Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə8/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   4   5   6   7   8   9   10   11   ...   17

Toradh an Chuiridh

Fuarthas trí chéad agus a sé déag aighneacht, idir litreacha lámhscríofa agus cáipéisí toirtiúla, roinnt acu a raibh ráitis ag dul leo maidir le leas leanaí.


Ó dhaoine príobháideacha a tháinig 34% de na haighneachtaí. Tháinig 34% eile ó eagraíochtaí seirbhíse, grúpaí forbairt pobail agus eagrais ionadaíocha ina measc. Ó dhaoine gairmiúla i réimsí sláinte, cúram linbh, oideachais agus earnála gaolmhara eile a tháinig 28%. Eagrais stáit a chuir 4% de na haighneachtaí faoi bhráid. (Figiúr 1)

Ábhar na Tuarascála

Cabidilr 4: Na deiseanna agus na deacrachtaí a bheidh ag leanaí agus daoine óga as seo go ceann deich mbliana

Déantar cur síos sa rannóg seo ar an ábhar maidir leis an réimse deiseanna agus deacrachtaí a bheidh ag leanaí agus daoine óga go ceann deich mbliana. Déantar plé freisin ar an gceangal a déanadh idir deiseanna agus deacrachtaí sna haighneachtaí.
Caibidil 5: Struchtúir maidir le beartas agus soláthar seirbhíse
Leagtar amach sa rannóg seo an t-ábhar sna haighneachtaí a bhaineann leis na hinfrastruchtúir bheartais agus sheirbhíse a thacaíonn leis an bhfreastal a dhéantar ar leanaí. Forbairt bheartais, pleanáil agus socrú ord tábhachta agus comhordnú ag an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal áitiúil na príomhréimsí a phléitear. Déantar cur síos ar mholtaí maidir le reachtaíocht chomh maith le hábhar maidir le taighde, meastóireacht agus caighdeáin.
Caibidil 6: Freastal ar riachtanais leanaí
Seo í an rannóg is toirtiúla sa tuarascáil. Tá ábhar go leor ann maidir lenar gá a dhéanamh le freastal ar réimse leathan riachtanas atá ag leanaí. Sláinte agus leas leanaí, foghlaim leanaí agus an tacaíocht a theastaíonn ó leanaí a bhrúitear amach agus ó leanaí atá faoi mhíchumas na réimsí is mó a phléitear. Pléitear freisin le riachtanais dhaoine óga chomh fada agus a bhaineann le súgradh, caitheamh aimsire agus dul chun cinn. Déileáiltear freisin sa rannóg seo le tuairimí maidir leis an tacaíocht is gá i leith an linbh ina shaoránach gníomhach.

Caibildir 7: Cur ar chumas theaghlaigh, phobail agus lucht gairme tacú le leanaí
Tá ábhar maidir leis na bealaí ar gá tacú le teaghlaigh agus iad ag déanamh cúram de leanaí agus de dhaoine óga sa rannóg seo. Cúram linbh, tacaíocht do theaghlaigh, do thuismitheoirí agus do phobail na príomhcheisteanna a phléitear. Pléitear freisin le ceisteanna maidir le tacaíocht ghairmiúil agus cúrsaí foirne.


Graf 4
Foinsí na n-aighneachtaí ó dhaoine fásta
An Stát 12

Eagg. Pobail/Deonacha 107

Daoine Príobháideacha 108

Gairm na Sláinte 46

Gairm an Oideachais 32

Gairm Chúram Linbh 4

Daoine Gairmiúla eile 7

Ábhar na n-aighneachtaí

Ginearálta

Bhain na haighneachtaí ar fad le gné éigin de riachtanais leanaí nó le leas leanaí. Díríodh den chuid is mó ar shláinte leanaí, foghlaim agus oideachas, rannpháirtíocht leanaí ina saoránaigh gníomhacha, agus foghlaim neamhfhoirmeálta leanaí, súgradh agus caitheamh aimsire. Bhí an-bhéim ar riachtanais leanaí a bhí bocht nó faoi mhíbhuntáiste.


Déanadh tagairt do chórais tacaíochta teaghlaigh agus pobail agus bhí béim ar chúram linbh. Bhain cuid shuntasach den ábhar le leibhéil foirne, oiliúint agus cáilíochtaí.
Déanadh go leor tagairtí do chomhordú beartais, do chórais ciotacha seirbhíse agus do dhílárnú seirbhísí go dtí leibhéal an phobail áitiúil.

Béim na n-aighneachtaí

Bhí an-bhéim sa chuid is mó de na haighneachtaí ar inchur seirbhíse agus ar sholáthar seirbhíse agus go leor ag cloí leis an ngné den tseirbhís a bhfuil baint díreach acu leis. Dá bharr sin, bhí béim ar na grúpaí leanaí agus teaghlaigh ar dócha seirbhís a bheith á cur ar fáil dóibh – leanaí agus teaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste nó curtha de leataobh, leanaí atá faoi mhíchumas nó leanaí a bhfuil tinneas orthu. Bhí fonn ar go leor rannpháirtithe a chur in iúl go raibh bá acu le cás gach leanbh cé go raibh bá faoi leith acu leis na leanaí a raibh bochtanas nó míbhuntáiste eile ag goilliúint orthu.


Roinnt téamaí maidir le leanaí, a gcuid riachtanas agus ábhair bhuartha
Béim ar cháilíocht an tsaoil a mhaireann leanaí, ar an taithí saoil atá acu agus ar an gcaoi a bhfeictear seirbhísí dóibh.
Facthas go raibh tábhacht le taithí phearsanta sásúil ar sheirbhísí sláinte, ar scolaíocht agus ar sheirbhísí eile do leas agus d’fhorbairt leanaí. Ní mór do lucht soláthar seirbhísí, dá bhrí sin, freastal ar réimse leathan riachtanas agus cumas agus a fháil amach ó leanaí cén chaoi a bhfeictear na seirbhísí dóibhsean, mar chuid den obair mheasúnóireachta agus cinntiú feabhais. Bhain an bhéim ar thábhacht súgartha, forbairt chultúrtha agus aesteitice agus sábháilteacht le ceart an linbh saol d’ardcháilíocht a chaitheamh. Ba téamaí lárnacha deireadh a chur le bochtanas, mí-úsáid leanaí agus éagothroime maidir le teacht ar thacaíocht atá ina mbacanna ar shaol d’ardcháilíocht ag leanaí.
Cuireadh an bhéim ar ‘cháilíocht saoil’ in iúl sa sliocht seo a leanas:
Children are not just consumers of services; they also need genuine opportunities to relax, have fun, exercise their imagination and cultivate a sense of the aesthetic. The quality of children’s experience growing up has developmental implications for the individual, shaping their destiny in different ways. But the quality of children’s experience, collectively, also has economic, social and cultural implications for the quality of life in society generally. If we want to produce citizens and people who are adaptable, flexible, sociable, active, compassionate and creative, then we have to be concerned with the quality of experiences in childhood in which these qualities are laid down.
An leanbh ina shaoránach gníomhach
Bhí béim leanúnach ar na gnéithe éagsúla de chearta an linbh agus iad i dteideal stádas pháirtnéara agus pleanáil, soláthar agus measúnóireacht á dhéanamh ar sheirbhísí. Ag an am céanna, glacadh sna haighneachtaí leis an ngá a bhí leis na struchtúir agus na hathruithe cultúir a theastaíonn le freastal ar pháirt an linbh ina shaoránach gníomhach agus leis na scileanna a theastaíonn ó leanaí agus ó dhaoine fásta lena aghaidh sin.
Roinnt téamaí maidir leis an teaghlach agus an pobal
Tacaíocht don leanbh taobh istigh den teaghlach agus den phobal áitiúil
Tagraíodh sna haighneachtaí don ghá atá le tacaíocht ginearálta don teaghlach agus, go háirithe, do thuismitheoirí agus le cúnamh le cois do theaghlaigh atá i mbaol. Cuireadh an bhéim ar chórais tacaíochta áitiúla i measc an phobail agus an phleanáil agus an soláthar á dhéanamh i gcomhar le daoine áitiúla, go háirithe na daoine óga iad féin. Ba cheart a chur ar chumas an phobail áitiúil cuma a chur ar na seirbhísí. Bhí an-bhéim ar sheirbhísí dí-lárnaithe agus comhordú déanta orthu ionas go bhfeicfí do theaghlaigh go raibh siad gan siúnta.
Roinnt téamaí maidir le beartas agus soláthar seirbhíse
Comhordú, iomlánú agus loighic
Ceann de na téamaí a raibh béim air, an gá atá le cur chuige comhordaithe, iomlán le freastal ar riachtanais leanaí trí comhordú beartais agus obair eadar-rannach agus eadar-eagrais. Is gá struchtúir loighiciúla, comhordaithe le cur leis sin chomh maith le deireadh a chur le bearnaí, séanais agus scaipeadh ar sholáthar beartas agus seirbhíse.
Cur chuige uileghabhálach ag leibhéal an phobail
Ba cheart freastal ar riachtanais ar bhealach nach dtarraingíonn náire ar leanaí aonair ná ar phobail faoi leith. Thiocfadh laghdú go fadtéarmach ar leibhéal na ngíomhaíochtaí práinne de bharr straitéis seachanta agus ní bheadh oiread costais i gceist agus dhéanfadh sé freastal ar na leanaí ar fad agus na teaghlaigh ar fad in aon phobal faoi leith.

Dóchas maidir leis an Straitéis Náisiúnta do Leanaí
Bhí an-fháilte ag gach duine roimh an Straitéis Náisiúnta do Leanaí agus moladh ar an Rialtas as tabhairt faoi, mar is léir ón sliocht seo a leanas:
The development of the National Children’s Strategy presents a unique opportunity for consultation and strategic policy development on all aspects of lives of children and young people. The inevitably complex executive and administrative issues associated with this process must not overlook the significance of this opportunity.
Bhain éagsúlacht leis na rudaí a bhfuiltear ag súil lena bhfeiceáil sa Straitéis agus á gcur i bhfeidhm dá bharr. Ina measc, bhí straitéisí maidir le réimsí áirithe ar nós ealaín, comhordú idir seirbhísí reachtúla agus deonacha d’ógánaigh agus straitéis maidir le cearta leanaí.
Chomh maith leis sin bhí súil go socrófaí spriocanna díreacha sa Straitéis maidir le ceisteanna ar nós deireadh a chur le bochtanas leanaí, ógánaigh gan dídean agus córas ionaid acmhainí teaghlaigh a bhunú.
Ar leibhéal eile, tá súil go leagfar amach sa Straitéis an aisling maidir le ionad na leanaí i saol na hÉireann. Tá dearcadh amháin maidir leis an aisling sin á chur in iúl sa sliocht seo a leanas:
Although the Strategy should advocate equality of opportunity and a universal adherence to high quality service provision, a rigid and standardised vision of the desirable developmental pathway for all children should be avoided. Children’s differences should be celebrated and given scope to flourish whether they be ethnic differences, religious differences, differences of talent and preferences.
Go ginearálta, tá súil ag na rannpháirtithe a thagair do scóp na Straitéise go mbeidh sí ina Straitéis do ghach leanbh agus ógánach (suas go dtí ocht mbliana déag), ach go mbeidh béim ar leith ar chás na leanaí atá faoi mhíbhuntáiste.
Forbairt agus cur i bhfeidhm na Straitéise
Táthar ag súil le próiséas comhairle leanúnach, uileghabhálach agus an Straitéis á forbairt agus á cur i bhfeidhm. Tá comhairle le leanaí agus bunú struchtúir le haghaidh na comhairle sin an-tábhachtach sa phróiséas sin.
Beidh gá le reachtaíocht, beartais agus acmhainí a shocrú leis an Straitéis a chur i gcrích. Táthar ag éileamh airgeadaithe agus reachtaíocht a thacóidh leis na moltaí sa Straitéis. Mar shampla:
While we welcome the advent of a National Strategy, we want to emphasise that the Strategy will be a paper exercise unless appropriate legislation and State policies are put in place and adequate funding made available to provide integrated, community-based services and development opportunities for children and their families.
Moltar go mbeadh straitéis leanúnach cumarsáide ann maidir leis an dul chun cinn i mbaint amach spriocanna na Straitéise, chomh maith le modhanna foirmeálta measúnóireachta, tuairiscithe agus athbhreithnithe.

Caibidil 4

Deiseanna agus Dúshláin atá amach roimh Leanaí agus Dhaoine Óga.


Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   4   5   6   7   8   9   10   11   ...   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin