Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə10/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   6   7   8   9   10   11   12   13   ...   17

Fostaíocht


Tugadh chun solais in go leor aighneachtaí go bhféadfadh leanaí agus daoine óga an lae inniu a bheith ag tnúth le i bhfad níos mó deiseanna fostaíochta ná mar a bhí ag na glúnta a tháinig rompu. Ní dhearnadh mórán eile cainte maidir leis an bpointe ginearálta sin agus is fiú a rá nach ndearnaadh ach aighneacht amháin nó péire tagairt don laghdú atá ag teacht ar imirce.

Ba iad na príomhghnéithe maidir le deiseanna fostaíochta ar cuireadh béim orthu ná:




  • Fostaíocht le pá maith atá ar fáil.

  • Réimse níos leithne is éagsúlacht slite beatha.

  • Níos mó deiseanna fostaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumais.



Sláinte

Athníodh, ach go háirithe i measc roinnt eagraíochtaí sláinte agus lucht gairmiúil sláinte, go raibh feabhasúcháin i gcúrsaí sláinte thar a bheith tábhachtach. Áirítear sna príomhphointe :




  • Ardú ar ráta marthana naíonán

  • Ardú ar ráta marthana leanaí atá ar tí dul faoi obráidí aistriú orgáin

  • Míchumais a aithint go luath.

  • Níos mó eolais ar chur chuige iomláineach maidir le stádas sláinte

  • Dul chun cinn i dteicneolaíocht sláinte/cóireálacha leighis

  • Forbairt ar fhoirne ildisciplíneacha le haghaidh chúram othair.

  • Níos mó deiseanna chun sláinte mhaith béil a bhaint amach.

  • Níos mó measa a bheith ar an ról atá ag cothabhála ó thaobh leighis.

  • Feachtais sláinte éifeachtacha a fhorbairt a chuirfidh le sláinte leanaí.


Teicneolaíocht an Eolais

Is iomaí tagairt a rinneadh sna haighneachtaí don tábhacht atá le teicneolaíocht an eolais i sochaí na hÉireann agus ar fud an domhain go ginearálta agus do na deiseanna atá ag eascairt as seo do leanaí is do dhaoine óga. Rud tábhachtach eile ná gur aithníodh go bhfuil ról mór le n-imirt ag an teicneolaíocht chun caighdeán an tsaoil dhaoine atá faoi mhíchumais a fheabhsú. Mar shampla dúradh in aighneacht amháin :


Má bhíonn daoine (leanaí san áireamh) oilte ó thaobh na teicneolaíochta de is mó seans go gcaithfear mar a chéile leo mar a caitear leis an “ngnáthdhuine” mar a thugtar air. Mar sin cuidíonn sochaí na teicneolaíochta le deireadh a chur leis an difear a dhéantar idir daoine faoi mhíchumas is an gnáthphobal.


Aitheantas Chearta Leanaí

Is féidir athchoimriú a dhéanamh ar na príomhphointí a rinneadh maidir leis an méadú atá ag teacht ar aitheantas chearta leanaí, i gcomhthéacs deiseanna a chur ar fáil sna deich mbliana atá le teacht, mar seo a leanas:




  • Is céim an-tábhachtach daingniú Coinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh agus cuireann sé bunús breá ar fáil d’fhorbairt sa todhchaí.




  • D’fhéadfadh leanaí na hÉireann an stádas atá Coinbhinsiún na NA a bhaint amach dá ndéanfaí athruithe sa dlí agus sa bhunreacht.




  • Tá leanaí ag cur níos mó eolais ar a gcuid cearta.




  • Tá cearta agus riachtanais leanaí níos aitheanta agus níos soiléire.



Ag Éirí Aníos i Sochaí Illchultúrtha


Rinneadh roinnt tagairtí láidre i mbunús de na haighneachtaí gur cheart breathnú go han-dearfach ar fhorbhairt ilchultúr i sochaí na hÉireann. Tugann an sliocht seo thíos tuiscint mhaith dúinn ar na smaointe a cuireadh chun cinn maidir leis seo:
Tá sochaí na hÉireann, mar aon le tíortha eile na hEorpa ina sochaí ilchultúr anois. Cuireann leanaí teifeacha lenár sochaí go cultúrtha, go heacnamúil is go sóisialta. Tugann leanaí agus teaghlaigh teifeacha scileanna agus talainn leo (lena n-áirítear teangacha agus gairmeacha). An chuid is mó den am bíonn fonn láidir orthu féin ‘déanamh go maith’ sa tsochaí nua agus luí isteach leis an tsochaí chomh mór agus is féidir agus a bheith ábalta cur lena dtír altramais. Tugann siadsan an deis don tsochaí s’againne a bheith nua-aimseartha, sa chiall is go dtugann siad leo smaointe agus peirspictíochtaí nua agus thugann dúshlán do chultúr a bhí go bunúsach aonfhoirmeacha agus oileánda.

Tátal

Níor thug an mhír seo ach blaiseadh beag den méid ollmhór a dúradh maidir leis na deiseanna atá amach roimh leanaí is dhaoine óga sna deich mbliana atá le teacht. Le linn anailíse ar aon bheart aighneachtaí bíonn pointí i gcúpla ceann i gcónaí nach bhfuil sé éasca dearmad a dhéanamh orthu.


Ón gcuid seo atá faoi láimh faoi láthair, bhí péire a sheas amach de bharr an ghné daonnachta a bhain leo. Ba ó eagraíocht bheag an chéad cheann agus seo sliocht as:

Is é an áit a bhfuil na deiseanna an pléascadh eolais, an baile domhanda, airgead le hinfheistiú in oideachas, deis a n-aislingí a bhaint amach agus ní díreach an snáth a choinneáil faoin bhfiacal.


Bhí an dara ceann ar tugadh suntas dó i measc an bheagáin a sheol ‘gnáthdhaoine indibhidiúla’ isteach agus sa chás seo ba ó sheanathair é. Léirigh an áilleacht a bhain leis an aighneacht na deiseanna atá ar fáil do leanaí a bhfuil an t-ádh orthu comhluadar agus cion a seanmhuintire a bheith acu.
Is seanathair mé atá ag baint suilt as comhluadar clann mo chlainne agus a chuimhníonn go maith ar na rudaí deasa agus na deacraíochtaí a bhain le bheith i do ghasúr…

Tá cumas nádúrtha ag mórán gach leanbh teangacha a fhoghlaim ag aois an-óg- go cinnte ó aois a trí ar aghaidh. Labhraím Gaeilge gach lá leis an ngarpháiste is óige (atá anois 5 bliain agus 7 mí) agus tá tuiscint an-mhaith aici ar phointí búnúsacha cumarsáide Gaeilge. Is i dtimpeallacht an Bhéarla is gnách léi. Tugaim téipeanna (mar Rabhlaí, Rabhlaí) agus dlúthdhioscaí (mar Learn Irish, Multimedias) di agus léim scéalta Gaeilge di. Níl deacracht ar bith aici na scéalta a thuiscint as leabhar léitheoireachta Rang a Trí a bhí ag a máthair sa bhunscoil agus is maith leo a bheith ag éisteacht leo. Baineann sí an-sult freisin as Dlúthdhiosca Softkeys “Let’s Learn Spanish” is í ag tabhairt faoin tríú teanga a fhoghlaim.


4. 2 Ná Dúshláin atá amach roimh Leanaí agus Dhaoine Óga sna Deich mBliana atá le teacht.

Bhí i bhfad níos mó ábhar sna haighneachtaí maidir leis na dushláin atá amach roimh leanaí is dhaoine óga sna deich mbliana atá le teacht ná mar a bhí ar na deiseanna a cheaptar a bheith ann. Bhí na sonraí ar dhúshláin an-leathan go deo agus an-deacair le rangú ar bhealach córasach. Tá na príomhcheisteanna a hardaíodh ar an liosta maorlathais thíos


Tábla 2

Maorlathas i Réimsí Dúshláin


  1. Oideachas

  2. Athrú ar Struchtúir Theaghlach

  3. Castacht agus Athrú Luachanna agus Nósanna sa tSochaí

  4. Mí-Úsáid Drugaí

  5. Ceisteanna maidir le Míchumas

  6. Ilchultúrachas

  7. Ceisteanna Sláinte

  8. Gnéasacht

  9. Teicneolaíocht an Eolais

  10. Féinmharú

  11. Bochtaine

  12. Imeallachas agus Míbhuntáiste Sóisialta

  13. Ag Éirí Aníos is Beirt Thuismitheoirí Amuigh ag Obair

  14. Saincheisteanna Tuismitheoireachta

  15. Mí-Úsáid

  16. Mí-Úsáid Alcóil

  17. Brú ó Chomhaoisigh

  18. A Bheith Gan Dídean

  19. Ró-Iomaíochas

  20. Saincheisteanna Cúram Leanaí

  21. An Lucht Siúil

  22. Ag Tabhairt Sainmhínithe ar ár bhFéiniúlacht Náisiúnta

  23. Timpeallacht Fhisiciúil

  24. Tionchar Diúltach na Meán Cumarsáide

  25. Foréigean

  26. Bás

  27. Easpa Tithíochta Inacmhainne

  28. Níl Daoine Óga na Tíre Le Cloisteáil

  29. Dúshláin do Leanaí atá faoi Chúram/ Chúram Cónaitheach

Tugadh níos mó airde ar na chéad 12 réimse ar an liosta ná mar

a tugadh ar an gcuid eile. Bhí dúshláin maidir le hoideachas luaite i bhfad níos minicí ná mar a bhí aon réimse eile. Thacaigh gach ar dúradh maidir leis na réimsí, bochtaine, imeallachas agus míbhuntáiste le mórán gach ar dúradh maidir le toipicí eile.
Tabharfaidh an chuid eile den mhír seo roinnt de na príomhtéamaí agus na saincheisteanna a hardaíodh chun solais, go háirithe laistigh de 1-10 i dTábla 2

Oideachas


Bhí timpeall is 60 tagairt do dhúshláin sa réimse oideachais agus chlúdaigh siad seo réimse leathan ábhair. Ina measc siúd is minicí a luadh bhí imeacht luath as an gcóras oideachais, fadhbanna litearachta, brú acadúil ar ógánaigh agus rochtain a bheith ag mic léinn atá faoi mhíchumais ar oideachas atá sa phríomhshruth. Facthas mar dhúshláin freisin na deacrachtaí atá ann maidir le hoideachas agus obair pháirtaimseartha a nascadh le chéile agus ganntanas áiteanna réamhscolaíochta.
Léiríonn an sliocht seo as ceann de na haighneachtaí a dhírigh go mór ar oideachas go leor de na saincheisteanna a hardaíodh maidir le dúshláin sa réimhse seo.
Cuireann an córas oideachais atá ann faoi láthair le hiomaíochas i measc daoine indibhidiúla. Go minic, ní théann sé seo chun leasa an phobail go ginearálta. Is dúshlán mór é sochaí níos láí a chruthú le níos mó béime ar chomhoibriú seachas iomaíochas. Caithfidh an córas oideachais agus páirtithe sóisialta a chinntiú go dtabharfar faoi fhadbhanna litearthachta. Caithfear tabhairt faoi fhadhbanna eile mar : fadhbanna airgeadais, sóisialta, oideachais chun a chinntiú go mbainfidh daoine óga leas as deiseanna in oideachas. Theastódh féinspreagadh a fhorbairt i measc daoine óga. Caithfear freagairt don dúshlán atá ann maidir le foghlaim saoil ag roinnt leibhéal: sa scoil, sa bhaile, sa phobal srl. Ciallaíonn sé seo i roinnt cásanna go gcaithfidh athruithe cultúrtha tarlú i gcleachtais oibre…

léitheoireachta



Ag Athrú Struchtúir Teaghlaigh

Ardaíodh an pointe in go leor de na haighneachtaí go bhfuil athruithe móra ag teacht ar struchtúir an teaghlaigh i sochaí na hÉireann. Tarraingíodh aird ach go háirithe ar, mar shampla, briseadh pósta, scaradh agus colscaradh, teaghlaidh aon tuismitheora agus teaghlaigh athcheaptha nó teaghlaigh comhtháite. Tagraíodh freisin don bhorradh atá ag teacht faoi iltheaghlaigh agus don easpa tacaíochta ó ghaolta mar dhúshláin sách mór.


Tugann an sliocht thíos ó chumann i réimse an oideachais sampla maith dúinn ar an gcineál agus an leibhéal deacrachtaí a bhíonn ag leanaí is ag daoine óga le linn na n-athruithe seo.
Le fadhbanna teaghlaigh is scarúint, bíonn leanaí agus daoine óga gortaithe, tagann athruithe orthu agus bíonn faitíos is olc orthu. Goilleann sé go mór ar leanaí nuair a scarann tuismitheoirí mar gur chleacht siad a bheith ag fáil cion, comhluadar agus tacaíocht óna dtuismitheoirí is iad in éineacht. Sna scoileanna bíonn leanaí ag fulaingt de bharr deacrachtaí nó athruithe sa bhaile. Cuireann sé isteach go mór ar leanaí nuair a chliseann an pósadh agus nuair a athraíonn ‘páirtnéirí’ (scaití tarlaíonn sé seo go minic) mar nach mbíonn a fhios acu féin cé leis a mbaineann siad agus dá bhrí seo bíonn iachall ar leanaí roghanna gránna a dhéanamh ag aois an-óg. D’fhéadfadh leanaí nó daoine óga a roinneann tí le teaghlaigh pháirtnéara a bheith doicheallach agus múisiamach. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige seo ar a bpearsantacht agus ar a bhforbairt.
Bíonn daoine óga neamhchinnte nuair a bhíonn easpa leanúnachais, ní bhíonn fhios acu cén taobh a n-iompóidh siad. B'fhéidir ansin go ndéanfaidís iarracht éalú ón saol agus ón ngortú i mí-úsáid substaintí agus i gcultúr a gcomhaoiseach, rud atá in ann scrios a dhéanamh..

Castacht agus Athrú Luachanna agus Nósanna sa tSochaí


Cuireadh béim laistigh de go leor de na haighneachtaí ar an bpointe go bhfuil sochaí na hÉireann éirí i bhfad níos casta le roinnt mhaith blianta anuas. agus go bhfuil athrú mór sna luachanna agus sna gnáthchleachtais a nglactar leo. Na cineálacha athruithe is minicí a haithníodh ná:




  • An tsochaí thraidisúnta ag dul i léig.

  • Dlús faoin saol

  • Níos mó uirbeachais

  • Laghdú thionchar na heaglaise.

  • Laghdú ar chreideamh is ar chleachtais reiligiúnda

  • Níos mó suime i maoineachas



Mí-Úsáid Drugaí

Cé gur tugadh síos mí-úsáid drugaí mar phríomhdhúshlán in go leor de na haighneachtaí, ba bheag nó níor tugadh aon mhíniú ar an ábhar. Bhí an claonadh ann a léiriú gur mar gheall ar bhrúnna eile i saol leanaí agus dhaoine óga atáthar ag baint mí-úsáide as substaintí. Maidir leis an ábhar seo cuireadh béim ar leith freisin ar bhrú ó chomhaoisigh.




Saincheisteanna faoi Mhíchumas

Bhain an chuid is mó de na haighneachtaí a thug faoi shaincheisteanna a bhain le míchumais le heagraíochtaí míchumais ar leith. Bhí roinnt de na pointí a déanadh freisin an-sainiúil. Mar shampla, dar le ceann de na grúpaí ar son dhaoine atá faoi mhíchumas amhairc, tá fadhbanna móra ann scrúduithe Stáit a chur ar fáil do dhaoine óga atá faoi mhíchmuas amhairc nó atá dall.


Áirítear i measc dhúshláin ghinearálta a bhaineann le míchumas a tugadh chun solais, bhí:


  • An riachtanas atá le tacaíocht a thabhairt dóibh siúd lena mbaineann sé nuair a mheastar go bhfuil leanbh faoi mhíchumas.

  • An riachtanas soileíriú a dhéanamh ar na focail le húsáid maidir le míchumais.

  • Deacracht atá ann eolas a fháil maidir cearta teideal.

  • Deacrachtaí le bealaí rochtaine agus gluaiseachta.



Ilchultúrachas


Cuireadh béim freisin in go leor aighneachtaí go bhfuil sochaí na hÉireann go sciobtha ag fáil níos ilchultúrtha agus rinneadh roinnt mhaith tagairtí do na dúshláin a thugann sé seo do leanaí agus do dhaoine óga na hÉireann chomh maith le leanaí agus teaghlaigh teifeach.
I measc na n-aighneachtaí a thug faoi shaincheist an ilchultúrachais ó thaobh pheirspeictíocht mhuintir na hÉireann dúradh gurb é an príomhdhúshlán ná dearcadh níos dearfaí i measc an daonra go ginearálta a fhorbairt, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga. Mar shampla, dúradh in aighneacht amháin:
Táimid anois inár gcónaí i dtír a bhfuil éagsúlacht cultúr inti. Níl aon deacháil ar Éirinn ó thaobh déileáil le difríochtaí cultúr mar a léiríonn scéal an lucht siúil. Ní mór dúinn féachaint ar an ilchultúrachas seo atá ag fás go dearfach agus na buntáistí a fheiceáil. Is é an chaoi a bhfuil na fadhbanna mar a thugtar orthu a bhaineann le neamhnáisiúnaigh a bheith againn ag tarraingt aird ar fhadhbanna a bhí i gcónaí againn mar thithíocht agus liosta feithim ospidéal. Ní mór do Straitéis Náisiúnta Leanaí a chinntiú go bhfásfaidh ár gcuid leanaí suas le tuiscint agus fáilte i leith na ndaoine sin.


Saincheisteanna Sláinte

Bhí na dúshláin a haithníodh faoi theideal ginearálta Saincheisteanna Sláinte éagsúil go maith agus i roinnt cásanna bhain siad go díreach le tinnis nó riochtaí ar leith. Seo a leanas achoimre ar na príomhdhúshláin a tugadh chun solais.




  • Nach bhfuil leanaí agus daoine óga na hÉireann ag caitheamh saoil chomh aclaí is a bhíodh.

  • SEIF

  • Tuilleadh cúram sláinte ag teastáil agus ardú ar an ráta marthana leanaí.

  • Níos mó oideachais sláinte ag teastáil agus feachtais chun sláinte an daonra óIg a chur chun cinn.

  • Cur chuige ildisciplíneach chun sláinte leanaí a chur chun cinn.

  • An riachtanas cothabháil bhunúsach oiriúnach a chur ar fáil do leanaí uilig na tíre.

  • Fadhbanna atá ag leanaí is is ag daoine óga cóIpEáil le tinnis fhisiciúil nó intinne a bheadh sa teaghlach.

  • An riachtanas atá ann daoine a chur níos fearr ar an eolas maidir le mí-ord ithe.



Gnéasacht

Tháinig roinnt ábhar chun cinn arb é an áit ab oiriúnaí dóibh ná faoi theideal ginearálta gnéasachta. Áirítear na dúshláin a bhain le:





  • Caidrimh gnéis ag aois an-óg

  • Déagóirí i gCúram Clainne

  • Meidreachas Leanaí

  • Iompar gnéis a bheadh Mífholláin/Nach mbeadh sábháilte

  • Eolas chruinn a thabhairt do leanaí maidir le fíricí na beatha

  • Pornagrafaíocht

Mar a chéile le saincheist na ndrugaí ní dhearnadh cur síos sna haighneachtaí ar na dúshláin seo.



Teicneolaíocht an Eolais


Ba í an bharúil ghinearálta ina measc siúd a scríobh faoi na dúshláin a bhain le dul chun cinn i dteicneolaíocht an eolais ná go gcuireann an teicneolaíocht seo go leor deiseanna ar fáil má láimseáiltear ceart í. Mar sin bhí na dúshláin ba mhó ag baint le bainistiú forbairtí a bhain le teicneolaíocht an eolais. Seo a leanas achoimre ar na príomhphointí a rinneadh maidir leis seo.


  • An dúshlán atá ann rialú a dhéanamh ar an rochtain atá ag leanaí ar ríomhairí agus ar an idirlíon sa chaoi is gur cleachtadh dearfach a bheidh ann dóibh.

  • Céadfaithe criticiúla a fhorbairt chun déileáil leis an lear mór eolais atá ar fáil

  • Tá dul chun cinn sa teicneolaíocht in ann teorainn a chur le spraoi chruithaitheach.

  • An tábhacht atá ann nach mbeadh muid faoi smacht an TE

  • An riachtanas atá ann a chinntiú go bhfoghlaimeoidh leanaí agus daoine óga scileanna chun cóipeáil le teicneolaíocht atá i gcónaí ag forbairt.

  • An riachtanas atá ann eitic a chur le teicneolaíocht nua.



Féinmharú


Tugadh chun solais i go leor aighneachtaí go bhfuil an ráta ard féimharaithe atá i measc daoine óga in Éirinn, go háirithe fir óga ina dhúshlán mór. Fíor bheagán aighneachtaí, áfach, a bhreathnaigh go grinn ar an bhfadhb. Ba eisceacht iad Comhairle na nÓg maidir leis seo mar faoi iamh acu bhí páipéar iomlán acu a phléigh Daoine Óga agus Féinmharú. Tugann an sliocht seo a leanas as an bpáipéar sin le fios go soiléir an méid imní atá faoin ábhar seo:

An t-údar imní is mó agus is casta in Éirinn faoi láthair ná an t-ardú ar an líon daoine óga atá á marú féin. Tá imní faoin ardú atá tagtha. Údar imní an ráta féinmharaithe i measc daoine óga, go háirithe nuair nach dtuigimid an chúis atá leis.



Tátal


Cé go bhfuil go leor den ábhar sa mír seo an-tromchúiseach rinneadh roinnt tagairtí do dhúshláin a bhfuil léargas níos dearfaí ag baint leo. Tá sé oiriúnach ceann acu a chur san áireamh anseo agus muid ag bogadh ar aghaidh chun breathnú ar ábhar faoin ngaolmhaireacht atá idir deiseanna agus dúshláin.
Is é dúshlán na ndaoine óga a ról a imirt, go n-éisteofaí leo agus a bheith in ann teacht ar na scileanna agus na tacaíochtaí is gá chun go bhforbróidh siad mar shaoránaigh ghníomhacha.
Tuigeann daoine óga anois mar a rinne riamh dúshláín feadh a gcumais ar fad agus tugann aghaidh orthu agus braitheann siad go mbíonn omós dá bharr dóibh. Caithfimid deiseanna a thabhairt dóibh le go mbeidh siad páirteach ag roinnt leibhéal.

4. 3 An Ghaolmhaireacht atá idir Deiseanna agus Dúshláin
Dhírigh roinnt aighneachtaí go mór ar an gceangal atá idir na deiseanna agus na dúshláin atá amach roimh leanaí agus dhaoine óga thar na deich mbliana atá le teacht. I ndáiríre, ba léir ó roinnt acu go mba chur chuige ró-shimplí uilig a bheadh ann deiseanna agus dúshláin a scaradh óna chéile agus nach bhfreagródh an chur chuige seo do na fadhbanna casta a bhíonn ag go leor leanaí agus daoine óga.
An cuspóir atá ag an mír seo ná roinnt de na príomhphointí a hardaíodh maidir leis sin a thabhairt le chéile agus díreofar ar na hábhair seo a leanas:


  • Míbhuntáiste Sóisialta

  • Saincheisteanna Míchumais

  • Leas Leanaí

  • Spraoi



Míbhuntáiste Sóisialta

Dhírigh cuid de na rudaí is láidre a scríobhadh sna haighneachtaí ar an bpointe nach mbíonn deiseanna agus dúshláin roinnte go cothrom sa tsochaí agus gur iomaí grúpa atá go mór faoi mhíbhuntáiste nuair a bhaineann sé le deiseanna a thapú nó ag tabhairt faoi dhúshláin. Is sampla maith é an sliocht thíos ar an gcaoi a ndearnadh an pointe seo:


Beidh deiseanna iontacha as seo go ceann deich mbliana ag leanaí agus daoine óga as teaghlaigh a mbeidh acmhainní ábhartha, airgeadais, mothúchán, oideachais, cultúir agus sóisialta acu. Tá deiseanna iontacha cruthaithe ag saibhreas na tíre agus ag atmaisféar dearfach dóchasach i gcúrsaí eacnamaíochta agus oideachais agus cinn eile freisin. Is féidir le daoine aisling a bheith acu agus í a bhaint amach. Beidh na daoine óga sin in ann lánchumas a bhaint amach agus cuidiú go dearfach lena bpobail sa bhaile agus thar lear. Ach leanaí as teaghlaigh nach mbeidh na hacmhainní sin iontu is snámh in aghaidh easa fós é. Tríd is tríd tá Éire, an Tíogar Ceilteach ag éirí níos saibhre in aghaidh na bliana ach caithfear idirdhealú a dhéanamh idir saibhreas na tíre agus bochtaine roinnt mhaith grúpaí ar fud na tíre.

D’ardaigh grúpa eile pointe maidir tábhachtach eile, go minic na daoine óga is mó a mbíonn dúshláin amach rompu is iad is lú a bhíonn réitithe chun déiléáil leo. Dúirt siad:


Agus fostaíocht mar atá i láthair na huair ag an Tíogar Ceilteach ní raibh an oiread deiseanna riamh ag leanaí agus daoine óga.

Tá an bhearna áfach idir iad sin a bhfuil rud acu agus daoine nach bhfuil níos mó ná riamh . Tá níos mó daoine óga mar sin ag brath go bhfuil siad ar an imeall agus gearrtha amach.
Cuidíonn mionú na seirbhísí do dhaoine óga atá i gcontúirt a bheith á n-imeallú go sóisialta agus an easpa leanúnachais idir baile, scoil agus gníomhaíochtaí cúraim eile le himeallú daoine óga. Cuidíonn nádúr rásaíochta na sochaí, bíonn an lá leis an duine is fearr agus uaillmhianta méadaitheacha daoine óga i sochaí atá bunaithe ar an tomhaltas le daoine óga a bheith ag brath gearrtha amach agus astu féin. Is minic gur iad na daoine óga sin is lú a bhíonn in ann déileáil leis sin.

Tugadh chun solais i roinnt aighneachtaí an tábhacht atá leis go dtapfadh an Rialtas a ndeis eacnamaíochta díriú ar limistéir atá faoi mhíbhuntáiste.

Cuireadh béim láidir ar dhíriú acmhainní i dtreo limistéir atá faoi mhí-bhuntáiste in aighneacht eile:

Agus borradh eacnamaíochta ann ba cheart go laghdófaí an bochtanas agus go mbeadh soláthar níos fearr d'oideachas agus d'fhostaíocht do chách. Ní tharlóídh sé sin mura ndíreofar acmhainní ar limistéir spealta agus má bhíonn oideachas sách solúbhtha chun leanaí a spreagadh le fanacht ar scoil go mbeidh cáilíocht acu. Siúd is go bhfuil lucht saothair againn a bhfuil an-oideachas orthu agus go bhfuil saoroideachais againn le 30 bliain tá go leor leanaí ag fágáil na scoile gan uimhríocht agus iad neamhliteartha. An dúshlán go ceann deich mbliana acmhainní a dhíriú le go mbeidh comhdheiseanna ag cách.




Saincheisteanna Míchumais


Chuir ceann de na príomheagraíochtaí do dhaoine atá faoi mhíchumais béim ar an dlúthbhaint atá ag deiseanna agus dúshláin le leanaí agus le daoine óga atá faoi mhíchumas. Léiríonn an sliocht seo a leanas freisin as an aighneacht seo an tábhacht atá leis go gcuirfeadh an Rialtas leis an obair atá tosaithe maidir le feabhas a chur le seirbhís agus seirbhísí a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumais.
An dúshlán go bhfanfadh an Rialtas tiomanta agus dírithe chun an gheallúint do na leanaí a chomhlíonadh agus sochaí nua ináirithe agus eolasach a chruthú a thabharfaidh aird ar rachtanas gach leanbh.
Fáiltímid roimh thionscnaimh an Aire Sláínte agus Leanaí chun tacú le leanaí faoi mhíchumas agus beimid ag súil le tuilleadh feabhsúchán chun comhdheiseanna a thabhairt go fírinneach do gach leanbh sa chóras oideachais.


Leas Leanaí

D’fháiltigh roinnt aighneachtaí a d’ardaigh ceisteanna maidir le mí-úsáid leanaí roimh na bhforbairtí atá tarlaithe le roinnt blianta maidir le daoine a chur ar an eolas faoin gceist seo agus an méid atáthar a dhéanamh chun déileáil leis. Is sampla maith é an sliocht seo a leanas mar go léiríonn sé go bhfuil baint doscaoilte idir na dúshláin agus na deiseanna atá sa réimse.

Díríonn an deis agus an dúshlán ar thuiscint níos mó ar mhí-úsáid leanaí, faillí, idirdhealú agus easpa ceartais. Ní mór don Straitéís feidhmiú ar an eolas sin chun cosaint a thabhairt in aghaidh tinneas inchosctha agus mí chumais agus dochar sóisialta agus mothúchán a chosc nó ar a laghad a laghdú


Spraoi

Tháinig sampla shuntasach eile den bhéim a cuireadh ar an ngaolmhaireacht atá idir deiseanna agus agus dúshláin chun cinn maidir le saincheist spraoi leanaí. Seo é a bhí le rá ag aighneacht amháin maidir leis seo:



Le méadú ar an líon teaghlach tá leathnú mór ar uirbeachas. Is mó spraoi a dhéantar istigh sna tithe de bharr easpa áiteanna glasa, crann, cnoc agus mótaí le bheith ag imeacht iontu agus eagla ar thuistí na leanaí a ligint ag fánaíocht. Tá idirghníomhaíocht shóisialta de bharr súgartha agus leathnú na hintinne ó bheith ag déileáil leis an dúlra agus amuigh faoin aer riachtanach d'fhorbairt an duine óíg.

Tátal





Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   6   7   8   9   10   11   12   13   ...   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin