Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta 2014 –2018


I dtreo rochtain chóir ar dhrugaí dílleachta agus ar theicneolaíocht atá ag othair in Éirinn a bhfuil aicíd neamhchoitianta orthu



Yüklə 0,98 Mb.
səhifə19/26
tarix27.12.2018
ölçüsü0,98 Mb.
#86832
1   ...   15   16   17   18   19   20   21   22   ...   26

5.3 I dtreo rochtain chóir ar dhrugaí dílleachta agus ar theicneolaíocht atá ag othair in Éirinn a bhfuil aicíd neamhchoitianta orthu





      1. 5.3.1 Buanna agus laigí an chórais reatha maidir le teacht ar chógais agus ar theicneolaíocht

      2. Buanna an chórais reatha

        • Tá córas seanbhunaithe maidir le teicneolaíocht sláinte a mheas agus gníomhairí cógaisíochta nua a mheas ar bun in Éirinn.

        • Éiríonn go maith leis na córais atá ar bun maidir le bonn a chur faoin teacht ag othair a bhfuil ailse neamhchoitianta orthu ar chógais agus ar theicneolaíocht dílleachta cuí.

        • Bhí tairbhe sa phróiseas pleanála as an gcóras agus an nós oibre maidir le caidreamh luath leis an Ionad Náisiúnta Cógaseacnamaíochta (NCPE).

        • Tá modhanna oibre trína 'leanann an t-airgead an t-othar' á meas maidir le hÉirinn agus beidh leas as sin ag an othar a bhfuil galar neamhchoitianta air.

        • Tá méid sa tionscal cógaisíochta in Éirinn agus lucht saothair oilte, trína gcinntítear go bhfuil bealaí ann inar féidir modhanna cóireála a thabhairt isteach faoi chóras na hÉireann.


Laigí an chórais reatha

        • Níl aon chiste sainsonraithe ann chun cúnamh taca a thabhairt maidir le teacht ar chógais dílleachta agus ar theicneolaíocht. Tá na modhanna buiséid reatha breacleanúnach agus d'fhéadfadh go mbuanófaí éagothroime leo ó thaobh teacht ar chógais dílleachta agus ar theicneolaíocht;

        • Ní mór caomhchóiriú ar acmhainní na seirbhísí sláinte agus cúrsaí eacnamaíochta mar atá. Is féidir leis an mbéim ar bhreis éifeachtúlachta ó thaobh costais ar leibhéal an chórais a bheith ina mhíbhuntáiste neamhcheaptha maidir le riachtanais an té a bhfuil galar neamhchoitianta air agus a dteastaíonn cóireáil uaidh atá casta agus costasach i gcásanna áirithe. Ní mór modhanna oibre nua a scrúdú maidir le drugaí agus teicneolaíocht dílleachta a mheas ionas go mbíonn an aird chuí ar cheart an othair ar chóireáil, gan bheann ar a neamhchoitianta atá an aicíd. Beidh i ngach cás éileamh eile ar acmhainní cúram sláinte nach bhfuil flúirseach. Leagtar béim arís eile leis sin ar an ngá atá le meastóireacht dhian ghéar ionas gur féidir éifeachtúlacht costais ar leibhéal inghlactha a bhaint amach maidir le seirbhís agus cóireáil agus luach an airgid agus buntáiste don othar a bheith i gceist leo

        • Is minic cruacheisteanna sóisialta agus eitice le réiteach i ndáil le cinneadh faoi chógais dílleachta ó tharla go mb'fhéidir éiginnteacht ag baint leis an tairbhe chliniciúil a bheadh i gceist go díreach agus go bhféadfadh an costas a bheith ard go maith. D'fhéadfadh caibidlíocht fhada faoi phraghsanna mar gheall air sin agus moill dá réir ar an gcógas a bheith ar fáil

        • Bíonn bac roimh chinntí cothroma dóthanacha ó thaobh teacht ar chógais agus ar theicneolaíocht dílleachta áirithe mar gheall ar choinníoll go seasfaí costas tháirgí den sórt sin as buiséad ospidéil.

        • Is téamaí mórthábhachta ag na hothair agus ag a gcuid eagraíochtaí follasacht agus cumarsáid i rith na bpróiseas a bhaineann le cógais agus teicneolaíocht dílleachta a cheadú, a mheas agus aisíoc a dhéanamh ina leith. Níl aon chóras follasach ar bun i ndáil le gearán nó achomharc a dhéanamh maidir le cinneadh faoi chógais nó teicneolaíocht dílleachta in Éirinn.

        • Níl dóthain forbartha go dtí seo ar an ról a d'fhéadfadh a bheith ag Éirinn maidir le cógais nó teicneolaíocht dílleachta a fhorbairt.




      1. 5.3.2 An teacht ar chógais dílleachta agus forbairt teicneolaíochta

Samhailchórais ábhartha idirnáisiúnta

Is iomaí sampla ann de chórais praghsála agus aisíoctha maidir le cógais agus teicneolaíocht dílleachta i dtíortha eile de chuid an AE agus níos faide ó bhaile. Ina ainneoin sin, níl aon t-aon tír amháin ar fáil a thagann go díreach le córas cúram sláinte na hÉireann. Is léir dá bhrí sin, go dteastóidh forbairtí nua ar bith sa réimse seo a bheith ag baint le hábhar agus oiriúnach do na struchtúir atá ar bun faoi láthair. Is léir go bhfuil lón eolais le baint as córais a úsáidtear san Ísiltír (http://www.government.nl/government/documents-and- publications/reports/2013/01/24/strategy-of-the-netherlands-in-the-field-of-rare-diseases.html),sa Fhrainc (http://www.has-sante.fr/portail/jcms/fc_1249930/fr/medicaments), san Astráil (https://www.health. gov.au/lsdp), i gCeanada (http://www.cadth.ca/en/products/cdr/recommendations) agus sa Ríocht Aontaithe (http:// www.specialisedservices.nhs.uk/info/agnss). Leag Foghrúpa Drugaí agus Teicneolaíocht Dílleachta an Ghrúpa Stiúrtha béim faoi leith ar lón eolais ón gcóras AGNSS i Sasana agus an obair ar leibhéal na hEorpa ar an CAVOMP (http://www.eucerd.eu/?post_type=document&p=1446).



Torthaí ó athbhreithniú comparáideach ar chórais i dtíortha de chuid an hEorpa


Staidéar a rinneadh ar scéimeanna praghsála agus aisíoctha agus polasaithe faoi leith faoi chógais dílleachta i dtíortha áirithe de chuid na hEorpa (http://news.ohe.org/2010/10/21/access-to-orphan-drugs-in-the-eu/)trína ndearnadh comparáid idir scéimeanna sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, san Ísiltír, sa Spáinn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe (http://www.orpha. net/consor/cgi-bin/Education_AboutOrphanDrugs.php?lng=EN&stapage=ST_education_education_ aboutorphandrugs_eur;http://www.eurordis.org/content/europlan-guidance-national-plans-and- conferences#EUROPLAN%20%20National%20Conference%20Final%20Reports). Leagtar béim ar an ngá le rannpháirtíocht luath ag na príomhgheallsealbhóirí, lucht clinice, comhlachtaí ceadúnais agus an lucht tionscail san áireamh, agus ar an ngá le treoirlínte a leagan amach maidir le ceadúnais agus le haisíoc.

Lón eolais do chóras na hÉireann ó chórais thar lear


Is é is dóigh leis na hothair agus lena gcuid ionadaithe go bhfuil forbairt de dhíth ar chóras na hÉireann ionas gur féidir feidhmiú ar bhealach atá follasach ag othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, ag a lucht cúraim agus ag an lucht clinice a dhéanann bainistíocht ar an gcúram a dhéantar dóibh. Ba cheart go réiteodh an córas an bealach do chóireáil a bhfuil bonn fianaise fúithi a thapú go tráthúil. Ní mór forbairt shuntasach ar an gcóras in Éirinn chun bonn treise a chur faoi chinntí lena mbainfeadh an chothroime ar fud réimsí seirbhíse a bheadh in iomaíocht lena chéile agus lena mbainfeadh chomh maith meas ar chóir a bhfuil bonn fianaise faoi a bheith de cheart aonair ag gach othar a bhfuil galar neamhchoitianta air gan bheann ar a neamhchoitianta agus atá an aicíd áirithe atá ar an othar.
Ar na gnéithe buntábhachacha a ghabhann le córais éifeachtúla don mheasúnóireacht agus don aisíoc maidir le cógais agus teicneolaíocht dílleachta, tá rialachas agus cuntasacht, próisis riaracháin agus cumarsáide, próisis do bhainistíocht tionscadail, soiléire maidir leis na critéir a ghabhann le cinntí a dhéanamh, próisis achomhairc, tuairiscíocht agus iniúchóireacht. Sa Ríocht Aontaithe, rinne córas AGNSS soláthar do pháirtíocht na n-othar a chothú agus tugadh slí measúnóireachta faoi leith chun cinn maidir le cógais agus teicneolaíocht dílleachta nach bhfuil ceadaithe go fóill nó nach sásaíonn na critéir uile a bhaineann leis an ngnáthshlí measúnóireachta. Tháinig Grúpa HTA ina ionad sin chun athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar an gcostas ard atá le cógais dílleachta do dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu.

Yüklə 0,98 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   15   16   17   18   19   20   21   22   ...   26




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin