Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta 2014 –2018


An aisling agus na prionsabail a ghabhann le Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta



Yüklə 0,98 Mb.
səhifə5/26
tarix27.12.2018
ölçüsü0,98 Mb.
#86832
1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   26

1.2 An aisling agus na prionsabail a ghabhann le Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta

Bíonn prionsabail an chothromais agus an uilechuimsitheacht mar chuid den aisling a leagtar amach leis na straitéisí atá ag roinnt ballstát de chuid an AE maidir le galair neamhchoitianta. Luaitear geallúintí maidir le comharobair, cuntasacht agus nuáil a bhuanú sna straitéisí atá ag tíortha eile san Eoraip agus i moltaí EUROPLAN.


Tá aisling agus prionsabail á mbeartú maidir leis an gcéad Phlean Náisiúnta seo de chuid na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta. Tagann siad faoi anáil mholtaí de chuid an hEorpa agus straitéisí maidir le galair neamhchoitianta i dtíortha eile. Bhí mar bhonn eolais ina leith chomh maith na ceisteanna sainiúla a bhaineann le galar neamhchoitianta ar othair in Éirinn mar gheall ar an daonra íseal, chomh maith le taithí saoil othar a bhfuil galar neamhchoitianta orthu, an lucht cúraim agus a gcuid soláthraithe seirbhísí sláinte mar a cuireadh sin in iúl le linn an chomhairliúcháin a rinneadh agus an Plean Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta á chur le chéile.
An Aisling

Éire, mar a bhfuil–



      • Teacht go tráthúil ag daoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu ar an scagthástáil (de réir mar is cuí), an fháthmheastóireacht, an chóir leighis agus an cúram is fearr is féidir, bunaithe ar fhianaise agus dírithe ar an othar agus ar an teaghlach, le linn gach ré dá saol.

      • Riachtanais agus taithí saoil na ndaoine a bhfuil galar neamhchoitianta orthu á dtabhairt chun aire, tuiscint orthu agus beart á dhéanamh ina leith i ngach cuid de chóras sláinte na hÉireann, réimsí polasaithe, seirbhísí agus taighde/córais eolais san áireamh.

Na Prionsabail

Cuirtear cúig cinn de phrionsabail treorach chun cinn i ndáil le Plean Náisiúnta na hÉireann maidir le Galair Neamhchoitianta. Tá i gceist go mbeidís seo ina réalta eolais maidir leis an gcur i bhfeidhm agus an monatóireacht ar an bplean go fadtéarmach. Bheadh i gceist go gcuideodh na prionsabail lena chinntiú gurb é an ní is cás le hothair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu agus lena lucht cúraim, chomh maith leis an mbeart is eol a bheith éifeachtach ó thaobh athrú éifeachtúil a thabhairt i gcrích, a bheadh de bhonn agus de chúis leis na bearta polasaí a chur i bhfeidhm ó thús deireadh an phlean.

Is iad na prionsabail iad:


  • An Chothroime: Ba cheart go mbeadh an fháthmheastóireacht agus an cúram is fearr is féidir, bunaithe ar fhianaise, á chur ar fáil don othar in Éirinn gan bheann ar a neamhchoitianta atá an aicíd ná an t-ionad ina bhfuil na seirbhísí cúraim is fearr a oireann ar fáil. Ba cheart go mbeadh comhionannas, de réir na reachtaíochta reatha i gcúrsaí sláinte agus i réimsí eile, mar bhonn treise faoin gcúram a chur ar fáil.

  • An Comhar: Ní mór slánchúis a dhéanamh den chomharobair trasearnála, Trasteorann agus idirnáisiúnta ionas gur féidir le hÉirinn an aisling maidir le hothair a bhfuil galar neamhchoitianta orthu a thabhairt i gcrích agus sin a bheith mar bheart lárnach i ndáil leis na gníomhartha uile a dhéantar faoin bpolasaí.

  • Díriú ar an Teaghlach: Ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm na mbeart faoin bpolasaí dírithe ar phacáistí cúraim comhordaithe a fhorbairt don othar agus ar an lucht cúraim.

  • Inbhuanaitheacht: Ba cheart go mbeadh cur chuige straitéiseach maidir le feabhas ar chás an othair a bhfuil galar neamhchoitianta air, agus ar chás an lucht cúraim, inbhuanaithe. Ba cheart bearta polasaí a chur i bhfeidhm ar mhodh a fhágann go ndéantar cuid lárnach d'obair an chórais sláinte den phleanáil, den obair feidhmiúcháin agus den mhonatóireacht maidir le ceisteanna a bhaineann le galair neamhchoitianta.

Follasacht: Ba cheart go m'fhollas do na geallsealbhóirí go léir an dul chun cinn maidir leis na bearta polasaí a chur i bhfeidhm.


2.

Mar a ceapadh an Plean Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta

2.1 An Grúpa Stiúrtha agus na Foghrúpaí


I mí Eanáir 2011, ag Comhdháil EUROPLAN a d'eagraigh grúpaí ionadaíochta othar in Éirinn, d'fhógair an Roinn Sláinte go raibh rún tús a chur leis an obair ar phlean na hÉireann maidir le galair neamhchoitianta. Thionóil an Roinn Grúpa Stiúrtha a dhéanfadh maoirseacht ar an gcéad Phlean Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta sa tír seo a chur i dtoll a chéile. Cuireadh cúig cinn d'fhoghrúpaí ar bun a thabharfadh cúnamh taca don Ghrúpa Stiúrtha agus Cathaoirleach gach foghrúpa ina chomhalta den Ghrúpa Stiúrtha. Ar na hábhair a tháinig faoina scáth, bhí taighde agus eolas, Lárionaid Saineolais, cumhacht an othair maidir le drugaí dílleachta agus teicneolaíocht, agus cúrsaí cumarsáide. Tugtar liosta de chomhaltaí an Ghrúpa Stiúrtha agus na bhfoghrúpaí in Aguisín 1.
Bhí cruinnithe ag na foghrúpaí ag ar pléadh na moltaí ón Eoraip agus rinneadh plé go fada fairsing le geallsealbhóirí mórthábhachta eile. Tháinig an próiseas comhairliúcháin agus an tuarascáil chríochnúil seo le linn a cur i dtoll a chéile faoi anáil na dtuarascálacha a tháinig ó na foghrúpaí.
Ar na deacrachtaí a bhí roimh na foghrúpaí agus na tuarascálacha á gcur le chéile acu, bhí siad seo a leanas:

      • easpa sonraí faoin gcuid is mó de na galair neamhchoitianta in Éirinn, eolas sonrach san áireamh faoi sheirbhísí sláinte agus seirbhísí míchumais do dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta ag gabháil dóibh;

      • tuairimí réimse leathan iléagsúil geallsealbhóiriú a fháil agus a chur in iúl.


    1. 2.2 An próiseas comhairliúcháin

Thug an Roinn Sláinte, le cúnamh taca ón nGrúpa Stiúrtha agus ó na foghrúpaí a bhain leis, faoi phróiseas comhairliúcháin straitéiseach idir mí an Mheitheamh agus mí Lúnasa 2012. Bhí dhá mhodh oibre i gceist: ócáid comhairliúcháin a eagrú agus eolas a bhailiú trí shuirbhé ar an idirlíon.


Sheol an tAire James Reilly an lá comhairliúcháin i Farmleigh an 11 Meitheamh 2012. Tugadh cuireadh ann do réimse leathan daoine. D'fhonn cur le torthaí an lae sin agus cinntiú go ndéanfaí comhairle chuimsitheach go fada fairsing, bhí suirbhé ar an idirlíon a d'fhéadfadh daoine den phobal a líonadh isteach ar feadh cúig seachtaine i rith mí an Mheithimh agus mí Iúil.
Táthar le torthaí an phróiseas comhairliúcháin a fhoilsiú i dtuarascáil faoi leith ach, idir an dá linn, tá na príomhthorthaí á lua sna caibidlí lena mbaineann síos tríd an tuarascáil seo. Tá a lorg freisin, ar ndóigh, ar na moltaí sa phlean.
Tugtar léargas achoimre i Léaráid 1 ar na príomhghnéithe, náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, den lón eolais a bhí mar bhonn faoin bPlean Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta seo a chur le chéile.

Léaráid 1: Na príomhdheitéarmanaint a bhí mar bhonn eolais faoin gcéad Phlean Náisiúnta maidir le Galair Neamhchoitianta a chur le chéile

*** Náisiúnta Idirnáisiúnta


Grúpa Stiúrtha
Tuarascálacha na bhfoghrúpaí Ábhar Sonraí agus Taighde de chuid na hÉireann

Caidreamh na bhfoghrúpaí le geallsealbhóirí


Tuarascáil Comhairliúcháin An Lá Comhairliúcháin

Comhairliúchán ar an idirlíon


Moltaí EUROPLAN i ndáil le plean maidir le galair neamhchoitianta a chur le chéile

Pleananna maidir le galair neamhchoitianta as tíortha iasachta

Moltaí ó ghníomhaireachtaí agus ó líonraí idirnáisiúnta & Eorpacha


Yüklə 0,98 Mb.

Dostları ilə paylaş:
1   2   3   4   5   6   7   8   9   ...   26




Verilənlər bazası müəlliflik hüququ ilə müdafiə olunur ©muhaz.org 2024
rəhbərliyinə müraciət

gir | qeydiyyatdan keç
    Ana səhifə


yükləyin