Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə14/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17

Luathfhoghlaim
Idirdhealú tiarnúil is ea an t-idirdhealú maidir le luathfhoghlaim agus luathchúram, agus bíonn trasnaíl éigin idir na hábhair a ndéantar cur síos orthu anseo agus ábhar eile faoi chúram leanaí ina dhiaidh seo.
Rochtain

Ba é an rud a bhí á lorg ná go mbeadh rochtain ag na leanaí go léir sa réimse 3-5 bliana d’aois ar an luathoideachas. Áitíodh gur chóir go mbeadh méadú mór ar an tacaíocht stáit do na réamhscoileanna agus dúradh go raibh an soláthar in Éirinn don aoisaicme sin an-íseal i gcomparáid le tíortha eile san Eoraip. Iarradh go mbeadh soláthar cuimsitheach ann agus sainsoláthar do leanaí áirithe a bhfuil riachtanais ar leith acu.


Rinneadh an cás in aighneacht amháin go mbeadh raon leathan tacaí ann don ghréasán naíonraí Gaeilge atá ann agus moladh go gcuirfí leis an gcineál sin réamhscoile.
Ábhar an chláir

Áitíodh nach mór an polasaí náisiúnta ar an luathoideachas do leanaí a fhorbairt bunaithe ar chur chuige iomlánach maidir le riachtanais forbraíochta leanaí agus ar bhonn phrionsabal na cothromaíochta agus na rochtana.


Leagadh béim mhór ar an imirt mar mhodh foghlama. Ceapadh go raibh an luathimirt ar ardchaighdeán ina bhunús maith don fhoghlaim saoil agus d’iompar dearfach sóisialta. Luadh an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir an imirt agus an toradh a bhaint amach. D’fhéadfadh an réamhscoil cuidiú maidir le fadhbanna litearthachta a sheachaint agus maidir le deis a thabhairt fáthmheas agus idirghabháil luath a dhéanamh.
Foireann

Bhí éagsúlacht ann sa raon tuairimí a nochtadh faoin inchur gairmiúil sa luathoideachas. Luaitear múinteoirí cáilithe, ceannairí oilte imeartha, síceolaithe, teiripigh imeartha agus teiripigh cheirde mar dhaoine a mbíonn a gcion le déanamh acu chun an luathoideachas a sholáthar.


An Leanbh mar Chomhpháirtí sa Phróiseas Teagaisc/Foghlama
Rinneadh an cás i roinnt aighneachtaí go n-aithneofaí an leanbh mar chomhpháirtí sa phróiseas scolaíochta agus mar chomhpháirtí leis.

Réimsí rannpháirtíochta

Luadh sna haighneachtaí roinnt réimsí de shaol na scoile agus an oideachais i gcoitinne ina bhféadfadh leanaí rannpháirtíocht ghníomhach a bheith acu. Ardaíodh freisin an gá atá le rannpháirtíocht daoine óga i réimsí den pholasaí oideachais agus den chinnteoireacht, sa phróiseas measúnachta agus sna scoileanna agus sa phleanaíl scoile. Luadh freisin an gá atá le córas neamhspleách chun aighnis i scoileanna a réiteach freisin.


Sásraí le haghaidh na rannpháirtíochta

Díríodh aird i roinnt aighneachtaí ar fhorálacha an Achta Oideachais, 1998, maidir le rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i saol na scoile. I gceann amháin go háirithe cáineadh forálacha an Achta agus dúradh go ndéantar iarracht éigin san Acht glór a thabhairt do dhaoine óga ach gur iarracht choinníollach í, rud a léiríonn ‘dearcadh an-chúngaithe ar chearta agus ar stádas leanaí agus daoine óga sna scoileanna’. Luadh na teorainneacha a bhaineann le scóp na gcomhairlí scoile ag an dara leibhéal san aighneacht seo a leanas:


San Acht Oideachais (1998, Alt 27), spreagtar (seachas ceangal a chur orthu) boird scoile (ag an dara leibhéal) tar éis dóibh aois agus taithí na mac léinn a mheas, i gcomhar le múinteoirí agus tuismitheoirí, comhairlí mac léinn a bhunú agus tá d’údarás acu rialacha a dhréachtadh do bhunú na gcomhairlí sin.
Cuireadh argóint chun cinn san aighneacht sin ar son comhairlí mac léinn ag an mbunleibhéal, rud atá bunaithe san argóint oideachais agus sóisialta chomh maith leis an ngá atá ann an daonlathas rannpháirteach a chur chun cinn:
Is ionann leanaí bunscoile a eisiamh as na struchtúir sin, áfach, agus ní amháin a gcumas a lagú mar dhaoine a bhíonn ag smaoineamh, ag gníomhú, ag machnamh, ach baineann sé den iarracht na scileanna criticiúla a fhorbairt iontu ar chóir a bheith ag gach saoránach a mhaireann i sochaí iolraíoch. Déanfaidh leanaí a bhfuil taithí acu ar an daonlathas a fheiscint i bhfeidhm coincheapanna cothromaíochta, éagsúlachta agus measa a thógaint mar chuid den saoldearcadh a bheidh acu. A luaithe a tharlaíonn sé seo is fearr a rachaidh sé i bhfeidhm ar a bhforbairt eolghaiseach agus shóisialta.
D’fhéadfadh an comhairliu le leanaí agus daoine óga ar scoil a bheith i gcló dáil chomhairle dhíreach leo ar thionscnaimh shonracha agus tógaint bunachar ionadaíoch de léargais leanaí ar an gcóras oideachais.
In aighneacht amháin, cuireadh síos ar uirlis nua taighde a bhí á tástáil chun leibhéil sásaimh leanaí lena dtaithí ar an saol sna seirbhísí ospidéil a chinntiú. Dúradh:
Tá an tuiscint ag fás i measc gairmiúlach liachta faoi láthair faoin tábhacht a bhaineann le tuairimí an othair a lorg agus táthar ag úsáid suirbhéanna sásaimh othar mar chuid de na nósanna imeachta chun an caighdeán a mheas. Tá claonadh i gcuid mhaith den méid atá scríofa go dtí seo díriú ar othair fhásta agus déantar faillí dá bharr ar dhearcadh agus taithí na leanaí.
Tá cur chuige bunaithe ar an leanbh glactha chuige féin ag an tionscadal taighde sin chun uirlis a cheapadh a bheidh bunaithe ar riachtanais agus cumais na leanaí.
6.3 Ag Tacú le Leanaí atá faoi Mhíchumas

Ardaíodh ceisteanna i gcúig faoin gcéad de na haighneachtaí faoi na tacaí a bhíonn de dhíth ar leanaí agus daoine óga atá faoi mhíchumas. Bhain an chuid ba mhó ar fad díobh sin le deiseanna oideachais. Ábhar buartha eile ab ea comhordú agus soláthar na seirbhíse. Luadh nithe a bhain le seirbhísí sláinte, rochtain, teicneolaíocht faisnéise agus spórt/áineas ach níor luaigh ach mionlach iad sin. Ardaíodh freisin na hábhair buartha ar leith atá ag roinnt daoine óga a bhfuil míchumais áirithe orthu.
Deiseanna Oideachasúla do Leanaí agus do Dhaoine Óga atá faoi Mhíchumas
Cuimsitheacht

Tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara gurb í an t-aon rogha oideachasúil a cuireadh san áireamh dáiríre sna haighneachtaí maidir leis an soláthar oideachais do leanaí atá faoi mhíchumas

ná iad a chur sna gnáthscoileanna.
Ba chóir go mbeadh an leibhéal céanna rochtana agus seirbhíse ar fáil do leanbh atá faoi mhíchumas in áit ar bith sa tír, a dúradh. Léiríodh buairt faoin soláthar seirbhísí réamhscoile - idir ghnáth-réamhscoileanna agus sain-réamhscoileanna.
Luadh an gá atá ann go ndéanfaidh na scoileanna pleanáil go soiléir chun leanaí faoi mhíchumas a chur san áireamh. Arís, bhíothas den tuairim go mbeadh an Plean Scoile oiriúnach chuige sin. Moladh eile a bhí ann ná go mbeadh tacaíocht airgeadais ceangailte le hathchóiriú pleanáilte sonrach agus go mbronnfaí comhartha ‘Dearfach don Mhíchumas’ an NRB ar scoileanna a chuimsíonn leanaí faoi mhíchumas. Bhíothas den tuairim freisin go dtabharfadh maoiniú dírithe ar an mac léinn seachas ar an scoil an deis don mhac léinn rochtain a fháil ar a rogha scoile.
Aithníodh raon leathan tacaí don chuimsitheacht a bheith i gceist. Orthu sin, bhí taca teagaisc (ag an dara leibhéal go háirithe), teicneolaíocht chuiditheach, agus iompras scoile feabhsaithe agus deontais fheabhsaithe iomprais.
An soláthar sláinte agus oideachais a chomhiomlánú

Ardaíodh ceist faoi sholáthar comhiomlánaithe na tacaíochta do shláinte leanaí agus don teagasc/fhoghlaim. Áitíodh in aighneacht amháin gur chóir go mbeadh disiplín san áireamh i seirbhís iomlánach do leanaí atá faoi mhíchumas mar chuid den ‘bheart oideachais’ a bheadh ann dóibh agus ba chóir don Roinn Oideachais agus Eolaíochta í a chur ar fáil.


Seirbhísí áitiúla

Leagadh béim sna haighneachtaí ar an ngá atá ann na seirbhísí comhiomlánaithe sin a sheachadadh go háitiúil - a riachtanaí atá sé an tseirbhís a thabhairt chuig an leanbh seachas an leanbh a thabhairt chuig an tseirbhís. Is téama é sin ar díríodh aird air cheana maidir leis an soláthar seirbhíse ginearálta. I gcomhthéacs na scolaíochta do leanaí atá faoi mhíchumas, is é an ghné bhreise ná an tslí a bhféadfaí an smál a bhíonn ar leanaí arb éigean dóibh imeacht go luath ón scoil chun freastal ar choinní, agus an chailliúint ama theagaisc a bhaineann leis sin, i dteannta na tuirse a thagann ar leanaí faoi mhíchumas a mbíonn orthu taisteal achar fada le haghaidh seirbhísí.




Ardaíodh i roinnt aighneachtaí an gá atá le hamanna feithimh do theiripigh urlabhra agus theanga a laghdú agus an tseirbhís sin a chur ar fáil go luath.
Comhordú

Ba chóir barr-oibrí nó comhordaitheoir acmhainní leanaí a shannadh do leanaí. Ba é ról an barr-chomhordaitheora ná rochtain a aithint agus a sholáthar do gach seirbhís oideachais agus taca cúraim le haghaidh an linbh atá faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh.


Cláracha foghlama

Is beag a dúradh dáiríre faoi ábhar na gcláracha foghlama do leanaí atá faoi mhíchumas. Tá gá le straitéisí eile don Oideachas Fisiciúil le haghaidh leanaí i dteannta trealaimh chuí chun gur féidir leanaí a áireamh sa chlár Oideachais Fhisiciúil. Luadh freisin ábhair oideachais ghnéis i leagan amach inrochtana do leanaí bodhra agus do thuismitheoirí bodhra. I gcoitinne, déantar an cás ar son cláracha samhlaíocha, cruthaitheacha foghlama i scoileanna agus in ionaid chónaithe lena mbaintear leas as na cumais chruthaitheacha atá ag daoine óga atá faoi mhíchumas. Aithníodh an dúshlán atá roimh an gcóras oideachais freastal ar an mbuíon ‘nua’ leanaí atá faoi dhianmhíchumais throma foghlama.


Riachtanais áirithe

Ardaíodh riachtanais leanaí bodhra agus luadh raon moltaí chun freastal ar na riachtanais sin. Leagadh béim in aighneacht amháin ar cheart rochtana leanaí bodhra ar a dteanga agus a bhféiniúlacht féin. Ardaíodh freisin riachtanais áirithe leanaí atá faoi éalang radhairc, leanaí a bhfuil deacrachtaí iompair acu agus leanaí a bhfuil diabaetas orthu agus ábhair a bhaineann leis sin. Ar na pointí a rinneadh i dtaobh riachtanais leanaí a bhfuil míchumais forbraíochta orthu bhí an gá atá le rochtain ar shaoráidí spóirt agus áineasa a oireann dóibh.


Iarradh go gcuirfear maoiniú ar fáil le haghaidh soláthar suíochán, áiseanna teicniúla agus géaga saordha do leanaí atá faoi mhíchumas fisiciúil agus go ndéanfaí ‘athruithe raidiciúla d’fhonn a áirithiú go dtabharfar aghaidh go cuimsitheach ar riachtanais agus dóchais daoine atá faoi mhíchumas, a dteaghlach agus a gcúramóirí agus a lucht áitimh.’
6.4 Leanaí atá Imeallaithe
Ba í an phríomhbhéim san ábhar seo ná na tacaí atá ag teastáil le haghaidh ceithre aicmí - leanaí a bhfuil cúram agus cosaint de dhíth orthu, leanaí gan dídean, leanaí inimirceoirí agus leanaí agus daoine óga a bhíonn i dtrioblóid leis an dlí. Iarradh go ndíreofaí níos mó ar choisceadh agus idirghabháil luath d’fhonn an gá a bhíonn le hidirghabháil ghéarchéime a laghdú.
Luadh an gá atá le seirbhísí éigeandála éifeachtacha agus, go háirithe, rochtain ar sheirbhísí taca ‘tar éis uaire oibre’ agus um deireadh seachtaine. Ní mór a fhios a bheith ag na leanaí féin cén áit a gheobhaidh siad cabhair.
Leanaí a bhfuil Cúram agus Cosaint de Dhíth orthu

Ar na saincheisteanna a ardaíodh faoi leanaí a bhfuil cúram agus cosaint de dhíth orthu bhí na cinn seo a leanas:


An creat dlí chun leanaí a chosaint agus cearta an linbh a bhaintear as an teaghlach

Riachtanais chóiríochta leanaí nach bhfuil lena dteaghlach

Leanaí atá faoi mhíchumais foghlama

Oibriú na gCúirteanna
Creata dlí

Is láidre cearta daoine fásta agus teaghlach, a dúradh i gcomhthéacs cúraim leanaí, ná cearta leanaí ‘agus d’fhéadfadh sé a bheith de thoradh air sin go gcuirtear leanaí ar ais i suíomhanna contúirteacha’. Bhíothas den tuairim go raibh athruithe bunreachtúla agus dlí ag teastáil chun ‘neamhfheictheacht bunreachtúil an linbh’ a bhaint (155).


Moladh an post mar Oifigeach um Chearta Leanaí sa sliocht seo a leanas:
Molaimid go dtabharfaí isteach na postanna mar Oifigeach um Chearta Leanaí agus go mbeidís ar fáil ar fud na hÉireann. Ba chóir go mbeadh na postanna seo neamhspleách ar bhoird sláinte agus gníomhaireachtaí eile atá páirteach i soláthar seirbhísí do leanaí. Ba chóir go mbeadh freagrachtaí speisialta ar oifigigh as leanaí atá faoi chúram cónaitheach agus altramais. Ní mór nós imeachta gearán do leanaí a bheith ann a bheadh trédhearcach, inrochtana, neamhspleách agus feidhmeach.
Leanaí nach bhfuil lena dteaghlach

Bhí plé mór ann faoin bhfreagairt ba cheart a bheith ann do riachtanais chóiríochta leanaí nach féidir leo cónaí sa bhaile. Ar na saincheisteanna a ardaíodh bhí:


Mí-oiriúnacht thimpeallacht an ospidéil chun cóiríocht a sholáthar do leanaí a bhfuil cúram de dhíth orthu

An gá atá le saoráidí cónaithe breise feabhsaithe le haonaid do líon nach mó ná cúigear

An gá atá leis na féidearthachtaí maidir le haltramas oscailte a scrúdú

An gá atá le haltramas áitiúil

An gá atá le ‘rochtain ómósach’ do thuismitheoirí leanaí atá bainte as timpeallacht an teaghlaigh.
Ardaíodh riachtanais leanaí agus daoine óga atá ag imeacht ó chúram. I gcomhthéacs a bhfuil foghlamtha againn faoina laige ’s atá siad, ba chóir tacaí móra a thabhairt dóibh, san ullmhúchán chun imeacht ón gcúram agus ina dhiaidh.
Leanaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu

Bíonn leanaí agus daoine óga a bhfuil deacrachtaí foghlama acu ar oscailt go mór don mhí-úsáid agus don fhaillí toisc go mbíonn siad scoite amach go sóisialta, go bhfuil droch-chumarsáid agus drochscileanna sóisialta acu, go mbraitheann siad go mór ar chúramóirí fásta agus go mbíonn siad teoranta ó thaobh gluaiseachta de. Cé gur aithníodh gur chuidigh na Treoirlínte um Chosaint agus Leas Leanaí a foilsíodh le déanaí chun an scéal a shoiléiriú, is gá aird níos fearr a thabhairt ar chineál agus leagan amach na mí-úsáide a fhulaingíonn daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu.


Oibriú chóras na gcúirteanna

Ardaíodh oibriú chóras na gcúirteanna i roinnt aighneachtaí freisin i ndáil le cosaint leanaí. Leagadh béim ar thábhacht na seirbhíse Caomhnóir ad Litem agus iarradh go gcuirfí seirbhís chuimsitheach iomlán ar fáil; tá an tuairim ann nach bhfeidhmíonn an tseirbhís ag leibhéal na cúirte dúiche, agus tá éileamh ann go mbeadh treoirlínte náisiúnta ann i dtaobh oibriú na seirbhíse; léiríodh buairt faoin easpa tola a dhealraigh a bheith ann ionchúiseamh a dhéanamh i gcás leanaí an-óga ‘fiú amháin i gcás go raibh admháil déanta gur tharla mí-úsáid don leanbh’.
Pléadh eispéireas na leanaí i gcóras na gcúirteanna. Déantar amach go ndéanann na tréimhsí feithimh dochar do leanaí agus leagadh béim ar an ngá atá ann go mbeidh na nósanna imeachta cúirte ‘cairdiúil le leanaí’.
Leanaí agus Daoine Óga gan Dídean agus ‘as an Teaghlach’
Cé go ndearnadh tagairt i roinnt aighneachtaí do leanaí gan dídean, bhí an chuid ba mhó den ábhar sin i roinnt bheag aighneachtaí ó ghníomhaireachtaí a bhfuil cúram ar leith orthu tacú le daoine gan dídean.
Cuireadh síos ar fhorleitheadacht fhadhb na leanaí gan dídean agus ainmníodh na haicmí leanaí a bhí ‘i bpriacal’. Dúradh go raibh taighde chun dáta ag teastáil. Rinneadh léirmheas forleathan ar an gcóras atá ann faoi láthair agus cuireadh síos ar chóras cuimsitheach a chlúdaíonn an creat dlí, coisceacht, seirbhísí agus iarchúram. Ar an mórgóir, clúdaíodh na saincheisteanna agus na hábhair buartha a ardaíodh in aighneachtaí eile sa straitéis mholta sin.
Tá níos mó i gceist le riachtanais daoine óga gan dídean seachas soláthar cóiríochta - ní mór tabhairt faoi iarchúram, tithíocht, sláinte, oideachas agus riachtanais fostaíochta ar bhealach iomlánach. Leagtar béim ar shaol daoine óga a mbíonn orthu maireachtaint ar leithligh ón teaghlach ag aois níos óige ná mar a dhéanann formhór na ndaoine óga.
Cuirtear síos ar an tseirbhís iomlánach a d’fhéadfadh a bheith i gceist:
Le straitéis chur chun cinn sláinte a fheidhmiú i soláthar seirbhísí do dhaoine óga nach bhfuil sa bhaile, bheadh soláthróirí seirbhíse ábalta díriú ar rannpháirtíocht níos mó ag daoine óga, ar chumhachtú, ar rialú pearsanta a mhéadú agus ar thairbhe dearfach sláinte agus sóisialta.
Riachtanais Leanaí Inimirceach
Theastaigh ó roinnt aighneachtóirí go mbeadh acmhainní agus saoráidí feabhsaithe ann do leanaí inimirceach. Ar na tacaí a bhí i gceist, bhí oibrithe taca teaghlaigh, gutháin a bhféadfadh leanaí de chuid mionlach eitneach iad a úsáid chun cabhair a fháil, ateangairí agus teagasc teanga. Áitíodh nár chóir córais dearbhán a úsáid ach amháin chun cur le liúntais. Iarradh go mbeadh tacaíocht ann go háirithe do theifigh mionúir gan tionlacan.
Iarradh in an-chuid aighneachtaí go mbeadh cláracha oiliúna agus forbartha ann d’fhoireann na n-eagraíochtaí chun obair ilchultúir a dhéanamh nó chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas.
Leanaí agus Daoine Óga a bhíonn i dtrioblóid leis an dlí


Séard a bheadh i straitéis chuimsitheach chun cosc a chur le daoine óga a bheith i dtrioblóid leis an dlí, a dúradh, ná cur chuige comhordaithe ina mbeadh ról nár bheag ag na seirbhísí don aos óg agus ag clubanna agus tionscadail. Chuideodh seirbhísí iarscoile i limistéir atá faoi mhíbhuntáiste freisin. Tá ról tábhachtach coisceach ag an tSeirbhís Probhaidh agus Leasa i measc an phobail. D’éirigh go maith leis an scéim tadhaill ógánach maidir le cuidiú le daoine óga ciontú a sheachaint.
Moladh in aighneacht amháin go mbeadh samhail nua raidiciúil ann le haghaidh an cheartais d’ógánaigh. De réir na haighneachta sin, bhainfeadh samhail den sórt sin an chuid is mó de na hógchiontóirí as an gcóras gardaí/cúirteanna/oifig tadhaill ógánach agus chuirfeadh sé i gcóras freagratha leasa iad a bheadh an-soiléir. Dúradh an méid seo a leanas:
Tá cur amach maith in Éirinn ar na córais a oibrítear in Albain agus sa Nua-Shéalainn agus ba chabhair é dá bhféadfaí samhail chuí a chur ar aghaidh tríd an Straitéis do chás na hÉireann.
Moladh go ngníomhófaí go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sna hionaid chónaitheacha, go háirithe do chiontóirí óga mná faoi bhun ocht mbliana déag d’aois, agus moladh go mbeadh dianchóireáil ann do dhaoine óga a bhfuil riachtanais ar leith acu.
6.5 Deiseanna Imeartha, Áineasa agus Forbartha do Dhaoine Óga
San ábhar a bhaineann leis an luathfhoghlaim, luadh an fhadhb a bhaineann le hidirdhealú a dhéanamh maidir le cúram agus foghlaim. Tagann ceist den sórt céanna chun cinn leis an ábhar a bhaineann le himirt, áineas agus obair don aos óg. Leagadh béim sna haighneachtaí ar ghné-raonta foghlama na himeartha do leanaí agus na oibre don aos óg. I roinnt de na haighneachtaí a bhain leis an obair don aos óg, leoga, rinneadh an cás le haghaidh ‘béim níos mó ... ar shamhail shoch-oideachasúil den obair don aos óg, murab ionann is samhail áineasúil amháin don obair sin.’
Pléitear leis an ábhar sa chuid seo le sraith ábhar buartha agus riachtanas - an gá atá le saoráidí fisiciúla don imirt agus don áineas, agus nithe i bhfad níos casta a bhaineann le ról na hoibre don aos óg i bhforbairt daoine óga agus i gcoisceadh an mhíbhuntáiste agus aghaidh a thabhairt air. Ina theannta sin, tá an tsraith a bhaineann le haois - ó riachtanais imeartha daoine óga go dtí riachtanais déagóirí is sine agus daoine óga.
Déantar an pointe is leithne ó thaobh eagrúcháin de i ndáil leis na seirbhísí agus na riachtanais sin go léir nach mór dul i gcomhairle le daoine óga, tuismitheoirí agus leis an bpobal maidir leis an soláthar.
Is faoi na ceannteidil seo a leanas atá an t-ábhar:
Ról na hoibre don aos óg

Saoráidí agus acmhainní ginearálta don imirt, don áineas agus don fhorbairt.


Ról na hOibre don Aos Óg agus Acmhainniú na hOibre sin
Leagadh amach áit na hoibre don aos óg ar an speictream foghlama in aighneacht inar leagadh amach sainmhínithe ar an oideachas foirmeálta, neamhfhoirmeálta agus seachfhoirmeálta mar a leanas:


Oideachas foirmeálta: sin é an córas oideachais atá struchtúrtha faoi ardlathas, atá leagtha amach in ord ama agus a ritheann ón mbunleibhéal go dtí institiúidí tríú leibhéal.

Oideachas neamhfhoirmeálta: sin é an próiseas lena bhfaigheann gach duine dearcadh, luachanna, scileanna agus eolas óna dtaithí laethúil - teaghlach, cairde, lucht comhchéime, na meáin agus tionchair eile - agus tosca i dtimpeallacht an duine.

Oideachas seachfhoirmeálta: sin é an ghníomhaíocht oideachasúil eagraithe lasmuigh den chóras foirmeálta bunaithe atá ceaptha freastal ar chliaint inaitheanta a bhfuil cuspóirí inaitheanta foghlama acu.
Leagadh béim sna haighneachtaí ar an ról an-tábhachtach a imríonn na hógeagraíochtaí sa leibhéal oideachais seachfhoirmeálta seo. Béimníodh a riachtanaí atá sé an ról sin a aithint agus a acmhainniú.
Rinneadh an cás ar son caidrimh níos fearr idir na córais fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta oideachais agus cláracha chun go bhfreastalóidís ar a chéile.
Meastar go gcuidíonn an saghas sin oibre ar mhórán bealaí chun daoine óga a fhorbairt. Ach meastar freisin go bhfuil dlúthbhaint aici le tacaíocht a thabhairt do theacht chun cinn ceannairí pobail, toisc go dtaispeánann sé rólanna do dhaoine óga ar féidir aithris a dhéanamh orthu agus go spreagann sé tiomantas agus córais dea-luachanna. Léiríonn an ráiteas seo a leanas an tslí go dtacóidh an Straitéis Náisiúnta do Leanaí lena chuid oibre forbartha don aos óg:
Le forbairt an aosa óig, séard atá i gceist againn ná níos mó a bheith ar eolas, a bheith ábalta níos mó a dhéanamh, agus a bheith níos mó. I bhfocail eile, tagraítear d’fhorbairt an eolais, d’fhorbairt an chumais agus d’fhorbairt na gcáilíochtaí saindaonna úd ar léiriú iad ar an rud is fearr i nádúr an duine. Ar na cáilíochtaí sin, tá an chruthaitheacht, an meas ar dhínit an duine, suim ghníomhach sa leas coitianta, caighdeáin eiticiúla a fheabhsú go pearsanta agus a leithéid. Forbairt chumas an duine atá i gceist chun gur féidir don duine a chumas pearsanta féin a chomhlíonadh agus a áit nó a háit a ghlacadh mar bhall gníomhach luachmhar den tsochaí.
In aighneacht amháin, leagtar amach go soiléir an tslí a samhlaíonn na haighneachtóirí a dtacóidh an Straitéis Náisiúnta do Leanaí lena gcuid oibre forbartha don aos óg:
Teastaíonn uainne go ndéanfaidh an Straitéis Náisiúnta do Leanaí comhordú a chothú agus a chur chun cinn arna chur ar fáil ag gníomhaireachtaí reachtúla agus fíor-chomhpháirtíochtaí idir na hearnálacha deonacha agus na hearnálacha reachtúla i bhforbairt na Seirbhíse don Aos Óg sa todhchaí. Ina theannta sin, teastaíonn uainn go ndéanfaí na prionsabail sin a dhaingniú sa reachtaíocht chuí.
Saincheisteanna acmhainní

Luadh sna haighneachtaí an méid acmhainní atá ag teastáil le haghaidh obair na n-ógeagraíochtaí. Orthu sin, tá ionad acmhainní don aos óg a bheadh á bhainistiú go gairmiúil i ngach pobal, bunmhaoiniú d’obair leanúnach chomh maith le tionscadail, oifigeach ainmnithe



don aos óg i ngach club a bheadh oilte chun daoine a earcú, agus aitheantas fostóirí don obair, trí am saor a thabhairt le haghaidh oibre i ngníomhaíochtaí áirithe don aos óg.
Moladh gur chóir boinn chomparáide le haghaidh mhaoiniú na hoibre sin a bhunú trasna na ranna rialtais agus na ngníomhaireachtaí reachtúla go léir.

Is gá aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do raon forleathan éagsúil gníomhaíochtaí. Ar na gníomhaíochtaí sin, tá cláracha oidí don aos óg ar bhonn duine le duine, obair ealaíne don aos óg, cláracha oideachais lucht comhchéime agus tacaíocht iarscoile. Rinneadh an cás freisin le haghaidh tionscadail rathúla a chur isteach i lár an aonaigh sna réimsí sin.
Cuireann an bonn maoinithe atá faoi roinnt de na heagraíochtaí - na gasóga mar shampla (áit a dtugann na daoine óga síntiús i gcomhair na hoibre) - cosc leo a bheith ag obair le daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste. Meastar gur gá maoiniú poiblí agus ilghníomhaireachta a chur ar fáil chun cuidiú leis na heagraíochtaí sin rochtain ar a gcuid gníomhaíochtaí a thabhairt do gach duine óg. Déantar an cás le haghaidh tacaíochta do thionscadail samhraidh.
Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin