Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta 2014 –2018


Pacáistí uilechuimsitheacha cúraim a chur ar fáil – Galar neamhchoitianta taobh amuigh de thimpeallacht cúram sláinte



Yüklə 0,98 Mb.
səhifə23/26
tarix27.12.2018
ölçüsü0,98 Mb.
#86832
1   ...   18   19   20   21   22   23   24   25   26

6.7 Pacáistí uilechuimsitheacha cúraim a chur ar fáil – Galar neamhchoitianta taobh amuigh de thimpeallacht cúram sláinte



In box:


POINTÍ MÓRTHÁBHACHTACHA ÓN bPRÓISEAS COMHAIRLIÚCHÁIN
Cúram iomlánaíoch

Ar na téamaí a tháinig chun cinn arís agus arís eile maidir leis an gcuid seo den chomhairliúchán, bhí siad seo a leanas:



  • aonrú sóisialta agus eisiamh;

  • dul i gcleachtadh míchumais;

  • cailleadh fostaíochta agus neamhspleáchais le linn na hóige;

  • an gá le pacáistí idirdhisciplíneacha cúraim lena ngabhann seirbhísí síceolaíochta/comhairleoireacht;

  • easpa tuisceana go ginearálta maidir le galair neamhchoitianta agus a dtoradh taobh amuigh den chóras sláinte, mar shampla i réimsí an oideachais, na fostaíochta agus chúrsaí míchumais.




61

Bíonn míbhuntáiste ann d'othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu agus dá lucht cúraim nuair a tharlaíonn míthuiscint faon ngalar atá orthu nó nuair a dhéantar cinntí trí chritéir cháilithe áirithe a chur i bhfeidhm go docht géar. Leag daoine a d'fhreagair an comhairliúchán poiblí béim freisin ar na riachtanais chasta a bhaineann le leanaí a bhfuil aicíd neamhchoitianta orthu agus a mbeadh freastal le déanamh orthu taobh istigh den chóras oideachais. Is i gcomhthéacs oiliúint múinteoirí is gá cur le tuiscint mhúinteoirí ar an gcastacht a ghabhann le haicídí neamhchoitianta agus ar an gcur isteach dá bharr sin ar an bhfoghlaim. Is minic a bhíonn próifíl cognaíochta agus iompraíochta faoi leith ag leanaí a bhfuil aicíd neamhchoitianta orthu agus gur gá idirbheartaíocht a dhéanamh go tráthúil dá bharr, de réir Phlean Oideachais Aonair an linbh. Bíonn gá le monatóireacht freisin maidir le ciapadh mothúchánach agus/nó leibhéil imní, ar minic an dá ní le chéile ar leanaí sa ghrúpa seo, agus ní mór an teacht chuí ar chúram meabhairshláinte a thabhairt san áireamh sna pleananna cóireála. D'fhéadfaí oideachas breise do na múinteoirí a chur ar fáil trí oiliúint speisialtóireachta ag tráthanna cuí.


Táthar ag beartú faoi láthair, taobh istigh de Chóras Oideachais na hÉireann, cúnamh taca níos fearr a chur ar fáil do dhaoine óga faoi mhíchumas ionas gur féidir leo deiseanna ardoideachais a thapú. Tá deiseanna ann dá bhrí sin do bheartaíocht i gcomhar idir an t-iliomad grúpaí agus seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas atá ag fónamh cheana féin maidir leis an réimse sin agus d'fhéadfaí a thabhairt i gceist leis na hiarrachtaí sin dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le fostóirí, i ndáil le fostaíocht a fháil tar éis na scoile nó an choláiste.
Ní gá dá bhrí sin gur leis na leanaí sin a bhfuil galar neamhchoitianta orthu amháin a bhainfeadh iarrachtaí chun oideachas agus cuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn do leanaí a bhfuil riachtanais chasta acu. Is minic gur leor catagóir ag dul isteach i gcatagóir lena gceanglófaí lipéad 'míchumais' go leanfaí cur chuige 'na scoile uile' chun glacadh le héagsúlacht, ós é sin atá ann ó bhonn, a spreagadh.
Tarraingíonn an Grúpa Stiúrtha don Phlean Náisiúnta seo maidir le Galair Neamhchoitianta aird ar an gceist maidir le feabhas ar chúnamh taca le linn tráthanna aistrithe sa chóras oideachais. Is léir ó obair thaighde in earnáil na gcúrsaí mhíchumais go bhfuil éiginnteacht ag gabháil leis an tréimhse sin nuair a bhíonn 18 mbliana slánaithe ag duine ó thaobh teacht ar na seirbhísí cuí do dhaoine fásta, seirbhísí leighis, seirbhísí oideachais nó seirbhísí sóisialta, nó ó thaobh fostaíocht oiriúnach a aimsiú. Tá lón eolais tairbheach le foghlaim ó earnáil na ndaoine faoi mhíchumas i ndáil leis an tráth aistritheach seo i saol dhaoine a bhfuil aicíd neamhchoitianta orthu. Fásann an leanbh ach is gá béim mhór a leagan ar an duine fásta a bheith ina othar fásta, ní athraíonn an aicíd. Ní thiocfaidh deireadh leis na riachtanais; níl ann ach go dtagann athrú i rith an tsaoil. Ach glacadh leis na fíricí sin mar lón eolais, is féidir feabhas a chur ar pholasaithe, ar an gcóireáil agus ar an mbainistíocht maidir leis na daoine a bhfuil aicídí neamhchoitianta ag gabháil dóibh ar minic anbhainne i gceist leo.
Is minic go mbíonn cúnamh taca de dhíth ar dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu chun oideachas, oiliúint, fostaíocht agus deiseanna sóisialta de na gnáthchineálacha a thapú. D'fhéadfadh go gcuireann roinnt de na grúpaí tacaíochta maidir le galair neamhchoitianta cúnamh taca de chineálacha teoranta ar fáil, mar shampla oibrithe taca don teaghlach, oibrithe don aos óg, agus teiripigh athshlánúcháin chun cuidiú le daoine maireachtáil go neamhspleách, teacht in inmhe go hiomlán sa saol agus cion tairbhe a dhéanamh don phobal. Níl acmhainní ag an gcuid is mó de na heagraíochtaí chun seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil nó a choinneáil ar bun agus is minic go bhfágtar an bhearna gan líonadh. Baineann sin, ní amháin leo siúd a bhfuil aicíd neamhchoitianta orthu, ach leis an lucht cúraim agus daoine eile den teaghlach chomh maith, ar gnáthrud cúnamh de dhíth orthu féin, go háirithe i réimse na seirbhísí síceolaíochta.
Tá seirbhísí sóisialta speisialta buntábhachtach maidir leis an gcumhacht don duine atá ag fulaingt aicídí neamhchoitianta, chomh maith le feabhas ó thaobh sláinte agus folláine. I gcás dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta, ainsealach, anbhainne ag gabháil dóibh, níor cheart gur le gnéithe leighis agus paramhíochaine amháin ba cheart cúram a chur ar fáil; ba cheart cuimsitheacht shóisialta a thabhairt san áireamh freisin, chomh maith le forbairt shíceolaíochta agus oideachais. Tarlaíonn uaireanta nach mbíonn ar chumas dhaoine fásta a bhfuil aicíd neamhchoitianta orthu páirt a ghlacadh in obair ná i gcúrsaí oideachais mar gheall ar ghéire na n-airíonna agus an mhíchumais a ghabhann leis an ngalar. Tarlaíonn chomh mór céanna go séanann cuid mhór cúramóirí obair thuarastail orthu féin d'fhonn freastal do riachtanais cúraim linbh, dearthár/deirféar nó tuismitheora sa bhaile. Tá sciar shuntasach ina dhiaidh sin féin nach bhfágann an aicíd nach mbeadh ar a gcumas páirt a ghlacadh i gcúrsaí oideachais nó fostaíochta, easpa ó thaobh cúnamh nó solúbthacht i ndáil leis an aicíd neamhchoitianta is cúis leis sin a shéanadh orthu.
Tá dúshlán ag baint le bearnaí a líonadh sa soláthar cúraim d'othair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu agus dá lucht cúraim agus do dhaoine dá dteaghlaigh nuair atá acmhainní gann san earnáil dheonach agus phoiblí. Réimse amháin a bheadh le tabhairt san áireamh is ea cláir maidir le teiripe fóillíochta; bearta fóillíochta eagraithe iad sin atá a bhfuil dea-thoradh orthu i dtíortha sna críocha Lochlannacha le blianta fada. Eagraítear roinnt ach mar champaí samhraidh faoi leith agus is cláir

ad hoc cuid eile ach pleanáil a dhéanamh ionas go dtugtar riachtanais shonracha na leanaí nó na n-ógánach a bhfuil galair neamhchoitianta orthu san áireamh. Bíonn gníomhartha bunaithe ar spraoi, ar fhóillíocht agus ar shiamsaíocht. Tagann tionchar mór, ó thaobh chaighdeán an tsaoil ag daoine aonair agus ag teaghlaigh, de thairbhe pháirt na n-othar, go háirithe leanaí óga, sna himeachtaí agus tá léirithe go dtarlaíonn feabhas suntasach ó thaobh sláinte agus maitheasa.
Go hachomair, trí phrionsabail sárchleachtais a leanúint, ba cheart slánchuid réidh a dhéanamh de sheirbhísí sóisialta i ngnáthshaol an lae ag an othair agus bonn treise a chur faoin bhforbairt síceolaíochta agus oideachais.



Yüklə 0,98 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   18   19   20   21   22   23   24   25   26




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin