Teresa Mc Clafferty (Clár 14)



Yüklə 16,98 Kb.
tarix27.01.2018
ölçüsü16,98 Kb.

Teresa Mc Clafferty (Clár 14)
1. An Buachaill Fóinteach

2. Thiar i gConnachta

3. Máire Bhán

An Buachaill Fóinteach
Nach deas an buachaill fóinteach mé lá Fómhair agus Earraigh

Bhainfinn féin an eorna agus chuirfinn romham í arís ‘na bhealaigh

Tá bláth buí ar an eorna is tá an Fómhar ar ag gabháil chun moille

‘S tá mo chéad searc gabháil romham sa ród seo is ní féidir domh a mealladh.


Tiocfaidh smúid ar an spéir ar an ghrian is ar an ghealach

Tiocaidh dalladh ar mo shúile is ní léir domh na bealaí

Tá cuachín i nGleann Éinní is ní féidir díthe pilleadh

‘S cha scarann mo ghrá go héag leat nó go dté mé is tú i dtalamh.


Bhí céile bheag óg agam ar a’ bhaile údaí thall

Agus gheall sí mé a phósadh ‘gus lig mé céile mhaith tharam.

‘S trua nach bé an bás a bhí ag gabháil romham air na bealaigh fhada

Sula d’iompóchainn cúl mo láimhe le mo chúilín bán deas atá i bhfad ó bhaile.


Is ar chuala sibh na scéaltaí a tháinig aréir chugainn ‘na bhaile.

Go bhfuil baintreach lucht na Gréige ag teacht ar féasta go Sliabh Gallainn.

Mar bhí an táilliúr beadaí bréagach teacht mar fhéirín faoina fallaing

Bhí sé súgradh lena chéile mar a bheadh sé á mealladh.


Is buachaill bocht scaite mé ag éirí amach ar maidin.

Níl dhá phingin ar an tsaol agam, tá mo phócaí fuar folamh.

Tá mo ghrua ar dhath na craoibhe is tá mo bhéilín ar dhath na heala

Stadaigí feasta de bhur bplé liom nach deas an féirín an fear fearúil.


Is trua nach bhfuil mé sna réadúin san áit a gcónaíonn an t-iolar

Is gan éinne a bheith i mo chomhair ann ach iasc na toinne brice

‘S cúig phunta a bheith sa bhliain agam is gan fiacha orm corú.
Thiar i gConnachta
Thiar i gConnachta atá mo lóistín

Nach fada ó bhaile mo theach is m’áit chónaí

Sheolfainn long ar an chéad mhí ‘fhómhar

Is chaithfinn an geimhreadh ag mo mhíle stóirín.


Chuaigh mo mhuintirsa anonn go hAlbain

A dhéanamh cleamhnais le buachaill Sasanach

Nuair a shíl mé féin ó gur stócach óg a bhí agam

Caidé fuair mé agam ann ach baintreach phósta.


Is tá fhios ag an tsaol mhór nach baintreach a b’fhearr liom

Ach stócach óg deas a mbeadh aoibh an gháire air

A labhródh liomsa go ciúin is go ceiliúr

‘S a bhéarfadh comhrá ciúin dom go mín san oíche.


Spleoid ort a chluanaí is tú a mhearaigh m’intinn

Is leat go siúlfainn thart Éirinn timpeall

Chuirfinn mo dhá lámh gheala fá do mhuineál gléigeal

Is cibé arb olc air é go mbeinnse ag caint leis.


Nach trua mé inniu agus nach trua mé amárach

Mo theach fuar folamh agus gan agam práta

Níl aon deoir bhainne agam níos gile ná an t-uisce

Tá leanbh óg agam is tá m’fhortún briste.

Scríobhfainn litir le peann is páipéar

Is níl fhios ag éinne cá bhfuil mo ghrása

Ach má tá airgead agat ná caoirigh bána.

Tabhair don leanbh iad, sé a d’ordaigh a mháithrín.


Och inniu agus och amárach

Och ‘an uile lá is chan och gan ábhar

Scéala a chuala mé go mór a chráigh mé

Is nach trom mo mhallachtsa ar an té a bhain mo ghrá domh.


Máire Bhán
’Gus bhí mé lá gan amhras siúl sráid an bhóithrín bhuí

Maidin aoibhinn shamhraidh dar liom bhí an drúcht ’na luí

Tharla dom an spéirbhean, ó sí ba bháine dlaoi

Sé mo léan géar, ’s m’ansacht í, ’sí ’n cailín í a dhóigh mo chroí.


Is trua nach bhfuil mé i Muineachán agus mé i mo cheannaí snáth

Mo mhuirnín deas in aice liom ’s níorbh fhaide liomsa an lá

Scairtfinn ar an bhiotáilte agus dhíolfadh Máire an cháin

Agus shnámhfainnse ar an fharraige dá bhfaighinnse barúil mná.


Luigh mé insa choirnéal agus beidh mé breoite tinn

Agus d’fhiafraigh mé den chailín óg an dtógfadh sí mo cheann

Tá na mílte fear i ngrá léithe go brách nach dtig chun cinn

’S má tá mé i ngrá le Máire Bhán, níl náire ar bith dom ann.


’S a stór ná bíodh ort buaireamh, brón ná briseadh croí

Ná ní ar bith den tsórt sin ach aer is spórt an tsaoil.

Dá mba liomsa a bhfuil ar an domhan mhór is i gcóraí glaise an rí

Is duitse go dtabharfainn mar fhéirín í ach éalú liom mar mhnaoi.


Cuirim litir fríd na sléibhte le scéala ionsuirthi uaim

Go bpógfainn a béilín lá aonaigh gan ghruaim.

Ná ainneoin fhearaibh Éireann bhéarfainn uirthi ruaig

’S ná raibh míle maith ’na dhiaidh sin ag lucht bréag an bhuachaill ruaidh.


Is a Mháire Bhán a thaiscí, a Mháire Bhán a stór

Dá dtiocfá thusa liomsa fríd thíortha ciúine ceo

Bhéarfainn amharc baile mhóir duit a thógfadh suas do chroí

‘Gus bhéarfainn an croí tráthnóna di le spórt agus le greann.


Is nach deas an cailín Máire Bhán a cosa agus a ceann

Tá sí múinte macánta in gach baile dá dtéid sí ann



Thug sí sway na háite léi agus d’fhág sí an Caiseal fann

Is má tá mé i ngrá le Máire Bhán níl náire ar bith dom ann.

Yüklə 16,98 Kb.

Dostları ilə paylaş:




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2020
rəhbərliyinə müraciət

    Ana səhifə