Pavee_Point'>Rannpháirtithe_Ghlac_beirt_dhaoine_óga_is_seachtó_páirt_sa_chomhchomhairleachán.____South_West_Inner_City_Network_Limited'>Rannpháirtithe_Ghlac_thart_faoi_80_leanaí_páirt_sa_chomhchomhairleachán.___An_Chomhairle_Óige_Chaitliceach'>Rannpháirtithe:_********CUIR_TÁBLA_ISTEACH_ANSEO_LCH._22********__Gréasán_Cúram_Leanaí_Chontaetha_na_Teorann'>Rannpháirtithe:
********CUIR TÁBLA ISTEACH ANSEO LCH. 22********
Gréasán Cúram Leanaí Chontaetha na Teorann
Chuaigh Gréasán Cúram Leanaí Chontaetha na Teorann i gcomhchomhairleachán le leanaí réamhscoile san aoisghrúpa 3-4 bliana. Ba é taithí leanaí óga ar réamhscoil agus scoil shúgartha fócas an chomhchomhairleacháin.
Rinneadh an próiseas comhchomhairleacháin trí na ceannairí súgartha ag obair le grúpaí súgartha i ngach contae ar an teorainn. Rinne na ceannairí súgartha comhrá simplí leis na leanaí bunaithe ar dhá cheist:
Cad chuige an maith teacht ar scoil shúgartha?
Cad é an rud is fearr leat ar scoil shúgartha?
Rannpháirtithe
Ghlac thart faoi 80 leanaí páirt sa chomhchomhairleachán.
An Chomhairle Óige Chaitliceach
Rinne an Chomhairle Óige Chaitliceach comhchomhairleachán dírithe ar shaincheist riachtanais sláinte dhaoine óga.
Rinneadh na comhchomhairleacháin i seacht bhfócasghrúpa éagsúla le daoine óga i seacht n-áit i mBaile Átha Cliath. Sheas obair gach fócasghrúpa ar feadh uair a' chloig nó dhó. Ba iad na háiteanna ina raibh na fócasghrúpaí ná:
Baile Bhrigín 1 grúpa fócais
Cluain Dolcáin 1 grúpa fócais
Deansrath, Cluain Dolcáin 1 grúpa fócais
Domhnach Míde 1 grúpa fócais
Baile Néill, Cluain Dolcáin 1 grúpa fócais
Tamhlacht 2 grúpa fócais
I ndá cheann de na grúpaí fócais sin, a bhí ar siúl i dTamhlacht, d'fhéach daoine óga de bhunadh an lucht siúil ar na riachtanais sláinte ar leith a bhíonn acusan.
Rannpháirtithe
Ghlac beirt dhaoine óga is seachtó páirt sa chomhchomhairleachán.
South West Inner City Network Limited
D'eagraigh South West Inner City Network Limited Fóram Oscailte do dhaoine óga san aoisghrúpa 11-16 bliain. Rinne an fóram mionscrúdú ar an cheist 'An áit mhaith í Éire le bheith ag fás aníos inti?' agus d'amharc siad ar dhóigheanna le háit níos fearr a dhéanamh d'Éirinn.
Cuireadh ceardlanna ar bun a bhain le saincheisteanna áirithe, drugaí, cearta daoine óga agus féiniúlacht cultúrtha. Mar chuid den Fhóram, rinne grúpa leanaí dráma ag déileáil le fadhbanna féiniúlacht chultúrtha, agus léirigh siad an bealach a bhféadfadh páistí scoile a bheith níos caoinfhulaingí maidir le saoránaigh nach Éireannaigh iad.
Sheol an tAire Stáit a bhfuil freagracht leanaí uirthi, Mary Hanafin T.D. an Fóram.
Rannpháirtithe
Ghlac tríocha páiste páirt san Fhóram.
Pavee Point
Chuaigh Pavee Point i gcomhchomhairleachán le leanaí de bhunadh an lucht siúil agus le daoine óga san aoisghrúpa 6-18 bliain.
Bhí dhá grúpa fócais ann, ceann amháin do leanaí idir sé bliana agus dhá bliain déag d'aois, agus ceann amháin do ghrúpa daoine óga idir dhá bhliain déag agus ocht mbliana déag d'aois.
Rinne na grúpaí plé ar an taithí a bhí acu mar dhuine de bhunadh an lucht siúil ar shuíomhanna agus ar scoil agus labhair siad i dtéarmaí ginearálta ar an stíl bheatha atá acu agus ar a dtaithí ar an saol.
D'fhéách na grúpaí fosta ar rudaí a dhéanfadh an saol níos fearr dóibh, agus phléigh siad a bhfuil siad ag súil agus ag dúil leis sa todhchaí.
Rannpháirtithe
Ghlac ceathrar gasúr agus ceathrar girseach páirt sa chomhchomhairleachán.
Development Education Youth Forum (DEFY)
Chuaigh an Development Education Youth Forum i gcomhchomhairleachán lena mbaill trí sheisiún traenála cónaitheach san Ionad do Síocháin agus Athmhuintearas i nGleann Crí
Rannpháirtithe
Ghlac tríocha duine óg idir 15 agus 17 bliain d'aois páirt sa chomhchomairleachán. As sin, ba as ceantair uirbeacha ochtar déag agus ba as ceantair thuaithe do dháréag. Ghlac deichniúr duine óg as Tuaisceart Éireann páirt ann. Girsí a bhí in ochtar déag de na rannpháirtithe agus ba ghasúir dáréag acu.
Girls Brigade
Chuaigh an Girls Brigade i gcomchomhairleachán le páistí agus le daoine óga arbh as Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Corcaigh iad.
Bhí fócas an chomhchomhairleacháin ar na téamaí seo a leanas:
-
Eochairthreochtaí agus forbairtí
Baineadh úsáid as réimse cuí sásraí, cluichí, obair ealaíne, freagraí ar phictiúir agus ar cheistiúcháin san áireamh.
Rannpháirtithe
Ghlac seachtar duine óg is scór páirt sna comhchomhairleacháin; seachtar déag san aoisghrúpa 5-9 bliain, seachtar idir 10 agus 14 bliain agus triúr san aoisghrúpa 15-18 bliain.
Irish Association of Young People in Care
Tháinig triúr duine óg déag le chéile in Áth Luain le labhairt ar thopaicí a bhí tábhachtach dóibh ina saol, agus iad faoi chúram. Chuir seisear eile aighneachtaí scríofa agus ealaíne isteach.
Bhí daoine idir trí bliana déag agus naoi mbliana déag d'aois sa ghrúpa a tháinig le chéile faoi choinne lá an Chomhchomhairleacháin. Seachtar cailíní agus seisear buachaillí. Ba as na ceantair seo a leanas don triúr déag a d'fhreastail air: Contae Átha Cliath, Gaillimh, Port Láirge, Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire agus Iarthar Chorcaí. Ba as Iarthar Chorcaí don ghrúpa nach raibh in ann freastal ar an lá. Tá na hógánaigh uilig a raibh páirt acu sa lá Comhchomhairleacháin faoi chúram boird sláinte éagsúla faoi láthair nó tá siad díreach tar éis a bheith faoi chúram agus tá siad ag glacadh páirte i gcláir iarchúraim.
Phléigh na hógánaigh na saincheisteanna ar mhothaigh siad a mbeidh orthu dul i ngleic leo sna deich mbliana atá romhainn. Rinne siad díospóireacht ar ghnéithe maithe, olca agus gránna de bheith ag maireachtáil faoi chúram in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ghlac siad 'slat draíochta' ansin agus d'iarr siad na hathruithe ba mhaith leo dá mba rud é go raibh slat draíochta acu i ndáiríre.
Comhordaitheoir Náisiúnta an Irish Association of Young People in Care, oibrí sóisialta agus beirt daoine óga a bhfuil taithí acu ar a bheith faoi chúram eagraitheoirí an lae. B'éascaitheoirí an bheirt daoine óga do ghníomhaíochtaí an lae.
ISPCC
Bhí an próiseas comhchomhairleacháin ar bun i gceithre Fhóram Réigiúnach do Leanaí i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Corcaigh agus Droichead Átha. Bhí struchtúir na bhFóram Réigiúnach cosúil lena chéile, sa dóigh is gur thosaigh an lá le searmóin oscailte agus ócáid phreasa na leanaí. Ghlac leanaí páirt i gceardlanna, agus ansin chuir siad i láthair an obair ealaíne, dráma nó an damhsa a chruthaigh siad i rith na ceardlainne, agus bhí searmóin druidte ann. Rinne na ceardlanna cúrsaí a éascú do na leanaí agus iad ag cur a gcuid smaointe, mothúchán agus riachtanas trí mheáin éagsúla in iúl.
Ba iad na heochairthopaicí a ndearnadh mionscrúdú orthu sa phróiseas comhchomhairleacháin ná:
-
Eochairthreochtaí agus forbairtí
-
Tosaíochtaí do ghníomh agus fís don todhchaí
D'fhreastail an tAire Stáit a bhfuil freagracht leanaí uirthi, Mary Hanafin, T.D. ar gach ceann de na ceithre fhóram agus phléigh sí go díreach leis na páistí agus daoine óga.
Rannpháirtithe
San iomlán, ghlac 767 páistí agus duine óg páirt sna Fóraim agus rinneadh comhchomhairleacháin leo. Bhí réimse aoiseanna 3-18 bliain d'aois ann. Ó thaobh tíreolaíochta de clúdaíodh ceantair uirbeacha, thuaithe agus baile de chúig chontae dhéag agus áiríodh páistí de bhunadh an lucht siúil, ó Bhéal Feirste agus páiste amháin ón Nigéir ann
An Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí - Bunscolaíocht
Chuaigh Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí i gcomhchomhairleachán le páistí dírithe ar an téama 'Óige an Lae Inniu agus Daonlathas sa Bhaile agus ar Scoil: Ceardlann do Pháistí'.
Mhair an cheardlann thart faoi uair a' choig agus cúig bhomaite dhéag. Bhí na próisis ar baineadh úsáid astu bunaithe ar phlé aonair agus ar bhileoga oibre.
Ba iad na téamaí a ndearna na daoine óga mionscrúdú orthu ná:
-
Cad iad na cearta a mheasann tú ba chóir a bheith ag páistí?
-
Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh a thabhairt isteach
-
Ceart fáil a bheith ar eolas
Bhí an cheardlann ar siúl i gcomhthéacs chomhdháil náisiúnta do thuismitheoirí leanaí bunscoile. Rinne na leanaí a gcomhchomhairleachán i láthair níos mó ná 200 daoine fásta a bhí ag freastal ar an gcomhdháil. Nuair a cuireadh ceist orthu an raibh teachtaireacht nó ceist acu do chomhaltaí na comhdhála, d'aontaigh siad eatharthu féin ar na cinn seo a leanas:
Teachtaireacht 1: "Go raibh maith agaibh as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith rannpháirteach"
Teachtaireacht 2: "Go raibh maith agaibh as ceist a chur orainn an raibh rud ar bith againn ba mhaith linn a rá."
Teachtaireacht 3: "Do thuismitheoirí agus múinteoirí: Téigh sa tseans agus tabhair níos mó deis dúinn ár dtuairimí a chur in iúl."
Ceist: "Cad chuige ar ghlac sé an oiread sin ama a aithint gur daoine iad páistí a bhfuil cearta acu?"
Rannpháirtithe
Ghlac naonúr páiste, idir 9 agus 12 bliain d'aois páirt sa chomhchomhairleachán.
South West Inner City
Pavee Point
Comhchomhairleachán trí scoileanna
Thug an tAire Stáit a bhfuil freagracht leanaí uirthi, Mary Hanafin, T.D. cuairt ar dheich scoil le comhchomhairleachán a dhéanamh le daoine óga. Roghnaigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta na scoileanna sin ar ar áiríodh an chuid is mó de na cineálacha difriúla scoileanna, bunscoileanna, meánscoileanna, pobalscoileanna, gairmscoileanna, gaelscoileanna, scoileanna speisialta, scoileanna Eaglais na hÉireann, agus scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntaiste, ceantair uirbeacha agus ceantair thuaithe.
I ngach grúpa, chuir an tAire síos go gairid ar an Straitéis Náisiúnta do Leanaí agus ar an phróiseas comhchomhairleacháin. Chuir sí roinnt ceisteanna ar an ngrúpa ansin agus fuair sí amach cad iad na tuairimí atá acu faoi na saincheisteanna. I measc na ceisteanna a pléadh bhí:
-
Cad atá tábhachtach duit?
-
Cé bhíonn cuiditheach leat?
-
Cad a chuireann brón ar leanaí?
-
Cá huair ar mhaith leat go mbeadh daoine ag éisteacht?
-
Cad é a dhéanfadh an saol níos fearr?
-
Conas mar a bheidh an saol i gceann deich mbliana, i do bharúilse?
-
Cad iad na fadhbanna a bhíonn ag daoine óga?
-
Cad iad na cearta atá tú ag iarraidh mar dhuine óg?
-
Cad iad na rudaí ar mhaith leat go ndéanfaí comhchomhairleachán orthu leat?
Rannpháirtithe
Sa chuid is mó de na scoileanna, thug an tAire cuairt ar dhá rang. I gcuid de na scoileanna bhuail sí le Comhairle na Mac léinn. Rinneadh comhchomhairleachán le thart faoi sheasca dalta i ngach ceann de na deich scoil. San iomlán, rinne an tAire Hanafin comhchomhairleachán le thart ar 600 páiste.
Aguisín 2
Aighneachtaí á Lorg
STRAITÉIS NÁISIÚNTA DO LEANAÍ
A pháistí agus a dhaoine óga
An áit mhaith í Éire le fás aníos ann ?
Cad atá go maith fúithi? Cad a dhéanfadh níos fearr é?
Ba mhaith liom a bhfuil le rá agatsa a chluinstin,
ionas gur féidir liom bhur dtuairimí a chur in iúl don Rialtas.
Tá tábhacht ag baint le bhur dtuairimí!
Cuir bhur smaointe agus tuairimí chugam tríd an ríomhphost ag
minister_forchildren@health.irlgov.ie
nó scríobh chugam go díreach ag
An Roinn Sláinte agus Leanaí
Teach Haicín, Sraid Haicín
Baile Átha Cliath 2
Fáilteofar roimh litreacha i nGaeilge.
Tá mé ag dúil le scéal uaibh,
Mary Hanafin, T.D.,
Aire Stáit Freagrach as Leanaí.
Seol bhur n-aighneachtaí, le bhur dtoil, roimh An Aoine, 28 Aibreán, 2000.
Ba chóir go gcuirfeadh páistí níos óige in iúl dá dtuismitheoirí go bhfuil siad ag cur teachtaireachta ríomhphoist chuig an Aire.
Beidh fáil ar aighneachtaí faoin Acht um Saoráil Faisnéise 1997
STRAITÉIS NÁISIÚNTA DO LEANAÍ
-Aighneachtaí á Lorg
Tá Grúpa Idir-Ranna bunaithe ag an Rialtas a bheidh i bhfeighil ar ullmhúchán Straitéis Náisiúnta do Leanaí. Leagfaidh an Straitéis plean amach do na deich blianta atá romhainn trí chuspóirí indéanta a leagann amach a dhíreoidh ar gach gné den leanbh agus den duine óg.
Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí ar na ceisteanna seo a leanas:
C1. I dtreo 2001
Cad iad na deiseanna agus dúshláin atá roimh leanaí agus daoine óga
go ceann deich mbliana?
C2. Seirbhísí agus tacaíocht a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga.
- Cad a oibríonn go héifeachtach agus cad chuige?
- Cad mar is ceart iad sin a fhorbairt go ceann deich mbliana agus na deiseanna agus na dúshláin sin á gcur san áireamh?
C3. Seachadadh seirbhísi agus tacaíocht do leanaí agus daoine óga.
- Cad a oibríonn go héifeachtach agus cad chuige?
- Cad iad na hathruithe a chuirfeadh feabhas ar sheachadadh seirbhísí go ceann deich mbliana maidir leis na deiseanna agus dúshláin sin?
Fáiltítear roimh aighneachtaí ar shaincheisteanna eile a cheapfá ba chóir aghaidh a thabhairt orthu sa Straitéis Náisiúnta do Leanaí.
Cuir aighneachtaí scríofa, i scríbhneoireacht bhraille, ar théip, ar dhiosca nó i gcruth ar bith eile chuig:
Straitéis Náisiúnta do Leanaí
An Roinn Sláinte agus Leanaí
Teach Haicín
Baile Átha Cliath 2.
14 Eanáir 2000 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí
Beidh fáil ar aighneachtaí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997
Má tá níos mó eolais uait, gabh i dteagmháil le:
Guthán: (01) 6354590
Ríomhphoist: child_strategy@health.irlgov.ie
Faics: (01) 6719530
nó féach ar an láithreán líonra www.doh.ie
Aguisín 3
Liosta Rannpháirtithe
Dostları ilə paylaş: |