Tuarascáil maidir leis an gComhairleoireacht Phoiblí don Straitéis Náisiúnta do Leanaí Bunaithe ar thuairisc ó Colgan and Associates


Saoráidí agus Acmhainní Ginearálta don Imirt, don Áineas agus don Fhorbairt



Yüklə 0,79 Mb.
səhifə15/17
tarix06.01.2019
ölçüsü0,79 Mb.
#90718
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17

Saoráidí agus Acmhainní Ginearálta don Imirt, don Áineas agus don Fhorbairt
In an-chuid aighneachtaí iarradh go mbeadh saoráidí don imirt, don áineas agus don fhóillíocht ar fáil i ngach pobal. Ní mór an soláthar sin a scríobh isteach sa phleanáil údaráis áitiúil agus i ndearadh na n-eastát. Leagadh béim ar shábháilteacht. Soláthar imeartha ar ardchaighdeán agus saoráidí taitneamhacha ó thaobh na haestéitice de, bunaithe sa phobal áitiúil. Tá gá le hionaid ‘buail isteach’ agus saoráidí saintógtha. Ba chóir go mbeadh foirgnimh scoile, saoráidí agus iompras scoile ar fáil le húsáid acusan atá ag obair leis an oideachas neamhfhoirmeálta. Cuirtear síos ar an tslí ar éirigh le roinnt de na húdaráis áitiúla i Sasana páirceanna scátála a chur ar fáil agus léirítear buairt faoi ‘argóint na ndeacrachtaí árachais’ a bheith á húsáid chun cosc a chur le páirceanna imeartha údaráis áitiúil.
Tá na saoráidí sin ag teastáil ó leanaí agus daoine óga faoin tuath, gan trácht ar leanaí sna bailte móra. Ceapadh freisin nach bhfreastalaítear go maith ar leanaí idir ceithre bliana d’aois agus ceithre bliana déag agus go bhféadfadh fadhbanna teacht as an mbearna sin. Moladh amháin a bhí ann ná go bhféadfaí saoráidí a chur ar fáil ar bhealach a thugann daoine óga agus seanóirí le chéile.
6.6 Leanaí mar Shaoránaigh Ghníomhacha
Bhí coincheap an linbh mar shaoránach gníomhach an-láidir sna haighneachtaí. Rinneadh an cás ar son cearta na leanaí a neartú sna dlíthe, sna polasaithe agus sna cleachtais atá againn. Phléigh roinnt acu go mion le ceist na gceart; i gcinn eile luadh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe mar fhorbairt thábhachtach agus tagraíodh dá fheidhmiú. Luaigh daoine eile cearta do dhreamanna áirithe mar bhonn lena dteideal chun soláthair áirithe seirbhíse.
Díríodh aird ar Mholadh Choiste na nAirí de Chomhairle na hEorpa maidir le Rannpháirtíocht Leanaí i Saol an Teaghlaigh agus sa Saol Sóisialta agus raon prionsabal a leagadh amach sa mholadh sin chun an rannpháirtíocht a dhaingniú.
Ba é príomhbhrí na ráiteas sin ná gur gá dúinn meas a bheith againn ar dhaoine óga agus luach a chur leo, agus go mbeadh sé de cheart acu tuairimí a nochtadh ar gach ní a bhaineann leo agus go dtabharfaí éisteacht do na tuairimí sin. Tá dearcadh eile ann go bhféadfaidh toradh tubaisteach a bheith ar an ‘neamhspleáchas’ seo do leanaí agus dá muintir. Iarradh go mbeadh díospóireacht níos poiblí ann ar shaincheisteanna leanaí.

Chomh maith leis an gcás a dhéanamh ar son cheart an linbh éisteacht a fháil, bhí roinnt moltaí ann faoi na hearnálacha den saol poiblí ina bhféadfadh ceart cainte a bheith ag daoine óga agus cuireadh moltaí ar aghaidh i dtaobh conas a d’fhéadfaí daoine óga a ullmhú chun a ról mar shaoránaigh a imirt ar bhealach éifeachtach.
Cad iad na Saincheisteanna ar chóir do dhaoine óga ceart cainte a bheith acu fúthu?

I gcoitinne, bhíothas den tuairim gur chóir ‘dul i gcomhairle leis na leanaí go léir trína mbuíonta ionadaíocha ag céim na pleanála le haghaidh gach seirbhíse atá le díriú ar leanaí nó atá le bheith chun a leasa.’


Bhí an t-oideachas, seirbhísí sláinte, pleanáil údarás áitiúil agus, go háirithe, na struchtúir nua pleanála áitiúla agus comhairliúcháin áitiúil atá á mbunú ag na hÚdaráis Áitiúla.
Sásraí don chomhairliú

Moladh roinnt sásraí:


Faoin Straitéis, ba chóir greasachtaí, scéimeanna trialacha agus prótacail a fhorbairt chun comhlíonadh Airteagal 12 den Choinbhinsiún a fheidhmiú thar chórais éagsúla seirbhíse ...
Ba chóir go gcinnteofaí leis an Straitéis go mbeidh san áireamh sna Pleananna Scoile, a gceanglaítear iad a chur ar fáil faoin Acht Oideachais, 1998, agus a bhéimnítear faoin PPF, sásraí a bhfuil brí leo agus atá soiléir le haghaidh rannpháirtíocht daoine óga i rialú agus in eagrú gach scoile ...
Ba chóir machnamh a dhéanamh i dtaobh thionscnamh ionadaithe Dháil na nÓg i ngach dáilcheantar contae trina bhféadfadh daoine óga ionadaithe a thoghadh chun díospóireacht a dhéanamh agus tionchar a imirt ar na polasaithe cuí. Ba cheart smaoineamh ar a leithéid a nascadh le teagasc an CSPE sna scoileanna.
San aighneacht sin, moltar go n-úsáidfí na Dálacha áitiúla chun an deis a thabhairt do bhainisteoirí na seirbhísí a bpolasaithe a chur i láthair agus ceisteanna a ghlacadh ó na daoine óga - lucht úsáide na seirbhísí sin.
Ar na fóraim eile a moladh, bhí Fóram don Aos Óg i nDáil Éireann agus fóram náisiúnta don aos óg.
Conas is cóir tacú le rannpháirtíocht daoine óga?

Bíonn scileanna ag teastáil ó dhaoine chun páirt a ghlacadh go héifeachtach. Bíonn scileanna agus daoine chun aithris a dhéanamh orthu de dhíth ar dhaoine óga. Is mór an dúshlán atá roimh dhaoine fásta agus soláthróirí na seirbhísí agus beidh oiliúint ag teastáil uathusan, faoi mar a bheidh ó na daoine óga, chun an méid sin a dhéanamh: ‘Beidh obair mhór ag teastáil chun cumhacht a thabhairt do leanaí páirt a ghlacadh agus chun an éisteacht a éascú do dhaoine fásta.’ Measadh go mbeadh modúil oiliúna do dhaoine fásta agus do bhaill foirne ghairmiúla ina cuid thábhachtach den tacaíocht do rannpháirtíocht daoine óga.


Ar na córais tacaíochta eile a luadh, bhí nósanna imeachta gearán neamhspleácha, próiseas abhcóidíochta do leanaí ag gach leibhéal, aiseolas gníomhach ó thomhaltóirí, rud atá riachtanach mar chuid den Tionscnamh Bainistíochta Straitéisí, faisnéis do leanaí faoi sheirbhísí agus, go háirithe, teacht an Ombudsman.

Caibidil 7
Ag Cur ar Chumas Teaghlach, Pobal agus Lucht Gairme Tacú le Leanaí
Réamhrá
Is iad na príomhréimsí a dtugtar aghaidh orthu sa roinn seo ná:


  • Cúram leanaí

  • Tacaíocht do theaghlaigh agus do thuismitheoirí (lena n-áirítear tacaíocht do phobail)

  • Tacaíocht don lucht gairme agus d'fhoirne

Ós rud é gurb iad teaghlaigh agus pobail na príomhchórais tacaíochta a bhíonn ann do leanaí, ní hiontas ar bith é gur saincheisteanna maidir le dóigheanna le cuidiú leo a d'éirigh as na haighneachtaí. Thagair chor a bheith 40% d'aighneachtaí do riachtanais tacaíochta teaghlach.


Tá ról an phobail, leis an fhírinne a dhéanamh, fite fuaite tríd an ábhar a bhaineann le riachtanais teaghlach, agus tá cuid mhaith den chur chuige a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh lonnaithe i gcomhthéacs an phobail. Bhí béim mheasartha láidir ar dhóigheanna le tacú le lucht gairme agus iad ag obair le leanaí.
7.1 Cúram leanaí
Is féidir achoimre a dhéanamh ar a ndúradh faoi chúram leanaí mar éileamh ar chúram leanaí atá slán, inacmhainne agus ar ardcháilíocht do gach tuismitheoir. Téama eile a bhí ann ná solúbthacht le freastal ar riachtanais éagsúla agus an gá atá le rogha a thabhairt do thuismitheoirí.
Mhol cuid acu nár chóir nach do theaghlaigh atá aitheanta a bheith faoi mhíbhuntaiste, ó thaobh cúrsaí airgid de, amháin a bheadh tacaíocht stáit faoi choinne cúram leanaí ar fáil. Tugann ceannaire grúpa súgartha arb as ceantar tuaithe di le fios:
...go bhfuil cuid mhór tuismitheoirí casta orm nach bhfuil is dócha faoi 'mhíbhuntáiste' ach a mbeadh deacrachtaí acu teacht ar na táillí riachtanacha do chúram leanaí mar gheall ar chostais arda morgáiste.
Diminsean eile den argóint chéanna is ea an gá atá le gan leanaí agus teaghlaigh a bhfuil cúlra áirithe ag baint leo a náiriú.
Ní tuismitheoirí a bhíonn ag obair amháin a bhfuil soláthar cúram leanaí de dhíth orthu. Bíonn cúram leanaí de dhíth ar thuismitheoirí a bhíonn ag obair sa bhaile nuair a tharlaíonn géarchéim sa teaghlach, a chuirfidh ar a gcumas freastal ar choinní, dul ag siopadóireacht, srl., agus mar gheall ar a ról dúbailte i luathoideachas. Rinneadh an ráiteas seo a leanas:
Ba chóir go mbeidh soláthar cúram leanaí Stáit, Deonach agus Príobháideach a mbeidh deontas ina leith a bheidh cuimsitheach agus ar ardcháilíocht curtha ar fáil do gach tuismitheoir, tuismitheoirí nach mbíonn ag obair san áireamh. Meastar go bhfuil sé sin tábhachtach nuair a bhíonn líon an teaghlaigh ag laghdú agus go mbeidh teagmháil ag leanaí le páistí eile.

Measadh gur réimse solúbtha de roghanna áitiúla an bealach le freagairt ar an iliomad cineálacha riachtanas a bhaineann le cúram leanaí i gceantar.


Meastar go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le saincheist seo cúram leanaí / luathoideachais agus uilechuimsitheacht shóisialta á cur chun cinn, mar atá léirithe sa sliocht seo a leanas:
Amharcann an eagraíocht rannpháirtíoch ar chúram leanaí mar chuid bhunúsach de straitéis ar bith a chuireann uilechuimsitheacht shóisialta chun tosaigh. Ní saincheisteanna aonaracha iad saincheisteanna cúram leanaí ach is cuid riachtanach iad d'fhorbairt an phobail ar fad. I dtuarascáil a d'údaraigh Síocháin agus Athmhuintearas maidir le Míbhuntáiste oideachais go luath i 1999, moladh gurb iad ról na dtuismitheoirí agus idirghabháil an earnáil réamhscolaíochta cuid de na dóigheanna is éifeachtúla le haghaidh a thabhairt ar fhágáil na scoile go luath. Tá ról bunúsach fosta ag cúram leanaí maidir le daoine a spreagadh dul ar ais chuig traenáil, oideachas agus obair.
Ceann de na riachtanais áirithe a bhí aitheanta ag an ghrúpa a rinne an aighneacht seo an riachtanas faoi choinne eolais agus traenála do thuismitheoirí chun gnéithe áirithe a aithint agus iad ag roghú seirbhíse cúram leanaí.
Mar aon leis na nithe ginearálta sin, seo a leanas na príomhchúiseanna imní a tógadh maidir le cúram leanaí:


  • Cur chuige soláthair

  • Maoiniú do chúram leanaí

  • Cáilíocht


Cur chuige soláthair

Ba iad na trí phríómhchineál soláthair a ndearnadh plé orthu ná soláthar san áit oibre, soláthar bunaithe sa phobal agus soláthar bunaithe sa bhaile.


Soláthar san áit oibre
Phléigh an t-ábhar ar thacaíocht an fhostaitheora do chúram leanaí le tábhacht dhá chineál chur chuige - ar láimh amháin, obair pháirtaimseartha, am solúbtha agus comhshocruithe maidir le post a roinnt a bheith ar fáil, agus ar an láimh eile saoráidí créche san áit oibre a bheith ar fáil. Meastar go n-aithníonn na roghanna sin an gá atá ag leanaí dlúthcheangal lena dtuismitheoirí a chothú agus caidrimh shlána sheasmhacha leo a fhorbairt.
Tá an teannas a fhéadann a éirí idir riachtanais teaghlaigh agus riachtanais eacnamaíochta, a bhíonn i gcomórtas lena chéile, léirithe sa tsliocht seo a leanas:
Is gá cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir éilimh an tsaoil oibre agus riachtanais an tsaoil theaghlaigh, riachtanais agus cearta leanaí go háirithe. Éilíonn sé sin nuálacht radaiceach agus i bhfad níos mó solúbthachta maidir le struchtúir fhostaíochta - is é sin le rá, an scéal mar atá faoi láthair a thiontú thart, nuair a bhítear ag súil go ndéantar neamhaird ar riachtanais teaghlaigh le freastal ar éilimh mhargadh na bpostanna.
Soláthar bunaithe sa phobal

Cuireadh an cás i láthair i roinnt aighneachtaí maidir le tacaíocht do sholáthar cúram leanaí a bheith ag teacht ó ghrúpaí áitiúla pobail. D'fhéadfaí ar an dóigh sin seirbhís ar ardcháilíocht a thairiscint ar chostas íseal. Ach, cuireadh an argóint chun tosaigh go mbeadh cineálacha éagsúla cúnaimh stáit de dhíth ar na soláthraithe sin má tá siad le feidhmiú go héifeachtúil ó thaobh soláthar cúram leanaí de. Meastar gur cineál tábhachtach soláthair iad grúpaí súgartha ar chóir díriú ar a bhforbairt mar sprioc de réir an Phlean Forbartha Náisiúnta. Bhí moladh ann gur chóir go mbeadh ionaid chúram leanaí nasctha le gach scoil náisiúnta.


Aithníodh in aighneacht amháin an riachtanas atá ann réimse leathan soláthairtí cúram leanaí a fheidhmeoidh trí mheán na Gaeilge a bheith ar fáil. Bhí moladh ann faoi choinne seirbhísí soghluaiste cúram leanaí do cheantair thuaithe.
Pléadh riachtanais áirithe leanai níos sine i roinnt aighneachtaí, agus bhí go leor éileamh ann d'fhorbairt shaoráidí iarscoile, cumainn obair baile agus saoráidí d'aire a thabhairt do leanaí níos sine le linn laethanta saoire na scoileanna, mar chuid de pholasaí cuimsitheach iarscoile.
Díríodh aird fosta i roinnt aighneachtaí ar an ghá atá le tacú le ról áirithe a bheith ag cúram lae phríobháideach a bheadh bunaithe i dteaghlach agus leo siúd a sholáthraíonn é agus é sin a aithint.
Rialacháin Réamhscolaíochta

Amharctar ar an tionchar atá ag rialacháin réamhscolaíochta mar rud diúltach i gcás soláthraithe bunaithe i dteaghlach.


'Tá suíomh cruthaithe ag na Rialacháin um Chúram Leanaí gurb é an t-aon chúram leanai dlisteanach atá ar fáil ná cúram leanaí institiúidiúil (35)
Cuireadh an argóint chun tosaigh sa tsliocht seo a leanas, go bhfuil an earnáil sin tábhachtach go háirithe do leanaí atá níos sine nach dtabharfar aire dóibh i gcréches an áit oibre nó i ngrúpaí súgartha:
Baineann na leanaí an créche / naíonra amach ar 7.30r.n. Fanann siad ansin go dtosóidh an scoil ar 9-9.30r.n. Nuair a bhíonn an scoil thart ar 3-4i.n. filleann siad ar an naíonra le fanacht lena bpiocadh suas ar 6-7i.n. Sin é an gnáthchúrsa a bhíonn acu cúig lá in aghaidh na seachtaine, caoga seachtain in aghaidh na bliana. Níl seirbhísí ar bith le freastal ar riachtanais. Tiocfaidh méadú ar na fadhbanna i gcás leanaí atá níos sine. De réir mar a mhéadaíonn an réimse aoiseanna, beidh na leanaí atá níos sine ag iarraidh filleadh ar an bhaile i ndiaidh na scoile, chun aire a thabhairt dóibh féin, in áit fanacht sa naíonra. Níl an scéal mar atá faoi láthair inghlactha. Mura ndéantar gníomh éigin anois, méadóidh na fadhbanna a bheidh ag sochaí na hÉireann.
Chuir tuismitheoir amháin frustrachas ba léir a bheith air in iúl mar gheall ar thionchar na rialachán chúram leanaí:
Trí sheachtain ó shin, fuair muid scéal uafásach go bhfuil ár gcréche in [ainm an bhaile] le druidim i mí Iúil. An chúis leis sin ná nach rabhthas ag déanamh de réir rialacháin an bhord sláinte. Sa dóigh is go bhféadfadh an creche fanacht ag feidhmiú, bheadh orthu leath líon na leanaí atá ann a fhágáil ar lár ... rud a d'fhágfadh nach mbeadh an áit inmharthana ó thaobh eacnamaíochta de.
Chomh maith leis an ngéarchéim ina bhfuil sé féin agus a bhean chéile anois mar gheall ar dhruidim an créche a scríobh síos tairgíonn an tuismitheoir seo anailís ar an tionchar ar a chéile a bhíonn ag fachtóirí sóisialta, eacnamaíochta agus rialuithe a théann i gcomhar lena chéile, de réir mar a fheicter dósan, le hoibriú in éadan tuismitheoirí a bhíonn ag obair. Baineann argóint seisean le pleanáil infrastruchtúir:
Ní amharctar ar chúram leanaí mar infrastruchtúr ach mar shaincheist achrannach a bhfuiltear níos fearr as í a sheachaint más féidir. Sampla amháin is ea nach bhfuil soláthar do shaoráidí chúram leanaí sa phlean nua forbartha cúig bliana do [baile ainmnithe]. Sin in ainneoin an mhéadaithe mhóir ar an daonra agus na céadta teach a bheith beartaithe do na blianta beaga seo chugainn.
Tuismitheoireacht lánaimseartha

Cuireadh an tuairim in iúl i roinnt aighneachtaí gur cúram ón tuismitheoir sa bhaile an cúram is éifeachtaí agus is fóirsteanaí do leanaí agus tá buairt curtha in iúl sna haighneachtaí sin gur chóir nach mbeadh an ról sin buailte ag polasaithe eacnamaíochta nó polasaithe cúram leanaí.


Cuireadh cúis mhór imní in iúl in aighneacht amháin go bhféadfadh go mbeadh uaillmhianta tuismitheoirí ag dul in éadan leas leanaí. Rinneadh an ráiteas seo a leanas:
Tá an tsochaí ina bhfuil siad ag maireachtáil i ndiaidh éirí chomh leithleasach sin agus gach duine ag díriú air féin nach bhfuil leanaí anois ar bharr liosta tosaíochtaí tuismitheoirí. Caithfidh siad a bpostanna, a gcarranna, saoire bhliantúil thar lear, oícheanta amuigh srl. a bheith acu.

Maoiniú do chúram leanaí
Pléadh idir chineálacha díreacha agus chineálacha indíreacha maoinithe.
Maoiniú díreach Stáit do sholáthraithe

Ba iad na príomhréimsí maoinithe a aithníodh sna haighneachtaí ná maoiniú caipitil, maoiniú le haghaidh trealaimh, maoiniú a chuirfeadh ar chumas soláthraithe réamhscolaíochta riaradh de réir riachtanais na rialacháin réamhscolaíochta, maoiniú do chostais bhunaithe agus maoiniú le haghaidh ceannairí súgartha agus cúntóirí grúpaí súgartha a thraenáil. Lorgaítear maoiniú ilbhliantúil faoi choinne seirbhísí chúram leanaí le haghaidh tréimhse maoinithe cúig bliana. Rinneadh moladh d'fhorlíonadh le haghaidh gach linbh a thugann cúramóir nó créche cláraithe dó nó di i gcomhréir leis an líon leanaí a bhfuil seirbhís á cur ar fáil dóibh.


Maoiniú indíreach

Moladh faoiseamh cánach d'fheighlithe príobháideacha in aighneacht eile a mholann gur chóir go mbeadh £120 d'ioncam in aghaidh na seachtaine saor ó cháin.


Pléadh costais árachais, agus moladh go mbunófaí scéim árachais urraithe ag an Rialtas 'a sholáthródh leanúnachas ó thaobh clúdaigh atá inacmhainne don soláthraí de, ag laghdú dá réir, costais iomlána don tuismitheoir/choimeádaí'.
Moladh eile a bhí ann gurbh é an soláthraí a bheadh clúdaithe, seachas an áit, ag ligint d'fheighlithe príobháideacha ar an mbealach sin oibriú i dtithe na leanaí, ag ligint do leanaí am a chaitheamh ina mbaile s'acu féin.
Bhí moltaí ann fosta maidir le hathchóiriú cánach agus forlíontach a chuirfeadh ar chumas tuismitheoirí cúram leanaí a cheannach. Feictear 'neamhaitheantas chostais chúram leanaí mar fhoinse dianstruis ar thuismitheoirí.'
Pléadh faoiseamh cánach nó tacaíocht eile stáit do thuismitheoirí agus do sheanthuismitheoirí a sholáthraíonn cúram leanaí. Áiríodh creidiúintí árachas sóisialta neamhranníoca le haghaidh tuismitheoirí a bhíonn ag tabhairt aire do leanaí sa bhaile a bheadh cothrom le híocaíochtaí ASPC Aicme 1.
Rinneadh roinnt cáineadh ar na forálacha faoi choinne indibhidiúlú cánach agus a thionchar sin ar thuismitheoirí lánaimseartha.

Cáilíocht
Éilíodh caighdeáin shoiléire fhollasacha a bheadh ina mbunús cigireachta i ngach cuid den tír. Cé go bhfeictear go bhfuil na rialacháin nua ag tabhairt aghaidh ar roinnt gnéithe cáilíochta ó thaobh saoráidí fisiciúla de, moladh go bhfuil gá le dul níos faide agus díriú ar chaighdeán maidir le soláthar chúram leanaí. Moltar clárú neamhphionósach do chúramóirí leanaí.
7.2 Tacaíocht do Theaghlaigh agus do Thuismitheoireacht

Luadh ailt 5 agus 18 Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh mar bhunús d'oibleagáid a bheith ar an Rialtas tacú le tuismitheoirí agus iad ag comhlíonadh a róil riachtanaigh mar chúramóirí príomha. Mar aon leis an ról lárnach sin a bheith acu, feictear go soláthraíonn tuismitheoirí múnla rólanna do leanaí agus daoine óga. Amharcadh sna haighneachtaí ar thacaíocht le haghaidh tuismitheoireachta agus teaghlaigh mar chuid thábhachtach sa straitéis do thacaíocht a thabhairt do leanaí.


D'aithin na haighneachtaí tacaíocht bhreise do thuismitheoirí agus teaghlaigh a bhfuil riachtanais bhreise acu. Bhí an phríomhbhéim ar theaghlaigh atá faoi mhíbhuntaiste nó atá ar an imeall, ach rinneadh roinnt tagairtí fosta do riachtanais teaghlach a bhfuil leanaí faoi mhíchumais nó leanaí atá tinn iontu.
Sa roinn seo amharcaimid ar bhreathnuithe ar na téamaí seo a leanas:


  • Tacaíocht do theaghlaigh agus do thuismitheoireacht

  • Seirbhísí agus saoráidí do theaghlaigh leochaileacha

  • Tacaíocht do thuismitheoirí scartha nó colscartha

  • Tacaíocht ioncaim

  • Tacaíocht do theaghlaigh a bhfuil leanaí iontu atá faoi mhíchumais nó atá tinn

  • Tacaíocht do phobail



Tacaíocht do Thuismitheoireacht
Pléadh go minic an gá atá le cuidiú a thabhairt do thuismitheoirí agus iad i mbun a ndualgas tuismitheoireachta. Mar shampla:
Tá athruithe móra tagtha ar an tsochaí le blianta beaga anuas, agus tá athruithe tagtha ar aonad traidisiúnta an teaghlaigh. Bíonn sé ag éirí níos deacra ar thuismitheoirí a ndualgais mar thuismitheoirí a chomhlíonadh go héifeachtach. Níl na struchtúir thacaíochta acu a dtig leo brath orthu taobh istigh den teaghlach. Téann tionchair shíorathruithe eachtrannacha i bhfeidhm ar gach teaghlach. Ba chóir go mbeadh tacaíocht ar fáil ag gach céim a chuirfeadh ar chumas tuismitheoirí timpeallacht teaghlaigh a chothú le go mbeidh leanaí á gcothú agus á spreagach chun a gcumas a bhaint amach.
Cláir thuismitheoireachta

Cláir thuismitheoireachta an cineál tacaíochta ba mhó a luadh. Nochtadh an tuairim sna haighneachtaí gur chóir go mbeadh na cláir sin ar fáil do gach tuismitheoir, le tacaíocht a thabhairt dóibh ag gach céim d'fhorbairt leanaí. Mar shampla:


...ba chóir go mbeadh tacaíocht leanúnach tuismitheoireachta curtha ar fáil do theaghlaigh le linn bhlianta na hóige agus ina dhiaidh sin. Dá mba rud é go mbeadh an cineál sin tacaíochta ar fáil go forleathan agus go lorgófaí an tacaíocht sin go coitianta, bheadh tionchar an-mhór aige sin r idir dhaoine aonair agus theaghlaigh agus iad á spreagadh cúnamh a lorg níos luaithe agus ní bheifí chomh mór sin in éadan an chúnaimh sin sa chás go dtiocfadh riachtanas níos tromchúisí chun tosaigh níos faide ar aghaidh.
Bhí moltaí ann gur chóir go mbeadh an méid is mó clár tuismitheoireachta ar fáil agus an t-uasmhéid tuismitheoirí ag baint úsáide astu; ba chóir go mbeadh ranganna ar fáil saor in aisce do thuismitheoirí leanaí atá ceithre bliana d'aois nó níos óige; cur chuige eile ná go dtabharfaí airgead do thuismitheoirí as freastal ar chúrsaí tuismitheoireachta; gur chóir tús áite a bheith ag foghlaim faoi dhualgais tuismitheoirí ar scoil agus go mbeadh na hacmhainní ar fáil do dhaoine ina bpobail tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí óga sna pobail acu féin; measadh i gcás amháin gur dóigh an-éifeachtach le cuidiú le tuismitheoirí óga ab ea tacaíocht den chineál a bhíodh i sráidbhailte a athbhunú.
Pléadh saincheist chaighdeán i gcláir thuismitheoireachta sa tsliocht seo a leanas:
Molaimid go mbunófaí caighdeáin do gach cúrsa tuismitheoireachta, is cuma cé tá á sholáthar. Ligeann an scéal mar atá faoi láthair do dhuine ar bith agus grúpa nó eagraíocht ar bith na cúrsaí traenála seo a bhunú agus bíonn caighdeáin éagsúla ag baint leo.
Ba chóir go dtosódh cláir thuismitheoireachta mar chuid de chúram réamhbheireatais. Is é an dúshlán dar le duine amháin meon daoine fásta, tuismitheoirí go háirithe, i leith leanaí a athrú:
...an leanbh a bhfuiltear ag dúil leis, ní 'leanbh' amháin atá ann ach duine sa chéad dul síos ar chóir meas a léiriú air ar an dóigh chéanna ba mhaith leo go caithfí leosan, agus ar an dóigh chéanna a gcaitheann siadsan le daoine fásta a bhfuil meas acu orthu...Ní thig liom go leor béime a chur ar an tábhacht a bhaineann leis an meon seo maidir le 'babies' agus 'kids' srl. a athrú. Daoine atá iontu i dtosach báire - daoine bídeacha i láthair na huaire, ach amach anseo beidh siad fásta aníos agus beidh tionchar ag ar tharla dóibh ó rugadh iad ar sonas nó dólas a bheidh ag roinnt leis an duine sin.

Ionaid acmhainní teaghlaigh

Meastar gur chuid iontach tábhachtach ar fad is ea ionaid acmhainní teaghlaigh sa phróiseas tacaíochta do theaghlaigh. Admhaíodh go bhfuil costas ag baint leis na tionscnaimh éagsúla leis na seirbhísí sin a bhunú agus éilíodh go leanfaí ar aghaidh lena bhforbairt.


Is éard a bheadh i gceist leis an méid faoi choinne tacaíochta bunaithe sa phobal do theaghlaigh agus eagraithe thart ar ionad acmhainní teaghlaigh ná:


  • Ionad acmhainní teaghlaigh riartha ag gach coimeádaí tiomanta de chuid an phobail

  • Comhchomhairleacháin phobail a mbainfí úsáid astu le riachtanais agus bearnaí i seirbhísí a aithint

  • Uainchlár de dhaoine gairmiúla a dhréachtú

  • Athrú clár le freastal ar riachtanais nua

  • Rannpháirtíocht idirghlúnta

  • Sroichint amach

  • Daoine a bhfuil leas acu ann a bheith freagrach as an tseirbhís

Déantar argóint i moladh mar an ceann thuas go mbeadh obair idirghníomhaireachtaí ar bun:


Is í an aisling atá agam go mbeadh ionad acmhainní teaghlaigh comhordaithe ag gach baile nó ceantar beag. Áirítear ar na seirbhísí a bheadh san ionad créche, grúpa súgartha, cumainn obair bhaile, cumainn iarscoile, tionscadail shaoire, cumann óige chomh maith le hobair ghrúpa, comhairle bhainistíocht bhaile agus tacaíocht chomhchomhairle srl. An t-aon bhealach amháin is féidir é sin a bhaint amach ná dá mbeadh cúnamh ó gach gníomhaireacht chuí le haon seirbhís amháin, bunaithe ar mhúnlú áitiúil.

Yüklə 0,79 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   ...   9   10   11   12   13   14   15   16   17




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin