Paróiste an Fheirtéaraigh



Yüklə 28,21 Kb.
tarix01.08.2018
ölçüsü28,21 Kb.
#65456


Paróiste an Fheirtéaraigh

Paróiste Dhún Chaoin, Paróiste Dhún Urlann, Paróiste Mhárthain,

Paróiste na Cille, Paróiste Mórdhach

Fógraí na Seachtaine 4 - 10 Feabhra 2017





Ar dualgas do Thréad Limistéar Chorca Dhuibhne an Domhnach seo -

An tAthair Michael Hussey 066-7139145
Séipéal Naomh Gobnait

Dé Sathairn, 4 Feabhra 7:30 in

Séipéal Naomh Uinseann

Dé Domhnaigh, 5 Feabhra 10:00 rn

Intinn: Seán Ó Muircheartaigh, Ard na Caithne agus a mhuintir

atá ar shlí na fírinne.



Séipéal na Carraige Dé Domhnaigh, 5 Feabhra 11:15 rn


Biongó sa Halla

Beidh Biongó i Halla na Feothanaí an Domhnach seo, 5 Feabhra, ag 7.30 i.n.

Fáilte roimh chách.
Intinn: Páidí Groiméal, Cill Chúile, a cailleadh 10 mbliana o shin

um an dtaca seo agus Seán, Tom agus Pat Coughlan,

Árdamór, atá ar shlí na fírinne.
Guí an Phobail

Ena Uí Chinnéide, Na Cluainte, a fuair bás i rith na seachtaine.

Ronnie O'Donovan, Baile Átha Cliath, a fuair bás le déanaí.

Micheál de Brún, Gallarus, Cuimhneachán Bliana agus a thuismitheoirí, Eibhlín agus Pádraig agus Muintir de Brún ar fad, atá ar shlí na fírinne.

Séamus de h-Óra, Baile an Fheirtéaraigh, a fuair bás 10 mbliana um an dtaca seo.

Vivion O Brien, Bré agus Ard an Bhrianaigh, a fuair bás le déanaí.


Bailiúchán Speisialta

Beidh bailiúchán speisialta ar mhaithe leis na daoine a bhíonn ag cabhrú ar oilithreacht Dheoise Chiarraí go Lourdes an deireadh seachtaine seo chugainn 11/12 Feabhra, 2017.


Lá ‘le Gobnait (11 Feabhra)

Mar chuid do chéiliúradh Lá ‘le Gobnait, beidh Aifreann i Séipéal Naomh Gobnait ag 11.00 r.n. Cuimhneofar go speisialta ar na daoine atá luaite i Leabhar Cuimhneacháin an Pharóiste. Déanfar an turas go Cill Ghobnait i ndiaidh an Aifrinn.




Cór ar an gCarraig

Beidh Cór Dhuibhne ag canadh ag aifreann 11.15 r.n. an Domhnach seo, 5 Feabhra i Séipéal na Carraige.

Fáilte roimh chách.
Téann tú lom díreach síos go dtí an dtobar, agus tugann tú seacht turais timpeall ar an dtobar, agus ólann tú trí deocha don uisce agus fágann tú bronntanas beag éigin ag Naomh Gobnait thíos insa tobar, b’fhéidir gur cnaipe – gan dabht cuireann daoine airgead anois ann, ach ní raibh an t-airgead againne nuair a bhíomar óg – is amhlaidh a thugaimís linn scothóga beaga a bhíodh ar seál brait, thugaimist linn iad san, is chaithimíst sa tobar iad, mar bhí sé ráite riamh gur cailín ana-thámáilte ana-náireach ab ea Naomh Gobnait. Agus nuair a bhíodh sí ag déanamh turas ó Dhún Chaoin go Baile Mhúirne, sheachanaíodh sí an bóthar poiblí chomh maith is ab fhéidir léithi agus ghabhadh sí gach cóngar, agus bheadh a seáilín brait aici smiotaithe agus na scothóga ag smiotadh dho. Agus deireadh na seanamhná linn-ne ná raibh aon ní ar domhan ab fhearr léithi ná scothóga. (Bab Firtéar – Cuid dá cuntas ar Thuras na Cille in onóir Naomh Gobnait, ón Irisleabhar Béaloideas)
Cór ag Séipéal Naomh Gobnait

Beidh Cór Dhuibhne ag canadh ag aifreann 7.30 i.n., Dé Sathairn,

11 Feabhra, i Séipéal Naomh Gobnait. Fáilte roimh chách.
Seoladh Leabhar

Seolfaidh an Dr. Pádraig Ó Héalaí an leabhar 'Logainmneach Dhún Chaoin' (bunaithe ar thaighde a dhein Éamonn Ó hÓgáin agus John Kennedy le cabhair ó mhuintir an pharóiste), in Ionad an Bhlascaoid Mhóir, ar Lá 'le Gobnait, 11 Feabhra, 2017 ag 8.00 i.n.


Cóisir na Seanóirí

Beidh Cóisír Bliantúil na Seanóirí ar siúl in Óstán na Sceilge, Dé Domhnaigh, 12 Feabhra, 2017 ag 2.00 i.n. Dinnéar agus ceol – Costas €20.00. Fáilte roimh chách. Ticéid ó Ghairdín Mhuire.




Ministéirí Eocairiste - Séipéal Naomh Uinseann

05/02/2017 – Antje/C Ní Mhuircheartaigh

12/02/2017 – B Uí Ghairbhia/C Ní Bheaglaoich

Ministéirí Eocairiste - Séipéal na Carraige

05/02/2017 – MK Uí Bheaglaoich/D Uí Beaglaoich

12/02/2017 – C Uí Chonchúir/R McCann




Déanaigí É Seo I gCuimhne

Leanfaidh na searmanais speisialta seo an deireadh seachtaine seo chugainn 11/12 Feabhra.


25ú Lá Domhanda na nEaslán (11 Feabhra)

Ceiliúrtar Lá Domhanda na n-Easlán ar Lá Muire Lourdes ó 1993 i leith. Roghnaigh an Pápa Proinsias líne ón Magnificat (Paidir na Maighdine Beannaithe Muire) mar théama: Rinne an té atá cumhachtach nithe móra dom (Lucás 1:40). Iarrann an Pápa orainn cuimhneamh ar dhaoine breoite, daoine ag fulaingt agus daoine a thugann aire dóibh.




Cúrsa Defiblitheoir/Céad Cabhrach

Tá Cumann Caide Na Gaeltachta ag reachtáil cúrsa defiblitheoir agus céad cabhrach sna seomraí feistis i nGallarus ar an 8ú agus 15ú Feabhra ag tosnú ar a 7.00 i.n. Thuilleadh eolais ón gCathaoirleach ag 086-8044416.





Paidir do Mhuire Lourdes

A Mhaighdean bheannaithe, ag caitheamh na glóire duit,

ná déan dearmad ar ainnise an tsaoil seo.

Féach le trócaire orthu siúd atá ag fulaingt

agus ag broic le deacrachtaí

agus a mbeola le cailís shearbh na beatha.

Déan trócaire orthu siúd atá i ngrá le chéile


Anam Cara

Beidh oíche eolais ag Anam Cara, Dé Máirt, 14 Feabhra óna 7.30 – 9.30 i.n. in Óstán Meadowlands, Trá Lí. Is eagraíocht Anam Cara a thugann tacaíocht do dhaoine gur cailleadh leanbh leo. Chun d'áit a chur in áirithe glaoigh ar 01-4045378 nó r-phost go dtí info@anamcara.ie.

Breis eolais www.anamcara.ie.
agus iad i bhfad ó chéile.

Déan trócaire ar ár gcroí ceannairceach.

Déan trócaire ar ár gcreideamh fann.

Déan trócaire orthu siúd dá dtugaimid grá.

Déan trócaire orthu siúd atá ag caoineadh;

orthu siúd atá ag guí, orthu siúd atá sceimhlithe.

Bronn misneach agus síocháin ar chách. Amen.
Oilithreacht ó Chnoc Mhuire go Nua Eabhrach

Beidh an oilithreacht seo ar siúl ón 8 – 14 Bealtaine, 2017. Tá clár iomlán leagtha amach don dturas spéisiúil seo, agus beidh aifreann speisialta i gcuimhne ar John Curry, an finné ab óige a bhí i gCnoc Mhuire ar an 21 Lúnasa, 1879. Aistreofar a chorp go dtí Sean Ardeaglais Naomh Pádraig ar an 13 Bealtaine agus beidh comóradh ann leis na hoilithrigh. Costas €2007. Thuilleadh eolais www.joewalshtours.ie.


Glaoch chun na Sagartóireachta

Má tá suim agat sa sagartóireacht tá cuireadh agat go dtí an ócáid 'Tar agus Féach' a bheidh ar siúl i dTigh Pallottine, Dúrlas Éile, 17 agus 18 Feabhra, 2017. Tá an ócáid seo oscailte d'fhearaibh idir 18 – 40 bliain d'aois. D'fhreastal ochtar déag ar an ócáid seo anuraidh. Má tá suim agat dul ann tá sé riachtanach d'áit a chur in áirithe. Thuilleadh eolais ón Athair Michael Moynihan ag 087-6551902 nó an tAthair Liam Comer 087-2401246.


An Deochaineacht i nDeoise Chiarraí

Má tá spéis ag aon fhear pósta (idir 35-55) nó fear singil (idir 25-55) i ministreacht na deochaineachta is féidir dul i dteagmháil le Tigh na Sagart 9156131. Thuilleadh eolais www.dioceseofkerry.ie nó an tAthair Eoin Mangan ag eoin@mangan.com.



Bailiúcháin na Seachtaine seo Caite: Bailíodh €860.00

Más mian leat tacú le Ciste an Pharóiste is féidir leat do shíntúis a chur i gCúntas an Pharóiste nó é a sheoladh go Tigh na Sagart.

Banc AIB,

Príomh Shráid, An Daingean

IBAN:

IE40 AIBK 93628602 090140



(BIC: AIBKIE2D)

Bíonn cuimhneamh speisialta oraibh i gcaitheamh na bliana.


Cluiche Cártaí 31

Beidh Cártaí 31, boird d'ochtar, ar mhaithe le Féile na Bealtaine, ar

siúl Dé Domhnaigh, 12 Feabhra, 2017 ag 6.00 i.n. sa Dingle Pub.
Séipéal Naomh Gobnait

Dé Sathairn, 11 Feabhra 7:30 in

Séipéal Naomh Uinseann

Dé Domhnaigh, 12 Feabhra 10:00 rn

Intinn: Seán agus Cáit Uí Mháirtín, Na Gorta Dubha,

Cuimhneachán Bliana.



Séipéal na Carraige Dé Domhnaigh, 12 Feabhra 11:15 rn


Intinn:
Séamus agus Máiréad Uí Mhuircheartaigh,

Baile na bhFionnúrach, Cuimhneachán Bliana agus


Fógraí go Tigh na Sagart, roimh 10.30 r.n. Déardaoin, le bhur dtoil

Fón: 066-9156131, r-phost: oifig@yahoo.ie


Máire Áine Ní Mhuircheartaigh, atá ar shlí na fírinne.


Fógraí go Tigh na Sagart, roimh 10.30 r.n. Déardaoin, le bhur dtoil.

Fón: 066-9156131, r-phost oifig@yahoo.ie



Yüklə 28,21 Kb.

Dostları ilə paylaş:




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin