Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta 2014 –2018



Yüklə 0,98 Mb.
səhifə16/26
tarix27.12.2018
ölçüsü0,98 Mb.
#86832
1   ...   12   13   14   15   16   17   18   19   ...   26

4.5 Seirbhísí cúraim


      1. 4.5.1 Cúram faoisimh

Mar thoradh ar chineál casta agus ilsistéamach roinnt galar neamhchoitianta agus, chomh maith leis sin, ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an riocht ar níos mó ná duine amháin de theaghlach áirithe (tuismitheoir agus/nó deartháireacha/deirfiúracha), is féidir le rochtain ar chúram faoisimh a bheith ina ghné thábhachtach i dtaca le laghdú a dhéanamh ar strus agus feabhas a chur ar cháilíocht na beatha do theaghlaigh/chúramóirí daoine ar a bhfuil galar neamhchoitianta.
Tá roinnt samhlacha agus cur chuige de chineál éagsúil ann maidir le seirbhísí trína dtairgtear cúram faoisimh i leith tinneas agus i leith riochtaí i gcoitinne in Éirinn. Ina measc sin, áirítear an méid seo a leanas:

        • cúram faoisimh atá lonnaithe i lárionad (lárionaid chúraim lae);

        • cúram faoisimh de chineál cónaitheach;

        • cúram sa bhaile;

        • i ndianchásanna, bíonn gá le saoráidí cúraim faoisimh i suíomh ospidéil géarmhíochaine;

        • cúram gearrthéarma thar oíche (e.g. cúram thar oíche ar bhonn ócáideach nó uaineach sa bhaile).

I gcásanna áirithe, oireann an cúram faoisimh a sholáthraítear le haghaidh tinneas agus riochtaí eile sa tsochaí do riachtanais daoine ar a bhfuil galar neamhchoitianta. I gcás roinnt galar neamhchoitianta, áfach, d’fhéadfadh sé go bhfuil gá le hoiliúint speisialta nó le hoiriúnuithe. Faoi láthair, níl ach líon beag lárionad cúraim lae ann a sholáthraíonn cúram sa lárionad féin agus níl cúram ar fáil ach amháin i ndáil le líon beag bídeach riochtaí neamhchoitianta. In Earrach na bliana 2013, osclaíodh Liam’s Lodge, i dTrá Lí, Co. Chiarraí, mar an chéad sain-lárionad náisiúnta faoisimh agus oiliúna de chuid na hÉireann i réimse na neamhord géiniteach agus neamhchoitianta (féach www.liamslodge.com). Is é atá ar intinn ná go ndéanfar roinnt ama do theaghlach uile linbh ar a bhfuil riocht géiniteach nó neamhchoitianta, is é sin, deis chun am a chaitheamh le chéile i dtimpeallacht shuaimhneach shábháilte ina dtuigtear an staid ina bhfuil an teaghlach agus riachtanais an teaghlaigh. Ta lucht an tionscadail i mbun cainteanna le TCD, le UCD, le UCC agus le hInstitiúid Teicneolaíochta Thrá Lí maidir le creidiúnú chláir oiliúna an lárionaid do ghairmithe liachta, do mhic léinn liachta agus do sholáthróirí cúraim ghairmiúil/neamhghairmiúil.


Is é Moladh an Ghrúpa Stiúrtha :

  1. Go mbeidh cúram faoisimh cónaitheach ar fáil do leanaí ar a bhfuil galar neamhchoitianta.














































      1. 4.5.2 Cúram maolaitheach

POINTÍ MÓRTHÁBHACHTACHA ÓN bPRÓISEAS COMHAIRLIÚCHÁIN

Cúraim ag deireadh an tsaoil


  • Leag na freagróirí béim ar an ngá le forbairt a dhéanamh ar shocruithe cuí don chéim dheiridh de ghalar

  • neamhchoitianta an othair, is é sin, ag deireadh shaol an othair.

  • Bhí líon suntasach de na freagraí dírithe ar shaincheisteanna a bhaineann le deireadh an tsaoil i gcás leanaí ar a bhfuil galar neamhchoitianta foirceanta orthu, lena n-áirítear seirbhísí ospíse agus faoisimh.

  • Ina theannta sin, bhí tagairt do shaincheisteanna a bhaineann le méala i gcuid mhór freagraí. I gcás roinnt teaghlach ina raibh galar neamhchoitianta géiniteach, d’éirigh an próiseas méala casta mar thoradh ar bhás an tuismitheora de bharr an ghalair a bheith le feiceáil ag leanaí a bhfuil an galar orthu nó mar thoradh ar níos mó ná leanbh amháin ar a bhfuil an galar a bheith ann i dteaghlach áirithe.





39

Is ionann cúram maolaitheach agus cur chuige trína bhfeabhsaítear cáilíocht na beatha d’othair agus dá dteaghlaigh i gcás fadhbanna a bheith ann a ghabhann le tinneas ciorraithe saoil. Baintear sin amach trí fhulaingt a chosc, agus trí fhaoiseamh a thabhairt ó fhulaingt, ar rudaí iad sin a dhéantar trí phian agus fadhbanna eile, de chineál fisiciúil, síceasóisialta agus spioradálta a aithint go luath, a mheasúnú ar mhodh ardchaighdeáin agus a chóireáil. Le blianta beaga anuas, tá leathnú déanta ar scóip an chúraim mhaolaithigh agus ní amháin go mbaineann sé le galair a bhfuil baint acu le hailse ach, freisin, tacaíonn sé le daoine déileáil le tinneas neamhurchóideach ainsealach. Is é atá i bhfís Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don todhchaí ná go dtiocfaidh cúram maolaitheach chun bheith ina chomhchuid den chúram ó thráth na fáthmheastóireachta go dtí tráth an bháis, agus é ag méadú go nádúrtha agus de réir a chéile ó thús go deireadh an ghalair lena mbaineann. Is é is aidhm dó sin ná gur féidir le hothair ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil, agus gur féidir lena dteaghlaigh, rochtain a fháil go héasca ar leibhéal seirbhíse cúraim mhaolaithigh ardchaighdeáin a oireann da riachtanais, gan spleáchas d'aois, do shuíomh an chúraim ná don fháthmheastóireacht. Le go dtarlóidh sé sin, ní mór go mbeidh freastal ar riachtanais an chúraim mhaolaithigh ina fhreagracht de chuid an chórais cúraim sláinte ina iomláine seachas ina fhreagracht de chuid seirbhísí speisialtóireachta amháin.


Tá forbairt déanta ar chúram maolaitheach de réir na treorach atá tugtha i ndoiciméid a bhaineann le straitéisí náisiúnta (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2005 agus 2009). Admhaítear go bhfuil easnaimh shuntasacha ann fós i leibhéal reatha an tsoláthair seirbhísí; ach, d’ainneoin dúshlán a bhaineann le hacmhainní, leanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte de bheith ag obair chun tosaíochtaí straitéiseacha a chur i bhfeidhm agus chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá ann sna seirbhísí cúraim mhaolaithigh.
Tá seirbhísí cúraim mhaolaithigh eagraithe de réir múnla chomhoibríoch uilechuimsithigh ina gcuimsítear cúram a sholáthraíonn soláthróirí seirbhísí ginearálta agus soláthróirí seirbhísí speisialtóireachta chun freastal ar riachtanais daonra. Nuair a fhaigheann othair fáthmheastóireacht i leith tinnis ciorraithe saoil, bíonn caidreamh ag an gcuid is mó acu cheana féin le Dochtúir Teaghlaigh agus le sainchomhairleoir speisialtóireachta (e.g. cairdeolaí nó lia riospráide) ach ní amhlaidh an scéal i gcás gach othair. Is ceart go mbeadh na gairmithe sin in ann freastal go héifeachtach ar chuid mhór de na riachtanais a bhíonn ag othair ar a bhfuil riochtaí ciorraithe saoil. Ach bíonn siomptóim éagobhsaí nó fadhbanna casta ag líon suntasach othar mar thoradh ar a dtinneas agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh ionchur ó sheirbhísí cúraim mhaolaithigh speisialtóireachta a bheith ag teastáil nuair nach mbíonn soláthróirí seirbhísí cúraim mhaolaithigh ghinearálta in ann faoiseamh a sholáthar. Tá tuairim is 30 sainchomhairleoir cúraim mhaolaithigh ann d’aosaigh in Éirinn.
Tá seirbhísí cúraim mhaolaithigh speisialtóireachta leagtha amach sa chaoi go mbíonn siad ar fáil ag céimeanna éagsúla de ghalar an othair agus go soláthraíonn siad cúram san áit ina bhfuil gá ag othair leis na seirbhísí agus san áit a roghnaíonn siad féin. Mar shampla, féadfaidh othair sa phobail seirbhísí a fháil ina dteach cónaithe féin ón bhFoireann Chúraim Mhaolaithigh Pobail nó féadfaidh siad rochtain a fháil ar Chúram Lae nó ar sheirbhísí d’Othair Sheachtracha. Féadfaidh othair a ghlactar isteach in ospidéal seirbhísí a fháil ó Fhoirne Cúraim Mhaolaithigh Speisialtóireachta atá lonnaithe in ospidéil. I gcás othar lena mbaineann ceachtar suíomh acu sin, féadfar iad a ghlacadh isteach in Aonaid Chúraim Mhaolaithigh Speisialtóireachta d'Othair Chónaithe (ospísí) chun rialú a dhéanamh ar shiomptóm casta, amhail pian, chun athshlánúchán ar mhaithe le feidhmiúlacht agus neamhspleáchas a uasmhéadú i gcomhthéacs riochta ciorraithe saoil nó chun cúram a thabhairt i dtrátha dheireadh an tsaoil.
€72 mhilliún a bhí sa tsuim a leithroinneadh mar bhuiséad do Chúram Maolaitheach i bPlean Seirbhíse Náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don bhliain 2013. Is suim tháscach an tsuim sin, agus is é atá ann go formhór ná an maoiniúchán a soláthraíodh faoi Chomhaontuithe Seirbhíse le soláthróirí saorálacha cúraim ospíse agus cúraim baile. Ní áirítear inti, mar shampla, an caiteachas ar chúram maolaitheach a sholáthraítear in ospidéil ghéarmhíochaine, is é sin, na leapacha tacaíochta do chúram maolaitheach a bhfuil tuairim is 170 díobh ann, ná ar phacáistí cúraim baile. Seo a leanas roinnt pointí tábhachtacha:

    • Sa bhliain 2013, bhí 157 leaba chúraim mhaolaithigh speisialtóireachta d’othair chónaithe ann i 10 n-ionad ar fud na tíre. Ach tá difríochtaí móra réigiúnacha ann, mar aon le difríochtaí móra laistigh de réigiúin, maidir leis an rochtain ar chúram agus tá 3 limistéar gheografacha ann nach bhfuil aon aonad speisialtóireachta d’othair chónaithe ann ar chor ar bith. Tá an chuid is mó de na seirbhísí sin á soláthar ag ospísí saorálacha faoi Chomhaontuithe Seirbhíse le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

    • Tá Foirne Cúraim Mhaolaithigh Baile Speisialtóireachta Pobail i bhfeidhm i ngach limistéar de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Ach tá difríochtaí suntasacha ann maidir le hinfhaighteacht na seirbhíse agus maidir le comhdhéanamh na bhfoirne ildisciplíneacha.

    • Tá 38 bhFoireann Chúraim Mhaolaithigh Speisialtóireachta ann in Ospidéil Ghéarmhíochaine agus soláthraíonn siad seirbhís d’othair chónaithe agus d’othair sheachtracha araon. Agus tá difríochtaí ann sa réimse seo freisin maidir le hinfhaighteacht na seirbhíse agus maidir le comhdhéanamh na bhfoirne ildisciplíneacha.

        • Tá cúram maolaitheach speisialtóireachta lae á sholáthar i 7 n-ionad ar fud na tíre.

        • Tá os cionn 170 leaba tacaíochta cúraim mhaolaithigh ann agus iad lonnaithe go formhór in aonaid fadfhanachta/phobail i dtuairim is 80 ionad ar fud na tíre.

Tháinig méadú ar an gcuid is mó de na seirbhísí sin sa bhliain 2012 i gcomparáid leis an mbliain 2011, ó thaobh an líon othar ar déileáladh leo agus/nó ó thaobh an céatadáin ar déileáladh leo laistigh de 7 lá ón tráth a tarchuireadh iad. Cé gur tharla leathnú an tsoláthair seirbhíse go mall, tá Clár Cúraim Mhaolaithigh Chliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag imirt tionchair ar cháilíocht na seirbhísí atá á soláthar faoi láthair trína chuid oibre ar threoirlínte maidir le tarchur, ar chonairí cúraim chliniciúil, ar threoirlínte maidir le bainistiú péine, ar phleanáil i ndáil le cúram ardleibhéil, ar rochtain níos fearr a áirithiú d’othair ar a bhfuil galar neamhurchóideach, ar inniúlachtaí na foirne agus ar chomhtháthú níos fearr le cúram príomhúil. Ina theannta sin, tá Grúpa Comhairleach Saineolaithe ar Mhaoiniúchán do Chúram Maolaitheach bunaithe ag an gClár.
Tá roinnt eagraíochtaí ann, lena n-áirítear Cumann Ailse na hÉireann, Foras Ospíse na hÉireann agus Saoirse Foundation Ireland, ar eagraíochtaí iad a mhaoiníonn seirbhís bhanaltrais mhaolaithigh náisiúnta d’othair ar a bhfuil ailse agus soláthraítear an tseirbhís sin san oíche i dtithe cónaithe na n-othar. Chomh maith leis sin, maoiníonn Foras Ospíse na hÉireann an tseirbhís chéanna d’othair a bhfuil galar neamhurchóideach orthu. Soláthraítear an tseirbhís bhanaltrais oíche do leanaí agus d’aosaigh araon agus bíonn galair neamhchoitianta ar chuid mhór díobh sin, go háirithe na leanaí.
Mar thoradh ar chineál casta agus ilsistéamach cuid mhór riochtaí neamhchoitianta ciorraithe saoil, ní mór seirbhísí cúraim mhaolaithigh a cheapadh go cuí. Tá Cumann Fiobróise Cistí na hÉireann, le tacaíocht ó Fhoras Ospíse na hÉireann, tar éis plé-pháipéar a fhorbairt (2013) atá dírithe ar ábhair a bhaineann leis an gcéim den fhiobróis chisteach a thagann ag deireadh shaol an duine lena mbaineann. D’fhéadfadh forbairt múnla cúraim mhaolaithigh do ghalair neamhchoitianta feabhas a chur ar rochtain ach, i bhfianaise chineál ilghnéitheach na riochtaí, is dóigh go mbeidh dúshláin ag baint le forbairt múnla den sórt sin. Beidh ga le treoirlínte agus le hoiliúint chun cúram maolaitheach cuí a dhéileálann le raon leathan agus le hilchineálacht na riochtaí neamhchoitianta a shainaithint agus a sholáthar ar mhodh dóthanach.





      1. 4.5.3 Cúram maolaitheach do leanaí



In Éirinn, tá tuairim is 1,400 leanbh ann ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil agus faigheann tuairim is 490 leanbh bás in aghaidh na bliana de bharr na riochtaí sin. Maidir leis na básanna sin i measc leanaí ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil, tarlaíonn an tromlach acu sa chéad bhliain den saol agus bíonn tuairim is 350 bás den sórt sin ann in aghaidh na bliana.
Príomhchinneadh de chuid A Palliative Care Needs Assessment for Children (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2005) ab ea gurb é an t-ionad is fearr le daoine le haghaidh cúraim do leanbh ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil ná áras an teaghlaigh, ach dóthain tacaíochta gairmiúla a bheith á fáil ag na tuismitheoirí.
Cé go n-admhaítear ar an leibhéal Eorpach go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag Éirinn le blianta beaga anuas, is eol don tseirbhís sláinte nach bhfuil seirbhísí cúraim mhaolaithigh do leanaí dóthanach fós. Tá aghaidh á tabhairt ar na heasnaimh sin tríd an mholadh atá ann sa doiciméid beartais náisiúnta dar teideal Palliative Care for Children with Life-Limiting Conditions in Ireland – A National Policy, a d’fhoilsigh an Roinn Sláinte agus leanaí sa bhliain 2009, a chur i bhfeidhm.

Is é is aidhm don bheartas ná creat a sholáthar ar laistigh de is féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seirbhís gan bhriseadh a phleanáil agus a sholáthar do leanaí ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil agus dá dteaghlaigh, agus ar laistigh de is féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cuntas a thabhairt i leith na seirbhíse atá á soláthar. In Aguisín III den bheartas náisiúnta, liostaítear ceithre ghrúpa leanaí ar dóigh dóibh riachtanais chúraim mhaolaithigh a bheith acu. Cé go ndéantar riochtaí neamhchoitianta amhail fiobróis chisteach, Galar Batten, múcapolaisiúicríodóisí agus diostróife mhatánach a liostú go sonrach, tá cuid mhór riochtaí eile ciorraithe saoil ann agus d’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ar chúram maolaitheach cuí ag teastáil ó na daoine lena mbaineann. Tá ceithre mholadh ar leith ann sa bheartas, is é sin, moltaí atá le cur i bhfeidhm go sonrach maidir le cúrsaí faoisimh:



        • is ceart leapacha ospíse d’othar chónaithe, ar leapacha i gcomhair faoisimh iad, a fhorbairt mar chuid den tseirbhís chúraim mhaolaithigh do leanaí;




          • is ceart raon seirbhísí faoisimh a fhorbairt do leanaí ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil agus ag a bhfuil riachtanais cúraim mhaolaithigh;

          • is ceart do gach limistéar riaracháin ar leith de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte saoráidí faoisimh a phleanáil agus a fhorbairt do leanaí ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil agus dá dteaghlaigh;

          • is ceart d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte foirne ospíse sa bhaile a fhorbairt.

I mí an Mhárta, 2013, rinne Foras Ospíse na hÉireann agus Laura Lynn (Ospís Leanaí na hÉireann) (2013), i gcomhpháirtíocht le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tuarascáil dar teideal Respite services for children with life-limiting conditions and their families in Ireland – A National Needs Assessment a fhoilsiú chun forléargas náisiúnta a thabhairt ar an soláthar seirbhísí agus ar riachtanais faoisimh sa todhchaí mar chuid de sheirbhís chúraim mhaolaithigh do leanaí in Éirinn. Tugtar admháil sa tuarascáil sin á rá go bhfuil leibhéal suntasach tacaíochta faoisimh á sholáthar cheana féin ach nach bhfuil an rochtain comhsheasmhach ar fud na tíre agus gur féidir léi a bheith ag brath ar fháthmheastóireacht agus/nó ar ionad geografach. Ceann de chonclúidí na tuarascála is ea go bhféadfadh sé tarlú go mbeidh dúshláin ann maidir le rochtain ar fhaoiseamh i gcás teaghlach ina bhfuil leanbh nach bhfaightear fáthmheastóireacht chinntitheach ina leith. Is dóigh go mbainfidh an chonclúid sin le roinnt leanaí ar a bhfuil galar neamhchoitianta.


Soláthraíonn HSE maoiniúchán suntasach i gcomhair cúraim banaltrais sa bhaile do leanaí ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil. Mar shampla, sa tréimhse 12 mhí ó Dheireadh Fómhair 2011 go Deireadh Fómhair 2012, chaith Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €8.58 milliún ar bhanaltras sa bhaile. De bharr saincheisteanna maidir le códú airgeadais laistigh den chóras, ceaptar go bhfuil an caiteachas iomlán níos airde ná sin go suntasach.
Tá clár cúraim do leanaí ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil á chómhaoiniú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ag Foras Ospíse na hÉireann agus, mar chuid den chlár sin, rinneadh an chéad Sainchomhairleoir Péidiatraice ag a bhfuil Spéis ar leith sa Chúram Maolaitheach a cheapadh sa bhliain 2011. Tá 8 Altraí Cianrochtana Leanaí á gcur ar fáil ag an gclár freisin agus é mar ról acu a chinntiú, maidir le leanaí a bhfuil cúram á fháil acu óna dteaghlaigh sa bhaile, go mbíonn rochtain acu ar sheirbhísí comhordaithe tacaíochta. Bíonn idirchaidreamh dlúth ann idir na haltraí agus soláthróirí seirbhíse reachtúla agus deonacha, lena n-áirítear Dochtúirí Teaghlaigh áitiúla, altraí sláinte poiblí, seirbhísí míchumais, an Jack & Jill Foundation agus Laura Lynn.
Gné eile de chlár na leanaí is ea soláthar clár struchtúrtha oideachais do gach duine den fhoireann chúraim sláinte a thugann cúram do leanaí ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil. Tá sé sin á sholáthar i gcomhpháirtíocht le hOspidéal Mhuire na Leanaí i gCromghlinn. Tá na cláir sin ina gcabhair maidir lena chinntiú go ndéanfar an cúram riachtanach agus an tacaíocht riachtanach a sholáthar do leanaí agus da dteaghlaigh, gan spleáchas don ionad ina soláthraítear an cúram sin.
Mar is amhlaidh i gcás seirbhísí cúraim mhaolaithigh d’aosaigh, is ó eagraíochtaí deonacha a tháinig chuid mhór den bhrú i leith seirbhísí cúraim mhaolaithigh a fhorbairt do leanaí.

Is é Moladh an Ghrúpa Stiúrtha :

  1. Maidir le cúram maolaitheach:

    1. go soláthrófar rochtain ar chúram maolaitheach cuí do dhaoine ar a bhfuil riocht ciorraithe saoil;

    2. go ndéanfar treoirlínte maidir le soláthar cúraim mhaolaithigh a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar chineál casta, ilsistéamach cuid mhór riochtaí neamhchoitianta ciorraithe saoil;

    3. go ndéanfaidh an Coiste Forbartha Náisiúnta ar Chúram Maolaitheach do Leanaí, faoi cheannas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, aird a thabhairt ar riachtanais sonracha leanaí ar a bhfuil galar neamhchoitianta le linn a chlár leanúnach oibre a chur i gcrích;

    4. go bhféadfaí, sa chéad Straitéis Náisiúnta eile maidir le hAilse, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tslí is fearr chun bainistiú a dhéanamh i ndáil le hailsí neamhchoitianta, go háirithe i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta seo maidir le Galair Neamhchoitianta, i gcás cuspóir comhroinnte a bheith ann chun othair ar a bhfuil ailse neamhchoitianta a bhrath agus a chóireáil ag céim luath.

Tugann an Grúpa Stiúrtha dá aire cé chomh maith agus a d’éirigh leis an gClár Náisiúnta um Rialú Ailse agus, go háirithe, na buntáistí d’othair ar a bhfuil ailse neamhchoitianta agus ailse choitianta, is é sin, buntáistí a bhíonn ann mar thoradh ar an gcineál seo múnla do sholáthar seirbhíse, go háirithe i réimse na líonraí rialaithe um bainistiú ailse agus na lárionad saineolais. Tugtar admháil freisin i leith chomh maith agus a d’éirigh leis an nGrúpa Comharoibre Taighde Uile-Éireann maidir le cúrsaí Oinceolaíochta (ICORG). Tá obair ICORG bunaithe ar mhisean chun a chumasú d’othair Éireannacha rochtain luath a fháil ar chóireáil nua i gcomhair ailse. Tugann taighde cliniciúil dóchas d’othair ar a bhfuil ailse trí rochtain a thabhairt dóibh ar chóireáil nach bhfuil ar fáil faoi láthair lasmuigh de réimse an taighde chliniciúil. Tá éirithe le ICORG roghanna taighde a thairiscint do níos mó ná 10,300 othar le 15 bliana anuas. I bhfianaise an riachtanais tosaíochta maidir le rochtain a bheith ag othair ar a bhfuil galar neamhchoitianta ar theiripí dílleachta (féach Caibidil 5), soláthraíonn oibríochtaí ICORG deis chun slite a mhacasamhlú ar tríothu is féidir torthaí rathúla a bhaint amach. Is eol do ICORG go bhfuil ailsí péidiatraiceacha i measc na mór-chomhchodanna d’ailsí neamhchoitianta agus gur ceart scagthástáil a dhéanamh i lárionaid chóireála mar ghnáthsheirbhís dóibh sin ar mó an baol ina leith go dtiocfaidh ailsí neamhchoitianta dúchais orthu.





Yüklə 0,98 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   12   13   14   15   16   17   18   19   ...   26




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin