Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə1/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
  1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   17


Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí
don Straitéis Náisiúnta do Leanaí

Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates
Grianghraf

Mar an tAire Stáit a bhfuil freagracht i leith Leanaí uirthi tá áthas orm Tuarascáil an Chomhairliúcháin Phoiblí don Straitéis Náisiúnta Leanaí a fhoilsiú. Leagfaidh an Straitéis Náisiúnta Leanaí amach an modh ar féidir níos mó tacaíochta a thabhairt dár leanaí ionas go mbeidh ar a gcumas taitneamh a bhaint as a n-óige agus cur lena n-acmhainn leas na sochaí a dhéanamh.


Gné fhíorthábhachtach d’fhorbairt na Straitéise Náisiúnta Leanaí, a raibh áthas orm tús a chur léi, ná éisteacht le gach a bhfuil le rá ag leanaí agus ag daoine óga iad féin. Is forbairt nua nuálach í seo agus polasaí rialtais á foirmiú.
Bhí an fhreagairt thar a bheith deimhneach agus léiríodh mian láidir i measc na leanaí go dtabharfaí cluas dóibh. Bhain mé fíorthaitneamh as casadh leis na céadta leanaí, a gcuid múinteoirí, oibrithe cúraim agus tuismitheoirí thar na míonna a caitheadh chun cloisteáil go díreach uathu. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh freisin leis na céadta leanbh, a sheol litreacha agus teachtaireachtaí ríomhphoist chugam. Ghlac 2,500 leanbh ar an iomlán an deis a gcuid tuairimí a léiriú. Déanann an tuairisc seo achoimre ar na smaointe agus ar na moltaí a cuireadh chun cinn.
D’eascair flúirse smaointe agus moltaí as na litreacha agus as na cruinnithe a bhí agam le tuismitheoirí agus le daoine eile a ghránn agus a chúramaíonn leanaí mar aon leis na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn na seirbhísí agus na tacaíochtaí riachtanacha do leanaí agus do dhaoine óga. Ní hé seo deireadh an chomhairliúcháin. Leanfaidh sé ar aghaidh mar chuid d’fheidhmiú na Straitéise.
Is é foilsiú na Straitéise Náisiúnta Leanaí an chéad chéim eile. Comhlíonfaidh an foilseachán seo gealltanas an Rialtais inár n-athbhreithniú ar an gClár Gnímh don Mhílaois, a thug tús áite don ghá atá le córas loighciúil tacaíochta a chur i bhfeidhm chun freastal ar ár leanaí ar fad.
Bhain mé an-taitneamh agus tairbhe as an gcaidreamh seo agus táim thar a bheith buíoch de gach duine a chabhraigh linn.

Mary Hanafin T.D.

Aire Stáit le Freagracht as Leanaí.
Clár

Réamhrá


Cuid 1 Comhairliúchán le leanaí agus le daoine óga

Forléargas ar an bpróiseas


Caibidil 1 An áit mhaith chónaithe í Éire ? Cad atá go maith maidir le cónaí in Éirinn ?

Caibidil 2 Saincheisteanna agus Dúshláin

Caibidil 3 Gach a dúirt na leanaí agus na daoine óga …

Cuid 2 Comhairliúchán le daoine fásta agus le heagraíochtaí


Forléargas ar an bpróiseas
Caibidil 4 Deiseanna agus dúshláin a bheidh ag leanaí agus ag daoine óga

    1. Deiseanna

    2. Dúshláin

    3. An gaol idir na deiseanna agus na dúshláin

Caibidil 5 Struchtúir pholasaí agus struchtúir sheachadadh seirbhísí



    1. Forbairt polasaí, pleanáil agus tosaíochtaí

    2. Comhordú i ndéanamh polasaí agus i soláthar seirbhíse

    3. Seirbhísí taighde, measúnaithe agus cáilíochta

    4. Tionscnaimh reachtúla

Caibidil 6 Freagairt as riachtanais leanaí agus dhaoine óga



    1. Sláinte agus leas

    2. Foghlaim agus oideachas

    3. Tacaíocht do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil míchumas orthu

    4. Leanaí agus daoine óga atá imeallaithe

    5. Deiseanna súgartha, caitheamh aimsire agus forbatha

    6. Leanaí agus daoine óga mar shaoránaigh ghníomhacha

Caibidil 7 A chur ar chumas teaghlaigh, pobal agus lucht gairmiúil tacú le leanaí



    1. Cúram Leanaí

    2. Tacaíocht teaghlaigh agus tuismitheoireachta

    3. Tacaíocht lucht gairmiúil agus foirne



Cuid 3 Fóram Comhairliúcháin


Caibidil 8 Tuarascáil ar an bhFóram Comhairliúcháin.

Réamhrá


In Iúil 1999, d’fhógair an Rialtas an cinneadh Straitéis Náisiúnta Leanaí a fhorbairt. Is í aidhm na Straitéise treoir a thabhairt d’fhorbairt tacaíochtaí agus seirbhísí do leanaí go mbeidh siad ocht mbliana déag d’aois, feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála thar na deich mbliana atá amach romhainn agus smaoineamh ar a bhfuil i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh.
Bunaíodh Grúpa Idir-rannach ag leibhéal an Rúnaí Cúnta faoi chathaoirleacht na Roinne Sláinte agus Leanaí chun maoirsiú a dhéanamh ar an ullmhúchán. Bhí ionadaithe ó ranna éagsúla rialtais a bhfuil páirt lárnach acu i gceisteanna leanaí sa Ghrúpa. Bunaíodh foireann tras-rannach ar a raibh státseirbhísigh ó na ranna Sláinte agus Leanaí; Oideachais agus Eolaíochta; Sóisialach, Pobail agus Gnóthaí Teaghlaigh; agus Dlí, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí de réir an Acht um Bhainistiú Seirbhís Poiblí, 1997 chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na Straitéise. Tugadh saineolaí i leas leanaí as Ollscoil na Ríona, Béal Feirste isteach mar chomhchomhairleoir chun comhairle a chur agus cuidiú san fhorbairt.
Thángthas ar chinneadh go mbeadh dearcadh níos iomlánaí agus a bheadh oiriúnach don leanbh sna príomh-mhíreanna den Straitéis Náisiúnta Leanaí, chun smaoineamh ar riachtanais na leanaí agus na ndaoine óga atá ag fás suas in Éirinn sa lá atá inniu ann. Áirítear anseo:


  • A aithint gurb é an leas is fearr don leanbh a fhaigheann tús áite

  • Fiúntas na hóige aisti féin a aithint agus í mar bhunús do shaol fásta agus do shaoránacht;

  • An caidreamh comhlántach idir an leanbh, an teaghlach, an earnáil phobail/deonach, an earnáil phríobháideach agus an Stát a chur chun cinn

Bhí an próiseas leathan comhairliúcháin mar chuid lárnach d’fhorbairt na Straitéise Náisiúnta Leanaí. Iarradh aighneachtaí trí mheán na nuachtán náisiúnta agus lorgaíodh rannpháirtíocht na dtuismitheoirí agus dhaoine eile a oibríonn le leanaí agus a dhéanann cúram díobh. Leanadh de chomhairliúchán spriocdhírithe le leanaí agus le daoine óga trí thacaíocht ó scoileanna éagsúla agus eagraíochtaí deonacha ar fud na tíre. Scríobh leanaí litreacha nó sheol siad teachtaireachtaí ríomhphoist chuig an Aire Stáit le Freagracht as Leanaí lena moltaí, lena dtuairimí agus lena sonruithe ar a bheith ag fás suas in Éirinn. Ba í an aidhm leis sin an deis a chur ar fáil do dhaoine óga páirt a ghlacadh i bhforbairt na Straitéise.


Cuspóir na Tuarascála Comhairliúcháin.
Is é cuspóir na tuarascála seo forléargas a thabhairt ar na téamaí, ar na hábhair imní agus ar na gnéithe éagsúla a luaigh leanaí, daoine óga, daoine fásta agus eagraíochtaí le linn an phróisis chomhairliúcháin. Léiríonn an chaoi ar éirigh chomh maith sin leis an gcomhairliúchán, le leanaí agus le daoine óga, go háirithe, a bhfuil a gcuid léargas tuairiscithe anseo, na buntáistí a bhaineann trí dhul i gcomhairle go díreach leo chomh fada agus a bhaineann le polasaí a fhoirmiú agus le seirbhís a sheachadadh. Cruthaíonn an gnás nuálach seo dul i gcomhairle le leanaí agus le daoine óga éilimh nua do phleanáil agus do mheasúnú seirbhísí agus tacaíochtaí. Ní mór réimse sásraí a fhorbairt agus a chur ar bun chun tacú leis an gcur chuige nua seo.
Forbrófar na bearta seo, agus cinn eile chun socruithe nua a sholáthar do pháirtíocht leanúnach na bpríomhrannpháirtithe, laistigh den Straitéis Náisiúnta Leanaí, a fhoilseofar go gairid.

CUID 1

COMHAIRLE LE LEANAÍ AGUS DAOINE ÓGA


Coimre maidir leis an bPróiséas
Bhí trí chuid sa phróiséas comhairleoireachta:


  • Tugadh cuireadh do leanaí agus do dhaoine óga freagra a chur ar íméil nó i litir chuid an Aire Stáit i Roinn na Sláinte agus na Leanaí, Mary Hanafin, agus a dtuairimí a thabhairt maidir leis an gceist seo a leanas:


Ar áit mhaith í Éire le bheith ag éirí aníos inti? Céard atá go maith faoi? Céard a chuirfeadh feabhas air?


  • Thug an tAire Stáit cuairt ar chúig bhunscoil agus ar chúig scoil iar-bhunscoile agus chas sí le roinnt daltaí (tuairim is 60 i ngach scoil) agus phléigh sí réimse ceisteanna leo.




  • Rinne daoine i ndeich n-eagraíocht a bhíonn ag obair le leanaí agus le daoine óga comhairle le leanaí agus daoine óga a bhfuil baint acu leis na heagraíochtaí.

Tugtar achoimre gearr ar an gcur chuige ar baineadh leas as sa chomhairle scoile agus eagraíochta in Aguisín 1.


Rannpháirtíocht sa phróiséas comhairle
Bhí páirt ag 2,488 leanbh agus duine óg in iomláine sa phróiséas comhairle (féach Fig. 1-3). Cailíní a bhí i seasca faoin gcéad (60%) díobh agus buachaillí i gceathracha faoin gcéad (40%). Bhí seasca cúig faoin gcéad (65%) os cionn trí bliana déag agus tríocha cúig faoin gcéad (35%) nach raibh trí bliana déag slán acu. Bhí na rannpháirtithe uilig idir trí bliana agus naoi mbliana déag d’aois.
Ábhar pháirt a haon den tuarascáil
Chomh maith le achoimre gearr ar na príomhthéamaí tá trí chaibidil sa chéad chuid den tuarascáil.
Pléann Caibidil 1 leis an bhfreagairt ar an gceist – Ar áit mhaith í Éire le bheith i do chónaí inti? Luaitear na príomhghnéithe a raibh moladh ag na leanaí agus na daoine óga orthu agus tugtar sleachta as na freagraí féin, rud a thugann léargas ar an dearcadh áirithe atá acu ar na buntáistí a bhaineann le hÉirinn.
Tarraingíonn Caibidil 2 ar gach cuid den chomhairleoireacht leis na hábhair agus na ceisteanna is mó is cás le leanaí a aithint agus cuid den réiteach a fheictear dóibhsean orthu a thabhairt. Cuirtear síos chomh maith ar an gcaoi a bhfeictear Éire mar a bheidh sí sa bhliain 2010 dóibhsean.
Tá sampla de thuairimí na leanaí i gcaibidil 3.

Ní bheifí in ann soiléireacht na smaointe agus tuiscint nádúrtha na rannpháirtithe, doimhne agus réimse a gcuid tuairimíochta, taithí agus brí an chaoi a gcuirtear sin i láthair ina gcuid cainte a chur in iúl in achoimre lom. Ar an gcúis sin, tarraingítear go mór sa Tuarascáil ar shleachta as litreacha agus íméileanna na n-ógánach. Nuair atá a fhios cén aois atá an rannpháirtí, tugtar sin i ndiaidh a t(h)uairim.




Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
  1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin